Ar n-oide múinte mac Dé Author: Unknown 1] Ar n-oide múinte mac Dé 2] oide múinte as mhac don mhnaoi, 3] ar dtoil do tháth re toil nDé 4] ---ní hé soin re chách---a chaoi. 5] Dál an scrioptúir ó Dhia dhún 6] cia nach iontnúidh res an eol 7] deocha millse as gá n-ól 8] deocha as mhillse blas i mbeol. 9] An ghlóir thall ní tuilltir leo 10] an rann dá mhuinntir as mhó 11] neach ó mhartra dhíobh ag Dia 12] lia dá shíol nach dalta dhó. 13] Rothrom do-ghabhaid a ghrádh 14] a charaid---ní comhthrom síon; 15] a luagh oiliomhna hé uam 16] mé do thuar roidhiomdha an ríogh. 17] Ón ngábhadh do-chiam 'n-a chionn 18] ar an gcrábhadh do bhiadh barr 19] a scríbheann dá sgagtha leam, 20] an ceann dalta as fhírfhearr ann. 21] Do ghabh sé romuibh an raon; 22] do sgoluibh Dé ní budh dual 23] neamhadhradh do reacht an ríogh; 24] tearc díobh nach deaghadhbhar duadh. 25] Ní dá thoil carthair an cion; 26] ní fhoil gan marthain 's ní mhar 27] neach nar hoileadh a crú a chneadh; 28] neamh an t-oirear as dú dhamh. 29] Olc an fulang naomh do-niad; 30] caol gin gur cumhang an ród 31] cuid ríogh na talmhan don tréad 32] re a méad díobh as adhbhar óg. 33] Cá beag daoibh re hucht a fhiach 34] an t-ucht do sgaoil ar bhar sgáth? 35] Do dhearmaid ar n-oide a fhíoch 36] nach síoth broide cheanglaid cách. 37] Do bhí siad i n-easbhaidh iuil 38] na heasbhail 's ní hiad a-mháin; 39] cóir a n-altrom d'eagla an tnúidh 40] do mhúin eagna daghclann dáibh. 41] Do-bheir an té do oil inn 42] ó sgoil Dé mar do-gheibh geall 43] dá dteagmhadh cás anman ann 44] barr grás don adhbhar as fhearr. 45] Dá measda an mhéad dlighthear díobh 46] do dhlighfeadh an tréad dá dtám 47] bheith sgagtha ó ghníomh is ó ghlór; 48] is mór dalta ríogh re rádh. 49] Ní faide uann ainm a mhná, 50] gairm ar n-oide as dual do Dhia; 51] gidh lán an chruinne dá chlú 52] is dú ar mbuime do rádh ria. 53] Fionnar ó a chodladh 'n-a curp 54] dá dtogradh d'iomadh ar n-olc 55] go ndiongna rí an chruinne ceart 56] ar eacht do bhí a bhuime bocht. 57] Gidh iomdha cineadh do chlaoi 58] a bhiodhbha ná sireadh sé 59] ---ní budh dóigh antabhaigh hí--- 60] cóir dá mbí ar daltadhaibh Dé. 61] Crochadh m'oide tháinig tríom 62] 's a loige a-táimid dá thúr; 63] mo mhartra d'fhulang nach ál 64] cumhang an grádh dalta dún. 65] Ní bhiadh crábhadh ós a chionn, 66] gidh cian do-chámar 'n-a cheann, 67] slighe Dé d'imtheacht 'n-a ham; 68] an t-indleacht mall is é as fhearr. 69] Mo bheith gan toirse dá thúr 70] 's an toil-se do bhreith go buan 71] dom oide ní hanáir lán 72] grádh gan loige d'fhagháil uam. 73] Deacair cor i n-aghaidh Eoin; 74] taghaidh mar do thogh an fáidh, 75] éantogha ar ab anta dhaoibh, 76] dalta an tsaoir céadchara cháigh. 