Aided Muirchertaig Meic Erca Author: [unknown] --- p.1 1] Dia mbuí Muirchertach mac Muiredaig meic Eógain, ríg Érenn, i tig Cletig ós ur Bóinne in Broga, & ba hí ba ban-chéli dósum Duaibsech, ingen Duach Tenga umai, ríg Connacht. Tánic in ríg sin amach óen da laí do mílrad 5] fa imell in Broga, & ro fhágsat a lucht sealga a aenar hé ina duma shelga. Section 2. Ní cian dia raibe ann co facaid óen-ingen chruth-álaind, chenn-fhind, chnes-solus, & brat uaine impe i suide 'na fhochraib isin fert fódmuigi, & dar leis nocon 10] fhaca don droing banda a com-álaind ná a com-chuanna , gura línustar a cholann uile dá grád , & a aicned. Uair dar leis re fégad do-bérad Ériu uile ara híasacht óenaidche, mar do char co hadbal hí re faicsin. & ro fhersum fáilti fria mar bud aichnid dó hí. & ro fhiarfaigh scéla di. Section 3. 15] ‘Adérsa frit,’ ol sí. ‘Isam leannánsa do Muirchertach mac Erca, do ríg Érenn, & is dá shaigid tánagus in so.’ Ba maith la Muirchertach sin, & atbert fria, ‘In tabrai aichne ormsa, a ingen?’ ol sé. ‘Do-berim,’ ol sí, ‘uair isam eólach in inadaib is diamru iná so, & 20] is aichnid dam tusa & firu Érenn ar chena.’ ‘In tice limsa, a ingen?’ ol Muirchertach. ‘Do ragaind ,’ ol sí, ‘acht comad maith mo choma .’ ‘Do-bérsa mo chumang duit, a ingen,’ ar Mac Erca. ‘Do bréthir ris,’ ol in ingen. & tucsum fo chétóir, & adubairt sí in rand:1 1. 25] Ní hé in cumang nach éimech, acht tecusca na cléireach, acht mine betís re lá, nocho ticfaindsi sunna. ----- p.2 2. Ná triallsa réir na cléirech 30] & na mban co héimech; dó féin shires cléirech ní, ná déna díb acht neifní. 3. Ná cronaig cléirchiu co grind, a ingen glégeal, guth-bind, 35] uair is ferrdi biad {MS Y folio/facs page 311/314a}cach neach dá raib do réir na cléirech. 4. A ingen, ná habair sin, lucht in chrábaid ná cronaig; na clérig chreidius in rí 40] díb nocha dénta neifní. Ní hé Section 4. ‘Do-bérsa cét di cech crud duit, & cét cornd , & cét copán , & cét falach óir, & feis cech dara haidche a tig Cletig,’ ‘Acc itir,’ ar in ingen, ‘nocha n-amlaid sin bias, acht cen m'ainmsea do ráda duitsiu co bráth, & cen Duaibsig, 45] máthair do chlaindi, do beith im agaid, & cen na clérig do thoidecht in óen-teach rium co bráth.’ ‘Ragaid duitsiu,’ ol in ríg, ‘uair tucusa bréthir riut, & ropad usa limsa leath Érenn duitsiu iná sin, & abair rium co fír,’ ol in ríg, ‘cá hainm fil fortsu itir, dá fédmais a sheachna 50] gan a ráda.’ & 2asbert sí, ‘Osnad, Easnadh, Sín, Gaeth Garb, Gem-adaig, Ochsad, Iachtad, Taetean.’ Conad and sin atbert in laídsea sís: 1. Abair rim h'ainm, a ingen, a bean ro-chaemda, rind-geal; 55] aní scaras mé rém chloind ná ceil ormsa dá seachnaind. 2. Osnad, Esnad, Sán cen ail, Gaeth Garb, & Gem-adaig, Ochsad, Iachtad, Taetean taí, 60] is iat m'anmanna ar aen-chaí. ----- p.3 3. Do-béraind cét da cech crud duit, a ingen, cen imrul, dá léictheá dam h'ainm do rád, & do gairm cech óen-tráth. 4. 65] Créd do-génsa da cech maith, a ríg Érenn, a ard-fhlaith? Bid marb thú dá ráidi, a rí, rachaid do nert ar nefní. 5. Ropad aíbind lim cach than, 70] a ingen na rosc ro-glan, má dá n-apraind riut co fír Osnad, Esnad, & Sín. 6. Ná hapairsiu sin cen tlás mine b'áil duit do moch-bás, 75] & ná ticead isteach máthair do chloindi, Duaibseach. 7. Do-génsa do riar co fír. Ná tabrad h'aicned i sním. Cach ní bus olc ná tagair, 80] ní ebérsa, & abair. a.r. Section 5. Ro gellad disi, trá, cech ní díb sin, & ro naisc amlaid. Do-chuadar maróen iar sin co teach Cletig. Ba maith suidiugud in tige sin, trá, & ba maith a muindter & a theglach, & maithi cloindi Néill uile co muirneach, mór-menmnach, 85] co subach, sobrónach, ic caithem chísa & conáich cacha cúicid i tig comramach Cletig ós ur na Bóinne bradánaigi, bith-áilli, & ós ur in Broga barr-uaine. Section 6. Ó ro fhég Sín immorro in teach co n-a muindtir , asbert: ‘Is maith in teach a táncamar,’ ol sí. ‘Is maith,’ 90] ol in ríg, ‘& ní dernad do 3Themair ná do Nás ná do Chraebruaid ----- p.4 ná do Emain Mache ná do Aileach Néit ná do Chleitech teach a leithéid, & tabair teist in tigesea,’ ol in ríg, & atbert: 4 1. Ní dernad ic ríg, dar lind, 95] teach mar do theach ós Bóind, 's ní dingéntar ó so amach gus in laithi ndéidenach. 2. Cleiteach cléthi theach Fódla, is fairsing a furógra, 100] ó Thoraid co Carnd hUí Néit 'na chomair tall gan lán-bréig. 3. Cland Eógain isin tig tall, ard-chlanna Néill nach im-gann, nocha n-uil muindter is fearr 105] i n-iath Alban ná Érenn. 4. Tusa, a Muirchertaig, cen fhell ní thánic riam laech it cheand, co bráth ní thicfa re lá, a ua Eógain do shamla. 5. 110] Is dingbála duit cen acht Duaibsech, ingen ríg Connacht, álaind a delb, caem a llí, ní fhil ben is ferr im ní. Ni .d. Section 7. ‘Cid do-géntar ann fodesta?’ ol in ingen. ‘Aní 115] is maith latsu,’ ol Muirchertach. ‘Máseadh,’ ar Sín, ‘téigead Duaibsech co n-a cloind asin tig amach, & ticed fer cecha cerdi & cecha eladan a nÉrinn co n-a mnaí isin teach n-óil.’ Do-rónad amlaid sin, & rogab cách ic ----- p.5 molad a cherdi & a ealadan féin ann, & do-rónad rand da 120] cech duine cherdi & eladan do bí and sin uile : 5 1. Aíbind, aíbind rígi rán tíre Érenn, mór a grád, a cís 'gá chlechtad re lind, co teach Cletig is aíbind. 2. 125] Aíbind, aíbind a rígnacht, aíbind a míne, a mállacht, fuaras a maith, monar ngrinn, damsa is saich, is aíbind. 3. Aíbind, aíbind taísigecht 130] ag ríg Érenn co ríg-nert, cid cumang Ériu re lind, cá duine dó nach aíbind? 4. Aíbind, aíbind trebthachus do duine bís 'na dúthchus; 135] imad ceathra, saethar ngrinn, cen terca ann is aíbind. 5. Aíbind, aíbind ceól cen acht do lucht in chiúil co rígdacht; da cach aen ros can co bind 140] dóib cacha tan is aíbind. 6. {MS Y folio/facs page 312/314b}Aíbind, aíbind in goibnecht don lucht do-ní gan toirmesc; is maith a tuaith is a cill, nocha n-é a buaid nach aíbind. ----- p.6 7. 145] Aíbind, aíbind cerdacht chaem do cech óen do-gní ma-róen; is imda mogaid re lind, dúind is tulaigsi is aíbind. 8. Aíbind, aíbind óglachus 150] ag Mac Erca na mór-gus; i tig Cletig, monar ngrind, cia duine dó nách aíbind? 9. Aíbind, aíbind cech dán teann anosa i n-iathaib Érenn; 155] cách ica caithim co grind itir maithib is aíbind. Aibind a.r. Section 8. Ó thairnic in t-ól asbert Sín fri Muirchertach, ‘Is mithig fodesta in teach do légud damsa amail ro gellad dam.’ Is ann sin do chuir sí clanna Néill & Duaibsech 160] co n-a claind a Cleitech amach. & is é lín ro bátar itir firu & mná dá chath chom-móra, chonaclacha. Section 9. Do-chuaid Duaibsech co n-a cloind ó Chleitech co Tuilén do shaigid a hanmcharad .i. Cairnech naem-espoc . Ó ro-siacht sí co Cairnech 6 atbert na briathra sa: 1. 165] A chlérig, bennaig mo chorp, is eagail lim bás anocht; tánic chugam ben a síd, suaill nach derna dím dimbríg. 2. A banscál, bid maith do díl, 170] fo-géba nem cen anfír; don turus tángais i-lle ní racha doridise. ----- p.7 3. Érig féin, a chlérig ann co hEógan is co Conall, 175] atát 'na congaib ma-lle sin tulaig co turnaide. 4. Bísiu i fos i nÓenach Réil, a Duaibsech gus in deg-méin, is uait sloindfither co bráth 180] in bile buadach sin ráth. 5. Atlochar do Mac Muire, don ríg connic na huile; tánac fa chreidem óm thig. Atlochar duit, a chlérig. A chlérig b. Section 10. 185] Tánic Cairnech iar sin co hEógan & co Conall, & do-chuadar ma-róen doridisi co Cleitech, & nír léic Sín a légud i farrad in dúine uile. Bátar dubaig, toirsig clanna Néill don gním sin. Fergaigthir co mór Cairnech ann side & ro eascain in baile & do-rigne leacht don ríg & 190] asbert, ‘Tairnic intí isa leacht so. & is deread dá rígi & dá fhlaithemnus co fír,’ & do-chuaid for mullach in lechta 7& dixit: 1. Duma na clog so co bráth fodesta ro-fhinnfa cách; 195] leacht in trén-fhir Meic Erca nírba tláith a imthechta. 2. Mallacht forsin tulaigsi, for Cletiuch cétaib cuana, narap maith a ith ná a blicht, 200] gurop lán dfhuath is d'anricht. ----- p.8 3. Narab ann ríg ná ruirech, ní dig neach ass co buidech; bid cumain limsa rem lá lecht ríg Érenn sin duma. D. n. 205] Ro escain Cairnech trá in dún ann sin, & ro benn a chlocc ann, & tánic ass iar sin fo brón & fa thoirsi. Ro ráidset immorro clanna Néill fris, ‘Bennaig sinne,’ ol siat, ‘anosa, a chlérig, co ndigsium dár tír fesin, uair ní cintach sinne riut.’ Section 12. 210] Ro bennaig Cairnech iat, & ro fhágaib fágbála dóib .i. do chlandaib Conaill & Eógain. In uair nach biad airechus Érenn nó a ríge acu a spraicc for cach cóiced 'na timchell & comarbus Oilig & Temrach & Ulad acu, & cen tuarastal do gabáil ó neach, ar is é a ruidles fesin rígi 215] nÉrenn, & cen glas for giall, & meath for na giallu dia n-elád, & buaid catha acu acht co tucad fa adbar chóir , & co rabat trí mergi acu .i. in Chathach & in Clog .i. in udachta Pádraic, & in Mísach Chairnig, & no biad a rath sin uile ar óen-mind díb re hucht chatha 8amail ro fhágaib 220] Cairnech dóib ut dixit: 1. Mo bennacht foraib co bráth, a chlanna Néill co ro-gnáth; gurob lib tír Meic Erca, bid ordraic bar n-imthechta. 2. 225] Ná marbaid bráigdi ríg réil, i focus i n-etirchéin, bid lib cach maithes cen fhell, biaid bar flaithius cen fhorceand. ----- p.9 3. Trascraid uaib ar chách i céin 230] dá nderna neach bar n-aimréir; ná hobaid comlann ná cath, ní bethi chaidchi cen rath. 4. Taislid adaig cech tíre, uair is lib an airdrígi; 235] ná millid nách duine ar lár acht in ríg a óenarán. 5. Teachtaid giallu cáich bar láim, ní ba haithrech lib in dáil; techfid cech neach ré bar cath 240] dá tugthaí hé co dligthech. 6. Teachtaid bar mbráthair fodéin, i focus i n-etirchéin; ní cloífithir oirb bar cath gus in laithe ndéidenach. 7. 