Día lim fri cach sním Author: [unknown] Día lim fri cach sním God be with me Día lim fri cach sním, triar úasal óen, Athair ocus Mac ocus Spirut Nóeb. Nóebrí gréine glan as choímiu cach dlug, atach n-amra n-dam fri slúag n-demna n-dub. In t-Athair, in Mac, in Nóebspirut án, a tréide dom dín ar nélaib na plág, Ar díanbás, ar bedg, ar brataib na m-berg, romm-ain Ísu ard ar in n-galar n-derg. Ar demnaib nach thain is Mac Dé domm-eim, ar galar, ar guin, ar thorainn, ar thein. Ar thinnorguin truim, ar cech n-amnas n-aill, ro séna co grinn Mac Maire mo brainn. Ar brethaib i m-Bráth Críst lem fri cech sáeth, ar idnaib, ar úath, ar neimib na n-gáeth, Ar gábud, ar brath, ar epthaib i clith, ar thedmaim cech cruth fo-fera don bith. Cech bennacht cen gom, cech ernaigde glan, cech árad ric nem, ropo cobrad dam. Cech dagnóeb ro chés ós tuinn talman tís, cech deiscipul cáid ro chreiti do Chríst, Cech cennais, cech ciúin, cech diuit, cech réil, cech foísmid, cech míl do-choissin fo gréin, Cech nóebérlam sruith dom-róirsed fri toich, cech sempul, cech sóer, cech nóeb ro chés croich, Cech ailithir án, cech soim (sochla bríg), cech denocht, cech nóeb do-réracht a tír, cech tenga cen meth forsa tardad rath, cech cride fon m-bith nád chota nach m-brath, Cech fírién fíal fo chlár nime glain, ónd fuiniud an-íar co Slíab Sióin sair, Rom-snádat de-síu ar demnaib na céo, céili Maic ind Ríg a tírib na m-béo. Ro bé Día dom dín, Coimdiu aingel án, aithne tánaic úad ara rísed slán. Rom-snáda mo Rí; romm-ain i cach ré; ro béo ar cach ngád ar scáth dernann Dé.