Aislinge Óenguso Author: [unknown] p.43 Boí Óengus in n-aidchi n-aili inna chotlud. Co n-accae ní, in n-ingin cucci for crunn síuil dó. Is sí as áilldem ro boí i n-Ére. Luid Óengus do gabáil a l-lámae dia tabairt cucci inna imdai. Co n-accae ní; fo-sceinn úad opunn. Nícon fitir cia árluid h-úad. Boí and co arabárach. Nípo slán laiss a menmae. Do-génai galar n-dó in delb ad-condairc cen a h-accaldaim. Nícon luid biad inna béolu. Boí and do aidchi dano aithirriuch. Co ----- p.44 n-accae timpán inna láim as bindem boíe. Sennid céol n- dó. Con-tuil friss. Bíid and co arabárach. Nícon ro-proindig dano arabárach. Blíadain lán dó os sí occa aithigid fon séol sin condid corastar i sergg. Nícon ----- p.45 epert fri nech. F-a-ceird i sergg íarum ocus ní fitir nech cid ro m-boí. Do-ecmalldar legi Érenn. Nícon fetatar-som cid ro m-boí asendud. Ethae co Fíngen, liaig Conchobuir. Do-tét-side cucci. Ad-gninad-som i n-aigid in duini a n-galar no bíth for ocus ad-gninad din dieid no théiged din tig a l-lín no bíth co n-galar and. Atn-gládastar for leith. ----- p.46 `Ate! nítat béodai do imthechta', ol Fíngen, `Sercc écmaise ro carais'. `Ad-rumadar mo galar form', ol Óengus. ----- p.47 `Do-rochar i n-dochraidi ocus ní rolámar a epirt fri nech', ol Fíngen. `Is fír deit', ol Óengus. `Do-m-ánaic ingen álaind in chrotha as áilldem i n-Ére co n-écusc derscaigthiu. Timpán inna l-láim, conid senned dam cach n-aidchi.' `Ní báe', ol Fíngen; `do-rogad duit cairdes frie; ocus foítter úait cossin m-Boinn, cot máthair, co tuidich dot accaldaim'. Tíagair cuicce. Tic iarum in Boann. `Bíu oc frepaid ind fir-se', ol Fíngen, `d-an-ánaic galar n-ainchis'. Ad-fíadot a scéla don Boinn. ----- p.48 `Bíd a freccor céill dia máthair', ol Fíngen. `D-an-ánaic galar n-ainchis; ocus timchelltar h-úait Ériu uile, dús in n-étar h-úait ingen in chrotha so ad-condairc do macc'. Bíid oc suidiu co cenn m-blíadnae. Nícon frith ní ba chosmail di. Is iar sin con-gairther Fíngen doib aithirriuch. `Nícon frith cobair isindísiu', ol Boann. As-bert Fíngen: `Foítter cossin n-Dagdae tuidecht do accaldaim a maicc'. Tíagair cossin n-Dagdae. Ticc-side aithirriuch. ----- p.49 `Cid diandom-chomgrad?' `Do airli do maicc', ol in Boann. `Is ferr duit a chobair. Is liach a dul immudu. At-tá i siurgg. Ro car seircc écmaise ocus ní roachar a chobair'. `Cia torbae mo accaldam?' ol in Dagdae. `Ní móo mo éolas in- dáthe-si'. ----- p.50 `Móo écin', ol Fíngen. `Is tú rí síde n-Érenn; ocus tíagar úaib co Bodb, ríg síde Muman, ocus is deilm a éolas la h-Érinn n-uili'. Ethae co suide. Feraid-side fáilti friu. `Fo chen dúib', ol Bodb, `a muinter in Dagdai'. `Is ed do-roachtmar'. `Scéla lib?' ol Bodb. `Atáat linni : Óengus macc in Dagdai i siurgg dá blíadnae'. `Cid táas?' ol Bodb. `Ad-condairc ingin inna chotlud. Nícon fetammar i n-Ére cia h-airm i tá ind ingen ro char ocus ad-condairc. Timmarnad ----- p.51 duit ón Dagdae co comtastar h-úait fond Érinn ingen in chrotha-sa ocus ind écuisc'. `Con- díastar' ol Bodb, `ocus étar dál blíadnae friumm co fessur fis scél'. Do-lluid cinn blíadnae co tech m-Buidb co Síd Ar Femen. `To-imchiullus Érinn n-uili co fuar ----- p.52 in n-ingen oc Loch Bél Dracon oc Crottaib Cliach', ol Bodb. Tíagair úaidib dochum in Dagdai. Ferthair fáilte friu. `Scéla lib?' ol in Dagdae. `Scéla maithi; fo-fríth ind ingen in chrotha-so as-rubartaid.' Timmarnad duit ó Bodb. Táet ass Óengus linni a dochum dús in n-aithgne in n-ingin, conda accathar. Brethae Óengus i carput co m-boí oc Síd Al Femen. Fled mór lassin ríg ara ciunn. Ferthae fáilte friss. Bátar trí láa ocus teora aidchi ocond fleid. `Tair ass trá', ol Bodb, `dús in n-aithgne in n-ingin conda aiccther'. ----- p.53 `Ci ad-da-gnoe, ní-s cumcaim-si a tabairt acht ad-n-da-cether namá.' To-lotar íarum co m-bátar oc Loch. Co n-accatar inna tri cóecta ingen macdacht. Co n-accatar in n-ingin n-etarru. Ní tacmuictis inna h-ingena dí acht ----- p.54 coticci a gualainn. Slabrad airgdide eter cach dí ingin. Muince