Annals of the Four Masters 6 Author: [unknown] p.1874 M1589.0 AOIS CRIOST, 1589. Aois Criost, mile, cúicc céd, ochtmoghat, a naoí. M1589.1 MAG UIDHIR Cú Chonnacht mac Con Chonnacht (.i. an comharba), mic Con Chonnacht, mic Briain, mic Pilip mic Tomais do écc 17 iun tigherna ar tiodhnacal d'eaccailsibh, & d'ollamhnaibh d'amhsaibh, & d'anradhaibh saoí foghlamtha friochnamhach i l-Laidin & i n-Gaoidheilcc ei-sidhe. Iar n-écc Meg Uidhir Cu Chonnacht ro badh dóigh lá Conchobhar Ruadh mac Conchobhair Meg Uidhir gomadh lais tighearnas tíre ar aoí sinnsireachta. Bá sedh do-ruimensat an lucht n-aile gomadh é mac Még Uidhir (Aodh) ro badh tighearna d'eis a athar, co m-bátar i f-frithbheart fri aroile amhlaidh sin. Ro fhaoídh Aodh techta d'ionnsaighidh a bhrathar Domhnall mac Aodha mic Maghnusa Uí Dhomhnaill (gé da-rala etorra ria sin) dia chuingidh fair teacht dia fhurtacht & dia fhóirithin amhail bá grésach lá a shindseraibh congnamh lá sliocht Pilip mic Tomais Meg Uidhir. Ní baí do Chenel c-Conaill an tan sin nech as ar mó a shaoilechtain dia chabhair inás an Domhnall hí sin uair bá h-anghlonn & ba tuairccnigh catha eisiumh, & ní clos a druim fri a eccraittibh ittir. Nír bhó h-eisledhach ro freccradh fuighle na t-teachtadh sin lá Domhnall uair ro thionóil ----- p.1876 sidhe ina m-baoí ina cumhang fó chédóir, & ro fhaoídh a theachta do ridhisi go h-Aodh dia radh fris beith for a c-cionn ag Scéith Ghabhra an t-sainridh amhail as déine co nicfadh. Luidh-sium gan eassnadhadh gan erfhuireach tria Thuaith Luircc lá h-or Locha h-Erne go rainic gusan maighin remhráite. Tainic Concobhar Ruadh co maithibh Uachtair Fher Manach an lá riamh gusan ionadh c-cédna, & ro fháccaibh a ionncomhardha .i. lethass in dú sin fo dháigh anma tighearna do gairm de ar a bharach. Do-riacht Aodh gusan ionadh erdhalta h-ishin, & fuair Domhnall Ó Domhnaill ar a chionn. Iar f-fios sccel do Domhnall gur bhó hé Conchobhar ro fháccaibh an comhardha remhebertmar at-bert ná biadh bá d-esidhe, & go madh é Aodh nó bhiadh i n-ionadh a athar conadh ann sin ro gaireadh a ghairm flatha fó chédoir d'Aodh Mag Uidhir lá Domhnall Ua n-Domhnaill, & lá maithibh a thíre. M1589.2 Mág Mathgamhna Rossa mac Airt, mic Briain na Moicheirghe, mic Rémainn mic Glaisne d'écc. Brian mac Aodha Óicc, mic Aodha, mic Seain Buidhe tighearna Dartraighe Oirghiall, & Eimher mac Con Uladh tighearna Fernmaighe, & dearbrathair ----- p.1878 an tí sin tesda .i. Aodh Ruadh do beith acc imresain ré 'roile fá tighearnas na tíre. M1589.3 Elinora ingen iarla Desmumhan .i. Semus mac Seain, mic Tomais, mic Semuis mic Geróitt ben Uí Ruairc, & ben meic iarla Urmumhan .i. Eduard mac Semuis mic Piarais Ruaidh mic Semais, mic Emainn do écc. M1589.4 Contaoís Chonntae an Cláir Una ingen Toirrdhealbhaigh mic Muircheartaigh mic Domhnaill mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Murchaidh na Raithnighe, ben iarla Tuadhmumhan .i. Conchobhar mac Donnchaidh, mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain do écc san c-Clár Mhór. M1589.5 Domhnall Mag Congail epscop Rátha Both d'écc 29 September. M1589.6 Toirrdhealbhach mac Taidhcc, mic Conchobhair mic Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc Uí Bhriain ó Bhél Atha an Comhraic d'écc. Ro badh damhna eccaoíne an tí tesda annsin. M1589.7 Tadhcc an Dúnaidh mac Donnchaidh mic Muircheartaigh, mic Donnchaidh, mic Muircheartaigh, mic an Bhallaigh sinnsear Tuaithe na Fearna (.i. Corca Baiscind), & Sleachta an Bhallaigh d'écc, nír chin i c-corp ina coimhre a chomhchalma ina comhfhochraibh. ----- p.1880 M1589.7 Corbmac mac Taidhcc mic Diarmada, mic Corbmaic o Maigh Laithim d'écc. M1589.8 Maghnus mac Cuinn mic an Chalbhaigh, mic Maghnusa mic Aodha Duibh Uí Domhnaill do marbhadh laimh lé Finn 20 September lé Sean mac Maghnus Óig mic Maghnusa, mic Aodha Duibh Uí Domhnaill. M1589.9 Domhnall mac Eoghain an Locha mec Suibhne Consapal Muscraighe d'écc fear ro badh maith treabhaire, & tegh n-aoidhedh, & rob' ionmholta i f-fiadhnaisi Gall & Gaoidheal an tí tesda ann sin. M1589.10 Búrcaigh Íochtaracha ó Thír Amhalgaidh siar do dol ar a c-coimhed iar n-diúltadh beith fá breith an gobernora .i. Sir Risderd Bionggam. Maighistir Brún do dhol a h-ucht an ghobernora co n-druing mhóir do shaighdiuiribh Gallda & Gaoidhelcha do shaghidh na m-Búrcach sin tar Bealach an Diothruibhe siar. Burcaigh ar t-tabhairt amaiss forrasomh, & a t-tráth na troda do thendadh do Mhaighistir Brún ro sraoíneadh dia shaighdiuiribh & ro díchendadh é fein, & Domhnall O Dálaigh duine uasal ei-sidhe agá m-baoí cendus coda do na saighdiuiribh sin, & Remann Ócc mac Remaintt mic Seain a Búrc na Beinne, & sochaidhe mhór do na saighdiúiribh a maille friu. Ro ba móide brígh & borrfadh na m-Búrcach an breisim sin, & ro gabhsat for adhannadh ina n-díbercc as a h-aithle. Do-chóidh tra Sliocht Oiluerais mic Seain a Búrc ó Thír Amhalgaidh ina c-comhmbáidh, & Muintir Dubhda o Thir Fiachrach Muaidhe, Clann n-Domhnaill Gallócclach uile, Murchadh na t-Tuagh mac Taidhcc, mic Murchaidh Uí Flaithbheartaigh, & Muintir Flaithbhertaigh & Seódhaigh ina fochair-siumh, co nár fhan aon ro ba ionairme ó rinn iartharach Iorrais co Traigh Eothuile co Machaire Luighne, co Corann, & co Machaire Connacht gan dol in aon rann i n-aghaidh an ghobhernora. Ro gabhsat na díberccaigh sin acc ----- p.1882 aidhmilleadh Choiccidh Connacht do ló & d'adhaidh fri ré an earraigh. Bá isin tan-sin do-chuaidh dias mac Murchadh na t-Tuacch Uí Fhlaithbhertaigh .i. Tadhcc & Urun, & mac dearbhrathar do Murchadh .i. Domhnall mac Ruaidhri Uí Flaithbertaigh ar iondsaighidh fa leithimel Conmaicne, & an Mhachaire Riabhaigh oidhche Cascc do shonradh. Báttar a dó nó a trí do chédaibh diolmuineach ar an turus sin. Ro ghabhsat ag dénamh oirccne & edala iomdha seachnon an tíre tosach laoí domhnaigh Cáscc. Tánaic an tír ar gach taobh ina t-tóraigheacht. Bá isin oidhche reimhe sin tangadar banna nó dhó do shaighdiuiribh gan fhios gan airiucchadh d'iomcoimhéd an tíre, & ó 'd-chualattar allghuth an ordanais, & caismerta na c-colcc buidhen arná mharach do-chottar i n-eanach iomchumhang nár bho h-urasa d'iongabhail no do shechna i n-oirchill an t-slóigh Gaoidhealaigh. Fuarattar Tadhcc Ó Flaithbeartaigh dia saighidh i t-tosach an t-slóigh, & a mhuintir ina c-cipe comhdhlutha ina timchell. Ro léiccsiott na saighdiuiridhe frassa pelér fó thosach an t-slóigh Gaoidhealaigh go t-torchair Tadhcc Ua Flaithbertaigh don torainn sin, & Urun Ua Flaithbertaigh, & Tadhcc Ócc mac Taidhcc Uí Flaithbeartaigh co n-druing móir dia lucht lenamhna ina t-timchell do maithibh Criche Seódhach & Cloinni Donnchaidh, & an mheid na ro marbhadh don ced-frais don t-slóigh Gaoidelach ro imthighset gan scceinm gan sccath, & ní ro lenadh iatt seacha sin. Ro crochadh dna Eman mac Murchaidh na t-Tuacc Uí Flaithbeartaigh baoí i l-laimh i n-Gaillimh fó chend tri lá iar marbhadh Taidhcc, & muna tuititis an clann sin Marchaidh na t-Tuagh Uí Flaithbertaigh for foghail & for díbeircc in acchaidh prionnsa Saxan ro badh sccel mór a n-oidheadh amhlaidh sin. M1589.11 Diarmait Ócc mac Diarmata, mic Denis, mic Diarmata, mic Concobhair (.i. espucc Luimnigh), mic Murchaidh an Dana Uí Dhedhadh d-écc, & a adhnacal i n-Disert Tola ina bhaile fein i t-Triochat Céd Ceneoil f-Fermaic i n-Uachtar Dál c-Cais. ----- p.1884 M1590.0 AOIS CRIOST, 1590. Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat. M1590.1 Burcaigh Iochtaracha, & Clann n-Domhnaill Gallócclach do coimhtionol & do chruinniucchadh an ro fhédsat do dhaoínibh (amhail remebertmar) hi f-foghmhar i & i n-geimhreadh na bliadhna remhainn co ná baoí aon rob' ionairimh o Chorrsliabh na seghsa co cend iartharach Iorrais, & Umhaill gan dol leó isin commbáigh sin. M1590.2 Sluaiccheadh lasan n-gobernoir Sir Risderd Binggam, & lá h-iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Conchobhair, mic Donnchaidh Uí Bhriain co líon a t-toichestail an céd-mí don bliadhain si .i. mi Ianuarii do dhol ar Bhúrcachaibh co ro suidhigedh campa conghaireach ceithernlíonmhar hi c-Cunga leó, & báttar Búrcaigh hi f-foslongport ar a c-comhair don taoibh thiar, & coinne gach laoí etorra go cend coictidhisi coná ro fédadh a síodhucchadh in aired sin. Triallaidh an gobernoir, & an t-iarla hi c-cend na ree sin a deich nó a dó décc do bandaibh do dhol tar beilgibh isteach do chor cuarta i t-Tír Amhalgaidh, & i n-Iorrus. Do-dheachattar Búricaigh lá a t-taobh, & bátar acc folmaise a b-fobartha acc Bearnaigh na Gaoithe, ar a aoí ní dheirgensat, & ro léiccedh an chonair don ghobernoir, & don iarla. Bá don chur sin do benadh a throigh on alt amach do Mhac Uilliam Búrc. Ro fhill an gobernóir tar a ais go Conga, & ro shíodhaigh fein, Búrcaigh, & Clann n-Domhnaill re 'roile go ro chuirsiot a m-braighde ar laimh an gobernora. Do-chóidh an gobernoir go Baile Atha Luain, & ro sccaoilsiot fir Connacht dia t-tighibh. M1590.3 Sluaiccheadh lánmhór lasan n-gobernoir hi mís Mharta do dhol ar Ua Ruairc. Baoí do líonmhaire an t-slóigh sin co ro léicc an gobernoir dronga dirimhe dá caiptínibh & dá chóirighthibh co Sliabh Cairpre hi c-cend Muintire h-Eolais, & drong ----- p.1886 ele d'uaislibh a shlóigh go Droichet Sligighi don taoíbh tiar do saighidh na Breifne go ro ghabhsat na slóigh sin acc losccadh & acc léirsccris, ag marbhadh, & ag mudhucchadh ina m-baoí for a c-cionn is in c-crich go coitcend go rochtain I c-cend aroile don t-slógh. Ro dibredh Ua Ruairc don ruathar sin coná fuair a dhíon nó a dhíden co rainicc do na Tuathaibh i c-cend Mec Suibhne na t-Tuath .i. Eoghan Ócc mac Eoghain Óicc, mic Eoghain, mic Domhnaill, & baoí ina fhochair go criochnucchadh na bliadhna so, & gach aon nach deachaidh ar ionnarbadh dá dhaoínibh tangattar asteach ar tairiseacht i c-cend in gobernora. Baí Domhnall mac Taidhg mic Briain Uí Ruairc, & Aodh Ócc mac Aodha Gallda ag congnamh lá Gallaibh Ua Ruairc d'athchur & d'ionnarbadh. Ro bhaí an tír etir fhasach & aitiucchadh ar cumas an gobernora co Féil Michil ar c-cind co t-tainicc Tighearnan Bán mac Briain mic Eoghain Uí Ruairc, & Brian (.i. Brian Ócc) na Samhthach (Mac an Í Ruairc sin do h-ionnarbadh) don tír i t-timchell na fele Michil. Do-chóidhsiot fein & fineadhadha na Breifne & Mhuintire h-Eolais, & na Ruarcach baí rempa isin tír i n-aghaidh an gobernora, & báttar ag milleadh gach neith gusa rangattar im Ghallaibh go criochnucchadh na bliadhna so. M1590.4 Daingen mór nach dernadh a ionnshamhail lé h-athaidh imchein do denamh lasan n-gobernoir e tir Loch Cé & Loch Arbhach. M1590.5 Mac Uí Neill .i. Aodh Geimhleach, mac Seain Dhonnghailigh mic Cuinn Bhacaigh mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain do crochadh lá h-iarla Tire h-Eoghain .i. Aodh mac ----- p.1888 Fhir Dhorcha, mic Cuinn Bhacaigh. Ní baí fer a aesa lé h-athaidh do Chenél Eoghain mic Neill ro badh mó eccaoine ina an t-Aodh sin. M1590.6 Mac Uí Domhnaill .i. Domhnall mac Aodha mic Maghnusa, mic Aodha Duibh, mic Aoda Ruaidh mic Neill Ghairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhiona do beith ag dol ar ----- p.1890 bélaibh a athar (iar n-dol dó i n-eneirte & i n-innlaicce, & iar m-beith dia mhac ele i l-laimh i n-Áth Cliath) go t-taratt Domhnall ina m-baoí ó Shliabh anoir i t-Tír Chonaill fó a nert & fó a cumachtaibh .i. ó Bearnas go Drobhaoís, Baoigheallaigh & Baghainigh beós. Bá saoth mór & bá galar menman lá h-ingin t-Semais mic Domhnaill, Domnall do bheith for an abairt sin ar omhan lé a rochtain i c-cendus Cenel c-Conaill ar bélaibh a meic Aodh Ruadh bái i l-laimh i n-Ath Cliath cecib tan nó dhéonaighfadh Dia dó tocht a cuimreach conadh aire sin ro tionóileadh lé a m-baoí fomhámaighthe dia fior do Chenél c-Conaill .i. O Dochartaigh cona thionól, Mac Suibhne na t-Tuath Eoghan Ócc cona sochraite, Mac Suibhne Fanat cona sochraide go sochaidhe móir d'Albanchaibh a maille friú. Iar f-fios sccel do Domhnall Ua Dhomhnaill an toichestal sin do beith agá denamh cuicce, ro tionoil sidhe for a c-cionn. Báttar iat ro eirgettar lais Mac Suibhne Bághaineach Donnchadh mac Maol Muire, & drong do Cloinn t-Suibhne na Mumhan im triar mac Eoghain mic Maol Muire mic Donnchaidh mic Toirrdhealbhaigh cona sochraide, & Ó Baoighill Tadhcc Ócc mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh co líon a thionóil. Bá h-ann do-rala do mhac Uí Domnaill beith in err Tíre Boghaine all aniar do Ghlenn Colaim Cille, gusna maithibh sin ina fochair. Ní ro h-anadh lásan lucht n-aile go rangattar an dú sin dia saighidh, & ro fighedh sccainner crodha etorra adiú & anall, & tarlaicset na h-Albanaigh saithe saighett a fiodhbacaibh fobartacha co ro gonadh & co ro crechtnaigheadh (an 14. September) dronga dirimhe leó, & robadh dibh-sidhe mac Uí Domhnaill fodhéin coná baí ina cumhang engnamh no ursclaidhi do dhénamh co ro marbhadh an dú sin ag an Doire Lethan lá taobh Cuain Teiliontt. Ba h-andamh riamh riasan tan sin a bhuaidh agá bhiodhbhadhaibh cen gur bhó biodhbhadha ittir in lucht las a t-torchair (condu-s-rala etorra don chur sin) & gion gur bhó hé an Domnall sin oidhre a athardha iar f-fíor nír bhó dímhiadh do Thír ----- p.1892 Conaill a oirdneadh fuirre dia leiccthí dia shaighidh í. Torcrattar don chaith-iorgail sin i f-farradh Domhnaill an triar mac sin Eoghain mic Maol Muire mic Donnchaidh go n-díbh cédaibh amaille friú i t-timcell Domhnaill. M1590.7 Uater Ciotach a Búrc mac Seain mic Oiluerais do écc iar siodhucchadh dó le Gallaibh. M1590.8 Mag Cochláin .i. Sean mac Airt mic Corbmaic do écc, & ní baoí fer a duithche do sliocht Corbmaic Cais ro badh seolta shesccaire cuirte, & caisteoil, & sostadha sadhaile inas, & a mac Sean Ócc do oirdneadh ina ionadh. M1590.9 Maol Ruanaidh mac an Chalbhaigh mic Donnchaidh mic Seain Uí Cerbhaill do écc. M1590.10 Mac Muiris Ciarraighe .i. Tomas mac Emainn mic Tomais, mic Emainn do ecc. Cendaighe fíona, each, & ealadhan rob' ferr d'fior a inmhe & a athardha féin baoí i l-Leith Mogha d'urmhór an tan sin, & Patraiccín a oidhre do beith i l-laimh i n-Ath Cliath an tan sin. M1590.11 O Lochlainn Uaithne mac Maoileachlainn, mic Rudhraighe mic Ana d'écc, & a mhac .i. Rosa, & mac a meic .i. Uaithne do beith imresnach ré aroile imo ionadh. M1590.12 Somhairle Buidhe, mac Alastrainn, mic Eóin Cathanaigh Mhec Domnaill do ecc. ----- p.1894 M1590.13 Eóghan mac an Deganaigh do écc. M1590.14 Aodh Ruadh Ua Domhnaill do bheith hi c-cuimreach i n-Áth Cliath fri ré theóra m-bliadhan, & theóra mís. Bá tochrádh mór menman lais a bheith amhlaidh sin i ----- p.1896 n-daor-bhroitt, & nír bhó fó a dhaigh bhudhéin acht ar dháigh ná daoírchimidheachta i m-báttar a thír, & a thalomh, a chairde, & a choimhfhialus in gach maighin seachnón Ereann. Ro bhaoí occa sccrudadh ina menmain do gres caidhe an t-easrus eludha fó-ghébhadh. Nír bhó sodhaing dhó-somh an ní sin, ár dos-fucctha i cubhachail fhoiriata isin caislén gach n-oidhche dia iomchoimhéd condus ficce tert ar a bharach. Bá imne baoí an caislén h-isin & lethanchlais lándomhain lionnuiscce ina uirthimcheall, & clárdhroichet comhdhluta fuirre fó erchomhair dhorais an dúine, & gasradh gruamaineach na n-Gall amuigh & h-istigh imón dorus dia dhúrchoimhétt coná diccseadh aon táirsibh inunn nách amach gan athchomharc. Ar a aoí ní bhí friothaire ar nach f-faghthar faill fá dheóidh. Buí Aodh co n-druing dia ----- p.1898 aos cumtha ina fharradh i n-deiriudh geimhridh do shonnradh i n-urtosach oidhche résiú do-rata isna cubhachlaibh foiriata i m-bítís gach n-oidhche. Do-bertsat téd réfeadh ro fhoda leó gusan f-fenester baoí for a n-ionchaibh, & du-s-relged síos fris na suainemhnaibh go tharblaingset forsan urdrochat baoí alla muigh do dorus an dúnaidh. Buí idh imremhar iarnaighe as an