Súanach sin, a Éorann án Author: [unknown] Súanach sin, a Éorann án Suibne and Éorann As amlaidh éimh ro bhuí Éorann an tan-sin ar f-feis le Gúaire mac Conghaile meic Sgannláin, ar rob í Éorann fa bean do Shuibne [gap: ellipse]. Ro-síacht trá Suibhne go n-ige an baile ina raibhe Éorann. Do-dheachaidh Gúaire do sheilg an lá-sin [gap: ellipse]. Deisidh íarum an gheilt for furdhorus na boithe i raibhe Éorann, conadh ann it-beart: `An cumhain leat, a inghean', ar sé, `an grádh romhór do-rad cách úainn dá chéile an ionbhaidh ro bhámmar imur-áon? & is súanach sádail duitsi', ar sé, `& ní headh dhamh-sa'; conadh ann ad-beart Suibhne & ro fhreagair Éorann é:{speech Suibne} Súanach sin, a Éorann án, i leith leptha ret lennán; ní h-inann is mise i fus: cían ó a-túsa ar anforus. Ro ráidis, a Éorann oll, aithesc álainn imétrom, co ná beithea it bethaid de, scarad énlá re Suibne. In-díu is súaichnid co prap bec let bríg do sencharat: te duit ar clúim choilcthe chain; úar dam-sa i-mmuig co matain.{speech Éorann} Is mo-chen duit, a geilt glan: tú is tocha d' feruib talman; gid súanach, is súaill mo chlí ón ló at-chúala tú ar nefní.{speech Suibne} Is tocha let mac in ríg beires tú d' ól gan imsním; is é do thohcmarc toga; ní íarr sib bar senchara. {speech Éorann} Ce nom-bered mac in ríg do thigib óil gan imsním, ferr lim feis i cúas cháel chroinn let, a fhir, díanot-cháemsainn.{speech Suibne} Córa duit serc ocus grád don fiur 'gá taí th' áenarán iná di geilt gairb gortaig úathaig omnaig urnochtaig. {speech Éorann} Dá tuctha mo roga dam d' feruib Éirenn is Alban ferr lem it chommaid gan chol ar uisce ocus ar birar.{speech Suibne} Ní conair do degmnaí dil Suibne sunn ar slicht imnid: úar mo leptha ac Ard Abla; nídot terca m' úaradba.{speech Éorann} Mo-núar, ám, a geilt gnímach, do beith éitig imsnímach; sáeth lem do chnes ro chloí dath, dresa is draigin dot répad.{speech Suibne} Ní dá chairiugud dam ort, a máethainder máeth étrocht: Críst mac Maire, mórda cacht é dom-rat i n-écomnart.{speech Éorann} Ropad maith lem ar m-beith ar-áen, co tísed clúm ar ar táeb, co sirinn soirche is doirche let, cach lá is gach énaidche. {speech Suibne} Adaig damsa i m-Boirche binn; ránac Túag Inbir álainn; co sirius Mag Fáil co fraig; táirlius do Chill Uí Súanaig. Ní thairnic dhó acht sin do rádh an úair ro líon an slúagh an longphort as gach aird. Téid-siumh íarumh ina réim romhadhma for teichedh amail ba minic leis.