Annals of the Four Masters 5 Author: [unknown] p.1258 M1501.0 AOIS CRIOST, 1501. Aois Criost, Mile, cúicc ced, a h-aon. M1501.1 SEAN mac Rosa mic Tomais Óicc Meg Uidhir baí 'na chanánach coradh h-i c-Clochar, na phearsún, & na airchinnech i n-Achadh Lurchair saoí eccnaidhe earccna i l-laidin, & i n-gaoidhilcc fer ticche aoidheadh coitchind da gach aon nó ricceadh a leas, & a écc in Id Iún. M1501.2 Niall mac Airt mic Eoccain Uí Néill d'écc. M1501.3 Rúdhraighe mac Uí Chonchobhair Fhailgigh, .i. mac Cathaoír mic Cuinn mic An Chalbhaigh d'écc. M1501.4 Rudhraighe mac Meg Mathghamna, .i. Brian mac Remainn do mharbhadh lá cloinn Még Aengusa. M1501.5 Coccadh etir Oirghiallaibh fein,.i. Sliocht Aodha Ruaidh, & Sliocht Remainn. Mág Mathghamhna (Rosa) do breith a chaoraighechta leis for an Lucht Tighe, & Sliocht Remainn do chor as an tír amach i cenn h-Ui Neill. Mág Mathghamhna d'ionnsaicchidh for Shliocht Remainn, & teccmhail dá roile doibh acc Áth an Choileir. ------------------------------------------------------------------------ p.1260 Toirrdhealbhach (.i. mac inghine an iarla) mac Cuinn mic Enri Uí Neill do beith acc congnamh lá Sliocht Remainn. Toirrdhealbhach umorro, mac tighearna a aoísi fodhéin bá ferr do Gaoidhealaibh mharbhadh lá Mág Mhathghamhna annsin & mac Mec Domhnaill Gallocclach (Eoin mac Colla) do mharbhadh co sochaidhibh ele. M1501.6 Mac Meg Uidhir Tomás mac Tomáis Oicc mic An Ghiolla Dhuibh (.i. Mag Uidhir) do mharbhadh ar Sliabh Betha lá cloinn Briain mic Remainn Meg Mathgamna co n-ár a mhuintire ina fharradh. At iad na maithe ro marbhadh ann: Giolla Íosa mac Emainn, Tomás mac Duinn mic Emainn, & Corbmac mac Seain mic Emainn Meg Uidhir, Ruaidhri Buidhe mac Emainn Óicc Meg Uidhir, & Emann, & Maghnus Eoghanach, da mhac Aodha mic Briain Mhég Uidhir, Brian & Donnchadh da mhac Taidhcc mic Dabeid mic Giolla Bhuidhe Mic Maghnusa, & cóiccer don chinidh chedna co sochaidhibh oile do marbhadh amaille friú. M1501.7 Caislén Sliccigh do ghabhail le dreimirib, & tocht fair anuas as a bharr lá cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Concobhair, & lá cloinn Feidhlimidh mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Ui Conchobhair. An Calbach Caoch mac Domhnaill mic Eoccain Uí Conchobhair do mharbhadh ann, & Sean mac Ruaidhri mic Toirrdhealbhaigh Charraigh Uí Conchobhair do thuitim lás An c-Calbhach a f-frithghuin ar in lathair-sin. M1501.8 Aibhne mac Seain Í Catháin do mharbhadh lá a dearbrathair feissin Brian Fionn. M1501.9 Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh (Giolla na Naemh mac sidhe Corbmaic mic Airt) do mharbhadh la Feidhlimidh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir. M1501.10 Emann mac Ricaird A Búrc do ghabháil lé Mac Uilliam Cloinni Riocaird ag tocht ó turus San Sem. Fuasccladh mór do bhein as, & braighde maithe dia muintir imó mac. ------------------------------------------------------------------------ p.1262 M1501.11 Maoíleachlainn mac Uilliam Meg Raghnaill taoiseach Muintire h-Eólais d'écc iar c-cian aoís. M1501.12 Tadhg mac Toirrdhealbhaigh mic Féilim Finn do mharbhadh lá cloinn Ruaidhri Mec Diarmada. M1501.13 Brian mac Ruaidhri Mec Diarmata do mharbhadh a Caislén Tuillsce amach d'aon-urchor soighde, & ní ro h-admhadh cia ros-marbh. M1501.14 Creach la h-Ua c-Concobhair for Chonchobhar Mac Diarmata h-i c-Caisiul Bracáin Uí Brocain, & an baile do losccadh lais. M1501.15 Domhnall Ua h-Uiccinn oide sccol Ereann lé dán d'écc iar d'tocht ó turus San Sém. M1501.16 Donnchadh Ócc Mág Carthaigh mac Donnchaidh mic Corbmaic mic Donnchaidh mic Diarmata mic Corbmaic Fhinn mic Domhnaill Móir d'écc, ticcerna Ealla eisidhe. M1501.17 Toirrdhealbhach O Briain ticcerna Tuadhmumhan do losccadh Chonntae Luimnigh, & Choisi Máighi san n-geimhredh. Annal M1502. M1502.0 AOIS CRIOST, 1502. Aoís Criost, Míle, cúicc céd, a dó. M1502.1 Semus mac Rúdhruighe Meg Mathghamhna comharba Cluana h-Eoais d'écc. M1502.2 Art Ua Gallchubhair & Eóin Ó Loiste dias abbadh baí in imresain fri aroile im abdhaine Easa Ruaidh, & a n-écc in aén-ló co n-oidhche. M1502.3 Mainistir na m-Brathar san c-Cabhan do ghnoucchadh la h-Ua Raghallaigh ón Róimh do na braithribh De obseruantia, i n-acchaidh na m-bráthar De comuni uita. ------------------------------------------------------------------------ p.1264 M1502.4 Tadhcc mac Cuinn mic Domhnaill Uí Neill, Domhnall mac Feilim Uí Neill, Eocchan Bocht mac Neill mic Enrí Uí Neill, & Domnall mac Pilip Meg Uidhir d'écc. 1502.5 Tadhcc mac Tomaltaigh an Einigh Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do mharbhadh go h-aithesach lá cloinn Ruaidri Meic Diarmada h-i c-Coilltibh Cléirigh. M1502.6 Maidhm na Tolcha Finne .i. i n-Glionn Eidhnighe do thabhairt la cloinn Toirrdhealbhaigh Óicc mic Toirrdhealbaigh mic Neill Ruaidh, ar Ó m-Baoighill dearbhrathair a n-athar .i. Niall Buidhe, dú in ro marbhadh Ó Baoighill, Niall cona dhias mac .i. Rudhraighe & Domhnall Ballach co n-druing ele, & ba h-e Ó Baoighill ro indill celcc for cloinn Toirrdhealbhaigh dia ro marbhadh é budhéin. M1502.7 Indsaicchidh lá h-Ua Raighilligh (Sean mac Cathail) ar Pilip mac Toirrdelbhaigh Még Uidhir, & maighréidhe an tíre os cenn Cloinne h-Amhlaoibh do shiubhal & do loscadh leó, & Emann mac Pilip Riabhaigh mic Amhlaoibh co n-druing oile do mharbhadh. Ro marbhadh on t-sluagh-sin Uí Raghallaigh, mac Uí Raghallaigh budhéin .i. Domhnall an Mhagha & mac Mic Maoil Martain Concobhar. M1502.8 Donnchadh mac Conchobhair mic Tomais Óicc Meg Uidhir d'écc do ghaibh cro na n-gon do radadh fair h-i maidhm Sleibhe Betha. M1502.9 Art mac Enri mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh lá h-Art mac Cuinn mic Enri mic Eoghain Uí Néill. M1502.10 Eoghan mac Aodha mic Airt Uí Neill do mharbhadh la h-Aodh mac Cuinn Uí Neill. M1502.11 