c-comhladh fri a tarraing chucca amach do neoch an tan badh adhlaic. Do-rat-somh balc lán glaice do chronn comhdhaingen tresan idh arna tíosda dia t-tograim co tinnesnach as an dúnaidh. Ro bhaoí ócclach do sainmhuintir an Aodha i f-soichill a n-éludha, & do-rala sidhe dhóibh iar t-toidheacht amach & dá lanncloidhemh láncodat lais fó a choim, & do-bert i l-laimh an Aodha. Do-ratt cloidhemh dibh-sidhe dia 'roile laoch amra do Laighnibh, Art Caomhanach ata-comhnaic, Ba h-áirsigh iorghaile & bá taoíseach iomghona ei-sidhe. Cidh iat na forchoimhedaighe tra ní ro ráthaighset ineallmha an t-éludh, & cidh an tan tucsat dia n-uídh é, do-cengat fó chédóir do shaighidh dhorais an caisteoil amhail as déine con-rangattar uair ro badh dóigh leó co t-táirsittís iatt i t-traite. Iar rochtain dóibh gusan dorus forfhémhidh forra a erslogadh condus tardsatt fri a t-toghairm chuca an lucht do-rala is na tighibh batar for ionchaibh an dorais don taobh araill don t-sraitt. An tan tangattar sidhe ----- p.1900 fón toghairm ro ghadsat an crand baoí tresan idh eiste, & do lecet an comladh suas do lucht an chaisteoill, do dheochatar co n-druing móir do lucht na cathrach i l-lenmhain na n-ócc at-rulattar uadhaibh. Ní bhaoí bá do sodhain uair bátor-somh all amuigh do mhuraibh an bhaile, [ria]siú ro ráthaighitt ar robttar ersloicthe óbhéla doirsi na ríoghcathrach an ionbhaidh sin for a c-cionn, & rangattar for réidh an t-slébhe baoí rempa .i. an Sliabh Ruaidh & ní ro léicc an omhan dóibh-sidhe ascnámh isin conair coitchinn itir. Ní ro ansat dia reimim go rangattar iar scís astair & imthechta tarsan Ruaidhsliabh rémhraite. O robdar scithigh tuirsigh tiaghaitt gusan c-coileadh cliothardhluith for-caomhnacair for a c-cind, & airisit innte co madain. Do-beartsatt iarsuidhe laimh for imdhecht ar nír bho h-innill leó anmhain isin f-fiodbhadh ar omhan a t-tóraigheachta, ar a aoí nír bhó tualaing Aodh ar asccnámh lá a oes cumtha, uair ro tréghdadh a throighthe toinngheala tanaighe lá h-aitten an t-sleibhe ar ro h-eitterdhelighitt a nassa friú iar sccaoíleadh i n-uamann lásan f-fleachadh ná fuairsead gó sin. Bá saéth mór lá a aos cumtha ná ro fhedsat leó é ní bádh síriu, & tiomnait celeabhradh dhó, & fágbhaitt bendachtoin occa. Ro fhaoídh-siumh a fher muintire go aroile duine uasal do shaorchlandaibh Chóiccidh Laighen do-rala hi c-caistiall ina chomhfhochraibh dus an f-foighbheadh a iomshnadhadh nó a imdhíden occa. Felim Ó Tuathail a shlondadh, & bá cara do Aedh ria sonn (andar lais) uair do-chóidh ----- p.1902 dia fiosrughadh-somh fecht n-aile isin c-cuimreach i m-baoí i n-Áth Cliath co ro naidhmset a c-carattradh dibhlínibh fri aroile. Luidh an teachta co h-airm i m-baoí Felim, & at-fet dó an toiscc ima t-táinicc. Bá faoíligh-siumh riamh, & ro thingheall go n-deirghenadh gach maith dia c-caomhsadh do Aodh. Ar a aoí trá ní ro fhodhaimsed a chairde nach a chomfhuilighe dhó a dhíchleith ar uamhan smacht chana ----- p.1904 na n-Gall. Ro fes iaromh forra a bheith-siumh isin coilleadh amhail at-rubhramar, & ro cuas leó for a iarair .i. lásan lucht at-chualaigh a bheith isin f-fiodbhadh, & do léiccitt cona luircc for a foilleacht. O rob' erdalta lá Feilim a fhagbháil, as í comhairle do do-róine-siumh & a bhráithri iad badhéin dia erghabháil & a bhreith docum an t-senadh gusan c-cathraigh for c-cúlaibh dorídhisi. Do-gníth samhlaidh. O rainicc sidhe co h-Ath Cliath, robtar subhaighe an comhairle dia rochtain chuca, & do-rónsat neffní & brígh m-bicc don uile ghiall & aittiri oile ro elaidhset uadhaibh. Ro cuireadh isin c-carcair chédna doridhisi é & do-bretha geimel glais-iarainn fóa feibh as coimge conrangattar, & ro both occá frithaire & occá forchoimhéd amhail as deach ro fhédsat. Ro clos go coitchionn fó crich n-Ereann a elúdh-somh samhlaidh, & a ergabháil doridhisi, & ro la socht mór for Ghaoidhealaibh de-sidhe. M1591.0 AOIS CRIOST, 1591. Aois Criost, mile, cuicc céd, nochatt, a h-aon. M1591.1 O Ruairc Brian (.i. Brian na Múrtha) mac Briain mic Eocchain do ionnarbadh (amhail do scriobhadh tuas) i t-Tir Conuill gusna Tuathaibh, & baoí tuilleadh ar bhliadhain i f-fochair Mhec Suibhne Eóghan Ócc. Do-chóidh iar sin co h-Albain ar dáigh caomhna nó comhfhurtachta d'faghbháil ó Rígh Alban. Rugsat drong do mhuintir na bainrioghna fair, & do-bearat leó é go Saxain & co Lonndain, & baí lé h-athaidh i l-laimh annsin go térma na Samhna ar c-cionn. Ro cuireadh ----- p.1906 dliccheadh fair go ro daoradh dóchum báis. Ro crochadh ro dícendadh & do-rónadh cethramhna dhe iaramh. Ro badh do mhóirsgélaibh Gaoidhel oidheadh an Bhriain h-ísin, uair ní thainicc dia bhunadh freimh ó chein mháir neach no dearsccaighfedh dhe de ar dearlaccad ar deigh-eineach, ar duasaibh duanmholta, ar chaithem, ar chongháir, ar aobhdhacht, ar fhoistine, ar chothucchadh cathlaithrighe ag imdhíten a athardha ar ainffine eachtrand có a oidheadh don chur sin. M1591.2 Murchadh mac Conchobhair mic Toirrdealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh Uí Bhriain d'écc i c-Cathair Mionáin 25 Februarii, & a adhnacal hi c-Cill Fhionnabhrach. M1591.3 Mairgreg inghean Domhnaill mic Conchobhair, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Chatha an Aonaigh Uí Bhriain, ben Toirrdhealbhaigh mic Briain mic Donnchaidh mhec Mathghamhna do écc hi c-Cill Mhec Dubhain, & a h-adhnacal i n-Inis Cathaigh & a deirbhsiur ele .i. Aine ben Toirrdhealbhaigh Ruaidh mic Taidhcc mic Murchaidh mic Taidhcc Ruaidh Mec Mhathgamhna do écc. M1591.4 Donnchadh mac Murchaidh Ruaidh, mic Briain, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha an Aonaigh do écc 8. Februarii. ----- p.1908 M1591.5 Uilliam Búrc mac Seain, mic Óiluerais, mhic Seain do mharbhadh le duine uasal dá lucht lenamhna fein .i. lé h-Alastrann mac Aodha Buidhe Mhec Domhnaill. M1591.6 Mac Mec Uilliam Búrc .i. Uatér na m-Builledh mac Riocaird mic Seain an Termainn, mic Maoílir do mharbhadh ar ionnsaighidh oidhche lá druing dia comhmbraithribh gaoil & geinealaigh fein, & lá cuid do Cloinn n-Domhnaill. M1591.7 O Baoighill Toirrdhealbhach Ruadh mac Neill, mic Toirrdhelbhaigh, aén bá dearsccaighthe tainic dia bhunadh fhreimh ó chein mháir, post congmhala dámh & deóradh fer médaighthe neimhedh eccailsi & ealadhan, Guaire a cheneoil ar fhele & eineach, tógbhálaigh trógh & annffann do écc ina longport fein fó fhéil Bríghde, & a adhnacal co n-onoir i n-Dun na n-Gall i n-othairlighe a shinnsior. M1592.0 AOIS CRIOST, 1592. Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat, a dó. M1592.1 O Conchobhair Ruadh Tadhcc Ócc mac Taidhcc Bhuidhe, mic Cathail Ruaidh do chrochadh ar Session Rosa Comain i mí Ianuarii tria ciontaibh a chloinne báttar for foghail & for dibeircc i n-acchaidh corona Saxan, & as amhlaidh baoí-siomh an tan sin arsaidh anffand, dí-radhairc ge do fuair a oidheadh amhlaidh sin. M1592.2 Mac Diarmada Maighe Luircc Brian mac Ruaidhri mic Taidhcc mic Diarmada d'écc i mí Nouember, & ro ba móide d'adhbhar éccaoine écc an fhir sin gan a chosmailes do beith do Chloinn Maol Ruanaidh do ghébhadh cendus dia eisi. M1592.3 Mac Conmara Riabhach tighearna an taoíbhe toir do Cloinn Cuiléin .i. Domhnall ----- p.1910 Riabhach mac Con Medha, mic Donnchaidh, mic Ruaidhri, mic Meccon Chennmhóir d'écc i 11 Februarii. Fear caithmheach conghaireach, dearlaicthech, daonnachtach ei-sidhe. M1592.4 Duine uasal do Shiol Aodha d'écc isin mí chédna .i. Sean na n-Geimhleach mac Con Mara mic Mathghamhna, mic Aodha. M1592.5 Mór inghen Donnchaidh, mic Seain, mic Maol Ruanaidh na Fésóicce mic Taidhcc Uí Cerbhaill, ben Mheic Uí Bhriain Ara do écc, ben ro chaith a h-aimsir co maith, & do faccaibh an saoghal gan athais gan imdhearccadh. M1592.6 Caitilín inghen Domhnaill, mic Fingin, mic Diarmada an Dúnaidh Még Carthaigh ben Taidhcc mic Corbmaic Óicc, mic Corbmaic, mic Taidhcc Még Carthaig, ben cheilligh, craibdeach dercach, deigh-einigh do écc iar m-buaidh ó dhemhan, ó dhomhan, & ó daoinibh. M1592.7 Mac Uí Mheachair Sean an Ghlenda mac Tomais d'écc. M1592.8 Burcaigh rainn Mec Uilliam uile cona lucht lenamhna do dhol ar a c-coimhétt & iar f-fios sccél don gobernóirSir Risderd Bingam do-chóidh i c-Conntaé Maighe Eó go m-báttar bailte an tire slán & bhriste ar a chumas .i. Dún na ----- p.1912 Móna, Cúil na c-Caisiol, an Ghaoisítteach, & an Cluainin. Tuccsat Búrcaigh ionnsaighid ar an n-gobernóir co Cúil na c-Caisiol, & ro badh dioghbhálaighi iad fein ag filleadh dóibh iná an gobernóir. Ro chuir an gobernóir iarsin fedhnacha troma do buanadhaibh Gallda & Gaoidhealcha d'iarraidh na m-Búrcach sin báttar for díbheircc & for foghail fó chendaibh cnoc cendgharbh, & choilltibh n-dosach n-dlúithaimhréidh. Nír bhó cian ro bháttar foran iarraidh sin an tan ro shuidhsiot gusan n-gobernóir go líon creach & gabhál, go m-braighdibh ban & fer, co m-buaibh, & co c-caiplibh iomdhaibh. Tangatar Búrcaigh iar sin fo breith an gobernora acht mac Demhain an Chorráin .i. Risderd mac Riocaird. Ro shealbhaigh an gobernóir bailte an tíre dho fein a h-ughdarrás an phrionnsa, & ro fhaccaibh Seón Binggam, & bandadha uadha fein agá n-iomchoimhétt. M1592.9 Aodh Ruadh mac Aodha, mic Maghnusa Uí Dhomhnaill baí sidhe i c-carcair, & i c-cuimreach i n-Áth Cliath iarsan c-cédna h-éludh go geimhredh na bliadhna so. A m-báttar ann i n-urthosach oidhche (eissiumh & a aes cumtha .i. clann Uí Neill .i. Sean Enri & Art) fuarattar ell forsna coimhédaighibh riasiú do-rata isin b-proinntigh go ro bhensatt a n-geimhle dhíobh. Do-chóttar iaromh gusan f-fiailteach, & téd réfedh síothfoda leó co ro leiccit síos lasna suainemnaibh trias an f-fiailtigh co riachtattar an c-calsaigh comdomhain baí i t-timchell an caisteoil. ----- p.1914 Ro dringset iaramh fris an m-bruach alltarach go m-báttar for ur na clasach. Baoí giolla tairisi ag tathaighidhe chuca & uadhaibh, & ro leiccsiot a rún fris, & do-rala chuca an tan sin é co m-baoí ag dénamh eolais dóibh. Lottar ----- p.1916 iaramh tré sraidibh na cathrach i t-trécumasc cáich, & ní thard neach dia uídh iad acht amhail gach n-aon aile uair ní ro ansat lucht an bhaile do thathaighidh an tan sin, & roptar óbhéla oslaicthe doirsi na cathrach. Rangattar iaramh tré gach n-iomdhoraid & tré gach n-aimhréidh go ruachtattar for reidh an Ruaidhsleibhe triasa n-deachaidh Aodh isin chéd elúdh. Ro edarsccar dorchata na h-oidhche & tindenus an teichidh (ar uamhan a t-tograma) an t-í bá sine díobh friú .i. Enri O Néill. Aodh ba sóamh díobh ar aoí n-aoisi gion gur bhó hé ar aoí n-oirbertais. Nír bó faoíligh iad-somh tré edarsccaradh Enri friú, ar a aoi ro gabhsat ag asccnamh rempa, & a f-fer muintire acc denamh eólais dóibh. Baí an adhaigh ag snidhe sneachta gu nár bó sodhaing dóibh-siumh a siubhal uair bádar gan édach gan fhorbhruta iar f-fágbháil a n-uachtairearraidh isin f-fiailtigh trés a t-tangattar. Bá moa ro ineirtnigheadh Art frisan dianastar ina Aodh, uair bá cian fhoda ó ro cuimrigheadh essidhe, & do-chóidh i t-troma anbhóill tré fhod a chomhnaidhe isin c-carcair i m-baoí. Nír bhó h-amhlaidh sin d'Aodh, ní rainicc tar aoís macdachta, & ní ro anastair d'fás no d'ionfhorbairt an ionbaidh sin, & bá h-uttmall esccaidh a cheimim & a imtheacht. O ro airigh-siumh Art agá enirtiucchadh & aidhleiscce & ionmoille a cheime ro fhurail fair a lamh do chor for a ghualainn badein, & an lamh aile for gualainn an ghille. Tiaghaid ass amhlaidh sin go rangattar tar an Sliabh Ruadh. Robdar scíthigh toirsigh iaramh, & ní ro fhédsat Art leó ní ba sia, & ó na ro chumaingsiot a bhreith leó do-ronsat airisemh & comhnaidhe i f-foscadh allbruaich iomard baoí for a c-cionn. Iar n-anmain dóibh ann-saidhe ro chuirsiot an giolla uadhaibh lá sgélaibh go Glend Mhaoílughra airm i raibhe Fiacha mac Aodha baoí i néccrattas fri Gallaibh. Glend daingen diothoghlaighi esidhe, & no gnáthaighdís drong mhór do ghiallaibh Atha ----- p.1918 Cliath an tan do elaittís ass dol gusan n-glend íshin ar bá h-innill leó beith annsaidhe c-co t-tiagdais dia t-tír. O Rainic an giolla gusan maighin i m-baoí Fiacha at-féd a scéla dhó, & amhail ro fáccaibh na h-ócca ro ela as an c-cathraigh, & nach bérthaoi i m-bethaidh forra muna thíosta dia c-cobhair attraitte. Ro fhorchongair Fiacha fó chédoir for druing dia aos gradha (do neoch robdar tairisi lais dibh) dol dia saighidh, & fer fó biúdh & fear aile fó lionn & cormaim leó. Do-rónadh fair-siumh indsin, & rangattar bail i m-battar na fiora. Monuar nír bhó soinmheach sadhal báttar-somh for a c-cionn, uair as iad robdar édghadha dia c-corpaibh aineachtair colbhadha ciumhaisgheala cloichsneachta acc reódh dá gach leth impa, & acc iomuaim a n-ionar n-uiréttrom, & a sreabhannleintibh snáthchaol fri a c-cnesaibh, & a nassan imleabhar, & a n-iallachrann fri a n-oircnibh, & troightibh gur bhó samhalta lasna fiora dus fainic nár bhó daoíne itir iat iar ná n-iomfholach isin sneachta uair ní fhuairsiot bedhgadh ina m-ballaibh acht amhail batís mairbh. Ro tógbhadh leó iad as a lighe, & ro fhurailsiot forra ní don bhiadh & don lionn do thochaithemh, & ní frith uadhaibh idir uair gach deoch nó eabhdais nó telgdís gan fhuireach, conadh ann sin at-bath Art fó dheóidh, & ro h-adhnacht an dú sin. Dála Aodha ro chongaibh sidhe iar sin an chormaim, & ro battar a bhríogha for forbairt iarná h-ól acht a dhi chois namá, uair as amhlaidh battair-sidhe ina m-ballaibh marbha gan mothucchadh iar n-at & ionbholgadh risan reódh & risan sneachta. Ro chuirsiot na fir for iomchar eissiumh gusan n-glionn ad-rubramar, & baí i t-tigh deirrit i n-diamhair an dlúithfhedha agá leighes go t-táinicc teachta go dícelta dia fios scél ó a chliamhain an t-iarla Ó Neill. Ro triall-somh imteacht iarsin iar m-breith don teachta fair. Bá doiligh dó-somh dol isin turas sin uair ní ro fédadh leighes dia troighthibh gur bhó ----- p.1920 h-eigen dó neoch ele a thurgbháil for a eoch, & a ghabháil etir a dibh lamhaibh doridhisi an tan no tharbhlaingedh. Ro cuir Fiacha dírim marcach isin adhaigh lais go rainic tar Abhainn Life dia imdeghail forna celccaibh batar fó a erchomhair, uair do-chualattar Goill Atha Cliath go raibhe Aodh i n-Glionn Mhaoíl Ughra, conadh aire sin ro chuirsiot lucht coimhéda for áthaibh édoimhne na h-abhann coná raghadh Aodh, & na braighde ro éla amaille fris thairsibh i c-Cóicceadh Uladh. Bá h-eiccen do na h-óccaibh bátar i f-farradh Aodha gabhail a b-foccus do Chathraigh Duibhlinne tar ath n-doraidh n-iomdhomhain baí for Abhainn Life co rangadar gan fhorcloisteacht dona Gallaibh co m-báttar for faithche an dúine. Ro bhaí an lucht las ro trécceadh-somh feacht riamh (iarsan c-cédna h-éludh .i. Felim Ó Tuathail cona bhrathair) i t-tréchumascc an díorma agá threórucchadh gusan dú sin, & ro chengailsiot a c-codach & a c-cairdes re aroile. Tiomnait celeabhradh dho, & fáccbhaid bendachtain occa, & sgarait fris annsin. Dala Aodha Uí Domhnaill ní bhaí ina fhochair acht an t-aon ócclaoch do dheochaidh for a iarair isin n-glionn oirdearc do mhuintir Aodha Uí Neill, & nó labhradh tenga na t-tuath n-echtrann, & nó bhíodh do ghrés i f-fochair an iarla (.i. Aodh O Neill) an tan nó teighedh i mescc Gall gur bhó h-eólach, & gur bhó dána in gach conair baoí for a chionn. Lotar iaramh for a n-díbh n-eachaibh ána udmalla for ródaibh raoín n-dírghe na Midhe co rangattar for brú na Bóinne ria madain edh goirid ó Droichet Atha siar, & robtar omhnaigh im ghabhail gusan c-cathraigh íshin conadh é ní do-rónsat gabháil lá h-ur na h-abhann go h-airm i m-bíodh iasccaire dínnimh dearóil, & arthrach becc occa ré h-iomlochtadh. Do-chóidh Aodh isin c-curach co ro fháccaibh an t-iomarchorthaigh é forsan m-bruach alltarach iar t-tabhairt a lán loíghe dó. Ticc fer muinntire Aodha ina frithing, & gabhaidh lasna