Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh Author: Unknown 1] Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh, 2] clann ler coilleadh a riaghail; 3] buain re crann as a gcánaidh 4] clann Ádhaimh uaidh ar iarraidh. 5] Cé tá Dia ag díon gach pheacthaigh 6] dá shíol cia nachar chiontaigh? 7] is truaigh an tráth fá dtuigthir: 8] tuitfidh cách uaibh 'n-a gciontaibh. 9] Gan sheilbh an ubhaill d'Éabha 10] níor fhulaing gér fheidhm dána; 11] dá cloinn do bhean a mbuadha 12] bean bhuana croinn na cána. 13] Crann na haithne tré iomadh 14] a aithne is ann do cailleadh 15] do chuir sé mnaoi dar milleadh 16] do bhaoi i gcinneadh hé d'aingeal. 17] Seal péine ar chorp an Choimdheadh 18] tre ar bpéin-ne i bport a bhíodhbhadh 19] ar loit sinn más é a adhbhar 20] damhnadh Dé inn ro b'iongnadh. 21] Do fhulaing bheith fa a mbreathaibh 22] do leith ubhaill a fhachain; 23] sé i n-uaigh gan fhear 'n-a fhochair 24] teagh othair fhuair ar n-athair. 25] Cuir, a dhuine, re a dhéanamh, 26] guidh ar Muire red mhúnadh; 27] doilghe dheit é ná a dhéanamh 28] séaladh Meic Dé gan dúnadh. 29] Re feadh diomdha Dé, a dhuine, 30] do bhiodhbha is é t'fhear faire; 31] biaidh sé ort 'n-a dá eire 32] an t-olc reimhe is é ar th'aire. 33] Nocha bí acht ar bhrú baoghail 34] san ní nach dú do dhéanaimh 35] biodhbha Dé ar th'olc 'n-a fhiadhain 36] gidh diamhair é ort ar fhéaghain. 37] Saor na cruinne ó nar charais 38] ní thuille an t-aobh ór ailis; 39] fuath do reacht Dé níor dhlighis, 40] milis é re dteacht dthairis. 41] Foghnamh go bás dó dhlighe; 42] mó sa mhó an grás do-gheibhe; 43] má tá ar-aon re Mac Muire 44] cuire lat gach aon eile. 45] Céim deacair dul ó a fhalaidh 46] gan chur peacaigh i bpudhair; 47] gidh suairc bhím fa mbí im dheaghaidh 48] dleaghair dhínn ní ó a-nuraidh. 49] Lámh linn níor fhéad an umhla, 50] is lán inn do mhéad meanma; 51] níor fhaomh mé díol a dhiomdha 52] biodhbha Dé dhíom go ndearna. 53] Mé an gort nach tig a thoradh; 54] tig gach gort mar a gheamhar; 55] is mé an síol nar ghabh glanadh 56] ní taradh glan díom dhleaghar. 57] Saor sinn ar fhalaidh t'othair, 58] sinn it aghaidh re hathaidh; 59] nír fhaomh mé an corp do chaithimh, 60] braithidh sé ar mh'olc, a athair. 61] Síol Ádhaimh is síol sligheadh 62] síol dá nach tárair toradh; 63] dá chloinn do thuit a dtaradh 64] coill fhalamh dhuit an domhan. 65] Tre ar fhás gach laoi d'fheirg t'othair, 66] a leinb do bhaoi sa Bheithil, 67] breith ar chách uaibh, a Athair, 68] rachaidh uair nach tráth teithidh. 69] Fa-ríor is olc dot iarraidh 70] gach olc do shíor im shúilibh; 71] múin do réir dhúinn do dhéinimh 72] réidhigh féin dúinn, a Dhúilimh. 73] Níor lór deit gach dál eile 74] gan an ngrádh, a Mheic Muire, 75] mo chradh tar cheann a ndlighe; 76] fagh cridhe i ngeall do ghuidhe. 77] Maith mo dhíon ann ar aoibhneas 78] fad dhíon an dann do-chuadhas; 79] car red réir má do-ríneas 80] díleas damh féin a bhfuaras. 