Cathal mac Maoilechlainn Duibh Még Samhradhain do mharbhadh le cloinn Ui Raghallaigh ar tarraig mic Briain & a cloinne. M1502.12 Slóiccheadh la h-Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, & Mag Uidhir Sean do dhol la mac Uí Dhomhnaill ar ionnsaicchidh i n-Dartraighe Choininnsi ar mac Seain ------------------------------------------------------------------------ p.1266 Buidhe Még Mhathghamhna, & baile mhic Seain Bhuidhe & an tir uile do lomloscadh leó. Creacha an tire do theichemh rempo. Oirghialla ó Abhainn na h-Eóghanacha asteach do bhreith forra, & Sliocht Feidhlimidh Uí Raghallaigh, & Sliocht Donnchaidh Meg Uidhir. Mac Uí Dhomhnaill & Mag Uidhir do imtheacht co crodha cosccarach ar eiccin orra-sin uile, & marbhadh do dhenamh dhoibh ar an tóir im Fheilim mac Conchobhair mic Féilim Uí Raighailligh co sochaidhibh oile, & tocht slán dia t-tighibh. M1502.13 Donnchadh Ua Briain do écc. Mac sidhe Briain mic Conchobhair mic Mathghamhna mic Muirchertaigh mic Toirrdhelbhaigh mic Taidhg mic Conchobhair na Siúdaine mic Donnchaidh Cairprigh &c. Topar sóidh & saidhbresa Muman ar medhón, tighearna ó Ath Dara go Luimneach, & on m-Baile Nua co Mainistir an Aonaigh. Tighearna Ethorlach & Choille Beithne an Donnchadh h-í-sin. Annal M1503. M1503.0 Annal M1503. M1503.0 AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a trí. M1503.1 Ua Beóllain comarba Cholaim Chille i n-Druim Chliabh d'écc. M1503.2 Mag Uidhir Sean mac Pilip mic Tomais Mhoir (.i.An Giolla Dubh) én-rogha d'urradhaibh Ereann ina aimsir, an t-aon Ghaoidheal fá mó trócaire & daonnacht, & as fearr do chaomhain, & do chosain a thír, & a thalamh, dob' fhearr do chléth choccaidh i n-acchaidh ainfine, & coiccríoch, fá fearr smacht, recht, & riaghail h-i ------------------------------------------------------------------------ p.1268 c-cill & i t-tuaith d'ecc ina longport fein i n-Inis Ceithlionn dia domhnaigh do shonnradh iar n-eistecht aifrinn, an sechtmadh callainn April, iar m-buaidh ongtha & aitricche, & a adhnacal i Mainistir na m-Brathar i n-Dún na n-Gall iar t-togha dhó innte. M1503.3 Mac Ui Dhomhnaill .i. Donnchadh na n-Ordócc do ghabháil lé cloinn Chuinn Uí Neill, & Albanaigh badar h-i f-farradh cloinne Cuinn dia breith leó do shaicchidh Ui Dhomhnaill Aodh Ruadh, & Domhnall mac Uí Dhomhnaill do sccathadh Donnchaidh (.i. ocon abhainn dian h-ainm an Daol) & a écc de. M1503.4 Brian mac Aodha Még Uidhir d'écc. M1503.5 Emann mac Eoghain mic Aodha Mhég Uidhir cona mhac, mac Corbmaic mic Aodha Mheg Uidhir & mac Toirrdhealbhaigh Uí Mhaoile Dúin do mharbhadh i n-dibheircc oidhche lá cloinn Bhriain mic Aodha Mhég Uidhir. M1503.6 Mac Uí Catháin (Risderd) do sccathadh lá a dearbhrathair fein Domhnall Cleireách. M1503.7 Tebóid mac Uatéir A Búrc ticcherna Conmaicne Cúile Tóladh cenn daonnachta & dagh-oinigh Gall Connacht d'écc iar seandataidh. M1503.8 Toirrdhealbhach