h-eocha trés an c-cathraigh, & do-bert go h-Aodh iad don taobh araill don abhainn. Tiaghait for a n-eachaibh, & lottar co m-bádar dá mhíle ón abainn. Ad-chiad doire dosach dioghainn for a c-cionn an chonair ro ghabhsat, & dúnchladh dímhór ina thimchell amhail bidh lubhgort foiriata. Ro baí dúnárus airdhirc lá h-ócclach n-aireghdha ----- p.1922 dona Gallaibh lá taobh an doire, & bá dearbchara d'Aodh Ó Néill ei-sidhe. Iar t-tocht dóibh gusan dúncladh scuiritt a n-eich, & tiaghaitt isteach isin doire baoí isin dúnchladh uair ro badh fír-éolach caoímhtechtaidh Aodha isin maighin sin. Iar f-fagbhail Aodha h-isuidhe luidh-siumh isin dúnadh, & fó-gheibh a fhiadhucchadh, fuair-siumh aireccal deirrit d'Aodh Ó Dhomhnaill, & do-bert lais é go ro frestladh & co ro frioththáileadh amhail bá lainn leis. Ro ansat h-isuidhe co ar a bharach d'adhaigh Ro gabhadh a n-eich dóibh i n-urthosach oidhche, & lotar tar Sliabh Bregh, & tré Machaire Conaill co rangattar co Traighbaile mic Buain ria madain. O robdar erslaicthe doirsi an bhaile isin madain muich assedh ro chinnset gabhail tremhit go rangatar ina reimim for a n-eachaibh go riachtatar don taobh araill. Robtar subhaigh forffaoíligh ar aba a t-térnuídh tar gach m-baoghal dá m-baoí rempa gó sin. Assedh do-chottar iaramh gusan f-Fiodh airm i m-baoí Toirrdhealbhach, mac Enri, mic Felim Ruaidh í Néill, do léiccen a sccísi. Bá h-innill dóibh ann saidhe uair bá cara & bá coiccéle dó-somh an tí Toirrdhealbhach, & ba h-ionann mathair dó-sidhe, & don iarla Ó Neill. Airissit and-saidhe co ar a bharach. Do-dheachattar iaramh tré Sliabh Fuaitt co rangattar go h-Ard Macha, anait ann co dícealta in adhaigh sin. Tiaghait ar a bharach co Dún n-Genainn airm i m-baoí an t-iarla Aodh Ó Néill. Bá faoíligh ei-ssiumh dia t-toidheacht, & ruccadh iad i n-aireccal uaigneach gan fhios dá gach aon acht madh uathadh dia aos tairisi ----- p.1924 batar ocá f-fritháilemh, & baoí Aodh an dú sin ré cetheóra n-oidhche ag cur scísi a aisttir & a imnigh de. Do-bert iaromh lámh for imtheacht, & ceileabhrais don iarla iar c-cor dírime marcach lais go rainicc co h-airer Locha h-Érne. M1592.10 Ba cara dó-somh triath an tíre, & bá brathair a r-rainn a mathar .i. Aodh Mag Uidhir uair bá hí Nuala ingen Maghnusa Uí Domhnaill a mhathair. Ro ba faoíligh Mág Uidhir remhe-siumh. Tuccadh iaramh ethar dia shaighidh & teid inn. Imraisset as iar sodhain co rangatar gusan c-caol c-cumang baoí forsan loch co ro gabsat port an dú sin. Do-chóttar drong dia shain muintir ina comhdhail annsin, & do-bertsat leó é co Caislén Atha Senaigh airm i m-báttar barda Uí Domhnaill a athar-somh. Baí and-saidhe co t-tangattar a m-baoí ina c-comhfhochraibh isin tír dia saighidh dia fhiadhucchadh. Robtar faoíligh a shain-muintir fri damhna na flatha du-s-fainicc, & gé ro dlighset sain-sherc dhó ar aoí a cheneóil. Ro bhaoí damhna nár bho luccha acca dia f-forbháilte fris, uair as amhlaidh baoí an tír ina ceide creach etir Ghallaibh, & Gaoidhelaibh gó sin. Ro bhattar tra dá chaiptín airdheirce .i. Captin Uulis & Captin Conaill go n-díbh cédaibh laoch amaille friú (tangattar athaidh riasan tan sa a Cóicceadh Connacht) acc ionnradh & acc orccain an tíre co coitcheann co m-baoí ó shliabh anoir i t-Tír Conuill ar a c-cumas cenmota caistiall Atha Senaigh, & caistiall Dúin na n-Gall airm i m-baoí Ó Domhnaill go n-uathadh daoíne ina fhochair. Ar a aoí ní ro fhédsat ní dhó, & ní bhaoí cumhang occa gabhail friú im aidhmhilleadh na criche. Ba h-ann ro gabhsatt na Goill íshin ionatacht & aittrebh i Mainistir na m-Brathar i n-Dun na n-Gall iar n-dol dia h-urd & dia macaibh eccailsi fó dhiamhraibh, & fo droibhelaibh an tíre ar a n-iomhghabhail-siumh d'uamhan a mudhaighthe & a mí-imberta. Iar m-beith athaidh isin mainistir dóibh gusan uathadh sluaigh at-rubhramar, do ----- p.1926 dheachattar drong díobh co h-eochair imlibh an chuain dí mhile ceimenn ó Dhún na n-Gall siar go Baile Uí Bhaoighill óir bá h-innill leó beith isuidhe ó ro bháttar braighde na criche for a c-cumas. Nó teighdis ina n-deisibh & ina t-triaraibh co m-beirdís cródh & cethra, ionnmasa & edala in ro ba comhfochraibh dóibh don tír dia saighidh don bhaile íshin. Battar do ghrés acc tóchuiredh fuillidh slóigh & sochaidhe chuca do dhol tar Bernas Mór d'ingreim & d'arccain na tíre don taobh thoir do shliabh amhail do-rónsat airm i m-battar. M1592.11 Imthusa Aodha Uí Domhnaill iar t-togairm a thíre chucca, ní ro an friú go léicc (ó ro chuala an mhórbhroid i m-battar Cenél c-Conaill, milleadh & mí-dhiach na mainistrech) acht assedh do-róine toidhecht go Dún na n-Gall eineach i n-ionchaibh frisna Gallaibh. Ní tardsat an tír ei-ssiomh i f-faill gan tocht fó a thoghairm ina n-eisibh & ina m-buidhnibh amhail as deine conrangattar do neoch ro charsat hé lá sodhain ro lá-somh a theachta ar amus na n-Gall dia rádha riú gan iomfhuireach nó easnádhadh isin eglais dia h-aidhmilleadh ní bá síre, & nach t-toirmesccfadh impa techt an chonair badh lainn leó, acht namá co ro fháccbaidis dia n-eis ina m-baoí do bhroid, & do chrodh na criche leó. Ro bhaoí d'uamhan & d'imeaccla forra-somh co n-dearnsatt indsin amhail ro fhorchongraidh forra, & robdar buidhigh do rochtain a n-anmann leó, & lottar for a c-cúlaibh doridhisi i c-Cóicceadh Chonnacht. Tangattar na braithri iaramh don mhainistir. M1592.12 Do-chuaidh Aodh Ó Domhnaill go h-Áth Senaigh i f-frithissi, & do-bert legha do leighes a chos, & ní ro fhédsat leighes dó co ro dheilighsiot a dhí ordain fris, & nír bhó h-óghslán go diuidh m-bliadhna. Baoí-siumh amhlaidh sin i n-othairlighe a chos ó fhél Brighde go mí april. O do-deachaidh adhuaire na h-aimsire errchaidhe for c-cúla bá foda lais ro bhoí ina othairlighe & ro chuir tarcclamadh & tionól for a m-baoí umhal dia athair alla thoir don t-sliabh oirdearc .i. Bernas Mór Tíre h-Aodha, & ro thionóil chuicce a m-baoí alla thiar don t-sliabh chédna .i. Ó Baoighill, & ----- p.1928 Mac Suibhne Thíre Bóghaine. Tánaic bheós dia comhmóradh Ó Domhnaill a athair .i. Aodh mac Maghnusa, mic Aodha Duibh cona commaim amaille fris .i. inghen t-Semais Mec Domhnaill a mathair-siomh. Bá sé ionadh erdalta in ro dhalsat na maithe-sin re aroile hi c-Cill Mic Nénáin, & bá h-and nó h-oirdnighthe Ua Domhnaill do ghrés i t-tighearnas for Chenel c-Conaill. Rainicc-siumh gusan líon c-cédna an dú sin. Tánaic ind aires Aodha Uí Domhnaill gusan maighin sin, Mac Suibhne Fánat Domhnall mac Toirrdhealbhaigh, mic Ruaidhri, & Mac Suibhne na t-Tuath Eoghan Ócc mac Eoghain Óicc mic Eoghain. Báttar dronga dearmhara do Chenel c-Conaill ná tánaicc isin c-comhdhail sin. Ro ba dibh-sidhe Aodh mac Aodha Duibh mic Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, & sliocht an Chalbhaigh mic Maghnusa mic Aodha Duibh, Ua Dochartaigh Sean Ócc mac Seain, mic Feilim mic Conchobhair Charraigh toíseach Triochait Chétt Innsi h-Eocchain, & drong do Cloinn t-Suibhne do dheachaidh as a t-tír, conidh and ro aittreabhsat for ur Locha Feabhail, & as iad robtar toisigh iomgona don Calbhach Ua Domhnaill, & dia shiol ina dedhaigh. Báttar bheós drong mhór don Muintir Ghallchubhair gan thecht ann sin tria mhioscais & tria mhíorún amhail an lucht n-aile. M1592.13 Do-chóidh iaramh Ua Domhnaill Aodh mac Maghnusa & na maithe sin tangatar dia shaighidh do chrúdh a c-comhairle, & bá sedh ro cinnedh lá h-Ua n-Domhnaill (ó ro airighestair a enirte & aidhbhle a aoíse) a thighernas do thabhairt dia mhac, & Ó Domhnaill do ghairm de. Ro mholsat cách i c-coitchinne an chomhairle ishin, & ro gnithe samhlaidh, uair do radadh Ó Firghil an t-airchindeach dia saighidh, & ro oirdnestair-sidhe Aodh Ruadh i c-cendus na criche lá forcongra, & lá bendacht a athar, & do-róine órd an anma feibh ro ba téchta, & ro ghair Ua Domhnaill de an .3. lá do Maii. Ni ro léicc Ó Domhnaill Aodh Ruadh sccaoileadh don uathadh sochraide sin do-rala ina fharradh co rainicc etir throighthech & marcach isin c-coiccrich i c-Cenél Eoghain mic Neill. Ní dheachaidh tra raibhthe, na reimfios dia saighidh, ar ni ro shaoílsiot a eirghe-siumh ineallmha as in lighe ina m-baoí, & ní móa do-radsat ----- p.1930 dia n-uídh teichemh ria c-Cenel c-Conaill ó cein mhair. Ro creach loiscceadh in ro ba coimhnesa doibh do Cenel Eoghain lasan uathadh slóigh sin gontar airlightear gach aon rob' inéchta ar a ruccsat. Tarthatar an sluagh edala iomdha etir cethraibh & indilibh, & soait for c-cúlaibh dia c-crich budhéin./P> M1592.14 Bá h-antt baoí dún-arus Uí Néill Toirrdelbaigh Luinigh ar an Srath m-Bán in ionbaidh sin, & níor bhó gnáth airi-siomh Uí Néill riamh h-isuidhe gusan t-Toirrdhealbhach íshin. Bá mhór a mhiofholta-somh fri Cenel c-Conaill, & fri cliamhain Uí Domhnaill .i. an t-iarla Ó Neill. Ro tharraing Ua Neill drong do Ghallaibh Duiblinne dia nertadh i n-achcaidh Cenel c-Conaill & an iarla Uí Neill .i. captin Uulas, & captin Fulart go n-díbh cédaibh laoch amaille friú. Bá galar menman lá h-Ua n-Domhnaill Ócc Goill Duibhlinne do thocht i n-or a chriche do taischéladh a athardha, & an chuiccidh archena conadh aire do-róine slóiccheadh lais a c-cionn t-seachtmuine i t-Tír Eoghain. Ro theichsiot lucht an tíre an dala feacht riamh go rangattar Ciannachta Glinne Geimhin. At-cuas do-somh co m-buí Ó Neill & na Goill remhráite co líon a sochraide ina comhfhochraibh, for fhorcongart Ó Domhnaill for a shochraide a n-ionnsaicchidh airm i m-báttar. Do-rónadh fair-siumh indsin. Do-bhert fuabairt biodhbhadh & amus amhnas forra hi midhmedhón laoí. O'd-conncatarsaidhe Cenel c-Conaill chuca ní ro ansat friú acht tiaghait for a n-iomghabháil co caislén baí for brú na h-abhann dianidh ainm Roa. Ba daingean díthoghlaighe an caistiall íshin, & bá dún aras d'Ua Catháin ei-sidhe. Ro gabh Ua Domhnaill acc iomsuidhe imon m-baile. Ro fhaoídh Ua Catháin a theachta do shaighidh Uí Dhomhnaill, & sccribhend lais chuicce, bá h-edh baoí isin litir gur bhó dalta dó-somh Ó Domhnaill, & co ro ernaidhm a charadradh rís ó chéin, & ro ba téchta dhó fó dáigh an charattradh íshin an c-creich táinicc for a ionchaibh & for a ----- p.1932 chomairce do leccadh dhó an tan sin, & nách léiccfeadh chuicce doridhisi dia m-beith-siumh ina dhiaidh. Do-rad Ó Domhnaill an aisccidh sin dó, & soais ina fhrithing, & ro airis co cend teóra n-oidhche cona laibh is in c-crich as a n- deachattar na creacha dia t-tard comairce aga lot & accá láinmhilleadh. Soais tar a ais dia thír feisin, & ní ro, airis co rainicc Dún na n-Gall, & baí ann-saidhe fri ré dá míos aca leighes. Ro ba fada lais-siumh baoí Ó Neill & a Ghoill gan fobairt fris an ré sin, & ro chuir tionol for a shloghaibh lotar ass iaromh tar Bernas Mór, tar Finn tar Modhairn do dhol gusan Srath m-Bán airm i m-baoí Ó Neill cona Ghallaibh, & ní ro ansat go rangattar eneach in ionchaibh friú. O Neill tra ní ro fháccaib-sidhe náid a Ghoill daingen an dúnaidh dia f-fobairt-siomh, o na fuarattar-somh a f-freaccra im chaithiorghail, bássedh do-ronsat teinnte & tendala d-adhannadh i c-cetheóra arda an bhaile, & ní ro scarsat fris co ros loiscsiot i m-baoí do tighibh fri múraibh seachtair, & ó na fuarattar na Goill amach do tharrachtain na h-oirccne do chóttar dia t-tighibh iar c-cosccar. M1592.15 Imthusa an iarla Uí Neill ó ro fhidir-sidhe ainchridhe a cheneoil badhéin d'Ua Dhomhnaill (Aodh Ruadh) assedh do róine dol do shaighidh an iustis .i.Uilliam Fitzuilliam & protexion d'faghbháil d'Ua Dhomhnaill tocht do lathair, & dia accallaimh co Traighbhaile mic Buain. Fuair-siumh idir indsin & do chóidh ar cend Uí Domhnaill go Dún na n-Gall, & ruc lais é co Traigh Baile. Do chóttar díbhlínibh do shaighidh an iustis, & bá faoíligh-siumh friú, & ro mhaith an t-elúdh d'Ua Domhnaill, & ro n-aidhmsiot a sith & a c-carattradh fri 'roile amhail is deach ro fhédsat, & ceilebhrait na maithe sin fris an iustis, & fáccbait bendachtain occa, & sóait leth ar leth dia t-tighibh. O'd-chualattar an drong do Cenel Conaill bátar i f-frithbert fri h-Ua n-Domhnaill siodhucchadh dó fris an iustis tangattar-sidhe uile fó chóra & fó sith dia shaighidh. Robtar iad bá h-aireghda táinicc annsin Aodh mac Aodha Duibh mic ----- p.1934 Aodha Ruaidh. Niall Gharbh mac Cuinn, mic an Chalbhaigh, mic Maghnusa mic Aodha Duibh cona bhraithribh, & Ó Dochartaigh Sean Ócc mac Seain, mic Feilim mic Conchobhair Charraigh iar na ghabhail lais-siumh. M1593.0 AOIS CRIOST, 1593. Aois Criost, mile, cuicc ced, nochat, a tri. M1593.1 O Domhnaill Aodh Ruadh do beith i mí Ianuarii na bliadhna so ina iostadh aireachais badhéin i l-Leithber for ionchaibh a namhat .i. Toirrdhealbhach Luineach mac Neill Conallaigh. Ro gabh ag imirt a eccraitti & a aincridhe fair dia ionnarbadh as a thighearnas, & dia enirtiucchadh ar dáigh Aoda Uí Néill d'óirdneadh ina ionadh. Bá feirde dó-samh an reimhdeiccsi do-róine uair rainicc ticchernas do shaicchidh Aodha Uí Neill, & do-ratt Toirrdhelbhach Luineach aonta & umhla dó imón ainm do ghairm de. Ro gaireadh iaramh O Neill d'Aodh O Neill (.i. an t-iarla), & leiccis Toirrdhealbhach Luineach na Goill ro bhattar lais uadha iar siodhucchadh dhó fri h-Ua Neill & fri h-Ua n-Domhnaill. I mi Maii do shonradh do-rónadh indsin. Ro bhaoí dna Cóicceadh Concobhair mic Nesa fó smachtcháin síodha don dias íshin, & ro bhadar i n-geill, & a n-aitire for c-cumus gombtar fomamaighthe dóibh. M.1593.2 An Chlann Uilliam sin a dubhramar do thocht isteach i c-cend an gobernóra fó fhéil míchil na bliadhna remhainn ro bhochtaidhsiot na Goill iatt, co nár fagaibh siot a beg dia maoín nó dia mór maithes aca ria m-Belataine na bliadhna so & an mheid na ro díolaithriccheadh dia n-daoínibh, & ná ro básaiccheadh ro gabhsat for sccaoíleadh & for eisredhedh sechnoin Ereann d'iarraidh a m- bethadh. M1593.3 Eassaénta choccaidh ar n-eirghe etir Sir Seóirsi Bingam ó Baile an Mhóta & Brian na Samthach (.i. Brian Ócc) mac Briain mic Briain, mic Eoghain Uí Ruairc fa Beltaine na bliadhna so. Bá hé adhbhar an imresna cuid do chios na bainrioghna nach frith on m-Breifne ar in b'féil sin.Brian Ó Ruairc dia radha gach cios dá m-baoí gan díol gurab ar an f-ferann baí ina fhásach ro bhaoí, & nár ----- p.1936 dhligh-siumh cíos d'iarraidh a fásach go m-beith a suidhiucchadh. Sir Seoirsi do chur saighdiuiridhe is in m-Breifne do denamh creiche i n-gioll an chiosa, & as é geall tarla chuca bleachtach Briain Uí Ruairc badhéin. Do-chóidh Brian d'iarraidh a n-aisicc, & nocha n-fhuair idir. Tainic-siumh iaromh dia thír, & ro chuir tionol for amhsoibh & for aos tuarastail i t-Tír Eoghain, i c-Cenel c-Conaill, & i f-Feraibh Manach. Iar rochtain dóibh dia shaighidh ní dearna airisemh do ló no d'oidhche co ráinicc co Baile an Mhótaigh. An tan baoí i c-comhfhoccus an bhaile ro léicc sccaoíleadh dá scceimheltoibh fá dá triocha Cloinne Donnchaidh .i. an Corann, & Tír Oilella. Nír bhó mór don tír sin ná ro aircc don aon ruathar sin. Ro loiscceadh lais bheós an lá sin trí bhaile dhécc ar gach taoíbh do Bhaile an Motaigh, & ro leircreachadh Baile an Mhótaigh fein lais seach gach m-baile. Nír bhó h-ionairimh a n-échta cenmotha mac Cobthaigh Ruaidh mécc Samhradháin ro marbhadh ó Bhrian, Gillibert Graiine duine uasal do mhuintir Sir Seoirsi do mharbhadh on leith n-aile. Ticc mac Uí Ruairc tar a ais co n-airccthibh, & co n-edalaibh iomdha lais dia thír. An céd mhí do samhradh do-ronadh innsin. M1593.4 Sluaiccheadh lá Máguidhir Aodh mac Con Chonnacht d'iomthnuth ris in slóigh sin Briain Uí Ruairc. As edh ro gabh cetus tre Descert na Brefne laimh clé lé Loch Aillinne, d'Uachtar Ua n-Oilealla, & don Chorann do droichet mainistreach na Buille go Machaire Chonnacht. Ro léicc sccaoíleadh dá scceimheltoibh in urthosach laoí fón tír ina thimchell. IS and tarla don gobernóir .i. Sir Risderd Bingam