Tuc dam, a Dé móir Author: [unknown] Tuc dam, a Dé móir Prayer for tears Tuc dam, a Dé móir, for bith ché (ní chél), ar píana na plág, tonna díana dér. Dom-roiched for rith soithech ná rop saich co rós m' áenur moch tar cach m-báegul m-braith. Uchán, a Chríst cáidh, cen sruthán dom grúaid, feib tucais in linn don banscáil timm thrúaig. Uchán, ar cach n-alt cen sruthán tar m' ucht co rob nige in-nocht dom chride 's dom churp. Ar cach senóir sruith fo-rácaib a thoich, ar do ríge réil, ar do chéim for croich, Ar cach óen ro chí a chlóen for bith ché, mo chloíne, a Dé bí, co ro choíne mé. Ar do maith co mór, ar do flaith cen lén, co h-opunn, co h-úain, tuc dam topur n-dér. A mo dile, a Dé, im chride do chrú. Déra dam, a Dé, cé do-béra acht tú?