A Maire mín, maithingen Author: [unknown] A Maire mín, maithingen Invocation of the Blessed Virgin Mary Colum Cille cecinit: A Maire mín, maithingen, tabair fortacht dún, a chrïol cuirp choimdeta, a chomrair na rún. A rígain na rígraide, a noíbingen óg, áil dún coro dílgaithe, triut, ar tairmthecht tróg. A thrócar, a dílgedach, co rath Spirta glain, guid linn in Ríg fírbrethach don chlainn chumra chain. A chráeb do chrunn Iasa asin chollchaill choím áil dam condom-biasa dílgud mo chuil chloín. A Maire, a minn mórmaisech, ro sháerais ar síl, a lésbaire lórmaisech, a lubgort na ríg, A lígach, a lainnerda, co n-gním gensa gil, a arg óir chaín chainnelda, a noíbgein do nim. A máthair na fírinne, ro chinnis for cách; guid lemsa do Phrímgeine dom saerad i m-bráth. A búadach, a bunata, a buidnech, a balc, guid lem Críst cumachta, t' Athair is do Mac. A rétla rán rogaide, a bile fo bláth, a shutrall trén togaide, a grian goires cách, A áraid na ollairbe trésa cing cach cáid, corop tú ar conmairche dochum ríchid ráin! A chaithir chóem chumraide, dot-róega in Rí; oll oíge boí it urbruinne treimse co ba thrí. A rígdorus rogaide tríasar chin i crí grían taitnemach thogaide, Ísu Mac Dé bí, Ar écnairc na Coímgeine ro coimpred it brú, ar écnairc in Oíngeine as Airdrí in cach dú, Ar écnairc a chroiche-sium as uaisliu cech croich, ar écnairc a adnacail ad-ranacht i cloich, Ar écnairc a eiséirge as-raracht ría cách, ar écnairc a noíbtheglaig as cach dú do bráth, Corop tú ar commairche i flaith Coimded cain, co n-dechsam la Ísucán áilim céinbe mair.