245] In tan maídfes sib ní min, bid eagail sib in cech thír; biaid a cluasaib bar fogur, ar cach tír bar ngarb-olur. 8. Aderimse rib co fír 250] in tan atbéla bar ríg biaid mo lebarsa mar tú & a scríbeand 'na chrú. 9. {MS Y folio/facs page 313/315a}Fil lium comartha aile re haidid bar rígraide. 255] bid cosmail re crú is re fuil Loch Febail & a muir. ----- p.10 10. Bennacht uaimsi for bar tír, for bar ndaínib co nglan-bríg; gébthaí Ériu co bráth mbecht, 260] & berid mo bendacht. Mo b. Do-chuaid cách díb ina dúnad & ina deg-baile fesin . Section 13. Imthúsa Cairnig, tánic side reme d'innsaigid a mainistreach & tarladar dó slóig móra 'na agaid .i. Síl Taidg meic Céin meic Aillela Óluim, & tucsat sein leó 265] Cairnech do dénam a coraidechta & a codaig fri Muirchertach mac Erca, & ó ro hinnisead eiséin don ríg tánic asin baile amach & ro fher fáilti friu. Section 14. Ót-chonnairc immorro Muirchertach in cléirech acu tánic loisi mór de & asbert, ‘Cid fa tánagais chugaind, 270] a chléirig,’ ol sé, ‘ar n-ar n-eascaine duit?’ ‘Do dénam shída itir Shíl Taidg meic Céin & Síl Eógain meic Néill tánac,’ ol sé. Do-gníthir iarum codach ann sin eturru, & cumaiscid Cairnech a fuil i n-óen-leastar dib línib, & scríbais amail do-rónsat in codach 9ann sin, & asbert 275] Muirchertach: 1. Érig, a chlérig do chéin, ná bí i focus 'gár n-aimréir; ro escainis ind co becht ó do-rignis ar tiug-lecht. 2. 280] Ní haire tánac i-lle do fhuilliud na hescaine, acht do dénam chodaig gairg itir Shíl Eógain is Taidg. 3. Dá Gailenga, dá Luigne, 285] Saitne Ciandacht co cuibde, Fir Arda Dealbna caemna, hUí Aeda Odba shaera. ----- p.11 4. Cumaiscther a fuil co becht, a Meic Erca co mór-nert, 290] co scríbthar i lebar lem codach Eógain is Gaileng. 5. Cipé milles in cach aird codach Síl nEógain is Taidg, do-bérthar dó, is fogail tend, 295] gairdi shaegail iss ifearnd. 6. Dá marba neach a chéli díb ní ba maith in séri, nodus sáraigébsa a clí, rachaid co fír ar nefní. 7. 300] Bid hí seo bar n-óenta i bus, is bid é ar nim bar cádus, lim bus cumain co hémig. Geib umut & érig. E. Section 15. Ó do-rónad iar sin in óentu & ó ro bennaig Cairnech 305] iat uile & ro fhácaib gairdi shaegail & ifernn don tí ro millfed in codach co fis dó, ro fhácaib iat iar sin & luid reme dá mainistir. Téit immorro in ríg dá dún & na sluaig sin leis dia choiméd dar éis cloindi Néll. Section 16. Suidig in ríg ina ríg-shuidi & suidig Sín for a deis 310] & ní thánic i talmain mnaí bud ferr delb ná tuaruscbáil iná sí. Ó ro fhég in ríg furri ro buí ic iarraid eólais & ic fiarfaigid cheast di, uair dar leis ropa ban-déa co mórchumachta hí, & ro iarfaig di créd in cumachta ro bí aice. Conid ann asbertsum & ro fhregair sí: 10 1. 315] Abair, a ingen éimech, in creidi Dia na cléirech, nó cia ór genis i bus, innís dún do bunadus. ----- p.12 2. Credimsi in fír-dia cédna 320] dom churp ar amus éca, ní dernaid mírbail a bus nach dingnindsi a cosmailius. 3. Misi am ingen mná & fir do shíl Éva & Ádhaim, 325] am dingbála duit i bus, ná rot gaba aithrechus. 4. Do-génaind gréin is ésca & renna ro-glésta, do-génaind daíne co lond 330] ica tachur i comlond. 5. Do-génaind fín nocha brég don Bóinn mar atá fa méd, & caírig do chlachaib is muca do raithneachaib. 6. 335] Do-génaind airged is ór i fiadnaisi na mór-shlóg, do-génaind firu co mblaid anosa duitsiu, is abair. A. Section 17. ‘Déna dún,’ ol in ríg, ‘ní dona mírbuilib móra sin.’ 340] And sin ro érig Sín amach & do chóraig dá chath chom-móra, chom-nerta, chonaclacha , & indar leó ní thánic i talmain dá chath bud chróda & bud churata iná siat ic airlech & icc athchuma & ic dian-marbad a chéli i fiadnaisi cháich. Section 18. 345] ‘In faici siúd?’ ol in ingen, ‘& indar lim ní brég mo chumachta itir.’ ‘Atchím,’ ol sé, Muirchertach, 11co n-ebairt: ----- p.13 1. Atchíu dá chath chróda chain ar in leirg ag imargail; ní chredfi neach nach fil {MS Y folio/facs page 314/315b}sunn 350] a cathugad ná a comlund. 2. Cuirit a cath calma a nglonn, brisit farcha fri forlonn, ledrait a cuirp cen fhuarad, 355] ní anait ag imbualad. 3. Ní thánic riam for talmain neach nach táithfidís amlaid, for feraib bodba nach fiu tiagait na dá chath atchíu. At. Section 19. 360] Téit in ríg co n-a muindtir isin dún iar sin. Ó ro bádar seal ag fégad in chathaigthi, tucad ní de uisci na Bóinde chuca iar sin, & atbert in ríg frisin ingin fín do dénam de. Línais in ingen trí dabcha don uisqui iar sin, & cuirid bricht indtib, & nocho táinic for talmain fín rob 365] fearr blas ná bríg dar leó inás. Do-rigne didiu mucca doilbthi draídechta don raithnig & do-rad in fín & na muca don tslóg iar sin, & ro chaithedar co rabadar sáitheach dar leó. Ro gell sí immorro co tibred 12a chom-méit cétna dóib cech laí tria bithu sír, conid ann asbert Muirchertach : 1. 