airgdide imma brágait fadisin ocus slabrad di ór forloiscthiu. Is and as-bert Bodb: `In n-aithgén in n-ingen n-ucut?' `Aithgén écin', ol Óengus. `Ní-m thá-sa cumacc deit', ol Bodb, `bas móo'. `Ní báe són', ol Óengus, `ém; óre as sí ad-condarc; ní cumcub a breith in fecht-so.' `Cuich ind ingen-sa, a Buidb?' ol Óengus. ----- p.55 `Ro-fetar écin', ol in Bodb, `Caer Ibormeith, ingen Ethail Anbuail a s-Síd Úamain i crích Connacht'. Do-comlat ass íarum Óengus ocus a muinter dochum a críche. Téit Bodb laiss co n-árlastar in n-Dagdae ocus in m-Boinn oc Bruig Maicc ind Óicc. Ad-fíadat a scéla doib ad-fídatar doib amail m-boíe ----- p.56 eter cruth ocus écoscc amail ad-condarcatar. Ocus ad-fídatar a h-ainm ocus ainm a h-athar ocus a senathar. `Ní ségdae dúnn', ol in Dagdae, `ná cumcem do socht'. `Aní bad maith duit, a Dagdai', ol Bodb. `Eircc dochum n-Ailella ocus Medbae ar is leo bíid inna cóiciud ind ingen'. Téit in Dagdae co m-boí i tírib Connacht, trí fichit carpat a lín. Ferthae fáilte friu lassin ríg ocus in rígnai. Bátar sechtmain láin oc fledugud íar sin im chormann doib. `Cid immu-b-rácht?' ol in rí. ----- p.57 `At-tá ingen lat-su it ferunn', ol in Dagdae, `ocus ro-s car mo macc-sa, ocus do-rónad galar dó. Do-dechad-sa cuccuib dús in-da-tartaid don macc'. `Cuich?' ol Ailill. `Ingen Ethail Anbuail'. `Ní linni a cumacc', ol Ailill ocus Medb. `Dia cuimsimmis do-bérthae dó'. ----- p.58 `Ani for-maith -congairther rí in t-síde cuccuib', ol in Dagdae. Téit rechtaire Ailella cucci. `Timmarnad duit ó Ailill ocus Meidb dul dia n-accaldaim'. `Ní reg-sa', ol sé. `Ní tibér mo ingin do macc in Dagdai'. Fásagar co h-Ailill anísin. `Ní étar fair a thuidecht; ro-fitir aní dia con-garar'. `Ní báe', ol Ailill, `do-rega-som ocus do-bértar cenna a laech laiss'. Íar sin cot-éirig teglach n-Ailella ocus muinter in Dagdai dochum in t-síde. Inrethat a síd n-uile. Do-sm-berat trí ----- p.59 fichtea cenn ass ocus in ríg co m-boí i Crúachnaib i n-ergabáil. Is íarum as-bert Ailill fri h-Ethal n-Anbuail: `tabair do ingin do macc in Dagdai'. `Ni cumcaim', ol sé. `Is móo a cumachtae in- dó'. `Ced cumachtae mór fil lee?' ol Ailill. `Ní anse; bíid i n-deilb éuin cach la blíadnai, in m-blíadnai n-aili i n-deilb duini'. `Ci-ssí blíadain m-bís i n-deilb éuin?' ol Ailill. `Ní lemm-sa a mrath', ol a h-athair. `Do chenn dít', ol Ailill, `mani-n-écis-ni'. ----- p.60 `Níba sia cucci dam-sa', ol sé. `At-bérsa', ol sé; is lérithir sin ro-n gabsaid occai. `In t-samuin-se as nessam bieid i n-deilb éuin oc Loch Bél Dracon, ocus ad-cichsiter sain-éuin lee and, ocus bieit ----- p.61 trí cóecait géise n-impe; ocus at-tá aurgnam lemm-sa doib'. `Ni báe lemm-sa iarum,' ol in Dagdae, `óre ro-fetar a h-aicned do-s-uc-so'. Do-gníther íarum cairdes leu .i. Ailill ocus Ethal ocus in Dagdae ocus soírthair Ethal ass. Celebraid in Dagdae doib. Ticc in Dagdae dia thig ocus ad-fét a scéla dia macc. `Eirc immon samuin as nessam co ----- p.62 Loch Bél Dracon con-da-garae cuccut dind loch'. Téit in Macc Óc co m-boí oc Loch Bél Dracon. Co n-accae trí cóecta én find forsind loch cona slabradaib airgdidib co caírchesaib órdaib imma cenna. Boí Óengus i n-deilb doínachta for brú ind locha. Con-gair in n-ingin cucci. `Tair dom accaldaim, a Chaer'. `Cia do-m-gair?' ol Caer. `Cotot-gair Óengus'. `Regait diandom fhoíme ar th' inchaib ----- p.63 co tís a l-loch mofhrithisi.' `Fo-t-sisiur', ol sé. Téiti cucci. Fo-ceird-sium dí láim forrae. Con-tuilet i n-deilb dá géise co timchellsat a l-loch fo thrí conná bed ní bad meth n-enech dó-som. To-comlat ass i n-deilb dá én find co m-batar ocin Bruig Maicc in Óicc, ocus chechnatar cocetal cíuil co corastar inna dóini i súan trí láa ocus teora n-aidche. Anais laiss ind ingen íar sin. Is de sin ro boí cairdes in Maicc Óic ocus Ailella ocus Medbae. Is de sin do-cuaid Óengus, tricha cét, co Ailill ocus Meidb do tháin inna m-bó a Cúailnge. Conid `De Aislingiu Óenguso maicc in Dagdai' ainm in scéuil sin isin Táin Bó Cúailnge. Finit.