beith ar cnoc i n-dorus Tuillscci i m-barúntacht Rossa Commain in oidhche sin ag coimhéisteacht fris an tír ina timcheall, & do rala drong do mharcsloigh an gobernora ag cuartucchadh na c-cnoc ar gach taoíbh don tulaigh i m-baoí-siumh, & ní ro ráthaighsiot ní lá dallciach na maidne muiche go t-tarla iad fein, & Mag Uidhir cona marcsluagh aghaidh in aghaidh. Do-radsat marcsluagh an gobernora cúl dóibh, & ro lenadh iad gan choigill lá Mag Uidhir cona mhuintir, & ro bás agá sraoighledh, & agá síorbhualadh co rochtain dóibh gusan c-costtadh & c-comnart airm i m-baoí an gobernóir. Ro filleadh doridhisi ar Mag Uidhir i f-frithing na conaire cédna, & ro bás agá lenmhain go dol dó i n-eidirmedhón a chóirighthedh. O't-connairc an gobernóir co na baoí coimhlíon daoine friú ro fill ----- p.1938 tar a ais, & térna fein co na m-baoí ina fharradh ón f-foiréiccen sin genmotha Uilliam Clifart(duine uasal dearsccaighthe) go c-cuiccear nó seisear marcach amaille fris do mharbhadh don chur sin. Ro marbhadh don taobh oile Emann Mag Samhradhainpriomhaidh Arda Macha (do-rala co t-eccmhaiseach i f-fochair Még Uidhir & an t-ab Mag Uidhir .i. Cathal mac an abbadh, & Macc Caffraigh Feilim, & Mac a dherbhrathar. An 3 lá do mí Iul ro marbhaitt iadsein, ar aoí tra ní ro lenadh Mág Uidhir ó sin co h-oidhche, & rucc creacha, & tromaircthe an tire, & do-chóidh ón fhoslongport go a cele go cobhsaidh ceim righin co Fearaibh Manach. M1593.5 Baoí Mag Uidhir, & an Brian Ó Ruairc rémhráite fri ré an t-samhraidh i c-caomhaonta choccaidh & aidhmhillte for Ghallaibh. Baoí bheós Brian mac Aodha Óicc mic Aodha, mic Seain Bhuidhe Még Mathgamhna ó Dhartraighe Oirghiall, & clann Eimhir mic Con Uladh ó Fhernmaigh & Risderd mac Uillicc a Búrc .i. mac Demhain an Chorrain mar an c-cédna for foghail & for díbeircc in acchaidh Gall. Tuccsat ----- p.1940 na h-Airghialla-si amus for banna saighdiuir baoí i Muineachán go ro marbhadh leó a n-urmhór conadh de sin tainicc proclamation do chor in gach baile mór dá m-baoí in Erinn dia fhoccra na dronga sin a dubramar (co na c-comhaontaibh) do beith ina t-tretuiribh. M1593.6 Ro fhoccair an iustis iarsin isin f-foghmar ar c-cinn do mhórshluaigheadh na Midhe, Laighen & Leithe Mogha dol i n-Ulltoibh. Ro fhóccair mar an c-cédna gobernoir Chóiccidh Chonnacht sloiccheadh ó Shionainn go Drobhaoís do dhol ina c-coinne go h-Erne. Dala an iustis do-radsaidhe a ionadh fein ar an slóiccheadh sin do mharasccal an iubhair & d'iarla Tíre h-Eoghain .i. Aodh mac Firdhorcha, mic Cuinn Bhacaigh. Ro imtighsiot na slóigh líonmara lánmhóra sin don taobh thoir do Loch Erne o Charn Mór Slebhe Betha go h-Es Ruaidh. Nír bhó laind lá h-iarla Tíre h-Eoghain tocht for an t-slóiccheadh sin, ara aoí ro bhaoí d'uamhan na n-Gall fair gur bhó h-eiccen dó a riar do ghníomh. O'd-chuala Aodh Mhág Uidhir toichestal an t-slóigh lánmhoir sin dia shaighidh ro chuir a chrodh & a cethra etir bhú & innili i c-Cenel c-Conaill for a n-iomghabhail. Baoí fein gusan uathadh slóigh tarrustair ina fharradh dia thír fein & d'amhsaibh a tíribh ele don taoíbh thiar do loch acc Inis Cethlionn for cionn na n-Gall co ná léicceadh tairis iatt an dú sin, & ro ghabsat iaramh laimh cli fris an loch (amhail remhebertmar) go rangattar ath oirdheirc fil for an Eirne .i. Ath Chúluain. An c-cein báttar-somh acc tocht an dú sin ro buí Mag Uidhir cona shochraitte ag coimhimtheacht friú don taoíbh tiar do loch go rainicc gusan ath chédna don taoíbh araill. Ro ionnsaighsiot iaramh an slógh Gall an t-áth, & ro bhaoí Mag Uidhir agá cosnamh friú feibh a chumhaing. Ar a aoí tra ro fíoradh an senfhocal .i. luighidh iolar ar uathadh uair rob' eiccen an t-áth do leiccen do na Gallaibh, & ro sraoíneadh for Mhag Uidhir, & ro marbhadh sochaidhe dia muintir. Ro gonadh iarla Tíre h-Eoghain don chur sin. ----- p.1942 M1593.6 Tánaicc gobernoir Chóiccidh Chonnacht, & iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Concobhair mic Donnchaidh Uí Bhriain ina c-coinne don taoíbh ele don Erne, & ní ----- p.1944 dhergénsat nach ní idir acht an gobernoir go n-eirghe amach Cóiccidh Chonnacht do shóadh go Mainistir na Buille & a bheith ré h-athaidh annsin ag creachadh Muintire h-Eólais & Iarthair Fhermanach. Ro sccaoílsiot fir Chonnacht dia t-tigib as a h-aithle. Do dheachaidh iarla Tíre h-Eoghain & an marasccál dia t-tighibh iar milleadh moráin i f-Feraibh Manach. Ro fháccaibhsiot bandaighe isin tír ag congnamh la Concobhar Ócc mac Conchobhair Ruaidh Meg Uidhir baoí in eccraitter ré Mág Uidhir. Bá nemhsóinmhech esaontadhach ro bás ó Clochar mac n-Daimhene i t-Tir Eocchain go Ráith Cruachain i c-Connachtaibh & ó Thráigh Eothuile go Breifne Uí Raighilligh an tan sin. M1593.7 Mág Carthaigh Riabhach .i. Eoghan mac Domhnaill mic Finghin tighearna Cairpreach do écc, fer ceilligh craibhdhech ro ba maith enech, & oirbert e-sidhe, & Domhnall mac Corbmaic na h-Aoíne do ghabhail a ionaidh. M1593.8 Maire inghean Corbmaic Óicc mic Chorbmaic, mic Taidhcc Meg Carthaigh ben Uí Suillebháin Moir do écc. M1593.9 Muirchertach mac Conchobhair, mic Toirdhealbhaigh Uí Bhriain ó Dhruim Laighen ----- p.1946 d'écc, & a adhnacal ina bhaile fein .i. i n-Druim Laigen, & a mhac Conchobhar do ghabháil a ionaidh. M1593.10 Muirchertach mac Domhnaill, mic Conchobhair Uí Bhriain ó Thulcha d'écc. M1593.11 Tadhcc mac Uilliam mic Taidhcc Dhuibh Uí Cheallaigh ón Chaladh i c-crich Ua Maine d'écc, & ro ba do mhóirsccélaibh Ó Maine an t-í tesda ann sin. M1593.12 Duibhidhir Choille na Manach .i. Pilip mac Uaithne d'écc, & a mhac Diarmait do ghabháil a ionaid. M1593.13 Mairghrécc inghen Uí Bhaoighill (Toirrdhealbhach) d'écc. M1594.0 AOIS CRIOST, 1594. Aois Criost, mile, cúicc céd, nóchat, acethair. M1594.1 Mac Mathghamhna .i. tighearna Corc Baiscind Airtheraighi d'écc .i. Tadhcc mac Murchaidh, mic Taidhcc Ruaidh, mic Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc, & a mhac .i. Toirrdhelbhach Ruadh do ghabháil a ionaid. M1594.2 O Súillebháin Béirre Eocchan, mac Diarmata, mic Domhnaill do écc. Ar a aoí ní bhó Ó Suillebháin Beirre é an tan sin gér bhó h-edh riamh, dóigh ro ben mac a dearbhrathar an bhliadhain ria na écc Dún Baoí, & Béirre de .i. Domhnall mac Domhnaill mic Diarmata iar m-breith chomhairle Saxan & comhairle na h-Ereann, & ro gairedh Ó Suillebháin Béirre doDomhnall feissin. M1594.3 O Dubhda Tíre Fiachrach .i. Dathí, mac Taidhcc Riabhaigh mic Eoghain do mharbhadh lá saighdiúir do mhuintir na bainrioghna i m-baile dia bhailtibh feisin i t-Tír Fhiachrach Muaidhe. M1594.4 O Heidhin Aodh Buidhe mac Eoghain Mhanntaigh, mic Emainn, mic Floinn do écc. ----- p.1948 1594.5 Inghen mheic Uí Bhriain Ara .i.Onora ingen Toirrdhealbhaigh, mic Muirchertaigh, mic Domhnaill mic Taidhcc ben Phiarais mic Emainn an Chalaidh mic Piarais Ruaidh Buitilér d'écc. M1594.6 Slóiccheadh mór do thionól lás an iustis, & ráinicc gan ráthucchadh tarna críochaibh roptar comhfoiccsi dó gan nach n-iomfhuireach go riacht go h-Inis Ceithlionn, & baoí i f-forbhaisi, & i n-iomsuidhe imon dúnaidh, & geibhitt an sluagh for toghail an mhúir las na h-aidhmibh bá h-adhlaicc leó, & nír sccarsatt ris go ro ghabhsat fo dheóidh, & fáccbhaidh an iustis barda isin m-baile, & do chuaidh dia thigh iaramh. Mag Uidhir tra ó'd-chuala sidhe an iustis do shoadh for c-culaibh ro thionoil sidhe an líon as lia conranaccair co m-baoí occ iomshuidhe an bhaile cedna, & ro fhaídh teachta do shaighidh Uí Domhnaill Aodh Ruadh dia cuinghidh fair techt dia fhoiridhin. Nír bhó heisledhach ro freacradh indsin lais-siumh óir do chóidh dia shaighidh cona shochraide, & ro gabhsat acc forbaisi for an dún ó thossach iun go medhon august. Ro croitheadh, & ro creachloiscceadh las an sochraitte sin i m-baoí ----- p.1950 fo smacht Gall i c-Crich Oirghiall & i m-Breifne Uí Raighilligh co t-tardsat a m-bú & a n-innile a lón slóigh dia n-amhsoibh. M1594.7 Baoí Ó Domhnaill i f-foslongport acc forbhaisi for Inis Ceithlenn ó thosach iun co mí August amhail atrubhramar go t-tairnic a lón do caithemh do bharda an baile acht madh becc. Rangattar teachta do shaighidhUí Domhnaill ó na h-Albanchaibh ro thóchuir-siumh chuicce ria sin dia h-aisneis dó co t- tangattar co Doire, & robtar iatt tangattar an dú sin Domhnall Gorm mac Domhnaill & mac Leóid na h-Ara. Do thaod iaramh Ua Domhnaill dia n-iomfhosttadh co n-uathadh dia shlógh amaille fris, & ro fháccaibh drong mhór ele díbh ag Mág Uidhir do chongnamh lais, & ro fhuráil forra airi-siomh acc iomsuidhe an bhaile. Iar f-fios scel don iustis (.i. SirUilliam Fitzuilliam) co m-badar barda Innsi Ceithlenn ind easbaidh lóin & bídh ro fhorchongair ar droing mhóir d'fhearaibh Midhe, & ar uaislibh Raghailleach & Biongamach Coiccigh Connacht (.i. im Seoirsi Ócc m-Biongam tocht do breith lóin go h-Inis Cethlenn. Do-cotar na maithe sin iaramh a c-cend a cele a c- coinne an lóin co Cabhán baileUí Raighilligh, & ro gabhadh leó laimh dhes lé Loch Eirne tre Fheraibh Manach go rangattar fó thuairim ceithre mile don bhaile. O'd-chualaidh Mag Uidhir Aodh dáil an t-slóigh sin do beith gusan m-baile (las na lóintibh remraite) do-choidh-side cona sochraide budhéin, & gusan sochraide ro fhaccaibh O Domhnaill lais, & im Chorbmac mac an bharúin .i dearbrathair an iarla Uí Néill go ro gabhsat airisemh i n-enach erdhalta iomchumang in ro ba dóigh leó a rochtain-siumh dia saighidh. Ro ba torbha an edarnaighe íshin, uair rangattar gan ráthucchadh dóibh badhéin i c-cend muintireMeguidhir ag Bél Atha Sainredhaigh. Ro fighedh iorghal aighthidhe ainttrennda, & sccainder crodha comhnart etorra attiú & anall, co ro sraoíneadh fó deóidh tria nert iombualta lá Mag Uidhir cona shochraide for an lucht n-aile co ro fáccbadh ár cend lais, & ro both occ lenmhain an madhma co cian as an maighen sin. Bá dírimh a t-torcratar do shaorchlandaibh & daorchlandaibh isin iomaireacc sin. Ro fáccbhadh eich, arm, & édala iomdha an dú sin lá taobh na n-each & na c-capall bátar fo a n- eiredhaibh lóin do rochtain co h-Inis Cethlenn. Térnatar sceolanga uaithe ----- p.1952 d'fearaibh Midhe & do Raghailleachaibh as an c-caithiorghail sin, & ní ro h-anadh leó-sidhe go rangattar go Breifne Uí Raighilligh. Bá sí conair do dheachaidh Seoirsi Ócc Biongam gusan uathadh at-rula lais as an lathair sin tria Lerccain Cloinne Cobthaigh még Samhradháin , tria Breifne Uí Ruairc, & as-sidhe go Sliccech. Ro claochlaídhedh ainm for an ath agá t-tuccadh an mór maidhm sin .i. Bel Ath na m- Briosccadh do gairm de fó dháigh an ro faccbhadh do bhriosccaibh, & do becc bhairgenaibh oca an lá sin. O't-chualattar aos coimhéda an bhaile sraoíneadh for an slóigh do beartsat an caislén do Mag Uidhir, & do beart-somh maithemh n-anacail dóibh. ----- p.1954 M1594.8 Tanaicc iustis nua i n- Erinn i mí Iul na bliadhna so. Sir Uilliam Russel a ainm sein. Asseadh ro cinnedh lais gach baile dá m-baoí isseilbh na bainrioghna i n-Erinn lón & lán storús do chor ind daimdheóin i m-baoí ina aghaidh. Ro fóccradh lais d-freaaibh Midhe, Laighen, Mumhan, & Chonnacht toidhecht go líonmhar lérthionoilte ina dhochom co Baile Átha Luain an seiseadh lá décc do mhí September. I n-ecmaing na ree sin tánaicc an iustís amhail ro thingheall go h-Áth Luain, & ro asccna as-saidhe co Ros Comáin. M1595.0 AOIS CRIOST, 1595. Aois Criost, mile, cúicc céd, nochat, a cúicc. M1595.1 Ard iustis na h-Érenn .i. Sir Uilliam Russel do thocht for tarraing druinge do comharsanaibh, & do choibhnesaibh Fhiachach mic Aodha, for Fhiachaidh ----- p.1956 budhéin co Baile na Cuirre hi mí Ianuarii do shonradh. Iar n-dol dóibh i c-comhfoccus don bhaile ria siú rainicc leó dol tar dorus an dúnchlaidh baoí ina timchell ro clos co t-eccmhaiseach fuaim droma ó na saighdiúiribh acc dol do shaicchidh an bhaile. Bedhccais Fiacha cona muintir, & at-raghat co h- obann, & ro chuir drong dia mhuintir d'iomchosnamh an dorais co ro chuir a mhuintir uile feraibh, macaibh, mnáibh tré dhoirsibh élaidh an bhaile amach, & do dheachaidh fein ina lenmhain co rucc lais ina n-iomláine iatt fo dhiamhraibh, & fo dhroibhelaibh sa maighin rop innill lais. Iar m-beith d'Fiachaidh for a iomghabháil tainic ina cend Uáter Riabhach mac Gearailt mic Tomais do Gearaltachaibh Chille Dara. Dála an iustis baí-sidhe co cend deich lá i m-Baile na Cuirre iar ná fháccbháil d'Fiachaidh, & ro fhagaibh banda nó dhó do saighdiuiribh agá iomchoimhétt & ticc fein tar a ais co h-Áth Cliath. Do-chóidh dna Uatér Riabhach & araill do chloinn Fiachach mic Aodha ar ionnsaighidh oidhche (in ionam codalta) fó cend cóicc lá n-d-écc iar sin co Cruimghlinn i n-doras Atha Cliath. Ro loiscceadh & ro léirsccriosadh an baile sin leó, & ruccsat ina m-baoí ina c-cumang d'iomchar don chend luaidhe boí for tempall an bhaile, & gér bhó soilléir sofhairccsiona luisne & lasracha an bhaile agá losccadh do sráidibh Átha Cliath do-chóidh Uater as gan fhuiliucchadh gan foirdherccadh fair. A c-cionn mís iar sin tucc Uater ammas for baile duine uasail dia esccairdibh baí ina comhfochraibh, & gidh é an duine uasal baoí-sidhe co feithmheach fuireachair i f-foichill a iondsaighthe dia easccairdibh. An tan do-chuaidh Uáter cona mhuintir fon m-baile ro ionnsaigh an duine uasal co cródha cailcc neimneach i c-coinne Uatéir co ro thuairccsiot a chele co h-ainmhín esccairdemhail co ro crechtnaighedh Uater ina chois don chur sin. Ruccsat a mhuintir leó h-é gusan sliabh bá coimhnesa dóibh, & ro chuirsiot dia leighes é hi f-fotholl talmhan ar nár bheólach aon trias idir. Nír fháccaibhsiot ina fhochair acht aon bhuachaill legha dia fhíor thanusibh budhéin nó theigedh-sidhe gach ré lá do thionéoll luibhend fó na coilltibh bá coimhnesa dhó. Do-rala iomacallamh ós ísiol etir é & drong d-esccairdibh Uateir go ro n-aidhmsiot re roile, & ro tharraing-sidhe líon cengail ----- p.1958 Uateir ina chend. RugadhUatér iaramh go h-Ath Cliath, ro crochadh tra, & do-ronadh cethramhna dhe. M1595.2 Cóicceadh Uladh uile d'éirghe in aon rann, & in aon aonta in aghaidh Gall an bliadhain si. M1595.3 Slóiccheadh lá Clandaibh Néill hi mí Febhra i n-duthaigh Barúin Sláine co nár fhághbhattar athmhaoín dia n-eis is na tíribh sin d'arbhar nó d'áitiucchadh d' indilibh nó d'áirneis. M1595.4 Sluaiccheadh ele lá Clandaibh Néill co Cenandus co ro milleadh, & co ro mór-airccedh an tír ina n-uirthimchell leó. M1595.5 Slóiccheadh lá Mág Uidhir Aodh mac Con Chonnacht mic Con Chonnacht & lá Mag Mathgamhna Brian mac Aodha Óicc mic Aodha, mic Seain Buidhe co Breifne Uí Raighilligh. Ro h-indradh, & ro h-airccedh an tír co tinneasnach leó, & dna bheós ní ro fháccaibhsiot both nat i n-dionfaidhe dias nó triúr don Chabhan uile gan forlosccadh cenmotha Mainistir an Chabhain ina m-battar Goill an tan sin. ----- p.1960 M1595.6 Mac Con mac Con Coiccriche mic Diarmata mic Taidhg Caimm Ui Cleirigh Ollamh Uí Domhnaill hi senchas, Saoí foirccthe, erghna, ealadhanta hi senchas, & i n-dán, soerlabhraidh soingthe co m-buaidh n-innsgni, n-aitheisg & n-erlabhra, fer craibhdeach caonduthrachtach diadha deshercach do écc i Leitir Maolain i t-Tuadhmumhain. M1595.7 Sir Seón Nórais general coccaidh na bainrioghna do thecht i n-Erinn ocht c-céd décc saighdiúir i n-deireadh mi febru do coscc coccadh ulltach, & chonnachtach. M1595.8 Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ruadh do dhol i c-Connachtoibh. Assedh do luidh cetus tar Eirne (an tres lá don Marta do shonradh) laimh dheas frí Loch Melge mic Cobhthaigh, go Bealach Uí Mithidhein, & airisis hi-suidhe in adhaigh sin trés an m-Breifne go Braidsliabh, & do-roine comhnaidhe an adhaigh sin ann-saidhe. Nír bhó sodhaing do-somh ell nó baoghal d'faccbháil for Choicceadh Olnéccmacht an ionbhaidh sin, ar ro battar Goill ind ionattacht, & in aittrebaibh