370] Ní tháinic sunna co-se biad mar in mbiad atchíthe, ní thánic fín mar in fín, is fleadh dingbála deg-ríg. 2. Dáithin fer nÉrenn co bráth 375] agumsa dúib asin áth do lind is d'fhin re laige, ní cumachta sídchaire. ----- p.14 3. Bennacht uainne for do nert, a ingen chaem co ndraídhecht, 380] mo-chen dontí gusand ric, ingen mar thú ní thánic. Ní t. Section 20. Do-gniat didiu Síl Taidg meic Céin faire in ríg in aidche sin ó thairnic tóchaithem na fledi draídechta sin. Ó ro érig in ríg iarnabárach is amlaid ro boí mar do beith 385] i searg galair , & is amlaid ro buí cech óen ar chena ro chaith in fín & in fheóil dolbthí draídechta ro ordaig Sín dochum na fledi sin. & 13atbert in ríg: 1. A ingen, ro scaith mo nert, súail nach táinic mo thiug-lecht, 390] i ndiaid na haidchi cen on, mar do beind a sír-galor. 2. In fín ro chaithis, a ríg, ní tháinic fín bud ferr bríg, is é ro mesc do chorp cain, 395] ní thicfa olc frit anmain. 3. Dias chomadais ind maróen, misi & tusa, a ben chaem, sásta sochaidi dot fhleid, at togaidi mar ingin. A 400] Asbert in ríg riasi ann sin, ‘Déna ní dot ealadain dún, a ingen,’ ol sé. ‘Do-gén immorro,’ ol in ingen. Do-chuatar amach .i. Muirchertach14 & na slóig uile, na fhiadnaisi. Do-rigne Sín immorro ann sin firu gorma dona clochaib & fir eli co cennaib gabur. Co rabatar cethri 405] catha móra foa n-arm-gaiscuid 'na fiadnaisi 15for faichthi in Broga. Gebid Muirchertach a arm-gaisced & a threalam catha iar sin & luid fúithib mar tharb ndian ndíscir ndás- ----- p.15 achtach & nos geib fo chetóir fora n-airlech & fora n-athchuma, & cech fer no marbadsum díb no éirged fo chetóir 410] dia éis. & ro buísium 'gá marbad mar sin char in chaemlá chaidchi. Gér ba mór luindi & ferg in ríg ro scíthaiged hé mar sin & 16atbert and: 1. Atchíusa ingnad anall for doslinntib na habann, 415] in lín ro marbus don tsluag itát beó co colann-ruad. 2. Tairnic do fhlaithius uile, ní chél ort, a ríg-ruire, cech óen ro mudaig do lám 420] atát beó cubaid com-lán. 3. Atberimsi frit co fír, ní cheilfet sochaidi in gním, is tresi cath na fer ngorm iná cath na mac mór-oll. 4. 425] Atbér ní thescub in fraech, ní comrac trén-fhir fri baeth, ro marbus mór cét don tsluag i cath chróda chlaidem-ruad. 5. Ar in cléirech rot chabair, 430] in cath cródasa tabair, gur thuitset co ndogra lind fir gorma & gobar-chind. 6. Do-bérsa in cath co héimech, nár écnaigesu in cléirech, 435] is cian bus chumain óndíu na cathasa mar atchíu. At. ----- p.16 Section 22. Ó ropa scíth immorro in ríg ag in cathugad ic slaidi na slóg, téit co toirsech isin dún & tuc Sín fín draídechta & muca draídechta dó. Caithidsium sin co n-a 440] muintir & codlaid co trom 'na diaid co matain & ní raibi nert ná trácht ann arnabárach ic érgi, 17ut dixit: 1. Atú gan nert, a ben bláith, cid im chenn do múirthea in ráith, ní fhédaim cor dom láim deis, 445] nisam tabartha in éisleis. 2. Tabair ar in cléirech cáid, bec nach táinic do thiug-dáil, is é rot chabair i bus. ná héirig ar aneólus. 3. 450] Maith in chomairli do ráith do-beir anosa in ben bláith, acht is anforlann indiú ní thréicébsa neach mar tú. Atú. Section 23. Mar do bátar iarum forsna briathraib sin, co cualatar 455] trom-gáir na slóg & na sochaidi ic tog {MS Y folio/facs page 315/316a} airm Muirchertaig amach & 'gá greannugad dochum in chatha. Is ann ro bádar dá chath chommóra isin Brug 'na fhiadnaisi .i. fir gorma isin dara cath & fir cen chind isin cath ele. Ro fhergaiged immorro Muirchertach fa greannugad na 460] slóg & ro érig co hopunn & 18 ro thuit co héneirt ar lár, co n-ebairt in laíd: 1. Gáir trom, tairm do-níat sluaig, cath fer ngorm rind atuaid, fir cen chind fobres treass 465] isin glind rind a-neas. ----- p.17 2. Fand mo nert dochum shluaig, ba mór fecht rugus buaid, mór in sluag, tenn an dáil, borb a n-ainm, garb a ngáir. G. Section 24. 470] Luidsium iar sin isin mBrug & téit fana slógaib & gabais fora n-airlech & fora n-athchuma co foda do ló. Tánic Sín iar sin chucu & do-beir rígi forro do Muirchertach, & anaid dia chathugad . & tic in ríg reme iar sin co Cleiteach & delbais Sín dá chath móra eturru & in 475] dún. Ó ro fhégsum iatsein téit fúithib & ro gab for cathugad19 friu. Section 25. In tan iarum ro bísium ac cur in chatha sin, is ann ro chuir Cairnech Masán & Casán & Crídan dia shaigidsium ar dáig furtachta dé. Uair do fhitir in naem uasal 480] in t-anforlann ro bí fair in uair sin. Comraicit na clérig frís isin Brug iar sin & sé ag leadrad na cloch & na fód & na nguisén ar chena, conid ann 20atbert: 1. Cid fá leagai na clocha, a Muirchertaig, gan fhotha, 485] is truag lind do beith gan nert do réir ídail ic draídecht. 2. An cléirech ro ataig rim, tánag i comlann dá chind, nocha n-fheadar armo-thá 490] nachat cróda na clocha. 3. Tabair cros Chríst co rúinib anosa dar do shúilib, toirind fri head do brotha, cid fá lecai na clocha. C. ----- p.18 Section 26. 