Aimirgin Glúngel tuir tend Author: Gilla in Chomded Ua Cormaic 1] Aimirgein Glúngel tuir tend, 2] cét-ugdar amra Éirend, 3] ba breithem, ba coimgnid cain, 4] ba file, ba fír-senchaid. 5] I n-aimsir meic Leite lóir 6] Fergusa ruibnig ríg-móir 7] in darna fer gláime glé 8] Sen mac Áige é-side. 9] Bríg Ambáe ben Blaí Briugad 10] in tres saí, bid sír-chuman; 11] in cethramad saí srethach 12] Connla Connacht caín-brethach. 13] Is é in Connla cétna cóir 14] co n-nirt Spirit Naím nert-móir 15] ro-lá conflicht ro-s-conaig 16] risna druídib díthoraid. 17] At-bertatar na drúide 18] athesc n-étig n-imthnúide, 19] conid íat ro gní nime 20] is talam co tromthige. 21] At-bert Connla co céill n-glicc: 22] dénaid dúind is creitfimit 23] coro taitne in grían atúaid 24] dar lind lera lethan-rúaid. 25] Ór ná cumgaid, ar Connla, 26] for gním n-ard co n-imdolma, 27] is ferr dúind táeb risin fer 28] do-rigne im cach náem núa-nem. 29] Cid ima n-geibthe in bur leith 30] gníma Meic Dé? Ní deig-breith, 31] ní re fertaib ro fallta, 32] ór ná techtaid cumachta. 33] Ba h-é in cúiced sáer-chaín súad 34] Sencha mac Cáelchlaín ón chúan; 35] ba hé in sessed garta glain 36] a mac Fachtna féthamail. 37] Sencha mac Oilella ard, 38] ba hé in sechtmad saí sáer-garg; 39] in t-ochtmad, comall caín cas, 40] mac Maín, Morand mór-amnas. 41] In nómad, ní fíam follaig, 42] Neire mac fíal Findchollaig; 43] in dechmad ba nertmar nath 44] in Find Fechtnach Feradach. 45] In t-áenmad fer déc ba-déin 46] ba h-é Fíthal co fír-chéill 47] tarraid ré Láegaire ar leirg 48] ó ré Chormaic cloidim-deirg. 49] Sencha mac Cáelchlaín cen chol 50] athair Fachtna, in fer fír-dron; 51] Fachtna, fer co líthaib Dé, 52] athair Fíthail, finnid-se. 53] Cét-ugdair Éirend uile, 54] fesa Fótla folt-buide--- 55] tucsat críchad ar gaís n-gil 56] ó Fíthal co h-Aimirgein. Aimirgein. 57] Ro deilig Día dígrais dron 58] do cach fir díb-sin sainmod 59] co m-bered breith taitnim tricc 60] rachta aicnid amnas-glicc. 61] Aimirgein Glúngel ba gáeth 62] ní bered bretha co báeth; 63] fesa Féine leis tar ler 64] roscada féige filed. 65] Mac Áige dá m-bered bréic 66] ástais bolga arin m-bláith-géic, 67] dá ráided fír rib arís 68] bolga-sin no sergatis. 69] Ro thidnaic Día, deilm cen gáe, 70] gaís aicnid do Bríg Ambáe 71] coná bered, ba mín mod, 72] acht breith fír ro fosugad. 73] Connla caín-brethach ba caín, 74] lán do rath in Spirit Naím 75] coná ruc bréic ó ro baí 76] ná ainbreth ná imargaí. 77] Sencha mac Cáelchlaín calma, 78] ba h-í a aiste adamra 79] ná bered breith, foirbthe fair, 80] cen oidche re h-urscrútain. 81] Acus a mac Fachtna find, 82] dá m-bered bréic, bad derb lim, 83] tuited mes cach muine mín 84] uile uile in n-aidche-sin. 85] Mad i n-aimsir blechta báin 86] no h-indised í i n-irdáil 87] no séntais baí láega lis 88] riu táeba ní tobraitis. 89] Nó dá n-impód fri breith fír 90] ba h-óg arís in mes mín 91] scardais fri sáetha laíg lis, 92] baí báetha ro bligitis. 93] Sencha mac Oilella úaig 94] trí ailche leis ri breith m-búain. 95] Ní bered breith saír suba 96] cen trí ailche astuda. 97] Fíthal mac Fachtna ba flaith; 98] fír n-aicnid leis ba lán-maith, 99] coná bered breith m-berta 100] résin n-intlecht n-aicenta. 101] Cid Morand, do chreit do Día, 102] ba breithem rán, ba ríg-nía; 103] móite ro fúaig 'ma rig rath 104] ó fúair in n-id n-ilbúadach. 105] Ugdair na gaíse glaine 106] cen béim baíse báeglaige, 107] tucsat mór do díamair dam; 108] cen dán íarraith ní annam. Aimirgein. 109] Finntar fégtar na filid, 110] daíne deiligthe in dligid; 111] do-fégthar cumma cumtaig 112] don Gaídilc at glan-ugdair. 113] Ba file díb Fergus fíal. 114] Fergus Fíannaind, gleórda in grían, 115] i n-inis Fíannaind, ferr de, 116] rop é in chíall-find Cíarraige. 117] Feircheirtne file, deilm n-dil, 118] úa-side Dedad meic Ssin; 119] Néide fúair comamra aíb 120] ard-mac Adna meic Uithir. 121] Athairne amnas ba h-áith. 122] Ro lín a chlú clúasa cáich; 123] ocus a mac Fergna fíal, 124] ropo dalta co n-daig-míad. 125] Cét-chuit chumtaig ar gaís n-glic 126] cech ugdair díb-sin sloindmit 127] fond Senchais Móir, lorg lethach, 128] fúair mac Áige il-brethach. 