Mór múich i túsa in-nocht Author: [unknown] Mór múich i túsa in-nocht Suibne in the snow Úair is amlaidh ro bhoí an oidhchi-sin ag cur sneachta, & an mhéd no cuireadh no reodadh fa chédóir a haithli a chuir [gap: ellipse] gonadh ann ad-beart an láoidh ag tabairt a dhocra ós aird: Mór múich i túsa in-nocht; ro thregd mo chorp in gáeth glan; toll mo thraigte; glas mo grúad; a Dé móir, a-tá a dúal dam. I m-Beinn Boirche dam a-rraír; rom-thúairg braín i n-Echtga úair; in-nocht ro brétait mo boill i n-glaic croinn i n-Gáille glúair. Ro fuilnges mór tres gan tlás ó ro ás clúm ar mo chorp; ar gach aidche is ar gach ló is mó sa mó fuilgim d' olc. Rom-chráid sic (sín nách súairc); rom-thúairg snechta ar Sléib Meic Sín; in-nocht rom-geguin in gáeth gan fráech Glenna Bolcáin bil. Utmall m' imirce in gach íath; dom-ríacht beith gan chéill gan chonn; do Muig Line for Muig Lí, do Muig Lí for Life lonn. Saigim dar Segais Sléibe Fúait; ricim im rúaic co Ráith Móir; dar Mag n-Aí, dar Mag Luirg luinn, ricim co cuirr Crúachain chóir. Ó Shléib Chúa (ní turas tais) ricim go Glais Gáille grinn; ó Glais Gáille (gid céim cían) ricim sair go Slíab m-Breg m-binn. Dúairc in betha beith gan tech; is trúag in betha, a Chríst cain: sásad birair barrglais búain; deog uisce úair a glais glain; Tuisled do barraib cráeb crín; imthecht aitin (gním gan gaí); sechna daíne; cummann cúan; coimrith re dam rúad dar raí. Feis aidche gan chlúim i coill i mullach croinn dosaig dlúith, gan choistecht re guth ná glór, A Meic Dé, is mór in múich. Reithim rúaic re beinn co báeth; úathad rom-thráeth a los lúith; ro scarus rem chruth gan chlód; A Meic Dé, is mór in múich.