495] Airisid ferg in ríg-míled iar sin & tic a chiall dó, & do-beir sigean na croiche dara agaid & ní fhacca ní ann iar sin acht clocha & fóid in talman ar chena. & iarfaigis scéla dona clérchib iar sin. & atbert, ‘Cid má táncabar,’ ol sé. ‘Táncamar ar cenn do chuirpsiu,’ ol siat, ‘uair is 500] focus bás duit,’ ut dixit: 1. Cid 'má táncabar ón chill, a macu légind lán-bind, ná celid ar Dia nime, innisid dam fírinne. 2. 505] Táncamar ar cenn do chuirp, a fhaisnéis do-génum duit, bérmait lind hé co tuile (.i. Tuilén) cen anmain, a deg-duine. 3. 21Lesaigid mo chorp co hán, 510] a Masán is a Chasán, berid lib mo chorp, m'ainmech, isin maidin co Cairnech. 4. Bérmaíd do chorp, is gním truag, co ria Tuilén im an úar, 515] is adbar toirsi co tenn i n-iathaib ána Érenn. 5. A chlérchiu, is trom lim in dál scarad m'anma rem chorpán, isam eacail beith cen treóir 520] a críchaib uara aneóil. 6. Cairnech is Tigernach22 tenn, ard-naeim uaisli na hÉrenn, ní léicfet tú a n-ifernn úar, a thuir chróda chlaidem-ruad. ----- p.19 7. 525] Arcu23 fuin do ríg nime, leis mo dluig; ar bar n-inchaib mo chorp glan, a-nocht cid 'má táncabar. C. Section 27. Do-rónsat na clérig tóraind chilli and sin isin Brug, 530] & asbertadar frisium a clad do thachailt i n-anóir in Choimded móir na ndúl. ‘Do-géntar,’ ol sé. Ro gabsum ic tachailt in chluid ann sin conid ann sin do cét-milled faichthi in Broga ar tús riam. & ro boísium oc innisin a scél fesin dona clérchib, & oc aithrigi ndíchra fri Dia 535] ut dixit : 1. Atlochur do Mac Muire, Tairnic sunna mo luinne, ic dénum relgi rúaidi ar brú Broga barr-uaine. 2. 540] Rob annum lim gus indiu reilec do chur mar atú , ba menci lim cen cor leas , loingeas a cill cen chairdes. 3. Ó thánac Érind dar ler, 545] cumain lim in lín bliadan, ní raba lá, buan in blad, cen cheann curad sa choscar . 4. Óen bliadain déc dam i bus nó co fuaras ferannus, 550] ní raba aidche ris sin cen chend Laignig nó Muimnig. ----- p.20 5. Fiche bliadan damsa féin i rígi Eógain meic Néill , cenn cech n-aidchi lim cen acht 555] a hUlltaib nó a crích Connacht. 6. Cóic bliadna fiched cen fhell dam i n-aird-rígi nÉrenn, ní raba aidchi ri sin gan neach a nÉrind dargain. 7. 560] Dá bliadain mé i nAlbain tair, ro marbus mo shen-athair, tucus slóg a snímaib ann, dom gnímaib do thuit Loarnd . 8. {MS Y folio/facs page 316/316b}Dá bliadain damsa iar sin 565] i rígi for Danaraib, ní raba aidche ri sin gan chind desi for cuaillib. 9. Is í seo mfhaíside fhír i fiadnaisi ríg na ríg 570] nach lía dom' laithib gan tlás iná thucus a tiug-bás. 10. Céd & bliadain fo deich ó ra geniusa cen chleith gus in laithisea cen locht 575] ní derna riam acht lán-olc. 11. Ní dernus relic ri sin ná eclas cháid don Choimdid, acht mad tuile cath do chur, don Choimdi mór atlochur. At. ----- p.21 Section 28. 580] A haithli na faísite immorro ro bennachsat na clérig uisqui dó iar sin, & ro chaith corp Críst & do-rigne aithrigi ndíchra co Dia, & asbert friu a innisin do Chairnech amail do-rigne a fhaísite & a aithrigi, 24 conid and asbert: 1. Hidan, idan corpán criad, 585] cuman, cuman cruth na ndael, ecal, ecal in béist búan, fuar, fuar in chloch imon taeb. 2. Ecal, ecal ifernn uar, baile bith-sheng tria bith sír, 590] mo mian i bus dámad chian beith sair siar i relcibh ríg. 3. Dom chorp, dom chorp tria bith sír rob fhir, fír, rob ecail aed; fín, fín don uisqui cen bréig 595] mar théit, téit ro fheadar Áeb. .i. idin ele don mnaí chétna 4. Co bráth, bráth ní bia fo decht dál, dál ic duine im airecht; mo bríg, bríg ro scaich a cacht, 600] bid fír, fír gan a taidecht. 5. A relic, relic ríg ruaid co fír, fír do-chóid mo buaid; ní holc mar do-rala dam, mo chorp co hidan, idan. Idan Section 29. 605] Anait na clérig in aidche sin a cill in Broga, & téit in ríg co Cleitech & suidis for deis a mhná ann. Fiarfaigis Sín de créd ro thoirmisc a chomlann uime ----- p.22 isin ló sin. ‘Na clérig táncadar chucum,’ ol sé. ‘& do-radsat sigen na croiche Críst dar m'agaid & ní fhaca 610] ann ar sin acht mad raithnech & clocha & bolca bélcheó & gasána sanais, & ó nach raba ann neach in-chomlaind damsa, tánacus ass.’ Section 30. 25& dixit Sín: 1. Na clérig ná creid co bráth 615] uair ní chanait acht anfáth; ná len a rann cen bindi, uair ní adrait fírindi. 2. Ná hadair do chlérchib cell, mad áil leat beathu cen fheall; 620] ferr do charait misi i bus, ná ticed duit aithrechus. 3. Biatsa caidche ma-lle rit, a ingen fhind cen anricht, is do[macr ]chu limsa do drech 625] iná cella na cléirech. Na Ro shaeb trá Sín a menmasum ann sin & tánic eturru & tecosca na cléirech, & do-rigne fín draídechta dóib in aidche sin, & rob í sin in sechtmad aidche dóib forsin draídecht & adaig Máirti iar Samain do shunnrud sin. 630] Ó robdar mescda na slóig, tic osnad gaíthi móire ann. ‘Is osnad gem-aidche so,’ ol in ríg. & Atbert Sín in so: 26 1. Is misi Gaeth garb, ingen airech ael, is Gem-adaig m'ainm 635] ar cach airm ma-róen. ----- p.23 2. Osnad & Gaeth, Gem-adaig im-ne, ro ráidis co fír, táinic do díl de. 3. 