Robad mellach, a meic mo Dé Author: [unknown] Robad mellach, a meic mo Dé An exile's dream Colum Cille cecinit: Robad mellach, a meic mo Dé, (dingnaib réimenn) ascnam tar tuinn topur n-dílenn dochum n-Éirenn; Go Mag n-Éolairg, sech Beinn Foibne, tar Loch Febail, airm i cluinfinn cuibdius cubaid ac na elaib. Slúag na faílenn robtis faíltig rér séol súntach día rísed Port na Ferg fáiltech in Derg Drúchtach. Rom-lín múich i n-ingnais Éirenn díam-sa coimsech, 'san tír ainéoil conam-tharla taideóir toirsech. Trúag in turus do-breth form-sa, a Rí rúine: ach! ní ma-ndechad bu-déine do chath Chúile! Ba ma-ngénar do mac Dímma 'na chill chredlaig, airm i g-cluinfinn tíar i n-Durmaig mían dom menmain; Fúaim na gaíthe frisin leman ardon-peite, golgaire in luin léith co n-aite iar m-béim eite; Éistecht co moch i r-Ros Grencha frisin damraid, coicetal na cúach don fidbaid ar brúach samraid. Ro grádaiges íatha Éirenn (deilm cen ellach): feis ac Comgall, cúairt co Caindech, robad mellach.