isin c-crich co coitchionn, & go sonradhach ina portaibh airechais, & ina dúnarusaibh diotoghlaighibh. Baí cetus Sir Risderd Bingam gobernóir Choiccidh Connacht i Ross Comáin, drong mhór ele do Ghallaibh i, mainistir manach fil for bru Buille, drong ele hi t-Tuillscce in eittirmedhon Maighe h-Ai fri Ráith Cruachan anoir t-tuaith. Drong isin b-port nua (dún ro chlaidhsiot na Goill badhéin) etir Loch Cé, & Loch n-Arbhach. Drong i m-Baile an Mhótaigh, & drong mhór ele hi Slicceach. Ráinicc fios Sccel gusan n-gobernóir co Ros Chomáin go m-baoí Ó Domhnaill acc triall don tír, & ní ro h-anadh lais-sidhe co riacht go Mainistir na Búille, & ro for-chongradh lais for a m-baoí do Ghallaibh is na bailtibh remhraite teacht dia shaicchidh an dú sin, uair bá dóigh lais conidh íshin conair no chingfeadh Ó Domhnaill cona sloghaibh. Acc dol d'Ua Domhnaill go Coilltibh Conchobhair ro foráil for a sochraide airisemh sri a n-inneall & fri a t-taisbénadh. Do-rónadh fair-siumh sin, & nír bho h-adhbhal an líon baí h-isuidhe uair nocha raibhe acht ceithre chéd nama fri ----- p.1962 h-engnamh & fri h-ursclaighi dóigh ní deachatar slóigh ele ina thóichestal an tan sin inge Cenel c-Conaill, acht madh uathadh do Chóicceadh Olnecmacht bátar acc taiscéladh, & acc séducchadh conaire dó, im Conchobar Ócc mac Diarmada, & im Chonn mac an Dubhaltaigh, mic Tuathail Uí Conchobhair. Tiaghait an slógh iaramh iar na t-taisbénadh go rangattar don Bhúill, & tiaghait thairsi acc droichet Cnuic an Biocara i n-urthosach oidhche, assaidhe dóibh tré Moigh Luircc, & tre Moigh n-Aoí co riachtattar lá dobharsoillsi na maidne co Ráith Cruachan. Ro léicceadh sccaoíleadh & sccanradh dá sccemheltachaibh amhail ro theccaiscc-siumh dóibh ré t-tocht an dú sin. Bá fairsing foirlethan ro lethsat na laoch bhuidhne ó raile, ar do-chuaidh drong díobh do dhuthaigh Uí Conchobhair Ruaidh & Uí Ainlighi, cuid ele go droichet Bheóil Atha Modha for Suca, & dream ele bheós tar an c-Caislén Riabhach siar. Ro badh lór do dhicleith an t-slóigh íshin an dluimh-cheó diadh & dethaighe ro leth o na forloisccthibh in gach airm ro gabsat an slócch dá gach leth i n- uirtimcheall Ratha Cruachan. Tangatar an lucht do-chóidh go h-Ath Modha, & an fhoirend ele do-chuaidh go h-Airteach & go Cloinn Ceithearnaigh ria midhmedhón laoí go Ráith Cruachan, gér bhó díchumhaing doibh toidheacht inellmha lá h-aidhble a c-creach, & a n-edala, & fó ghébdaís ní badh mó dia m-beith ina c-cumhang a n-gluasacht nó a n-iomáin ittir. Do-chóidh iaramh Ó Domhnaill, & an lucht sin cona c-creachaibh go h-Ailfind, & baí athaidh ann-saidhe acc furnaidhe an sccemhelta do-chuaidh uadha go duthaigh Uí Conchobhair Ruaidh & Uí Ainlighi. Ro asccná iaramh a h-Ailfind laimhdhes lé h-Ath Slisen co h-Uíbh Briúin. Airisis ann an adhaigh sin co ro thionóilsiot a mhuintir uile ina dhocom cona c-creachaibh leó. Ní ro tionoileadh lá h-aoínneach do Ghaoidhealaibh ré ré chian d'aimsir samhail ina m-baoí do chrodh (d'aircctibh aen laoí) an dú sin. Ro fhorchongair Ua Domhnaill ar a bharach ar a mhuintir a c-creacha do chor tar Sionainn, & ro fhaoidh a ghlaslaith, & gach aon nár bhó tualaing arm d'imbirt ----- p.1964 las na creachaibh & las na h-édalaibh co Muintir Eólais. An tan báttar deireadh an t-slóigh acc techt tar an áth chédna as and do riachtattar glasláith & aos diubhraicthi na n-Gall, & do-beratt deabhaidh dia 'roile co ro crechtnaighitt & go ro gonaitt dronga etorra. Ar a aoí do-deachattar Cenel c-Conaill tarsan abhainn, & do-chóttar dia t-tighibh cona n-édálaibh iar m-buaidh & cosgar. M1595.9 Slóiccheadh ele lá h-Ua n-Domhnaill (Aodh Ruadh) i c-Connachtaibh an t-ochtmadh lá décc do mhí April. Bassedh a c-cédna h-uidhe tar Eirne lamh dhes lé Loch Melge co m-battar in adhaigh sin i Ros Inbir. Tiaghait ar a bharach co Cill Fearga, & airisitt ann-saidhe fri deireadh a shlóigh do breith forra, & iar rochtain dóibh lotar iaramh trés an m-Breifne co Braidsliabh assaidhe co Machaire Chonnacht, & a n-deachaidh uadh gan creachadh ar an sluaiccheadh roimhe ro tecclamadh a c-creacha chuicce go h-aon maighin don chur sin. Do-chóidh iaramh gusna h-airccthibh & gusna h-édalaibh sin lais go Liathdruim Muintire h-Eolais an adhaigh sin. An tan bá dóigh lá a easccairdibh ei-siomh do shoadh tar a ais i n-Ultaibh ní h-edh sin do-róine itir, acht ro fhaidh teachta go h-incleithe do saighidh Még Uidhir Aodha co t-tiosadh ina dhochom don Anghaile, & ro lá lucht taiscelta roimhe for an c-crich, & ro forcongair forra co t-tíostais ina dhochom i n-ionad erdhalta. Ro assccna feissin iaramh co t-aoí táithenach co rainicc cona slóghaibh an dá Anghaile isin moichdeadhóil (duthaigh an dá Ua Fherghail indsin cidh ria siú ro bhátar Goill acc fortamhlucchadh forra) & ro bhaoí aon dona Gallaibh fadhein hi b-port airechais Uí Ferghail .i. Críostóir Brún a chomhainm. Rangattar sirthe sársluaigh Uí Dhomhnaill & Meg Uidhir ó Sliabh Cairpre co h-Eithne co ro chuirsiot gach ní gus a rangattar dona tíribh sin fó troimnell teineadh, & fo smuit cheó dhobhardha duibhchiach. Ro gabhadh leó an Longport, uair ro chuirsiot tene gacha slesa & gacha h-airchinn de gurab lá téitt réfedh tuccsat Criostóir Brún cona chliamhain, & cona mnaibh ar aon amach. Ro loiscceadh dna cúicc fir décc do braighdibh an tíre (báttar i l-laimh acc an c-Criostóir rémhraite) ná ro cuimgedh d'anacal nó do thesarccain la tresthan, lá tendáldacht na t-eineadh. ----- p.1966 M1595.9 Ro gabhaitt bheós teóra caistialla ele lá h-Ua n-Domhnaill isin ló cédna. Ro marbhaitt, & ro mudhaighit daoíne iomdha don chur sin, & ro badh dia saor chlandaibh Hoberd, mac Fearghusa, mic Briain ro marbhadh lá Mag Uidhir tré iomraithne. Ro h-erghabhadh mac an priora Uí Raighilligh lá druing aile don t-slóigh. Ro léirtheacclamadh, & ro láintionóileadh in ro ba lainn leó do crodh na criche as gach aird dia saicchidh. Lottar iaramh cona c-creachaibh & co na n-édálaibh co ro ghabhsat longport i t-Teallach Dúnchadha in adhaigh sin. Ro leiccitt scceimhealta uatha ar ná bharach co mainistir an Cabháin dus an b'fuighbhittís baoghal for na Gallaibh báttar i f-forbhaisi and, & o ná fuairsiot i f-féccmais an bhaile iatt do-beartsat leó gach ní gus a rangattar dia n-edalaibh. Tangattar iaramh an adhaigh sin co Tellach Eachdhach alla thiar do Bhél Atha Conaill. Ticcitt iaramh dia t-tighibh iar m-buaidh n-echtra don chur sin. O ro ba derbh lá Gallaibh an t-iarla Ó Neill do eirghe i c-commbáidh Uí Dhomhnaill is in c-coccadh ro chuir an iustis & an chomhairle deich c-céd laoch go h-Iobhar Chinn Tragha do fhorbaisi for Chenel n-Eoghain, & ro gheall an iustis cona shloghaibh tocht ina lenmhain d'orccain & do mhilleadh an tíre. Ro fhaidh Ua Neill a teachta bi c-cend Uí Domhnaill dia chuingidh fair teacht dia chomhfhurtacht in aghaidh an anfforlainn ro dhail dia shaighidh. Nir bhó h-eisledhach ro h-eistedh sin la h-Ua n-Domhnaill uair ro tionoileadh a slogha lais, & ráinicc tré Thír Eocchain go h-airm i m-baoí Ó Néill, & do-chóttar ar aon co Fochard Muirtheimhne hi mí Maii do shonradh. O'd-chualaidh an iustis a m-beith ina oirchill dibhlínibh an dú sin ro airis in Ath Cliath don chur sin. M1595.10 Seoirsi Ócc Bingam baoí i Slicceach ó gobernóir Chóiccidh Chonnacht Sir Risderd Bingam do-chuaidh an Seoirsi h-ishin long cona foirinn lamh dhes frí h-Érinn ----- p.1968 soirttuaidh do denamh foghla hi c-Cenel c-Conaill, co ro ghabhsatt hi c-cuan na Súilighe. Fuarattar faill fors an tír an tan sin, co ro innirset Mainistir Mhuire baoí for ur na tragha, & ruccsat a c-culadhacha oifrinn & a cailísi leó co n-édalaibh oile. Assaidhe do-dheachattar iaramh co Toraigh (oilén in ro bendach Colum Cille an naoímh-érlamh ei-sidhe). Ro creachsat & ro oirccsiot i m-baoí isin oilén, & rangattar iaramh tar a n-ais co Sligeach M1595.11 Ad-cuas d'Ua Dhomhnaill aidhmhilleadh a criche dia éis (la h-eachtrannchoibh) ticc-sidhe a Tír Eoghain dia tarrachtain, & nír bhó cian an ernaidhe dhó i t-Tír Chonaill an tan rangattar teachta Uí Neill dia saighidh, dia aisneis dó an iustís cona slógh do thocht i t-Tír Eoghain. Soais ina fhrithing doridhisi co ráinic airm i m-baoí Ó Néill. Bá faoilidh-siumh fris. Bá h-adhbhal an t-sochraide tanaicc an iustis .i. Sir Uilliam Russell, uair boí general coccaidh na bainrioghna i n-Erinn a maille fris .i. Sir Seon Noruis, & iarla Tuadhmumhan Donnchadh mac Conchobhair Uí Bhriain iad-saidhe uile cona sochraide. Ní ro h-anadh leó-sidhe co rangattar co h-Iubhar Chinntragha, assaidhe co h-Ard Macha. Bá h-edh ro chinnsiot h-isuidhe gan airisiomh go rochtain dóibh go h-Abhainn Mhóir hi c-ceirtmedhon Tíre h-Eocchain. Acc asccnamh i réidh dirghe na conaire dóibh etir Ardmacha & Abhann Mhór at-conncatar an longport lán n-daingen, & an cipe comhnart catha i m-bátar Cenel c-Conaill & Eoghain imon iarla Ua Neill & im Ua n-Domhnaill, & iar ná airiucchadh sin don t-sluagh Gall airistt isin maighin sin co ar a bharach. Do-chottar iaramh tar anais co h-Ardmacha. Do-dheachattar na Gaoidhil ina lenmhain co ro ghabhsat longport in athfhoccus dóibh. Báttar frí ré chóicc lá n-décc aghaidh in aghaidh amhlaidh sin gan saighidh do neachtar aca for aroile, uair ro bhaoí an iustis cona shlógh i n-daingnighthibh Ardamacha acc toccbháil tor & acc doimhniucchadh díocc i t-timcheall an bhaile. Ro fhaccaibh an iustis a c-cionn na ree sin trí bhanna saighdiuir ag iomchoimhett Ardamacha, & teid fein tar a ais don Iubhar, & báttar Gaoidhil ina lenmain co dorus an Iubhair. Do-thaod an ----- p.1970 fo chend sechtmaine iarttain lé lón go Muineachan. Do-chóidh assidhe cona shlógh co h-Ath Cliath. M1595.12 Ní ro lamhsat Goill aon t-slóiccheadh do breith co h-Ulltoibh go cend athaidh iar sin, acht aon t-sluaiccheadh amháin do-rónadh lá Sir Seon Norais, & lá Sir Tomas Oris a dhearbhrathair .i. presidens da Chuiccidh Mumhan, go n-eirghe amach Muimhneach & Midheach do dhol in Ulltoibh. Do-chuas leó co h-Iubhar Chinn Tragha, & ro triallsat assidhe co h-Ardmacha. Iar n-dol i n-gar do leth na conaire dóibh is ann do-ralatar na Gaoidhil for a c-cionn, & ro ghabhsat accá c-cailcc, & accá c-caithemh accá t-tolladh, & accá t-tregdadh co nár leiccsot codladh nó longadh socracht no sadhaile dóibh fri ré ceitheora n-uair f-fichet. Ní ro léicceadh dna aon troicch seacha sin ar a n-aghaidh iatt, & robtar buidhigh a maithe do rochtain a n-anmann leó tar a n-ais gusan Iubhar, iar f-faccbháil daoíne, each, airm, & edala co h-iolardha dóibh. Ro gonadh an general, Sir Seón Noris, & Sir Tomas a dherbhrathair don cur sin. Nír bhó bern baoghail doibh-sidhe dol isin c-cóicceadh iar sin. M1595.13 Iar soadh don t-Seoirsi remhraite co Slicceach iar n-orccain Mainistre ----- p.1972 Naomh Muire hi Ráith Mhaolain, & eccailsi Cholaim Cille i t-Toraigh, nír bó foda an re ro léicc dia dhó gan a n-aithe fair, uair boí duine uasal do Bhurcachaibh ina caoímhtheacht co n-díbh laochaibh décc i maille fris .i. Uillecc a Búrc mac Rémainn na Sccuab. Do-radadh dimiccin & tarcaisne do-sidhe fecht n-an lá Seoirsi & las na Gallaibh ar chena. Ro ba fearcc & ro ba londus lais-siomh indsin, & ro baoí ina mhenmain aithe a dhí-mhiadha ar Sheoirsi dia c-caomhsadh & tocht iaromh i muintearus Uí Domhnaill ar bá dearbh lais gur bhó h-innill dó bheith ina fhochair. Fuair-siomh iaramh baoghal an t-Seóirsi rémhraite lá n-aén dia m-baoí i n-aireccal i n-uathadh sochaidhe. Ráinic-siomh dia shaicchidh, & ro chuir ina acchaidh a aindliccheadh & a eccóir fair, & ní f-fuair freagra ba lainn lais o ná fuair tairrngidh a cloidheamh, & imris fair co ro bhen a chend dia chúil mheidhe. Geibhidh an baile iaramh, & ro fhaídh a theachta co h-Áth Senaigh bhail i m-báttar muintir Uí Dhomhnaill. Cuirid-sidhe teachta co Tír Eoghain airm i m-baoí Ó Domhnaill feissin. At-fiadat a scéla dhó, & at-chuaidh-siumh don iarla Ua Néill iarttain. Robtar faílidh dibhlinibh don mharbhadh íshin. Celebhraidh Ua Domhnaill don iarla ar a bharach, & ní ro airis acht a n-oidhchibh cona sluagh lais go ráinicc co Slicceach fó-gheibh fáilte & do-ratt Uillecc a Búrc an baile dhó, & bá sáimh lais a mhenma. I mí Iún do-rónadh indsin. M1595.14 An tan at-chualattar i m-báttar for díbeircc do Choicceadh Chondacht (.i. Búrcaigh Iochtarach, Clann n-Domhnaill, Siol c-Conchobhair, Ruarcaigh, & Clann Maolruanaidh, & ní h-iad amháin acht a m-báttar ar fóccra & ar faoinnel iar ná n-athchur & iar ná n-ionnarbadh lá Biongamachaibh i n-Ulltoibh & i n-ionadaibh ele) ----- p.1974 marbhadh Seóirsi, & gabháil Sliccigh tangattar do shaighidh Uí Dhomhnaill go Sliccech, & do-chóidh gach aon aca iaramh do saighidh a athardha dilsi badhéin, & gach aittreabhthaigh dar chuirsit Goill ina f-ferandaibh (ina airet báttar fein ar foccra) ro gabhsat leó mar lucht lenamhna ón uair sin amach. Báttar iaramh ermhór a raibhe o rinn iartharaicch Iorrais, & Umhaill co Drobhaoís d'aon rann, & d' aon aonta lá h-Ua n-Domhnaill fó chend aon mhiosa. Nír bhó h-iomdha caislén nó comh daingen is na tíribh sin nách baoí slán nó briste for a chumas fris an ré cédna. M1595.15 Tánaicc Ó Domhnaill iaramh co Dún na n-Gall, & baí i h-isuidhe go meadhon August. Ro h-aisneidheadh do-sidhe tasccar Albanach do theacht i t-tír i l-Loch Febhail .i. Mac Leoid na h-Ara, do thaéd-sidhe chuca dia f-fostadh. Sé chéd robdar iad a líon, & iar m-beith athaidh isin tír iar leiccen a scisi, & a meirtin, & iar na f-fostadh lais, ro tecclamait a shlógha cona amhsaibh lais, & lotar tar Eirne, tar Drobhaoís, tar Duibh tarsan Sliccicch, tar Es n-Dara, tar Sliabh n- Gamh, go Luighne as-saidhe co ráinicc go Goisdealbhachaibh. Baí ionattacht & aittreabhad ag Gallaibh hi c-Caislén Mhór mhec Goisdealbhaigh an tan sin, & ro ghabh Ua Domhnaill cona shlóghaibh acc iomsuidhe an bhaile gur bhó h-eiccen don bharda an baile do thabhairt uatha fó dheoidh. Do-thaod iaramh go ráinicc Dún Mór mec Feorais. Ro sccaoílsiot a scceimhelta go Conmaicne, go Muintir Murchadha, go leithimel an Machaire Riabhaigh, & go Tuaim dá Ghualann. Ro gabhadh leó Turlach Mocháin, & sochaidhe mhór do mhaithibh an tíre im Risderd mac Mec Feorais. Ro creachadh & ro lérindreadh an tír ina n-uirtimcheall leó co ruccsat a crodh, & a cethra a h-ionnmasa, & a h-edala do neoch gus a rangattar, & soait for c-cúlaibh. O't-chualaidh gobernóir Chóiccidh Chonnacht .i. Sir Risderd Bingam Ó Domhnaill do dhol thairis siar hí c->Connachtaibh ro thionóil-sidhe cóicc bhanna décc do shaighdiúribh ----- p.1976 etir marcacha & troightheacha co ráinicc go muinchintt Coirrsleibhe ar dháigh ammais do thabhairt for Ua n-Domhnaill acc tionntudh dia eachtra. Iar na fhios sin d'Ua Domhnaill ro fillsidhe tar a ais biucc cona airccthibh & cona édalaibh on c-campa go chele go Goisdealbhchaibh, go Luighne d'iochtar ó n-Ailella trés na tribh droichedaibh .i. droichet Chuile Maoíle droichet Baile Esa Dara, & droichet Sligighe. Báttar tra Goill accá iarmhoirecht amhail as déine con-rangattar is na conairibh sin. Ro eidirdheilighestair Ua Domhnaill dirim marcsluaigh, & ro forchongair forra airisemh i n-deireadh a shlóigh ar nach fagbhaittis urtosach an t-sloigh Gall giollanradh, nó aos di-airm dia mhuintir-siumh m-baoghal. Rainicc-siumh iaramh cona chreachaibh lais gan nach friothorccain co riacht i c-comhfochraibh Gleanda Dalláin. Tánaicc an gobernóir for a lorcc co ro gabh longport i mainistir Sliccigh d'forbaisi for bhardaibh Uí Domhnaill báttar isin c-caislén. Ro fhaídh Ua Domhnaill ar a bharach buidhen marcslóigh do thaiscéladh fors na Gallaibh, & d'fios sccél an dúnaidh & na n-ócc báttar and co rangattar go h-imeal bord na h-abhann gusan c-cnoc dia n-garar Ráith Dá Briotócc, & at-ciad na Goill sáncán seachnón an bhaile. M1595.16 Ro bhaí ócclaoch uallach borrfadhach