Ránacsa, rem rebrad rán Author: [unknown] Ránacsa, rem rebrad rán Lóeg's description to Cú Chulainn of Labraid's home in Mag Mell Ránac-sa, rem rebrad rán, bale ingnad, cíarbo gnád, con n-ici in carnd (fichtib drong) hi fúar Labraid lebarmong. Co fúarusa hé 'sin charnd ina shudi (mílib arm), mong buide fair (álli dath), ubull óir ocá íadad. Corom-aichnistar íaraim a l-leind chorcra coícdíabail. At-bert rim: `In raga lim' `don tig hi fail Fáelbe Find?' A-tát na dá ríg is tig, Fáilbe Find ocus Labraid, tri cóeccait im chechtar dé: is é lín inn óentaige. Cóeca lepad 'na leth deiss ocus cóeca (airides); cóeca lepad 'na leth chlí ocus cóeca aeridi. Colba do lepthaib cróda, úatne fhinna fhorórda; is sí caindell ardus-tá is lía lógmar lainnerda. A-tát arin dorus tíar insinn áit hi funend grían graig n-gabor n-glas (brec a mong) is araile corcor-dond. A-tát arind dorus sair tri bile do chorcor-glain día n-gair in énlaith búan bláith don macraid assin rígráith. A-tá crand i n-dorus liss (ní h-étig cocetul friss), crand airgit ris tatin grían (cosmail fri h-ór a roníam) A-tát and tri fichit crand (comraic nád chomraic a m-barr); bíatar tri chét do cach crund do mes ilarda imlum. A-tá tipra 'sin t-shíd trell cona tri cóectaib breclend, ocus delg óir cona lí i n-óe cecha breclenni. Dabach and do mid medrach ocá dáil forin teglach; maraid béos (is búan in bés) conid bithlán do bithgrés. I-tá ingen is tig trell ro derscaig do mnáib Érend, co fult budi thic i-mmach is sí álaind illánach. In comrád do-ní ri cách, is álaind, is ingnáth; maidid cridi cech duni día seirc is día inmuni. At-rubairt ind ingen trell: `cóich in gilla ná h-aichnem?' `Masa thú --- tair bic i-lle --- ' `gilla ind fhir a Murthemne'. Do-chúadusa co fóill, fóill; rom-gab ecla dom onóir. At-bert rim: `In tic i-lle' `óenmac dígrais Dechtere?' Mairg ná dechaid ó chíanaib, ocus cách icá íarrair co n-aiced i-mmar i-tá in tech mór at-chonnarcsa. Dámbad lim Ériu ule ocus ríge Breg m-bude, do-béraind (ní láthar lac) ar gnáis in bale ránac.