Gáir na Gairbe glaídbinne Author: [unknown] Gáir na Gairbe glaídbinne The Cry of the Garb {speech Suibhne} Gáir na Gairbe glaídbinne glaídes re tosach tuinne; rátha aidble aíbinne d'íasc oc irshnám 'na bruinne! Gairit lem mo chomainmne, fégad lán línas múru: buinne rothrén roGairbe, uis 'gá chor ar cúlu. Is súairc immar glecait-sium tuile is aithbe co n-úaire; imá-sech do-ecmait-sium sís is an-ís cech úaire. Cairche cíuil at-chluinim-se 'sin Gairb go n-glúaire geimrid; ra muirn móir con-tuilim-se i n-aidche adúair eigrid. Éoin chalaid co céolchaire, céoilbinne a n-gotha gnátha; impa rom-geib éolchaire, 'má ceilebrad cech trátha. Binn lem loin oc longaire ocus éistecht re h-aifrenn; gairit lem mo chomnaide ar drumchla (Durthaigh Faithlenn) Is ríu-sein con-tuilim-se ar bennaib is ar barrgail; na céolas do-chluinim-se is airfeitiud dom anmain: Céol na salm go salmglaine i Rinn Ruis Bruic cen búaine; dordán daim duinn damgaire do lecain Erce úaire. Codlad adúar áenaidche; éistecht re trethan tuinne; gotha aidble énlaithe d' fhidbaid Fheda Cuille; Osnad gaíthe geimreta; fúaim doininne fa dairbre: géisid lec úar eigreta oc maidm tría gáir na Gairbe. Duilig trátha d' urmaisin i m-bentar cluic cen bailbe, ra sían Inbir Dubglaise oc ra gáir na Gairbe. Muir na fairrge fograige timchell síar dorais Airbre --- gairde lim im chomnaide éistecht re gáir na Gairbe. Druim Lethet co l-línmaire dercain donna ar a dairbre; a mac alla is mírbuile fhrecras lem gáir Gairbe. Ess Máige, Ess Dubthaige, Ess Rúaid cos' reithet maigre, gidat imda a turthaige binne fogar na Gairbe. Benn Boirche, Benn Bógaine is Glenn Bolcán go m-bailbe, mór n-aidche, mór nónaide tánac fa gáir na Gairbe. Tonn Túaige, Tonn Rudraige (nídat imfhoicse a n-airde): gairde lim ná a n-urnaide éistecht re gáir na Gairbe. Taídiu thenn na tairngire, binn a h-airdess co n-áine; in Tacarda ainglide --- ga h-ess as glaine gáire? A Mo Ling na connailbe gus' tucus cenn mo báire, go n-derna mo chomairge ar ifrenn as garb gáire!