i f-farradh Sir Risderd an tan sin ro ba mac sethar dó budhdhein captin Martin a ainm. As es-sidhe bá toíseach> marcslóigh dhó. Ní ro fhulaing-sidhe d'eccsan a namatt i c-comhfoccus dó gana f-fuabairt, & tainicc cona dhiorma tar droichet Sligighi anall. O'd-chiad muintir Uí Domhnaill iad dia saighidh soait for c-cúla (o nach rabhattar coimhlíon friu) amhail as déine conrangattar. Tiaghait na Goill ina n- diúidh, & nís-tárrattar idir soait iaramh for c- cula. Ro aisneidhsiot muintir Uí Domnaill a scéla, & amhail ro bás occa t-tograim, & amhail do érnaisiot lá luas a n-ech. Iar c-cloistecht an scceóil sin lá h-Ua n-Domhnaill bá sé airecc ar rainicc lais celcc do indell for ciond na n-allmuireach isin c-conair c-cédna. Ro theglaim ----- p.1978 iaramh an céd marcach ro ba deach dia sluagh co t-tribh cédaibh troighteach cona t-trealmhaibh diubhraicthi .i. fidhbhaca cona saighet bolccaibh. Ro fhorcongair forra celcc do inneall fá mhile do Shlicceach, & dírim bhecc marcsluaigh d'faoídheadh uatha co h-imel bhord na h-abhand do bhréccadh an t-slóigh Gall, & dia t-tíosta ina lenmain gan airi-siomh fri h-iomairecc co rochtain dóibh tar an maighin in ro h-indleadh an chelcc. Do-rónadh fair-sium sin uile. O't-chonnairc captin Martin an t-uathadh marcslóigh for ur na h-abhann do-chóidh co n-dirim móir marcslóigh a maille fris dia t-téttarrachtain lotar-somh rempa co h-ionmall ainésccaidh an c-cédna feacht, nír bhó cian do na h-óccaibh iaramh gur bó h-éiccen dóibh beith acc eachlosccadh a n-each lá a dheine & lá a dhiogaire ro báttar Goill ina n-deadhaidh. Ro cuireadh deireadh for aon díobh-sidhe .i. Feilim Riabhach mac Daueid, dia aimhdheóin lá h-ionmaille a eich co nár bhó tualaing frestal a muintire, & go m-bó h-eiccen dó airi-siomh fri a naimhdibh, & teacht tar forchongra a tighearna .i. tochar do fris na Gallaibh. O rob' erdhalta lais a mharbhadh fó chédóir. Soais a ghaidh fris an t-í bá nesamh dhó don lucht batar ina lenmain, & rob' e-sidhe captin Martin, & acc tóccbháil a láimhe dó-sidhe in oirchill a airm d'imirt for an t-í do-rala in eccomhlann for a chionn do-rad Feilim a mhéur hi suainemh an fhogha baí occa i n-erlaimhe dia dhiubhraccadh co ro amaiss captin Martin i n-deirc a occsaille cech n-direach gur treghdastair a chridhe ina chliabh. Bá h-eidighthi-siumh tra cenmotá an t-ionadh sin trias ro gaottha. Iompaíd na Goill for c-cúla iar n-guin a t-treinfhir & a t-toísigh iomghona, & do-berad leó hé for iomchar faon fotharsna i f-fannthaisibh écca co rangattar an baile, & fuair bás in adhaigh sin. O'd-chonnairc Ó Domhnaill na Goill do shoadh for ----- p.1980 c-cúlaibh ro lonnaigheadh ei-ssidhe co ro thoingsiot lucht na fásfuabarta tar cend Fhelim co ná baoí ní dia imdheaghail gan a mharbhadh lá captin Martin acht madh an t-aén fhorccom sin. Ro tlathaighestair a mhenma iaramh ó rangattar scéla chuicce ar a bharach co ro écc an captin. M1595.17 Dala an gobernora ro líon-sidhe d'feircc & do lonnas iar marbhadh a bhrathar, & ro fhorchongair for a shlógh aidhme toghla an chaisteoil do dhénamh leó dus an c-caémhsaittís a erghabhail for Mhuintir Uí Domhnaill bátar ann. Do-rónadh leó-somh indsin do chranncaingel & do chubhachlaibh na c-céiledh n-Dé, & dá gach aidhme rangatar a les baí isin mainistir. Do-radtha iaramh seichedha bó & damh for na h-aidhmibh sin dia n-eactair. Ro fucctha bheós rothadha faoí dia fhógluasacht gusan dúnaidh. Ro líonta iaramh do laochraidh, & do láthaibh gaile, & do shaoraibh i f-foimhdin toghla an bhaile. Ro tréntairrngedh léo an lúitheach sin lá dorcatta urthossaigh na h-oidhche co ro suidhighthe hé fri h-uillinn an chaisteóil, & gabhait for scaoíleadh an mhúir iarttáin báttar dinidh saoir isin m-baile, & ro ghabhsat acc blodhadh an bhalla fo a n-erchomair do dhiubhracadh a ----- p.1982 m-biodhbhadh do na h-óccaibh báttar istigh. Do-chódar araill ele don bharda for taibhlibh an dunaidh, & ro ghabhsat for tealccadh táithleac t-tuinigthe, & carracc c-cendgharbh forra anuas gombtar miona mionbhrúite gach ní fris a c-comraictis. Tiaghaid tra drong ele do lucht an bhaile for fenestribh & for fonlésaibh an caisteoil, & gabhait for diúbhraccadh a n-ubhaill mhealluaidhe, & a t-trom chaor t-teinntidhe forra go ro foirrgitt an fiallach baí is na cumhdaighthibh cláraigh don chloichthreas, & don dian n-diubraccadh sin. Ní ro fuilngit las na Gallaibh a c-créchtnucchadh ní badh mó, & ó ná ro fhédsat ní don dúnadh ro fhagaibhset a t-teghdhaisi toghalta múir, & soait ina f-friting ós iat beóghonta, & robtar buidhigh do rochtain a n-anmantt leó. Bá crádh cridhe las an n-gobernoir Sir Risderd Bingam ná caemhnaccair a ainchridhe d'imirt for bhardaibh an dunaidh, ná for nach n-aon do mhuintir Uí Domhnaill, & impdhídis for a ais tar Corrsliabh, tar Magh n-Aoi co rainicc Rosscommain. Do-dheachaidh Ó Domhnaill iaramh tar Éirne, & ro léicc a Albanaigh uadha iar t-tabhairt a t-tuarustail dóibh. Téid tar a ais co Slicceach co ro brisedh lais an caislen d'uaman Gall dia aittreabhadh. M1595.18 Tepoitt a Búrc mac Uatéir Chiotaigh, mic Seain, mic Oiluerais mic Seain do ghabháil forbaisi for Bhél Leice, baile sin i m-barúntacht Tire h-Amhalgaidh c-Conntae Maigheó, & bá h-iad barda an gobernora báttar and. Iar rochtain na scél sin gusan n-gobernóir, ro fhorail for a dearbhrathair .i. captin Iohn Bingam ar captin Foal, ar captin Mennsi & ar a mac Uilliam Buidhe Diúid co n-druing móir do daoinibh uaisle ele a maille friú dol d'furtacht an bhaile co lón & co n-armáil dia saighidh, riasiú ráinicc leó an bharda d'fóiridhin fuair Tepóitt a Búrc an baile. Tiaghaid-siumh tar a n-ais fó aithmhela, & ro gabh Tepóitt acca t-toraigheacht, accá t-treghdadh, & acca t-timchealladh agá m-buaidhreadh, & accá m-básucchadh car an chaomhlaoí co ro fháccaibhsiot daoíne, arm, & éideadh iomdha. Ro marbhadh lais an lá sin captin Foal, captin Mennsi, & mac oidhreachta Uilliam Diúid, & sochaidhe ele do shaorchlandaibh, & do dhaorchlandaibh ----- p.1984 nách áirimhthear. Ba do thoradh engnamha, eissiomail, & aithearraigh eolais ro imthigh gach a n-deachaidh as díbh an lá sin. M1595.19 O Neill Toirrdhealbhach Luineach mac Néill Chonallaigh, mic Airt, mic Cuinn mic Enrí, mic Eoghain do écc. Bá he-sidhe aen as mó ro dearlaic d'ionnmhasaibh & d'edalaibh d'éiccsibh, & d'ollamhnaibh, & do lucht cuinghedha n-eith do tighearnadhaibh Ereann ina coimhre, uair ro h-erfhuaccradh uaidh-sidhe co minic fo Erinn dá gach aen baí la h-iarraidh neith toidheacht ina dochom i f-Féilibh Geine an Choimdhe do shonnradh, & iar na t-tarrachtain ní theighedh aen fó dhiomdha uadha gan riar; tigherna agá m-bídis sochaidhe ile for a tuillmhe & for a tuarustol, tigherna ro ba sochonáigh fri sidh, & ro ba comhnart fri coccadh condus-rala aoís, & enirte dó, & ro h-ordaighedh oidhre ina ionadh deich m-bliadhna ria na bhás ar an b-parliment ro congmhadh in Áth Cliath i n-ainm na bainrioghna Elisabeth .i. Aodh mac an Fhirdhorca (.i. an barun), mic Cuinn mic Cuinn, mic Enri, mic Eoghain dia ro gairedh iarla ar an b-parlimint sin. Bá h-and at-bath Ua Nell isin Srath m-Bán, & a adhnacal in Ard Sratha. M1595.20 Mag Aéngusa Aodh mac Aodha, mic Domhnaill Óicc fer a athardha ro badh mó ainm & erdearcus i f-fiadhnaisi Gall & Gaoidhel Ereann d-écc go feachtnach. M1595.21 Toirrdhealbhach mac Briain mic Donnchaidh, mic Donnchaidh Bhacaigh tighearna Corca Baiscinn Iartarthaighe, fer ro ba mór teist & tuarusccbháil ar fud Ereann do réir a athardha (uair ní bai occa acht triucha chéd namá) do écc & a mhac Tadhcc Caoch do gabhail a ionaid. M1595.22 Remann na Sccuab mac Uillicc na c-Cend, mic Riocaird mic Uillicc Cnuic Tuagh do écc. ----- p.1986 M1595.23 O Gallchubhair Sir Eóin mac Tuathail, fer ro badh mór ainm & oirdercus ag Gallaibh, & ag Gaoidhelaibh an tan-sin do écc .25. April. M1595.24 Mainistir Mhuineacháin i n-Oirghiallaibh do beith ag Gallaibh an bliadhain-si, & banna saighdiuir agá h-iomchoimhéd do ghnath. Rainic sgéla uatha co h-Áth Cliath co m-báttar i t-teirce lóin. Iar ná cloistecht sin don iustis Sir Uilliam Russel, & do Sir Seon Noris ro fhurailset sé bhanna fichet saighdíuiridhe do Shaxanchoibh & d'Éirennchoibh co n-daoínibh uaisle iomdha a maille friú do chor lá lón & lá gach n-aidhilcce rangattar aler go >Muineachan, & rangattar rompa gan ráthucchadh gan frithbeart gusan m-baile, & iar m-beith in adhaigh sin i Muineachan dóibh ro triallsat imtheacht ar a bharach do dhol don Iubhar. An tan tra rangattar edh becc ó Muineachan soir do-rala muintir Uí Neill dóibh for a c-cionn. Bá h-ainmín esccairdemhail an fiadhucchadh fuairsiot annsin uair ro gabhadh aga c-caitheamh & agá c-comhfhuabairt agá marbhadh, & agá mudhucchadh on cetheora h-uair ria medhón laí co fuinedh n-ell nóna co nár bhó h-urusa ríomh nó áiremh in ró fáccbadh do mhuintir an iustis etir shaor & daor, & in ro fáccbhadh bheós d'eachaibh, & d'éidedh d'ainnaibh, & d'iolfhaobhraibh, d'earradh, & d'édach uasal, do caiplib, & do chliabhaibh lóin in gach conair ro imtighsiot an lá sin. Ro gabhadh foslongport leó in iomfhochraibh an Iubhair, & tangatar bandai ina c-coinne ón Iubhar ar maidin ar ná mharach, & rob' erbadhach uirbernach ro bhattar acc dol gusan m-baile sin, & ní ro shaoílset ag fágbhail Atha Cliath go f-fuigbedís a h-ionnamhail sin d'iomarghoil in Ulltoibh. A mí Maii do shonradh do feradh an trescomasc sin. 1595.25 captin Felli duine uasal do mhuintir na bainrioghna agá m-boí urlamhus & iomchoimhéd a fhearann ón n-gobernoir do marbhadh i c-caislén in Aircín i f-fiull la a muintir fein. M1595.26 O Domhnaill do thionol a shlóigh i mí December do dhol i c-Cóicceadh Connacht. As í conair do-luidh do Slicceach go Tráigh n-Eóthuile, co Tír Fhiachrach, & tars ----- p.1988 an Muaidh co Tír n-Amhalgadha. Batar Clann Uilliam Búrc i f-frithbheart fri a roile im tighearnas an tíre, uair an dar lá gach fer díbh bá dó bádhéin ro badh dír. Tangattar-somh uile fo toghairm Uí Domhnaill iar t-toidhecht dó don tir ro bhaoí-siomh agá sccrúdadh fri a comhairlechaibh cia diobh-saidhe dia n-goirfeadh ticcherna. Conadh fair do chinnsiot fa dhéóidh tighearna do ghairm do Thepóitt a Burc mac Uateir Chiotaigh, mic Seain mic Oiluerais, ar dháigh as é do dheachaidh chuicce-sium cetus iar ná ionnarbadh do Ghallaibh as a dhuthaigh, & ro thingheall-somh dó co n-diongnadh a chobair dia c-caomhsadh, & ro bhaoí bheós i t-tuile a aoise fri foimhdin imnigh & ettualaing an choccaidh i m-baoí-siumh. Ro gaireadh iaramh a gairm flatha de i f-fiadhnaisi na slógh a c-coitchinne gé ro bhattar araill dia chenel ro ba sine, & ba moa ar aoí n-garma inás. Do-radadh geill & aittire ó na Búrcachaibh oile baoí i frithbheart fris for laimh Thepóitt iar na oirdneadh. Ro airis Ó Domhnaill hi rann Mec Uilliam fó Nodlaicc Mór na bliadhna so i m-Barúntacht Chille Medhóin, & is na Brighibh hi c-Cloinn Muiris. M1595.27 Bai ard iustis na h-Ereand .i. Sir Uilliam Russel i n-Gaillimh in ionbaidh sin. Ro luaidhedh siothcháin go cend dá mhíos gan urradha gan árach etir Ua n-Domhnaill & Connachtaigh do leith, & an iustís don leith ele acc fáccbháil na Gaillmhe dho. Ni bhaoí aon Chonntae hi c-Connachtaibh cenmotá Conntae an Chláir namá ná bátar uile no dronga dirimhe as gach conntae díbh d'aon rann & d'aon leith lá h-Ua n-Domhnaill don chur sin ó Drobhaoís co Conmaicne Mara, & ó Muaidh co Sionainn. Battar ann dna Síol c-Ceallaigh cenmotá Conchobhar mac Donnchaidh Riabhaigh, mic Taidhcc Duibh Uí Cheallaigh uair ro gabhadh lais-sidhe an Caladh ar Fherdhorcha mac Ceallaigh mic Domhnaill, mic Aedha na c-Cailleach Uí Cheallaigh. Do-chóidh tra Feardorcha gusan líon baí hi c-cend Uí Domhnaill, & rogair Ó Domhnaill tighearna de. Ro eirghettar síol Madagain isin c-coccadh c-cédna acht Ó Madagáin amháin .i. Domhnall mac Seaain, & a mhac Anmchadh. Lottar clann Remainn ----- p.1990 na Scuap mic Uillicc a Búrc, & an lucht ad-rubhramar go ro gabhadh & co ro brisedh, Míliuc Uí Madaccáin, Tír Athain, & urmhor bhailtedh na tíre leó cenmota an Longport. Ro lomadh & ro léirscriosadh Cluain Fearta Brénainn & ro gabhadh espucc an baile leó. Baí ann-sidhe Eoghan Dubh mac Mhaoileachlainn Bailbh Uí Madagain ó thuaith Lusmaighi hi c-cuma cháich. Do-cuas leó iaramh tar Sionainn i n-Dealbhna i f-Feraibh Ceall, & acc sóadh dóibh tar a n-ais co brú Sionna do tairrngeadh dá banna saighdiúiridhe baí ar ósda isin Midhe ina n-iarmhoireacht, & ní riacht rabhad nó rathucchadh rempa go riachtadar gan fios gan airiucchadh co ro iadhsat imon m-baile i m-báttar na foghladha co ro marbhadh dronga dibh-sidhe im Anmchaidh mac Maoíleaclainn Modardha mic Maoileachlainn mic Bresail, & im Cobthach Ócc mac c-Cobhthaigh Uí Madagain. Térnatar clann Remainn a Búrc ón m-breisim sin co n-urmhór a muintire amaille friú. Ro briseadh lá h-Ua n-Domhnaill don chuairt sin tri caisléin décc do chaislénaibh Connacht. Iar t-tocht d'Ua Domhnaill tar Muaidh co Tír Fiachrach ro ghair-sidhe Ua Dubhda do Thadhcc mac Taidhcc Riabhaicch mic Eoghain, & Ó h-Éghra Riabhach i l-Luighne. [...] & Mac Donnchaidh Tire h-Oilella do Mhuirghes Chaoch mac Taidhcc an Triubhais, & Mac Donnchaidh an Chorainn do Rudhraighe mac Aedha, & Mac Diarmada Maighe Luircc do Chonchobhar mac Taidcch mic Diarmada. Do-bert lais iaramh braighde gach tíre gus a rainicc i n-gioll lé comhall, & soais tar a ais go ráinic tar Éirne iar c-criochnucchadh a thurais. M1595.28 Braighde Connacht uile (durmhór) batar i l-láimh i n-Gaillimh on n-gobernoir Sir Risderd Biongam. Feacht and dia m-báttar mesgtha meraighthe iar n-ól ----- p.1992 fhiona isin c-céd mhí d'foghmhar na bliadhna so co ro iomráidhsiot etorra fein elúdh as in b-priosún i rabhathar, & imtheacht d'áis nó d'éiccean. Iar c-cindeadh na comhairle sin dóibh do chuirsiot a n-glais & a n-geimhle díobh, & bátar doirsi an bhaile erslaicthe an tan sin, & bá h-ionam proinnighthe do chach i c-coitchinne uair bá h-urthosach oidhche ann do-chóidhsiot tarsan dorus siar don bhaile. Ro gabhadh an droichet forra gur bhó h-eiccen dóibh an abhann aggarbh d'ionnsaicchidh fo a n-urchomhair, & bá an aoin fhecht battar-saidhe ag fágbháil na h-abhann & aos óccbaidh an bhaile iar n-dol tar droichet an bhaile ina c-comhairrcis. Ro marbhadh cuid do lathair, & ro h-iompaídhedh an chuid ele díobh gusan b-priosún ó'r imthighedar. Iar n-dol do na scélaibh sin gusan n-gobernóir, Ro chuir-sidhe sgribhenn go Gaillimh dia forchongra gach aon ro aontaigh eludh don chur sin a chrochadh gan fhuireach. Ro crochadh ar furailemh an gobernora mac Mec Uilliam Búrc .i. Emann mac Risdeird an Iarainn, mac Uí Conchobhair Ruaidh [...] mic Taidhcc Óicc mic Taidhcc Bhuidhe, mic Cathail Ruaidh mac Mhec Dauid Hoberd mac Hoiberd Buidhe, mic Uilliam, mic Tomais Murchadh Ócc mac Murchaidh na t-Tuagh mic Taidhcc Uí Fhlaithbertaigh, Domhnall mac Ruaidhri mic Taidhcc Uí Fhlaithbertaigh, & Maoílir mac Tepoit, mic Uáteir Fhada. M1596.0 AOIS CRIOST, 1596. Aois criost, mile, cúicc céd, nochat, a sé. M1596.1 Mag Carthaigh Mór d'écc .i. Domhnall, mac Domhnaill, mic Corbmaic Ladhraigh mic Taidhcc, & gér bhó Mág Carthaigh Mór do gairthi dhe ro h-oirdnedh co h-onorach ina iarla rias an tan sin hé ar forchongra prionnsa Saxan. Ní baoí oidhre ----- p.1994 ferdha dia éis nó h-oirnfidhe ina ionadh cenmotha aen inghen do-rala 'na mnaoí ag mac Meg Carthaigh Riabhaigh .i. acc Fingin, & ro ba dóigh lá cách gur bhó h-esidhe ro badh oidhre ar an Mág Cartaigh sin at-bath .i.Domhnall. M1596.2 Mac Suibhne na t-Tuath Eoghan Ócc mac Eocchain Óicc mic Eocchain mic Domhnaill fer tothachtach toirbertach, na ro thuill táinsiumh, nó tarcaisne or o gabh ----- p.1996 ceandus a chriche co ló a eitsiochta fer caithmheach conghaireach dearlaictheach daonnachtach