Occ Ua Concobhair (.i. Ua Conchobhair Donn) d' écc i m-Baile Tobair Brighde iar t-trebhloid fhada. M1503.9 Maidhm adbhal-mhór lá Mac Uilliam Cloinne Riocaird for Ua c-Ceallaigh, & for dhreim do Chonmaicnibh Cúile dú in ro marbhadh ermhor a n-gallóglach dibhlinibh do Cloinn n-Domhnaill, & do Chloinn t-Suibhne a t-timceall a c-consapal, & in ro marbhadh Uatér mac Seain A Burc saoí chinn fhedhna esidhe. M1503.10 Tebóid mac Uateir A Búrc ticcherna Musccraige Cuirc do mharbhadh la Donnchadh an Chuilinn mac Uí Cearbhaill & la Conchubhar Ua n-Duibhidhir. ------------------------------------------------------------------------ p.1270 M1503.11 Iarla Cille Dara do dhol h-i Saxaibh, & a teacht fo bhuaidh eiste & a mac baí hi laimh righ Saxan do thabhairt leis. M1503.12 Sluaiccheadh lasan iarla c-cédna lá Gallaibh & la Gaoidhelaib Laighen go Magh Line go Carraicc Fherccusa dia ro bhris caislén Bheóil Fersde, & dia n-dearna constábla h-i Carraicc Fherccusa do mhac an t-Santálaig. M1503.13 Sluaiccheadh adhbhal-mhór la Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe cona comhaontadh Gall & Gaoidhel i t-Tír Eoghain dia ro imthigh Tír Eoghain co h-iomlán, & Uí Eachdach uile co rucc a lurcc iomlán dia thigh. M1503.14 Maidhm lá cloinn Bhriain mhic Neill Gallda in ro marbhadh & in ro gabhadh maithe Gall Chairrge Ferccusa. M1503.15 Raghnall Mór mac Giolla Easpoig mac mic Domhnaill consapal Albanach Éreann, do écc i n-Duibhtrian Uladh. M1503.16 Aodh mac Conchobhair mic Uí Conchobhair Ruaidh, & Ruaidhri mac Donnchaidh Dhubhshuiligh dá thanaisi thocchaidhe do mharbhadh a meabhail lá sliocht ócc Fheidhlimidh Fhinn Uí Chonchobhair. M1503.17 Feidhlimidh mac Maol Ruanaidh Meg Raghnaill dagh-adhbhar taoísicch for a dhuthaigh, & Dondchadh Baisileir mac Maoíl Tuile d'écc. M1503.18 Mag Carthaigh Mór .i. Tadhcc mac Domhnaill Óicc d' écc, cosnamhach a athardha, islightheóir a namhat, ardaightheóir a charat an Tadhg isin. M1503.19 Corbmac mac Donnchaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc. Fer ga raibhe tighearnais & tánaisteacht O c-Cairpre do neimhched dherbhrathar a athar .i. Diarmata an Dúnaidh. M1503.20 Ridire an Ghlenda d'écc .i. Emann mac Tomais, mic Pilip mic Seain mic an Ridire. M1503.21 Tadhcc Boirneach, Murchadh, & Mathghamhain, clann Mathgamhna Í Briain, Conchobhar mac Briain mic Muirchertaigh mic Briain Ruaidh, & mac Uí Lochlainn Conchobhar mac Ruaidhri mic Ana, & Muirchertach, mac Toirrdhealbhaigh, mic ------------------------------------------------------------------------ p.1272 Murchaidh mic Taidhcc do dhol la mac Uí Flaithbertaigh .i. Eoghan i n-Iarthar Connacht co sochhaidhe moir maille friú iar ná t-tarraing don Eoghan chédna i n-aghaidh a bhraithrech (Ruaidhri Ócc & Domhnall an Bháid dá mhac Í Flaithbhertaigh). As ann bádar-sidhe ar a c-cionn a b-foslongport ag an c-Caolsháile Ruadh. Ro ionnsaigset Siol m-Briain & Eoghan an foslongport, & do-ronsat crecha & édala. Leanait clann Í Fhlaithbhertaigh & an tír a t-toraighecht iad go ro fighedh iorghal etorra, go t-torchratar clann Mathgamhna Í Bhriain, & Eoghan Ó Flaithbhertaigh lá Muintir Flaithbheartaigh don chur-sin. Annal M1504. M1504.0 AOIS CRIOST, 1504. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a cethair. M1504.1 Giolla Patraicc Ó Con Dálaigh (.i. mac Enri) abb Cluana h-Eoais, iar n-gnoucchadh epscopoide Clochair dó d'écc. M1504.2 Pilip Ó Raghallaigh abb Cenannsa, & a dherbhrathair Eoghan, cananach baoí isin m-baile cédna d'écc. M1504.3 Maghnas mac Briain mic Donnchaidh abb Mainistre na Trinóide for Loch Ce comhrair & ciste coimheda eccna & eolais, Connacht d'écc, h-i c-Cíll Duibh Dúin, & a adhnacal in Oilén na Trinoíde ar Loch Cé. M1504.4 Toirrdhealbach Mag Uidhir cananach coradh i Clochar, persún Doire Mhaoláin & prióir Locha Deircc do thuitim do sdaighre cloch i m-Baile Atha Buidhe im féil Patraic co ro écc de, & a adhnacal i Mainistir an Chabhain. M1504.5 Ruaidhri Mag Mathgamna biocaire Cluana h-Eoais d'écc. ------------------------------------------------------------------------ p.1274 M1504.6 Conchobhar mac Ruaidri mic Diarmatta tanaisi Shil Maol Ruanaidh, mac tigearna bá treisi tainicc dá dhúthaigh ré cian d'aimsir do mharbhadh la Mac Diarmata i m-Bealach na n-Urbróintedh. M1504.7 Art mac Cairpre mic Aedha Uí Neill cona mhac & cona dherbhrathair do marbhadh la Sliocht Rémainn Még Mathghamna. M1504.8 Brian mac Meg Uidhir (Sean mac Pilip) & Mag Samhradhain Emann d'écc. M1504.9 Mac Diarmatta Moighe Luircc (Conchobhar mac Ruaidhri Mic Diarmatta) do mharbhadh lá Maol Ruanaidh mac Tomaltaigh Mic Diarmatta. M1504.10 Flaithbertach mac Failge mic Briain Mic Caba do mharbhadh lé Brian mac Alaxandair Oicc Mic Cába. M1504.11 O Cianáin Giolla Pattraicc mac Taidhcc, Maoilechlainn mac Athairne Uí Eódhosa, O Caiside Cuile (.i. Piarus mac Tomais) ollamh leagha Mheg Uidhir, saoi dearbhtha i leighionn, & h-i f-fisicceacht, fer tighe aoidhedh coitchinn, & Aindrias Mag Craith mac comarba Termoinn Da Bheócc biatach coitchenn d'écc. M1504.12 Maidhm Bheoil Atha na n-Garbhán do thabhairt lá Sean A Burc mac Uillicc mic mic Uillicc mic Riocaird tánaisi Cloinne Riocaird for Ua c-Ceallaigh du h-i t-torchair Uatér mac Seain mic Tomais A Búrc adhbhur tigearna Conmaicne co sochaidhe móir amaille fris do Cloinn n-Domhnaill, & do Cloinn n-Dubhghaill. M1504.13 Tri caisléin lá h-Ua c-Ceallaigh do briseadh lé Mac Uilliam (.i. an tres Uillecc) .i. an Garbhdhoire, Muine an Mhedha, & Gallach conadh treimhid-sidhe do chuaidh Ó Ceallaigh Maoilechlainn d' éccaoíne a imnidh ris an iustis dia ro cuireadh maidhm Cnuic Tuagh. ------------------------------------------------------------------------ p.1276 M1504.14 Slóicchedh adhbhal do thecclamadh lasan iustis Geroitt mac Tomais iarla Chille Dara. Do dheachattar