640] Má ndeachadais dó co dorus in lis, rachaid éc at bél, nocha scél cen fhis. Is m. Section 32. Asa haithle sin trá ro delb sí snechta mór ann & 645] ní tháinic riam tairm chatha bud mó inás in cith dlúithshnechta ro fhear ann in uair sin, & iniartuaid do shunnrad tánic. Is annsin tánic in ríg amach isin teach n-inchlethi & do-chuaid isteach doridisi, & ro gab for tathaír na síne, 27conid ann asbert: 1. 650] Is olc in adaig a-nocht, ní thánic riam a com-olc, & ní thicfa chaidche indshamail na hóen-aidche. 2. Cleitech is fuar a faebar, 655] ro gairdighed do shaegal, ná ráid28 m'ainm tria bithu sír, ní cunntabairt duit droch-díl. 3. Ní ebérsa h'ainm co bráth, & sechénat seach cách, 660] in lín atámaid a-nocht ní tháir pudar ná ard-olc. Is o. Section 33. Ó thairnic in fledugad immorro ro laigset na slóig iar sin & ní raibi nert mná seóla a nduine díb. ----- p.24 Laigid in ríg ina imdaid iar sin & tuitid suan trom fair. 665] Do-gní didiu iachtad mór trén asa chodlud & músclais asa shúan. ‘Créd sin itir?’ ol in ingen. ‘Siabra mór rom thárfás29’ ol sé, conid ann asbert: 1. Domárfás recht ruad-theined, imad saer-chlann siabairthi, 670] traethad truag {MS Y folio/facs page 317/317a} dár sluagaibne. seól síthe dár saeb-leagad, teach Cletig 'na throm-thenid , im chenn chaidche ar com-lasad, clanna Néill a n-étualang 675] tré upthaib ban ndraídechta, a scéith arna scíth-leagad, ar córugad conntrachta, airm cháich ina crosradaig , dar treagdad re tinnenus, 680] gáir mór-shluaig fa derg-thenid. Is ed tárfás dam. D. Section 34. Érgid in ríg suas & nír léic in taidbsi atchonnairc tindabrad dó. & tánic asin tig amach & atchí tenid mbic i cill isin Brug oc na clérchib. Tánicsium chucu iar sin 685] & atbert friu, 'Ní uil nert ná trácht innumsa a-nocht,' & ro innis a thaidbsi & a aislingthi, & 'Is decair damsa,' ol sé, 'deg-engnum a-nocht cid slóig eachtrand tísad dom indsaigid tréna anfaindi atám, & tré olcas na haidche,' ol sé, & ro gabsat na clérig 'gá thecosc iarum ann sin. 690] Tánicsium isteach fo chétóir 30conad ann asbert: 1. Is lán-olc int sínsa a-nocht dona clérchib 'na longphort, ní lámait codlud chaidche d'aggairbe shín na haidche. ----- p.25 2. 695] Cid fá n-abrai m'ainm, a fhir, a Meic Erca is Muiredaig, fo-géba bás, líth cen ail, a tig Cletig ná codail. 3. Abair rium, a ben cen brón, 700] cia lín tuites lim don tslóg, ná ceil orm, innis cen cháin cá lín do-fhaeth dom desláim. 4. Ní thuitfi nech leat ar lár, a Meic Erca na n-ard-grád, 705] tairnic tú co becht, a rí, do-chuaid do nert ar nefní. 5. Esbaid mór mo beith gan nert, a Shín uasal na n-il-reacht, menic ro marbus laech lonn 710] gé tú a-nocht i n-écomlonn. 6. Sochaidi ro thuit dot spairrn, a Meic Ingine Loairnd, tucais ilar sluag i socht, mo núar gé taí co lán-olc. Is lán. Section 35. 715] ‘Is fír trá, a ingen,’ ol sé, ‘is focus bás damsa, uair do bí a tairrngiri dam comad chosmail m'aidid & aidid Loairnd mo shean-athar, uair ní a comlann itir do-rochair acht a loscad chena do-rónad. Codail trá a-nocht,’ ar in ingen, '& léic damsa h'fhoraire & h'fhorcoimét 720] for na slógaib, & má tá a ndán duit ní loiscfiter a-nocht toramsa in teach.' 'Do-fil for ar tí etir,' ol sé, 'Tuathal Mael Garb mac Cormaic Caích meic Cairpri meic Néill Noígiallaig.' 'Cé raib Tuathal co n-a shlógaib uile ar do thí, ní heacail duitsiu a-nocht tarumsa hé,' ol 725] in ingen, '& codailsiu festa.' ----- p.26 Section 36. Do-chóidsium 'na lebaid iar sin & do chuindig dig forsin ingin, & do chuir sí bricht suain forsin fín mbréci úd go ra ibsium dig de co nderna mesc aimnertach é cen shúg cen nert ann. Codlais co trén iar sin & atchí 730] aislingthi ann .i. techt i lunga for fairgi & a long do bádud & in gríb ingnech do thoidecht chuigi & a breithsium lé ina nead & in nead do loscad imesium iar sin & in gríb do thuitim leisium. Section 37. Músclais in righ & atbert a fhís do breith dochum 735] a chomalta co Mac Saignen druad .i. Dub dá rind, & rucsein a breith , ‘Is í in long i rabadais,’ ol sé, ‘.i. long in fhlaithiusa for muir31 in tsaegail & tusa ic sdiúrad in fhlaithiusa, & is í in long do bádud tusa do thaircsin & do shaegal do thoidecht. Is í in gríb ingnech rot 740] fhuc lée ina nead .i. in bean fil it fharrad dot chur for mesci & dot breith lé ina lebaid dot fhastód a tig Cletig coma hé loiscfiter fort. 32 {MS folio H 252b} An gríbh immorro do thoitim letsa .i. in ben do éc trét fhochaindsi. Is 745] í sin trá breath na haislingi sin,’ ar sé. Section 38. Collaid in rí iarum co trom33 iar cur in brechta shuain do Shín fair. An fat trá ro bí sin isin colladh sin éirgid Sín & cóirgis gae & slegha na slóg ar indill áigh i ndoirsib in tighi & a renna uili chum an tighi. Iar sin 750] delbaidh sí trá il-imud {MS folio H 253a} & sochaidi a timchill an dúnaidh. Téit féin istech & scaílid in teine ar gach aird fon tech & fona fraightibh & téit isin lebaid. Section 39. Ba hand sin dano do múscail in rí asa cholladh. ‘Créd sin?’ ar an ingen. ‘Tárfas dam,’ ar sé, ‘sluag 755] siabra ic losgudh in tigi form & ic orleach mo muindtiri fon dorus,’ ‘Ní fhuil olc duidsi de sin,’ ar an ingen, ‘acht chena ro tárfas.’ ----- p.27 Section 40. An tan immorro ro bádar ar an comrádh sin, do chualadar breasmhaidhm ica loscudh & gáir na slóg 760] siabra & ndraígechta imon tech. ‘Cia fil 'mon tech?’ ar an rí. ‘Tuathal Mael Garb mac Cormaic Caích meic Cairbre meic Néill co n-a shluagaibh,’ ar Sín, ‘atá ann ic dígailt catha Granaird ortsa,’ & ní fhitir sin nachar fhír sin & nachar shluag corpordha do bí 'mon tech. 765] Éirgidhsein co dian iar sin & tic d'iaraidh a airm & ní fhuair nech dá fhreagra. Téit in ingen amach asin tigh & téit sin ina degaidh fo chétóir & tacraidh sluagh ina ucht co ndechaidh trít co comthrom. Impóidh ón dorus arís dochum a leptha. Do-chuadar na slóig amach 770] faí sin & ní thérnó nech díb gan guin nó gan loscadh. Section 42. Tánic in rí iarum dochum in doruis dorísi & bátar na smóla & na casracha teinedh etair é & an dorus. Ó ro lín an teine in dorus & an tegh uili 'ma chuairt, & nach fuair dín uirre, téit isin dabaigh fhína ocus báitir innti 775] é ac dul fúithi gach re n-uair ar omun na teined. Tuitig in tech ina chenn iar sin & loiscther cóic troighthi de & aincidh in fín a chorp gan loscadh ó shin amach. Section 43. Ó thánicc in maiden arnamárach, tiaguid na clérich 'na agaidh .i. Masán & Casán & Crídan, & berid in ríg leó 780] gusin mBóin & do-gniat34 a thonach indti. Section 44. Do-roich dano Cairnech co n-a manchaib cuca faí sin & do-righnesein toirrsi mór ica écaíne & buí ac tabairt a thesta. Atbert: ‘Esbaidh mór do {MS folio H 253b}Érinn aniú Mac Erca .i. in cethramadh nech is ferr ro thechtaidh Ére 785] gan chlesaigecht & gan chumachta .i. Muirchertach mac Erca & Niall Noíghiallach & Conn Cétchathach & Úgaine Mór.’ 35 1. {MS Y folio/facs page 318/317b}Saegal Meic Erca is eól dam, ní bec mbliadan ria fégad 790] ón aidche ro chin a chlí nó co ndechaid ar nefní. ----- p.28 2. Deich mbliadna dó i tig in druad Saignen co n-ilar a buar, anfad mara36 ros fulaing 795] Muirchertach in trén-chumaing. 3. Dá bliadain dó i tig in ríg Muiredaig móir, maith a díl, co ndechaid fri brón cen brath darb imnedach Muiredach. 4. 800] Dá chert bliadain dó for beirt i tig Loairnd dó ag Eirc, do Muirchertach cen gainne, nó co nderna fingaile. 5. Fiche bliadan 's a deich dó 805] i mBretnaib, ní himargó, frisin ré sin ro theachtaig Saxain & slóg-Bretnaig. 6. A cind deich mbliadan iar sin tinólaid, tenn in togail, 810] Saxain is Bretain cen brón dochum nÉrenn a tinól. 7. Fiche bliadan dó co tenn i rígi thuaiscirt Érenn i foirb in athar ór gein 815] Muiredaig móir meic Eógain. 8. Ba ríg for Érinn uile Ua hEógain in t-ard-ruire cóic bliadna fiched cen chel nó gur gerrad a shaegol. S. meic E. ----- p.29 Section 45. 820] Tógbaithir in corp le Cairnech iar sin dá breith co Tuilén dia adnacul ann. Section 46. Do-rala Duaibsech .i. ben Muirchertaig dona clérchib iar sin & in corp eturru & do-rigneséin nuall guba móir toirsig & ro buail a basa & do-beir a druim iarum 825] frisin mbile i nÓenach Réil & ro mebaid cró-maidm dia craide 'na cliab & fuair bás fo chétóir ann sin do chumaid a fir . Tucsat na clérig corp na rígna iar sin ma-róen & corp in ríg 37 conid ann asbert Cairnech: 1. Duaibsech ben maith Meic Erca, 830] claiter lib sunn a lechta, ingen ríg Connacht na clann ór gein Fergus is Domnall. 2. Cuirter Duaibsech fán ulaid, dursan a héc do chumaid, 835] ingen Duach, claiter a fert co raib sunna chaidche a lecht. 3. Cóic bliadna fiched dóib trell i n-ard-fhlaithius na hÉrenn nó gur chuir in ríg dár leth 840] máthair a chloindi Duaibsech. D. Section 47. Adnaicthir in rígan iar sin & claitir a fert. Adnaicthir didiu in ríg i fail in tempaill allatuaid & ro bí Cairnech ic tabairt teasmolta in ríg co n-ebairt in laídsi: 1. 845] Feart ríg Ailig biaid co bráth a Tuilén atchluinfe cách, for Sligid Asail co buan sunn fa chasaib na mór-shluag. ----- p.30 2. 38Ba maith cech sligi re lind, 850] Muirchertach hua Eógain fhind, ní thánic Érind cen fhell airdríg bud churthe 'na cheann. 3. Trícha traiged airdi in fhir Muirchertaig 39aird-ríg Oilig, 855] ní thicfa dá éis co becht. neach ro-shoisead a ríg-neart. 4. Cóic traigthi fichet co fír tánic sunn do chorp in ríg, cóic traigthi ro loisced de 860] nach ráinic fín na daibche. 5. 40Giall ar éicin ní bia ag neach do shíl in ríg a hAilech, bid eagail in cech treib teind cen cob é bes for Érind. 6. 