77] Tarla ar gach chineadh dá chloinn 78] go ndligheadh gan labhra linn 79] cairt aga bhás druim ar druim 80] a tuinn na ngrás gur fhailc inn. 81] Do reacadh an fhleadh ar luach 82] dar bpeacadh do bhean a bhláth; 83] deoch shearbh do b'fhoircheann dá fhíoch 84] do dhealbh síoth coitcheann re cách. 85] Mar fuair ar shíol Ádhaimh am 86] ---nochar shlánuigh dhíobh achd dream--- 87] is uime do-chí sa chrann 88] 'n-ar chrom rí na cruinne a cheann. 89] Nír chás pian achd pian gan chúis, 90] ní 'n-a bhás do bhiadh a sbéis; 91] pian ar n-oide i n-uair an bháis 92] ní loige an pháis uainn dá héis. 93] Fuair dímhiadh as m'óige uam; 94] a mhíriar is móide as nár 95] gan é 'n-a shochar dá shíol 96] crochadh an ríogh is sé slán. 97] Ní don anam ghlan a ghuth 98] an chalann do char a-mach 99] dá n-aomhadh Dia a theachta im theach; 100] cia an neach dá budh reactha a rath. 101] Gach ní do cheilis don chóir 102] bí, munar leighis do liaigh, 103] ar do chorp go gcuire phéin 104] ort féin, a dhuine, 'n-a dhiaidh. 105] Cóir ó theas gráidh a rádh ria 106] an lámh dheas do dháil a crú: 107] "Treabh m'fhearann le céacht an chló 108] créacht as mhó le dtreabham thú." 109] Is dulta dóibh uile ar t'iocht; 110] An Chóir gé chuire 'n-a tocht 111] is dual do bhreitheamh bheith ceart; 112] teacht fad bhreith budh fheiteamh ort. 113] Do phian, achd gin gur fheith iad, 114] do mhian ar mbeith mar nach bíod 115] do chuidigh ar gcor i méad 116] cuidigh don tréad ar ndol díod. 117] Docair gach cás don dá chéim, 118] do bhás dar lotuibh gidh liaigh, 119] cuisle dhonnfhola an deilg mhaoil 120] tromfhola an taoibh dheirg 'n-a dhiaidh. 121] Truagh iad ad chaomhthach ar chnoc, 122] a naomhchrach, is siad ar sioc; 123] míne agus gile a dá ghlac 124] nír bhac dínn-ne a righe riot. 125] Ag codal 'n-a dtoil gé a-tád, 126] ar gach bpobal dá bhfoil fúd 127] rachaidh gairm fhairsing ón éag; 128] bréag as ainm don aisling úd. 129] [...] Muire a deala dhaoibh 130] Eabha 's gach duine 'n-a deoigh; 131] ionann cré dhuid-se agus dáibh, 132] foigse ná cnáimh é don fheoil. 133] Uair fa mbia cách ar crioth 134] sa bhráth dia Luain 'n-a dhá leath 135] an tslat thall dá dtuga a-mach 136] uch! Ní hann as bhuga an bhreath. 137] Is creidthe 's a bhás rem béal 138] san chás gomadh beithte bríogh; 139] re breitheamh cheart gidh cóir taobh 140] gaol don chóir re reacht an ríogh. 141] Tréigeamfeasda ar bhfeirg 's ar bhfíoch 142] ---dá cheird do budh cneasda fuath--- 143] an lorg do ghabhas do ghnáth; 144] borb gach áth bhlaghas a bhruach. 145] Is é as reacht don uile fhior 146] duine ag teacht is duine ag dul; 147] gé a-tá an gnás i gcéill dá char 148] ní léir damh an bás im bun. 149] [...] a fala 's a loinn 150] an bior ar nach rabha rinn 151] is baoghal dún ar ar ndruim 152] súgh an bhuinn ler saoradh sinn. 153] An díle ar n-a dortadh dhún 154] díne achd ochtar nachar bh'ál 155] do bháidh muir gach duine dhíobh 156] a shíol gur chuir uile i n-ár. Ar