comhnart fri cothucchadh aghmur fri h-ionnsaighidh co m-buaidh c-céille & c-comhairle fri sidh, & fri sochoccadh do ecc 26. Ianuarii, & mac a dherbhrathar .i. Maolmuire mac Murchaidh Mhaill do ghabhail a ionaid. M1596.3 O Raighilligh .i. Sean Ruadh mac Aodha Conallaigh mic Maoílmordha mic Seain do écc, & gé do h-ordaighedh maille lé composeision a h-ucht na bainríoghan athaidh rias an tan sin ticchernas a dhuithche fein do beith ag gach aon do shliocht Mhaoílmhórdha Uí Raighilligh ro gair Ua Néill Aodh mac Firdorcha O Raighilligh do Philip mac Aodha Conallaigh for an m-Breifne uile, & níor bhó cianshaoghlach-somh iar n-gairm tighearna de uair ro marbhadh ria c-cionn leth raithe go t-egmhaiseach la muintir Uí Neill (lás ro h-oirdneadh ei-siumh) & ro gaireadh Ó Raighilligh d'Emann mac Mhaoílmhórdha sinnsear an dá tighearna remhráite. M1596.4 Mac iarla Desmumhan d'écc .i. Tomas mac Sémais, mic Seain mic Tomáis Droichit Atha. M1596.5 Tepoit mac Piarais mic Emainn Buitelér tighearna Cathrach Dúin Iasccaigh, & Trena Cluana Meala do écc. Fer dearlaicteach d'uas mhór ro ba mó duanaire d' Fhionnghallaibh Ereann d'urmhór ei-sidhe & a mhac Tomas do ghabháil a ionaid. M1596.6 Mag Eochaccáin .i. Niall mac Rossa mic Connla d'écc. M1596.7 Remann mac Gearailt tighearna Tuaithe Brothaill do bhásucchadh i c-Corcaigh tré chiontaibh a dhibeircce in aghaidh Gall. M1596.8 An tan tra ro fhidir an iustis, & comhairle na h-Ereann calmacht & comhnart na n-Gaoidheal ina n-aghaidh, & gach aén do-radsatt go fomamaighthe dóibh badhéin rias an tan sin ag dol d'aoín leith fris na Gaoidhelaibh rémhraite ina n-aghaidh, bá sí comhairle arricht leó techta do chor do shaighidh Uí Néill, & Uí Domhnaill do cuingidh shiodha & chaoncomhraic forra. Bá siad ro toghadh fri h-iomluadh ----- p.1998 n-aithiscc etorra .i. Tomas Buitilér iarla Urmumhan, & airdeaspocc Caisil Maolmuire Mag Craith. Rainicc iarla Urmumhan go Traigh Bhaile, & airisis annsein, & ro fhaídh a theachta go h-Ua Neill dia aisneis dó na toscca imá t-táinicc. Faídhidh Ua Neill na sccéla cédna d'ionnsaighidh Uí Domhnaill. Do-chóidh Ua Domhnaill dírim marcslóigh go h-airm i m-baoí Ua Neill, tiaghat díbhlínibh co Fochaird Muirthemne. Tánaic an t-iarla, & an t-airdespocc dia saighidh. At-fétsat do na flaithibh in toiscc ima t-tangattar .i. gurab do chuingidh síodha do-dheachattar, & at-fétsat na comhadha ro thingheall an iustis .i. dilsiucchadh Chóiccidh Conchobhair dóibh-siomh génmota an m-bloidh tíre fil ó Dún Dealgan co Bóinn in ro aittreabhsat Goill ó chein mháir rias an tan sin, & ro gheallsat fris sin ná tiostais Goill forra tar tórainn cenmotát na Goill báttar hi c-Carraicc Fergusa hi c-Cáirlind, & i n-Iubhar Cinntragha do léiccedh fri creic & conradh do shíor, & ná léiccfidhe maoír nó lucht tobhaigh cíosa nó cana dia saicchidh acht an cíos do-ratta for a sinnsearaibh (feacht riamh) do iodhnacal dóibh-siumh co h-Áth Cliath, & ná cuinghidhfe geill nó eittire orra acht madh sin, & do-bértha an c-cédna do na Gaoidhelaibh attracht hi c-commbáidh Uí Domhnaill hi c-Cóicceadh Chonnacht. Do-chóidh tra Ó Neill, & Ó Domhnaill, & i m-batar ina f-farradh do mhaithibh an chóiccid do sccrúdadh a c-comhairle im na h-aithesccaibh sin do bretha cuca, & iar m-beith athaidh foda dóibh-sidhe & do na maithibh archena acc foraithmhet an ro togaetha lá Gallaibh ó do riachtatar Érinn lá bréccthingealltoibh ná ro comhailleadh dóibh idir, & an líon do-dheachatar d' oidhedhaibh anaipche dia n-aireachaibh dia n-uaislibh, & do shaorchlandaibh soichenélchoibh cén nách tuccait itir, acht do gaitt a n-athardha foraibh, Ro imecclaighsiot co mór co ná comhaillfe friú an ro tinghealladh ----- p.2000 dóibh conidh fair deisidh leó fó dheóidh an t-sídh do éimghedh. Ro aisneidhsiot iaramh in aithescc don iarla, & do-chóidh-sidhe co h-Áth Cliath dho shaighidh an iustís & na comhairle, & at-fét dóibh a dhiúltadh imón síth, & a freccra ó na Gaoidhelaibh. Ro chuir an iustis & an comhairle teachta go Saxaibh do saighidh na bainrioghan d'aisneis a scél di-sidhe conidh and fo cerd si iolar n-daoíne go h-Erinn cona naidhmibh techta leó co nár bhó lugha oldátt fiche míle a líon d'aos tuarustail, & d'amhsoibh ro bhattar in urfhaichill coccaidh do Ghaoidhealaibh. Ro tecclamadh iaramh sloiccheadh lán mhor la general coccaidh na bainrioghan in Erinn .i. Sir Iohn Noris do dhol i c-Coicceadh Connacht ar daigh i ro éirigh i c-combaidh coccaidh na n-Gaoidhel díobh do cennsucchadh. Tainicc iarla Chloine Riocaird .i. Uillecc mac Riocaird Shaccsanaigh, mic Uillicc na c-Cenn co lion a shochraitte ina t-tionol. Tánaicc tra iarla Tuadhmumhan .i. Donnchadh mac Conchobhair, mic Donnchaidh Uí Bhrian cona shochraitte on modh c-cedna. Tangattar tra dronga dí-rimhe nach airimhtear cenmothat-saidhe. Acht cena at-berat aroile na ro tionoileadh fri ré cian d'aimsir i Erinn for seilbh an phrionnsa samhail don t-sluaigheadh i-shin ar lionmaire a lerthionoil, ar allmurdhacht & ar ionggnaithe a n-innill, & a n-eccoiscc. Iar t-torrachtain doibh séin uile go h-aon bhaile .i. go h-Ath Luain do shaighidh an general a lottar iaramh co Roscomáin, & í c-comhfochraibh Mainistre na Búille iarttain & o na fuairsiot Connachtaigh for a c-cionn ann sin amhail ro shaoílsiot, iompaíd tar a n-ais siar hi rann Mheic Uilliam go Cionnlacha, & go Maighin go ro ghabhsat campa comfhairsing la taobh abann Rodhba. An tan ro batar an t-sochraitte lan mhor acc tómaithemh tocht an dú sin, Ro fhaídh Mac Uilliam Burc Tepóitt, a thechta go h-Ua n-Domhnaill dia chuinghidh fair toidhecht dia fhoirithin, nir bó faillightech ro freccradh indsi la h-Ua n-Domhnaill uair rob' erlamh ei-sidhe do thecht i c-Coicceadh Medhba riasiu rangattar na teachta dia shaighidh. Scriobhtar litre, & scribhenna uadha go Gaoidhelaibh Coiccidh Olneccmacht dia fhorcongra forra toidhecht ina dhochom go h-ionad erdálta baí fors an c-conair do saighidh longport an generala Sir Iohn Noris, & do-dheachaidh budhein hi c-cenn treda cona slogh lais tar Eirne, tar Sliccech, lamh dhes fri ----- p.2002 srúibh Sleibhe Gamh tre Luighne, & tre Crich Gaileng. Tangatar tra Gaoidhil an choiccidh gan iomfhuireach fon toghairm isin. Tanaicc ann cetus Brian Ócc (.i. O Ruairc) mac Briain mic Briain mic Eogain Uí Ruairc. Tánaic ann Ó Concobhair Ruadh, Ó Ceallaigh, Mac Diarmata Maighe Luircc. Tangatar ann an dá mhac Donnchaidh, an dá Ua Eghra, & Ua Dubhda. Iar t-torrachtain na n-Gaoidheal sin co h-áit n-aén bhaile, ní ro h-anadh leó go ro gabhsat longport for ionchaibh Sir Iohn Noris don taobh araill don Rodhba cedna. Ro bai iomaithighidh etorra anonn & anall amhail bidh fri sidh & fri cairdine, & nír bó h-edh ón iar f-fír, acht bá do brath & taiscéladh & do thabairt bréicce imo roile dia c-caomhsattaís. Airisitt athaidh amhlaidh sin aghaidh i n-aghaidh co t-tairnic a lóinte do na Gallaibh conadh é ní ro chinnsiot d'éirghe an phuirt i m-báttar ó ná ro chumhaingsiot ní do na Gaoidhealaibh. Do ghniatt samhlaidh & do-chóidh an general go Gaillimh, assidhe go Baile Átha Luain, & ro fháccaibh saighdiúiri hi c-Cunga, & mar an c-cedna i n-Gaillimh, i m-Baile Ath an Riogh, isin Mullach Mór Ua Maine, hi c-Cill Chonaill i m-Bél Atha na Sluaigheadh i Ross Comáin, hi t-Tuillsgi, & i Mainstir na Búille. M1596.9 Ua Conchobhair Sligigh do thecht in Erinn co n-Gallaibh iomdha lais hi f-foghmar na bliadhna so. M1596.10 Do cuiredh Sir Risderd Biongam cona braithribh a cumhachtaibh Cóiccidh Chonnacht, & ruccadh iad-sidhe co h-Ath Cliath, & do cuirit assaidhe go Saxoibh & ro cuireadh neach ele ba ferr inás ina ionad i n-gobernoracht Choiccidh Connacht .i. Sir Coners Clifort a comhaim. Bá fer tiodhnaicthe séd & maoíne do Ghallaibh & do Gaoidhelaibh ei-sidhe, & ní thainicc do Ghallaibh i n-Erinn is na deidhenchoibh nech ba ferr inás. Iar t-tocht do co h-Ath Cliath ro baí ag comhcruiniucchadh daoíne & acc uirtriall armála do dhul hi c-Connachtaibh. Do-choidh iaramh co líon slóigh, & sochaidhe co Baile Atha Luain, & do sccaoil a bhandadha i c-campa foslongport ar bhailtibh Ó Maine, & Cloine Riocaird .i. Gaillimh, Baile Átha an Riogh, an Mullach Mór, Conga, & an Leithinnsi. Do-chottar dhrong mhór do mhaithibh Chóiccidh Connacht do shaighidh an gobernora, & do ghabhsat lais fo dáigh a alladh & a árd tuarusccbhala. Ro ba dibh-sidhe Ó Concobhair Ruadh .i. Aodh mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh, & mac Diarmata .i. Conchobhar, & ro naidhmsiot a c-carattradh fris. ----- p.2004 M1596.11 O Concobhair Sligigh tra iar t-tocht dó a Saxoibh co h-Erinn ro ghaibh-sidhe ag cendsucchadh Connacht amhail as dech ro fhed a h-ucht Gall, & ro ghabhsat Clann n-Donnchaidh Cuile Muine lais. Baí bheos Baile an Mhótaigh ar a chumas. Ro ghabhsat mar an c-cédna Muintir Airt lais, uair ba h-iaid-sidhe roptar tairisi d'fior a ionaid do ghres, & roptar faoíligh dia rochtain dia saighidh, & ro lionsat d'uaill, & do dhíomas, & ro ghabhsatt acc baigh & acc bagar ar Chenel c-Conaill. O Domhnaill dna ó't-cualaigh-sidhe fosccadh an scceoil sin, & a n-dol-somh i c-combáidh Gall ina aghaidh, ní ro airis fri tecclaimadh slóigh cenmotá amhsaigh & aés tuarustail & do-taéd iaramh tar Slicceach siar go Ross Oircc an roptar tairisi la h-Ua c-Concobhair in gach dú i m-báttar i n-diamhraibh, & i n-droibhelaibh daingne an tire co ná ro fhaccaibh mil n-inile leó, & ní ro creach acht iad-somh namá, ge ro choiccill doibh co minic reimhe ar a n-dínnime & ar a n-deroile go ros brost a m-briathra d'iúmsacha, & a n-aincridhe na ro fhedsat do dhicleith Ua Domhnaill dia n-orgain an tan sin. M1596.12 Conchobhar, mac Taidhg, mic Concobhair Ui Bhriain o Bél Atha an Chomhraic do dhol for dibeircc & for foghail, uair baí-sidhe, & drong do Chloind t-Sithigh amaille fris ar ionnarbadh o na n-athardha ar aon la Gaoidhealaibh an tuaisceirt, & tainic ina menmain rochtain dia t-tír, & asseadh lottar do Chloinn Riocaird, do Shlebh Echtge, & d'Iochtar Cloinne Cuilein. Ro bás ina lenmain o gach tír do thír co ro gabhadh Concobhar fa deoidh ar in c-Coill Móir, & ruccadh é hi c-cend an presidens isin c-céd mí d'foghmar do shonnradh, & ro básaigheadh he i c-Corcaigh ar terma na Samhna. M1596.13 Tadhcc, mac Toirrdhealbhaigh, mic Donnchaidh, mic Concobhair Uí Briain (iar m-beith ré fhoda for foghail) do ghabhail i m-Buitilerachaibh, & a bhásucchadh tre comhairle iarla Urmhumhan. ----- p.2006 M1596.14 Uaitne, mac Rudhraighe Óicc, mic Rudhraighe Caoích, mic Conuill Uí Mordha do beith ina duine uasal hi c-cerdaibh coccaidh an tan sa, & Laoighis do leirsccrios lais etir ioth, arbhar, & áitiucchad co ná baoí énní isin tír o ghlas geta no báduin amach nach baoí for a chumas. Ro marbhadh dna lais duine uasal do Shaxancoibh bai hi Srádbaile Laoighisi aga raibhe bladh mór don tír a h-ughdarrás an phrionnsa .i. Cosbi mac Maighistir Francis a ainm. M1596.15 Clann Emainn an Chalaidh, mic Semais, mic Piarais Ruaidh mic Semuis mic Émainn mic Risdeird Buitiler do dhol for foghail beós tre iomtnuth le h-iarla Urmumhan, & a n-athair Emann an Chalaidh do ghabail tre na c-ciontaibh-sidhe. M1596.16 Emann, mac Risdeird, mic Piarais Ruaidh do gabhail mar an c-cedna. M1596.17 Fiachamac Aodha, mic Seain o Ghlionn Maoílughra do beith ag milleadh Laighen & Midhe an tan sa. M1597.0 AOIS CRIOST, 1597. Aois Criost, mile, cuicc céd, nochat, a seacht. M1597.1 Ua Domhnaill Aodh Ruadh, mac Aodha, mic Maghnasa do beith i f-foslongport i m-Breifne Chonnacht fri Sliabh Dá Én anoir on tan ro h-oirccedh sainmhuintir ----- p.2008 Uí Concobhair lais amhail remhebertmar. Ro bhaí-sidhe ag ernaighe a shochraitte, & a thoichestal do breith fair as gach airm i m-báttar & iar t-tecclamadh doibh dia shaighidh i n-deireadh Ianuary asseadh lottar i t-triocha chéd Ua n-Oilella, assaidhe don Chorann, tre Mhachaire Connacht, hi c-Cloinn Conmaigh hi c-crich Maine. Iar t-tocht do i n-eidirmedhon Ua Maine ro leicc scceimhelta scriobhluatha uadh fa thuaith an Chalaidh, & fa uachtar na tire, & do-bertsat bó thainte iomdha, & crecha comhaidhble leo hi c-coinne Uí Domhnaill go baile Átha an Riogh, & ge ro fhóbairsiot an bharda an baile do bhardacht nír bó torbha doibh an tinnsccettal uair ro cuirsiot muintir Uí Dhomhnaill teinnte & tendála fri doirsibh daingen n-dúnta an bhaile, & tuccsat dreimiredha diomhóra dia saicchidh, & ro chuirsiot fris na muraibh iad go n-dechsat for taibhlibh an mhúir. Ro lingsiot iaramh do na taibhlibh go m-batar for sraidibh an bhaile, & ro erslaicsiot na doirsi don lucht batar imuigh. Gabhaitt iaramh for toghail na t-tighedh t-taisccedha, & na t-teghdas f-foiriata co ruccsat eistibh ina m-baoí indibh d'ionnmasaibh, & d'édalaibh. Airisit in adhaigh sin isin m-baile hi shin. Nir bó sodhaing ríomh nó airemh ina ruccadh dumha, & d'iarann d'edach & duradh as in m-baile sin arna marach. Ba h-as an m-baile cedna sin ro leicc scceimhealta uadh d'arccain Cloinne Riocaird ar gach taobh d'abhainn. Ro leircreachadh, & ro lainidreadh las na scemheltoibh sin o Lethráith go Magh Senchomhladh. Ro loiscceadh, & ro lomaircceadh las an c-cuid eile díbh ó Bhaile [Átha] an Ríogh & ó Raith Ghoirrgín siar go Rinn Mil, go Medhraidhe, & go dorus na Gaillmhe. Ro loiscceadh leo Tegh Brighde i n-dorus Spairri na Gaillmhe. Do-ronadh sosadh, & sárlongport la h-Ua n-Domhnaill cona sloghaibh in adhaigh sin etir Uarán Mór & Gaillimh ag Cloich an Línsigh do ----- p.2010 shonnradh. Do-thaed Ó Domhnaill arna mharach go Mainistir an Chnuic i n-dorus na Gaillme, & ro baí iomaithighidh uadh go lucht an bhaile ag cuingidh creice & cennaighecta a n-erradh n-eccsamhail, & a n-édghadh n-uasal for araill do na crechaibh. Asseadh ro chinn iaramh sódh tar a ais, & munbhadh troma na t- tionol creach, iomat na n-airccneadh, & aidble na h-édala ro badh doigh na h-anfadh don reim sin go Gort Innsi Guaire hi c-Cenel Aodha na h-Echtge. Luidh Ua Domhnaill cona shloghaibh & cona c-creachaibh leó tre certlar Choiccidh Connacht hi f-frithing na conaire cédna, & ní ro airis go ro ghabh longport hi c-Calraighe fri Slicceach anoir, & ro fhaoidh a ghiollanraidh, & a aés dí-airm lá araill dia chreachaibh tar Samhaoír badh thuaidh. M1597.2 Dala Uí Concobhair Shliccigh (Donnchadh mac Cathail Óicc) ro tecclamadh slogh lán mhor lais do Ghallaibh & do Ghaoidhelaibh gar becc iar f-feil Brighde do thocht go Slicceach. M1597.3 O Domhnaill tra baí-sidhe hi c-Calraighe (amhail remebertmar) hi f-foichill fhorra & do-bert ammus for shlogh Uí Chonchobhair ria siú rangatar go Slicceach. Ní ro h-anadh fris-sidhe idir, achtmadh uathadh tarrthas do dheireadh an t-sloigh ag Traigh n-Eothuile, gontar, báitter iad-saidhe. Ro marbhadh ann mac Mheic Uilliam Burc .i. mac Risdeird mac Oiluerais, mic Seain, & drong oile nach airimhther cenmotha-somh. Do-thaed Ua Concobair for c-cúla, & nir bó slán lais a mhenma im thoidhecht an turas sin. Tánaic trá Ua Domhnaill dia thigh, & ro leicc sccaoileadh dia shloighaibh do léccadh a sccísi d'aithle a n-aistir imchein. & ro fhaccaibh a amhsa & a aés tuarustail i c-Cóicceadh Connacht i n-urfhaichill choccaidh Uí Choncobhair & na n-Gall battar lais, & Niall Garbh mac Cuinn, mic an Chalbhaigh Uí Domhnaill i t-toísighecht forra. Ro ghabhsat sein for indreadh & aidhmhilleadh na n-Gaoidheltuath ro eirgettar i c-commbaidh Uí Concobhair & na n-Gall go t-tardsat for c-cúla doridhisi drong mhor dhíbh im Mhac Diarmata Conchobhar toisech Maighe Luircc, & ruccadh ei-sidhe do shaighidh Uí Domhnaill go n-derna a mhuinterus fris an dara fecht, & co t-tarat a riar dó. Do-ronsat ----- p.2012 toísigh na t-tuath bádar fri Coirrshliabh a tuaidh an c-cedna, & do-rattsat a n-geill, & a n-aittire d'Ua Domhnaill. M1597.4 Ceithre bhairille, & secht f-fichit bairille