A poem on the Kings of Connaught Author: [unknown] p.462 Do rígaib Connacht in so sís. 1. A fhir théit i mMag Medba, do scéla bat scothmebra! lethaim ós cach túathblai thé anmann ríg Crúachna caeme. 2. Ocht ríg cóecat, cían roclos, ó chraitim i n-ardfhlatheos: ó Amalgaid erccait máil co Domnall mac Tigernáin. 3. Amalgaid mac Fiachrach Find, dar a éis rogab Ailill, íar nAilill Molt cen míne Dúi Galach i n-ardríge. 4. Eogan Bél d'éis a athar rogab ria nAilill athach, Ailill Inbanna ba flaith íar n-éc Eogain enechmaith. 5. Íar sain rogab Dúi Tenhga ríge dar éis Ailella, d'éis Dúach, ba bladach bagda, Eochu tagach Tirmchárna. 6. Rogab dar éisse Echach Feradach Find fírbrethach, dar éis meic Rossa (i)n rubai Máélcothaid mac Máélhumai. 7. Íar Máélcothaid cáém clethach Áéd Abrat mac ard-Echach, íar nÁéd dar grúacu rosglac Húatu mac Áéda Abrat. 8. Colmán mac Conchobuir caem íar mac Áéda enechnóém, íar Colmán rodbí 'sin chath rosgab in rí Rogallach. 9. Íar mac Húatach, ard a gáir, rogab Lonhgsech mac Colmáin, íar Loingsiuch, lúad co n-aidble, rosgab Gúaire glanAidne. 10. Íar nGúaire ná fáémad fill rogab Cenn Faelad fírgrinn, íar mac Colmáin, ba cuiscle, Dúnchad móénech Muirisce. ----- p.464 11. Íar nDúnchad grennach co nhgail Cellach mac réil Ro-gallaich, dar éiss Cellaich cen chaire flaith Fergail meic Artgaile. 12. D'éis Fergail figed frossa Muiredach mac Murgossa, íarsain, ba sáerda slechtach, in rí óebda Indrechtach. 13. Rogab Cathal, slógmar sain, mac maith mórglan Muredaich, in rígi, dúthaich nár dúail, íar mac Dúnchaid daigerrúaid. 14. Rogab dar éis a athar Domnall mac do mórChathal, íar nhdíth Domnaill cen debaid Inrechtach mac Muiredaich. 15. Cathal mac Murgiusa móir íar sin rogab fó chétóir rí hIrruis Domnann, in daig, Domnall mac Cathail chétaig. 16. Indrechtach ailithrech án, mac Muiredaich, mó cach mál, dara éis, ní dalb decair, rí Áéd Balb rosbéothecail. 17. Íar nÁéd co n-ergnus ronfail rogab Fergus mac Cellaich, íar n-écaib Fergusa find rí na hergnusa Ailill. 18. Dubinrecht mac Cathail chind rogab athaich íar nAilill, dar a éis, ní fúair fhachaid, Dond crúaid cathach caem Chathaid. 19. Rogab Flathrói fuind co fraig ríge dar éis Duind Chothaid, d'éis meic Domnaill, ba marcach, cathrí comlaind crúaid Artgal. 20. Rogab Tipraiti mac Taidc dar éis Arttgail fháeburgairg, íarum fúair duilgius in daig Muirgius mór mac Tomaltaich. ----- p.466 21. Díarmait íar Muirgius maith mór, fúair tria chuibdius cach cáémslóg, ardrí for drongaltaib den, mac trén Tomaltaich Taillten. 22. Cathal mac Muirgiusa mind dar éis Díarmata dúangrinn, mo chumthach íar Cathul cháin Murchad mac Áéda inmain. 23. Fergus mac Fothaid, feith lat, d'éis mac Áéda, ba hadmat, íar Fergus mór cen mire Fínnachta lór Luibnige. 24. Conchobur inmain áege d'éis flatha fir Formáéle, íar n-éc flatha finn Fobair rogab Áéd mac Conchobuir. 25. Cathal mac Conchobair chrúaid íar ndíth Áéda Abratrúaid, rí na mbard ón Chéis romchar, rogab Tadc d'éis a athar. 26. Fergal mac Rúairgc ón Rige rosgab cúaird ar cathmire, fúair íar ndorchogud Fergail Conchobur cáid cathbernaid. 27. Cathal mac Taidc tánic sunn íar Conchobar na comlunn, ferr ind athaich cen fhogail flaith Chathail meic Conchobuir. 28. Tadgc mac Cathail, cumnich dam, rogab íar n-éc a athar, d'éis Taidgc rochuir cúaird Codail Artt húa Rúairc in rígfhoraid. ----- p.468 29. Íar nArt cháém críchi Codail rogab Áéd húa Conchobair, ba hí in rígi co rige, flaithius fíre foirgclide. 30. Áéd mac Airtt íar nÁéd aile rogab for Sairt sithgaile, dar a éis, ba slúagrí sunn, Rúaidrí mac Áéda acunn. 31. Domnall mac Tigernáin túi, dar éis meic Áéda adnúi, rí Domnann ós Braine bí Domnall aile mac Rúaidrí. 32. Ó rosgab Nathí coa thaig, nó Ailill co crí chobsaid, nísrogaib ós Chliu chlemnach óenfher bad fhiu Tairdelbach. 33. Tairdelbach, tuir Thulcha Óc, his é in muir dar cach magrót, a Dé, rothócba shhinni, ardfhlaith Fótla foltfinne. 34. Húa Conchobuir Céisse crúi dar éisse cach ríg rathnúi, láéchrí luchair na lám nhgel, rop suthain sunn in sáérfher!