81] A bhfuil reamhuin-ne id ríthigh 82] dar bhfearainn-ne a bhfuil fúthaibh; 83] bráthair dhuid mé ód mháthair 84] druid bráthair Dé red dúthaigh. 85] T'fhearg, a rí, um cheann do chloinne 86] re searg dí bu fhearr inn-ne; 87] do shíodh, a chinn na cruinne, 88] buime an Ríogh rinn do-rinne. 89] Do bhí raon dod ráth roimhe 90] do bu caol re cách uile; 91] súgh a cígh is a cridhe 92] slighe sídh go múr Muire. 93] Do shíoth re cách do ceangladh 94] bhar bhfíoch an tráth do toirneadh; 95] breith t'fhine dhuit ó an damnadh 96] adhbhar luit cridhe an Choimdheadh. 97] Tú it aonar fhuair a n-eire 98] do saoradh uaibh an uile; 99] dul sa leath chlé dod chridhe 100] slighe i dteach nDé 'gun duine. 101] Do theachta ón chóir 'n-ar gcoinne 102] is eachtra do fhóir inn-ne; 103] ón lán do bhíodh 'n-a bruinne 104] 's ó bhuime an ríogh is slán sinn- ne. 105] Tréan tú ar gach éinní eile 106] is tú éinrí na n-uile; 107] ort, a rí, go ria ar n-aire 108] caidhe an ní as Dia don duine. 109] Diomdha ag uan Dé 'n-a dheaghaidh 110] is truagh don té nach airigh 111] grádh do Dhia an tann nach tabhair; 112] cia as cabhair ann 'n-a aighidh? 113] An crann do-chóidh 'n-a chroidhe 114] is ann do fhóir ar n-eire; 115] gidh feidhm dhó deilbh na n-uile 116] mó ná an duine a fheidhm eile. 117] Rí an Luain ag breith an bháire 118] do-chuaidh ar gcreich na cróine; 119] iomdha a bhfuar d'ulc san Aoine 120] aoighe i bpurt fhuar na hóighe. 121] Aighneas ag maor na meidhe 122] fa thaom thaidhleas ar gcridhe 123] dú seal dí dá gach dhuine 124] meadh na n-uile is sí ar slighe. 125] A shíodh ní headh do oileas 126] neamh do shíor gé do shireas; 127] is tearc acht an té thaghas 128] ghabhas reacht Dé mar dhligheas. 129] Cur re teachta i dteagh nimhe 130] ná lean ar eachtra eile; 131] foghnaidh sí dheit, a dhuine 132] guidhe is í ar n-a reic reimhe. 133] Dom dheaghail re dáil cheana 134] 'n-a dheaghaidh níor cháir cumha; 135] críoch ar do ré ní ragha 136] dá bhfagha shíoth Dé ar ndula. 137] An fear len mian mo mhúnadh 138] triall i n-a theagh go dtúirear; 139] gidh mór n-almsa dhó do dáileadh 140] mó as dáileamh damh-sa an Dúileamh. 141] Éiric áladh Dé im dheaghaidh 142] mé i ngábhadh ó na gonaibh; 143] gaol na craoibhe dar gcabhair, 144] craobh tharaidh daoine an domhain. 145] Ní ghlac sé maith nach millfe 146] gidh bé do chaith re caibhthe; 147] gidh bé ag a mbí bean choibhche 148] an teagh doirche is í a fháirche. 149] Gaol Muire maith an choimhdhe 150] do chách ar chréachd na sleighe; 151] mór gcás far chóir na huile 152] gan ghrás Muire ar óidh eile. 153] Míorbhuile máthar Íosa 154] iomdha fear fhuair a n-aithne; 155] fios a sgéal cia nach cluinfe? 156] lia uirthe ná féar faithche. 157] Mór dtáin ar tí ar mbáidhte, 158] bás m'anma eagail linne; 159] ó bhaoghal beoil na tuinne 160] Eoin Bruinne saoradh sinne. 161] Rinn lasrach leice Ifrinn 162] iomdhadh uaighe i n-am loite 163] cás truagh téaghadh na leice 164] déanamh seice as tuar toice.