púdair do thecht on m-bainrioghain go h-Ath Cliath h-i mí Márta do shaighidh a muinntire. Iar c-cor an phúdair h-i t-tír ro tairrngedh é co Sráid an Fhíona co m-baoí uile i n-aen-ionadh ar gach taebh don t-sraid, & do-dheachaidh aoibhel teinedh isin b-púdar. Ní fes trá an do nimh, fá a talmain tainic an Splangc h-í-sin, acht cena ro mheabhaidh na bairilledha ina n-aén-breó lasrach & luamhainteinedh an 13 do Mhárta do shonnradh, co ro toccbhadh cúirte cloch, & cumhdaighthe croinn na sráitte da f-fothaibh fulaing, & da b-posdadhaibh congmala is in aér edarbhuas co m-bíodh an t-sail shíothfoda, & an chloch cian tuinighte, & an duine ina éccoscc chorpardha for foluamhain isin aer ós cend an bhaile la tuinnsiumh an tren phúdair conach eidir ríomh, airemh, nó aisneis an ro milleadh do dhaoínibh onórcha, d'aés gacha ceirde, do mhnaibh, do mhaighdenaibh, do clannaibh daoíne uasal ticcedh as gach aird d'Eirinn do denam foghlama don chathraigh. Nir bó damhna eccaoine an ro milleadh d'ór, nó d'airgett, nó do shomaoine saoghalta in aithfecchadh in ro milleadh & in ro mudhaigheadh do daoinibh las an torainnchles sin. Nír bo h-í an t-sráid sin amhain ro d'iothaiccheadh don cur sin, acht an chetraimhe fa n-esa di don chathraigh chedna. M1597.5 Ua Concobhair Donnchadh mac Cathail Óicc do cengal chairdesa, & carattradh etir a chliamhain (mac Mec Uilliam Burc) .i.Tepoitt na Long mac Risdeird an Iarainn, mic Dáuid, mic Emainn, & gobernoir Choicchidh Connacht .i.Sir Coners Clifort. Iar n-denamh a c-codaigh re 'roile doibh do tharraing Tepoitt an gobernoir & bannadha Choicchidh Connacht i t-Tír Amhalgadha, & h-i rann Mheic Uilliam go ro hathcuiredh, & go ro h-ionnarbadh leo Mac Uilliam (Tepóitt mac Uateir Chiotaigh mic Seain, mic Oiluerais) ass a athardha h-i c-cend Uí Dhomhnaill. Ro lomadh & ro leirsccriosadh leó gach aén fris a m-baoí a rann & a charattradh isin tír dia éis. Ro ghabh an tír don cur sin la Tepoitt na Long & las an ----- p.2014 n-gobernóir. Iompais an gobernoir iarsin go Baile Atha Luain, & ro sccaoilsiot na bandaighi ar a n-gairisionaibh. Ba do-aisneis a ruccsat d'airccnibh & d'édalaibh a rann Mheic Uilliam an tan sin. M1597.6 Dala Mheic Uilliam iar t-tocht do-somh co h-airm i m-boí Ó Domhnaill d'acaoine a imnidh fris ro airis ina fhochair co mí medhóin shamhraidh. Do-ghní O Domhnaill iaramh slóiccheadh h-i c-Cóicceadh Connacht do congnamh la Mac Uilliam, & rainic tar Muaidh Ua n-Amhalgadha gan nach n-doghraing. Ní chumhgatar (no caemhnaccatar) an tír frithbeart fris go ro gabh a n-gialla, & a n-aittire, & do-beart-somh na braighde i-shin do Mhac Uilliam, & fáccbhais an crioch fa umhla dó. & fo-s-ráccaibh Rudhraighe Ua Domhnaill a dherbhrathair budheisin tanaisi Ceneoil c-Conaill ina fharradh dia nertadh i n-aghaidh a namhatt go slógh mor dia mhiledhaibh troightheach, & dia amhsoibh amaille friss. Iompaidhis Ua Domhnaill ina fhrithing dia thír. M1597.7 Ro thionoil Ua Concobhair & Tepoitt na Long slogh mór do Ghallaibh, & do Ghaoidhelaibh iar f-faccbáil na tíre d'Ua Domhnaill do dhioghail a n-aincridhe for Mhac Uilliam & ro ionnarbsat Mac Uilliam an dara feacht, & Rudhraighe don chur sin as in tír ar ni rabhatar-sidhe coimhlion daoine friú. Bá sí comhairle arricht la Rudhraighe & la Mac Uilliam ina m-baoi ina c-comfhocraibh do chrodh & d'innile an tire cona n-aittreabtachaibh, & cona muinnteraibh do chor rempa tar Muaidh Ua n-Amhalgadha, & tré Thír Fhiachrach Mhuaidhe do thocht fo mhámhus Uí Domhnaill go rangattar Sliabh Gamh ria n-adhaigh, & gabhaitt acc asccnamh trias an sliabh fod na h-oidhche. M1597.8 Imthúsa an ghoibernóra ó ro chuir-siumh Ua Conchobhair, & Tepóitt na Long cona sloghaibh do dhiochur meic Uilliam as an tír, Ro theglaim-sidhe lion a shochraitte for cind Meic Uilliam & Rudhraighe isin conair na ro chumhaingsiot do sheachna no d'iomghabhail. Roptar iad bátar do shaorclandaibh i f-farradh an ghoibernora an tan sin .i. Uillecc mac Riocaird Shaccsanaigh, mic Uillicc na c-Cendh iarla Chloinne Riocaird cona mhac Riocard barún Dúine Coillín ei-sidhe, Donnchadh mac Concobhair, mic Donnchaidh Ui Bhriain iarla Tuadhmumhan, & Murchadh mac Murchaidh mic Diarmata Uí Bhriain barún Innsi Uí Cuinn go ----- p.2016 sochaidhibh oile do dhaghdaoinibh cenmothát. Ba h-ann do-rala don goibernoir beith an adhaigh sin h-i c-Caislen Chuile Maoíle fil for Abhainn Móir fri Sliabh Gamh aniar, & fri Sliabh Dá En anoir co c-coicc céd décc laoch do gleire ghaisccedhach ina fhochair ann. Ba conair choitcenn nar bo sodhaing do seachna an mhaighen i m-baoi-siumh. At-cuas do Rudhraighe Ua Domhnaill & do Mac Uilliam an gobernoir da beith rempa for an c-conoir na ro fhedsat do shechna. As fair ro chinnsiot ó rangatar ria maidin i n-garfoccus don chaislen, a c-cethra, a n-innile, a n-giollanraidh, & a n-aés di-airm do légadh uatha i slighidh ba h-innille inás an conair in ro badh menmarc leo budhein do ghabhail, edh imchian on chaislen, & iad budheisin do dhul tar an abhainn gan rathucchadh h-i c-comhfocraibh an caisteóill ó nach rabhsat coimhlíon sloigh fri a m-biodhbhadhaibh. Do-codar-somh tra gan airiucchadh gan forcloistecht tar an abhainn go m-batar don taobh araill. Andar leo-somh chena do righensat anacal & imdegail dia c-cethraibh & dia n-giollanraidh, Nir bo h-amhlaidh tarla doibh-sidhe itir uair ro clos búireadh bhéiceadh na m-bó thainteadh, & na n-anmann n-eicciallaidh, & foghurnuall aosa a n-iomána isin muichdedhoil. Do leiccet marcshloigh an ghoibhernora ina n-drongaibh & ina ndíormaibh fo chomhgháir na c-cethra dus an t-tairsittis iad. Ruccsatt din for indilibh iomdhaibh, & do-dheachaidh in ro badh móo uadhaibh diobh. Ro marbhadh drong mhór do na gillibh & d'aos na h-iomána. Ba don chur sin do marbhadh Maolmuire mac Con Uladh Meic An Baird saoí fhirdhana ro baí ar mhaithibh a cheneoil budhein. Ní ro fhédsat a muinntir budheisin anacal do tabhairt doibh-sidhe la h-iomat an t-sloigh do-rala for a n-ionchaibh. Ba méla mór las an n-gobernoir a n-dol seacha resiú tarraidh greim forra. Tiaghait na Gaoidhil ass amhlaidh co rangatar tarsan Eirne budh tuaidh. Sóais an gobernoir ina fhrithing & nír bó slán lais a mhenma ó do ernáiset a naimhde uadha iar na f-faghbail in uathadh amhlaidh sin. M1597.9 Fiacha mac Aodha mic Seain o Ghlend Mhaoilugra do thuitim iar t-tarraing ----- p.2018 ceilcce da combrathair fair ar furáilemh ard iustís na h-Ereann Sir Uilliam Russel isin ceid mí do shamhradh na bliadhna so. ----- p.2020 M1597.10 Iustis nua do thocht i n-Erinn i t-tosach mís Iun co n-armail & co saighdiuiribh iomdhaibh lais .i. Lord Burough, Tomás a comhainm. Iar n-glacadh an chloidhimh dói-sidhe on iustis baí ann fri ré trí m-bliadhan go sin .i. Sir Uilliam Russel, Ro benadh lais an oifficc do bí ag Sir Iohn Noruis ó na prionnsa dhe .i. generaltacht an choccaidh, & ro gabh fein an oifficc sin fri a ais. Tucc iaramh fóccra d'feraibh Laighen, & Midhe, & don mheid baí umhal don bainrioghain o Chomar Trí n-Uiscce go Dún Dealgan tocht ina dhochom (co líonmhar ler tionoilte an ficetmhadh lá do mí Iul) go Droichet Atha. Ro freccradh na fóccarta sin la h-iarla Cille Dara, la Gallaibh Midhe, & Laighen. Tánaicc tra an iustis gusan lion as lia ro fhéd gusan maighin c-cedna, & iar rochtain i c-cenn aroile do na sloghaibh do asccnatar go Tír Eoghain co rangattar gan toirmescc gan tairisiumh go h-Abhainn Móir, & an ní dob'annamh la h-Ua Neill frith faill iomcoimhetta ----- p.2022 fair co rainicc an Iustis tar an abhainn gan tachar, gan toirmescc go m-baí don taobh araill di. Ro muradh & ro morclaidhedh lasan Iustis an port iomcoimhetta baí acc Ua Neill for ur na h-abhainn, & ro toccaibh fein port nua dó budhein isin m-bruach alltarach don abhainn chedna. & ge ro frith an uain sin ar Ua Neill tre eolus & tre thionchoscc Thoirrdelbaigh, mic Enri, mic Feilim Ruaidh Uí Neill ní ro lamh an iustis, na aen dia shloghaibh dol edh aén mile tairis sin i t-Tir Eoghain, & ní mó ro leicceadh suan no radhaile, codladh, no cumhshanadh doibh acht deabhaidh & diubhraccadh forra ó mhuinntir Uí Néill do ló & d'oidhce. Bá dirímh do aisneis an ro marbadh, & i ro mudhaigheadh do daoinibh an iustis, & an ro benadh d'eachaibh, & d'edalaibh diobh. M1597.11 Do-dheachaidh an iustis in aroile lo for cnoc bai i c-comhfochraibh don campa do mhidhemhain & do mhoirdhechain an tire ina uirthimcell, & ba ferr dó na t-íosadh idir, uair do marbhadh drong mhor dia deghdaoinibh la h-Ua Neill co ----- p.2024 na muinntir. Ro badh dibh-side dearbrathair mna an Iustís, & ardmhaor a sluaigh co sochaidhe moir do chaiptinibh & do daoinibh uaisle cenmothát. Ro marbhadh ann din araill do muinntir iarla Chille Dara, & munbudh goire an champa don Iustis ní raghadh ass an iomairecc sin an lion do érna dhíobh. do-rala d'iarla Cille Dara (.i. Henry mac Geroitt tre bithin gona, no fiabhrasa cecib diobh) gur bó h-eiccen dó triall tar a ais do shaighidh a athardha, & iar rochtain dó go Droicet Atha fuair bas isin m-baile sin. Ruccadh a corp go Cill Dara & ro h-adhnaicedh co n-onoir & co n-airmittin i n-othairlighe a shinnsear he. Ro h-oirdneadh a dherbhrathair .i. Uilliam ina ionad. M1597.12 Iar c-criochnucchadh an phuirt nuí sin lasan Iustis ar brú Abhann Moire, & iar t-tabhairt da uídh a dhioth daoine, & ná ro léicceadh dó dol tairis sin isteach isin tír do chuir biadh & bárda isin m-baile, & ro triall fein tocht tar a ais. Do-chóidh cétus don Iubhar, & assaidhe co h-Ath Cliath, & ro sccaoilsiot a shluagh dia t-tighibh. M1597.13 An tan tra ro triall an iustis gusan sloighedh cédna i t-Tír Eóghain, Ro cuir sgribhenn go gobernoir Choiccidh Connacht dia fhorchongra fair dol gusan lion sluaigh as lia no biadh ina chumang isin c-cend thiar do Coicceadh Uladh for Ua n-Domnaill an c-cein no biadh-somh i t-Tír Eoghain. Nir bo h-eisliseach ro freccradh an fhorcongra sin las in n-gobernóir, uair ro chuir toghairm for iarla Tudhmumhan Donnchadh mac Concobair, & for bharun Innsi Uí Chuinn Murchadh mac Murchaidh, for iarla Cloinne Riocaird Uillecc mac Riocaird Shaxanaigh, & for a mhac Riocard mac Uillicc barún Dúine Coillin. Ro chuir bheos toghairm & tionól for uaislibh Chonntae Maighe Eó, & Rossa Commain cona sochraite. Do fhorail for na maithibh uile tocht ina dhochom go Mainistir na Buille an cethramhadh lá fichet do mí Iul do shonradh, & go m-biadh fein cona bhandadhaibh for a c-cind an dú sin. Tangatar-sidhe uile gus in maighin remraite isin ló cettna. Ba he lion a t-tionoil iar rochtain i c-cenn aroile doibh da brataigh ar fhichit do throighthechaibh, & deich m-bratacha marcshloigh. Ro asccnatar aisidhe go Slicceach, & iaramh go h-Eirne go ro ghabsat longport lionmhar lainmhenmnach ----- p.2026 for ur Samhaoire sriobhglaisi. Ro baí do mhenmnaighe an t-slóigh hi-shin an dar leó cona baí cumang i f-freastail nó a f-friotholma i c-Coicceadh Uladh uile. M1597.14 Do eirghettar slogh an ghobernora isin muichdhedhoil ar a barach do dhul tar an abhainn. Bai din iomchoimhéd o Ua n-Domhnaill for gach n-áth for an Éirne. Acht chena fuaratar-somh baoghal for áth n-iomdhoraidh buí fuirre .i. Áth Cúil Uain, & ro chingsiot go diochra dúrcroidheach do shaighidh an átha h-í-shin. Ro ghabhsat na forcoimhedaighe occa n-diubraccadh gan díchell, & acc iomchosnamh an átha friú amhail as deach ro fhedsat. Acht chena ní ro chumaingsiot a chianchosnamh fris in lion sloigh & sochaidhe batar ina n-aghaidh go riacht an gobernoir cona sloghaibh tairis co m-battar don taebh araill. Ar a aoí tra do-rónadh echt adhbhal an lá sin .i. Murchadh mac Murchadha mic Diarmata, mic Murchadha Uí Briain barún Innsi Uí Chuinn. Baí-sidhe allamuigh do na saighdiuiribh for a eoch etorra, & a n-iomdhomhain occa n-imdeghail for bhathadh, & acca m-brostadh tairis. Ba sedh ro chedaigh an chinnemhain dó a amus co h-innell díreach la h-aon do mhuintir Uí Domhnaill d'urchor pilér i scaoileadh a éidedh plata i n-deirc a occsaille co n-dechaidh tremhitt isin deirc araill. Ní ro cuimgedh a anacal go ro edarsccar fri a eoch i fudhomhain an t-srotha go ro baidedh é fo chedóir. Ba h-echt mór eidir Gallaib, & Gaoidhelaibh an t-í torchair annsin, ar airde a inmhe, & ar uaisle a fhola ger bo h-ócc ar aoí n-aoisi ei-sidhe, & gemadh toccbail a chuirp & a adhnacal co h-onórach ro dlecht do dhenamh, ni ro h-anadh fri-sidhe lasan slogh acht rochtain gan oirisiumh go Mainistir Eassa Ruaidh. An 31 do mí Iul do riachtattar an dú sin, & Dia Sathairn ar aoi laithe sechtmaine. Ro ghabsat longport ar gach taobh don mhainistir i muigh, & istigh. Batar h-isuidhe on tan tangatar tar Eirne ria medhón laí Dia Sathairn co madain Dia Luain. Ba isin domhnach sin batar isin mainistir tangatar an loinges ro gheall ina n-diaidh o Ghaillimh i m-baoí a n-ordanas, & a n-gonnadha mora co na storus archena ar dhaigh a n-iomfhulaing an c-cein no-beitis isin c-coiccrich. ----- p.2028 Ro ghabsat an loinges sin cuan acc Inis Saimher i n-ucht Eassa Ruaidh, & ro chuirsiot a stórús isin inis go líon a iomchoimetta maille fris. Do-rattadh dna an t-ordanas i t-tír Dia Luain, & ro suidhighedh é fo ercomhair Chaisléin Bheoil Atha Senaigh. Ruccsat a slogh on mainistir go Mullach Síthe Aodha ar aghaidh an dúnaidh, & i t-timceall an ordanáis. Ro ghabsat Dia Luain, Dia Mairt, & Dia Cédaoín acc d'iubraccadh an bhaile do chaeraibh tromaibh, torannmhoraibh teinntidhi, a gonnadhaibh guthárdaibh gránoibhleachaibh an ordanais iomthruim adhbail mhoir h-ishin ro shuidhighsiot for ionchaibh ar dúnaidh, go c-clos a f-fuamanna & a f-fogharthormán i c-cléithibh aeoir, a f-fod, & i imchein uadhaibh. Ro lasat dronga diomhora do roighnibh a laoch fó bhun an bhaile co trealmaibh toghalta múr leó, co n-eidedh n-imremar niomdaingen n-iarnaighe imá c-corpaibh, co c-cathbarraibh caémhsolustaibh ima cendaibh co léibhend lainderdha do chruinnscciathaibh coimhlethna cruaidh iarainn ina n-uirthimcheall dia n-imdeghail for diubhraicthibh a namat. Nir bó torbha doibh-siumh ón an daghfhuabairt do-bertsat for an dúnaidh, & ba ferr dóibh na tiastais an turas do-dheachatar dia shaighidh, uair ro dáilte as an c-caislen forra froisschetha caer t-taidhligh t-teinntidhe a gonnadhaibh fosaighthe fírdírghe, & a musccaédibh morchostais, & araile do chairrgibh cenngharbhaibh & do tromclocaibh tuinighte, do shailgibh, do shonnaibh baí for taibhlibh an dúnaidh fo ercomhair o n-diubhraicte, co nar bo dion no daingen do lucht na toghla na cumdaighthe battar forra go ro mudhaighedh dronga dermhára dibh-sidhe, & co ro scciothaighedh araill báttar beoghonta co nar ansat re a n-airleach ní badh síri, & do-bertsat a n-dromanna fri a naimdibh co raeimheadh forra gusan c-campa. Batar lucht an dúnaidh acca n-diubhraccadh ina n-deadhaidh co ro marbhadh cinntech ar eccinntech diobh. ----- p.2030 M1597.14 Do-bhertsat drong do marcshloigh Ui Domhnaill saighin iomruaicthi for marcsloigh na n-Gall, & nís tá i f-foraithmet no i c-cuimhne in ro gonadh etorra cenmotha Ua Concobhair Sligigh Donnchadh mac Cathail Oig ro gaetta ei-sidhe don chur sin, uair baí-sidhe & O Concobair Ruadh Aodh mac Toirrdhealbhaigh Ruaidh &Tepoitt na Long co líon a sochraitte i f-farradh an ghobhernora an tan sin. O Domhnaill dna bai-sidhe i t-teirce sloigh, & in uathadh sochaide an Satharn tanaicc an Gobernoir gusan t-tromdháimh sin don tír. Ro bhatar a dhaoíne & a shochraitte acc tecclaim & acc tionol as gach aird ina dochom, go riachtatar a n-urmhor ria midhmedhon Dia Luain. Tánaic din Máguidhir Aodh mac Con Connacht mic Conconnacht & Ó Ruairc Brian Ócc, mac Briain, mic Briain Bhallaigh cona t-tionól ina dhochom, & iar rochtain do na maithibh sin i c-cenn aroile, nír bhó suaimhnech sádhal ro leiccsiot don gobernóir co na sloghaibh, uair