865] Éire mór don chléirech crín pecad Meic Erca do díl, is cian bus cumain rem lá beith ag fégad in fherta . F. Section 48. Ó thairnic dona clérchib in t-adnacol {MS Y folio/facs page 319/318a} do dénum 870] co facadar chucu in óen-mnaí n-álaind n-édroicht, brat uaine co n-a chimais ór-shnáith impe. 41Léine do shída shoinemail impe. Do-riacht iarum mara rabadar42 na clérig & bennachais dóib & bennachsat didiu na clérig disi & ro airigset gné mbróin & toirsi fuirri & do-ratsad 875] aichne fuirri conad hí ro mill in ríg ro bí Cairnech ic iarfaigid scél di43 & atbert: ----- p.31 1. Innis dún do bunad, a ingen gan dubad, do-rignis ar pudar 880] cid álaind do chorp; ro marbais ríg Temrach co n-ilar a theaglach tria gním n-uathmar n-olc. 2. Innésat mo scéla 885] ní dingén a séna, a chléirchiu co n-érgna, d'imlat ar mo chorp tabair nem dom anmain co n-érbur duib amlaid 890] a ndernus co hangbaid for talmain na tor. 3. Dá ndernasa, a ingen, faísidi na n-imned is aithrigi rind-geal 895] mar atbéra sinn, logad do cach duine do-béram-ne uile ó aird-ríg na n-uile dia tuca féin ind. Innis Section 49. 900] Ro bátar na clérig iar sin ica iarfaigid di cúich hí féin nó cia a hathair nó a máthair & cia cúis do bí aice don ríg in uair ro mill sí mar siúd hé. ‘Sín m'ainmsi,’ ol sí, ‘& Sighi mac Déin meic Triuin m'athair, & Muirchertach mac Erca’, ol sí ‘ro marb m'athair & mo máthair & mo derbráthair 905] & mo derbshiur i ccath Chirb for Bóinn & ro 44dicheann Sentuatha Temrach & m'atharda uile isin cath sin fós,’ conad ann asbert: ----- p.32 1. Abair, a Shin, rád gan chair, tacair co fír cia h'athair, 910] nó cía rot tógaib, a ben, nó cia 'gá fuil do muinntear. 2. Ingen misi Shige sheing, do thuaith Temrach ós Bóind, ní chél foraib, rád co fír, 915] tucusa sib i n-imshním. 3. Muirchertach ro marb m'athair, ro roind mór fadb i cathaib, i cind Átha Cirb co-se frisi ráitir Áth Sige. 4. 920] Sigi ba suí i certaib cles do-rad sochaide i n-ainceas, a dingbáil i comland chruaid ní raibe i mBanba brat-ruaid. 5. Nirb annsa duit t'athair féin 925] iná Muirchertach hua Néill nocha tréicfed tú re lind, a ingen builig bláth bind. 6. Atbélsa féin dia chumaid, ríg uasal iarthair domain, 930] i cinta na n-imned tenn tucus for aird-rig Érenn. 7. Do-rignius neim dó mo nuar do fhorraig ríg na saer-shluag, resíu do-neind beith a bus 935] dursan ná'n éc do-chuadus. ----- p.33 8. Ráithi damsa ma-lle fris nó co torchair i n-éislis, dia éis ní bíu co fada, atá dam, a mór-abba. Abair. Section 50. 940] Do-rigne a faíside iar sin do Chairnech & do-rigne aithrigi ndíchra co Dia, amail ro tecaiscead di, & do-chuaid do réir Chairnig & fuair bás fo chétóir and sin do chumaid in ríg & atbert iarum Cairnech fert do dénum di, & a cur fo thuind talman. Do-rigned iarum amail asbert in 945] cléirech 45& dixit: 1. Sín nírb inmain a dála gus in laithisea a táma, fuaramar a holc co fír do-rad sinn chaidche i n-imshním. 2. 950] Cuirter fa thalmain a cré, folaigter a corp46 cen ré, ní thánic a corp ná a clí nach traethfad ingen Shigi. 3. Sige nír fher cen engnam 955] i cind átha rob earlam, i Temraig nir maith a díl 'gá chliamain gur dígail Sín. S. Imthúsa Cairnig immorro do-rignesein frichnam mór for anmain Muirchertaig & ní thuc a hifernn hé. Do-rigne 960] immorro in irnaigthe dianad ainm da tosach Parce mihi Domine, Deus Pater omnepoténs, Deus anime egrotanti & ro gab co grésach 47for anmain in ríg hí, co tucad a hifernn dó ainim in ríg. Conad ann sin táinic in t-aingel dochum Cairnig & atbert fris cip é no gabad co grésach in irnaigthe ----- p.34 965] sin comad nimedach cen chunntabairt hé. Conid ann asbert int aingel na briathra sa: 1. Cip é not gaba co dúr irnaigthi Chairnig na rún Iúdas is measa ro gein 970] ropad lór dá fhóirithin. 2. Tucad nem do Mac Erca for h'irnaigthesiu festa, ní théit co bráth buidnech beann nech it relcib i n-ifernd. 3. 975] Cé dig neach uaithib do róim, mine thora in conair chóir, ní mesa a bus féin a díl agutsa ic átaid in ríg. 4. Sechip cimid chaithes ní 980] a {MS Y folio/facs page 320/318b} tegdais cháid do chilli térnóbaid slán, buan in blad, gémad dorb sluag 'gá marbad. 5. Atlochar do Chríst rom char aingel cáid icum fhégad, 985] is é mh'airfided rém lind frecnarcus aingil aíbind. 6. Cóic bliadna fichet iar cóir ó thánacas sunna ón Róim gus in aidchise im-ne 990] ní raba cen chaí cip é. Cip é Section 52. Conid aided Muirchertaig meic Erca conice sin amail ro indis Cairnech & Tigernach & Ciarán & Mochta & ----- p.35 Tuathal Mael Garb gura scribait & gura lesaigit oc na clérchib naema sin ica chuimniugad do chách ó shin 995] i-lle. Finit. Murchad Ó Cuindlis do scríb in lebarsa dó fén in bliadain tánaisti tháinic ríg Saxan a nÉrind & dul48 aisti fa essíd & uilc imda do dénum isin bliadainsi itir Gallaib & Gaedelaib, pláig choitchenn for daínib & ceathraib Érenn isin 1000] bliadain chétna &c.