A Choimdiu, nom-choimét Author: [unknown] A Choimdiu, nom-choimét Lord, Guard me A Choimdiu, nom-choimét, etir chorp is anmain, etir iris n-imglain co n-digius fon talmain. Coimét dam mo shúile, a Ísu meic Maire, nácham-derna santach aicsin cruid neich aile. Coimét dam mo chlúasa, nár chloistet fri écnach, nár éistet co rognáth fri baís for bith bétach. Coimét dam mo thenga, nár écnaiger duine, nár cháiner ar-aile, nár báiger tré luige. Coimét dam mo chride, a Chríst, ar do baíde, nár scrútar co trúaige dúthracht nacha claíne. Ní raib miscais foa, ná format, ná dallad, ná dímmus, ná dímes, ná éilned, ná annach. Coimét mo broinn m-builid, nár líntar cen mesair; co rop déiniu a tosaig, a bith isin tesaig! Coimét dam mo láma, ná rigter fri debaid, nár chlechtat íar sodain athchuingid fo mebail. Coimét dam mo chossa for bith builid Banba, ná digset a fosta fri tosca cen tarba. Nírbam utmall anbsaid, a Meic mo Dé deithnig, co ná farcbar m' ined co rop dliged deithbir. Coimét mo ball ferda im genus co n-glaine: étrad ní rom-báide, ním-tháirle, ním-thaire. Ním-reilce i cair cennda dond ochtar ard airdirc: a Chríst, tair dom dochum, día tofunn, día tairbirt. Nom-erbainn duit uile dom dítin cen doidnge; ar do rath co roimét nom-choimét, a Choimdiu.