129] Imthórmach Senchasa sain 130] ri Dubthach mac úa Lugair 131] ocus fri Fergus filid; 132] ra-n-dedlus ra dáer-finib. 133] Imart n-Áirechta cen acht 134] ugdaras Connla Connacht; 135] cuit Fíthil fúair deg-dath n-dron 136] Aí Emnach cen imreson. 137] Tailbretha Fachtna, is cert caín, 138] meic Sencha meic Cáelchlaín; 139] athair dó in Sencha senna, 140] ní Sencha mac Oilella. 141] Airig Moraind delbaim dóib: 142] Cóir Féine Bic ocus Móir, 143] Midba Breth ocus Caire Breth; 144] Morand ros-lá ima sech. 145] Formna Senchasa Móir 146] nónbar ro chumtaig co cóir; 147] Náefis, canóin cáemda cain 148] re fesaib náemda in nónbair. 149] Pátraic, Beinén, Cairnech cain, 150] Láegaire mac Néill nertmair, 151] Fergus file, gáire glan, 152] ocus Dáire rí Ulad. 153] Ocus rí Muman cen meirg 154] Corc mac Luigdech co láim deirg; 155] Dubthach úa Lugair don lind, 156] saí in Bérla Rus mac Trichim. 157] Náe suíde sin nír sáeb snas, 158] ríaglaigset co sáer senchas 159] íarna thúr dóib tre gaís n-gil 160] as cach aís ó Aimirgein. Aimirgein. 161] Tríar nár geibed Banba bras 162] i n-airde is i n-airechas 163] mar fácbait 'ca reic man-roind 164] ria Cáin Pátraic meic Calproind: 165] In cét-fer, fer coimgne cain 166] re scélaigecht do Scotaib; 167] fer cerda, ní monar mall, 168] áer is molad na mór-rann. 169] Breithem re breithemnas m-bil 170] a fesaib a fásaigib 171] rigit roscada filed, 172] má do-fégthar fír-dliged. 173] Ó tháinic Pátraic, mod mas, 174] tucsat don fir airechas, 175] d' fir in Bérlai Báin, ferr de, 176] do chind cháid na canóine. 177] Ó ruc Aimirgein gáeth grind 178] cét-breith ar tús i n-Éirind, 179] ba la fileda ná-ma 180] bretha sáerda senchasa. 181] Cosin n-imacallaim áin 182] Feircheirtne is Néide nem-náir, 183] ní damthea do neoch dliged 184] acht a brethaib bard-filed. 185] Cach flaith cundail ro-chúala 186] dub-labra na Dá Thúara. 187] Rucsat, ar síat, ar sligid 188] úaind in fecht-sa fis filid. 189] As-bert Concobar cen chol: 190] léicid as bar n-imreson; 191] cách in fecht-sa arin bith bras 192] úaib co bráth fon m-breithemnas. 193] Geibed cách a dréchta de 194] ---is ed téchta in túaslaicthe. 195] Ná berat foscad filid 196] acht a roscad rodligid'. 197] Ó sin 'le ní rucsat breith 198] filid a l-labrad ar leith, 199] acht a cuit and amar cách 200] in tan ná fégtha in fír-fáth. 201] Amail ro gabsat, búan blad, 202] Bretha Fachtna meic Senchad, 203] Bretha Moraind, mitte fíach, 204] is Gúbretha Caratníad. 205] Bretha Echach meic Luchta, 206] Bretha Bríge réill-rachta, 207] Breth Doet Neimtheine íar n-alt, 208] Bretha Eógain meic Durrthacht. 209] Bretha Dían Cécht ó leigib. 210] Cuit cáich i m- Brethaib Neimid 211] acht ba fer cerda, guth glan 212] Indse Elga ard-ollam. 213] Persanda na m- Breth Nemed 214] ótá tosach co dered: 215] Athairne, ba comall n-glan, 216] Dagda, Morand, Morrígan. 217] Neire mac Findchollaig fíal, 218] mac Adna Néide, ba níam, 219] Senbec sídech saí senma, 220] Cend Fáelad mac Oilella. 221] Derg Scaleda, mind meda, 222] ocus in Find Scaleda; 223] ba días báige i n-gaís cen gus, 224] dá mac dáime Ír mór-gus. 225] Senchán Toirpéist ba rind ráid. 226] Báethgalach húa Búirecháin, 227] Forannán, Máel Tuile tair 228] bráithre buile Báethgalaig. 229] Cináeth úa Con Mind cen chol 230] is é ro theip in tre-focol 231] ri srethaib co gríanna glan 232] a Brethaib níamda Nemed. 233] Auraicept na n-Éices n-ard 234] ro chum Feircheirtne fíam-garg 235] i n-Emain Macha co m-blaid 236] i r-ré in fír-chaím Conchobair. 237] Ro-n-athnaig, ba rith renna, 238] Cend Fáelad mac Oilella; 239] i n-Daire Luráin ro-lá 240] i r-ré Domnaill meic Áeda. 241] Fénius Farsaid, céim co cloth, 242] h-é ro ben in m-bobeloth 243] cen lúad ar laic-litir lé, 244] aipgitir na Gaídilce. 245] Ogma mac in Dagda duinn 246] ro ben beitheluis n-ogaim. 247] Do-rala na secht m-beithe 248] do Lugaid na láech-breithe. 249] Úa Cormaic trén ó Thulaig 250] ar túr eólais imchubaid, 251] ríaglas runna íar lurg lir 252] do cach urd íar n-Aimirgein. Aimirgein Glúngel.