céttus maithe Leithe Cuinn ina dhochumh .i. Ó Domhnaill Aodh Ruadh, & a mhac co maithibh Chenél Conaill, & drong dho Chonnachtaibh .i. Ua Conchobhair Ruadh, Aedh mac Feilim Fhinn, & Mac Diarmada tigerna Maighe Luircc. Tangattar bheós maithe Uladh cenmotha Ó Néill isin tionol chedna .i. Art mac Aedha Uí Neill tanaisi Chenel Eoghain, Domhnall mac Mhécc Aénghusa, Mag Mathghamhna, & Ó h-Anluain. Tangattar dna Ó Raghallaigh, O Ferghail .i. an t-epsop, Ó Conchobhair Failge, Siol c-Ceallaigh, & Clann Uilliam Burc, & Leth Cuinn uile d'urmhór, ní ro ansat na sloigh lan-mhora h-ísin co rangatar co Cloinn Riocaird. Mac Uilliam Cloinne Riocaird dna, ro thionóil sidhe slóigh iomdha adhbhal-mhora ina n-aghaidh-sidhe .i. Toirrdhealbhach Ua Briain (.i. mac Taidhcc) tighearna Tuadhmumhan cona braithribh cona thionol, & go Síol Aodha arcena, Maol Ruanaidh Ua Cerbhaill .i. tighearna Ele cona thuathaibh & taoíseachaibh, & co maithibh Urmumhan, & Aradh. Do-ronadh comairle crodha andsin la Mac Uilliam, & lá h-Ua m-Briain cona sochraide .i. gan umhla na eidiredha do thabhairt don lucht baí ar a c-cionn, acht a f-freccra im cath h-i c-Cnoc Tuagh do shonnradh. Gnither cath crodha etorra dana frith a ionnshamhail isna deidhenchoibh co clos co fada o na fedhnachaibh cathais na c-caith-mhileadh, fedhmanna na f-feindedh, Ruathar na ------------------------------------------------------------------------ p.1278 ríoghlach, torann na t-triath, & brosccar na m-buidhen aga m-baoghlucchadh, muirn & menmanradh na macraidhe, tuinnsiomh na t-trein-fhear aca t-trasccradh, & iomfhorcraidh na n-uasal ar na h-uirislibh. Maidheadh tra an cath fo dheóidh ar Mac Uilliam ar Ua m-Briain, & for Leith Mogha, & ro ládh a n-ár im Murchadh mac Uí Briain Aradh co sochaidhe do shaor-clandaibh oile. Airm umorro i rabhatar na naoi c-coirighthe gallocclach ina c-cipe comhdhaingen chatha ní terna dibh náma achtmadh aon-chorucchadh esbadhach. Ro marbhaitt, & ro mudhuighit dronga dirmhe do shochraide an iustis ger bhó rempa ro ba raén. Bá dícumhaincc áiremh nó aisneis in ro marbhadh do mharcshluagh & do throicchteachaibh isin cath-sin ar bá doimtheachta an maighen fors m-bátar la h-aidhbhle & lá h-ioliomat na nécht n-ionnchomhartach ina b-faoínlighibh ar na b-fiarledradh, na c-craoiseach arna c-coimhmbriseadh, na sciath arna scoltadh na c-cloidhemh catha arna m-blodhadh na c-colann c-ciorrtha c-cros-bhuailte sínte sechmharbh, & na n-giolladh n-ócc n-amhulchach co h-athéidigh arna n-oideadh. Iar sraoíneadh an madhma-sin lasan iustis ro comarleicc fri h-Ua n-Domhnaill dol fo chédoir go Gaillimh. IS ead at-bert Ua Domhnaill fris, ro marbhait, & ro mudhuigit ar se sochaidhe diar muintir & ata araill dibh co h-esraite inar n-eccmais. IS eadh is téchta ann airisemh anocht isin maighin-so a n-ionnchomartha cosccair, & foslongport do dhenamh linn uair tiocfait ar f-fianlach, & ar n-anradh inar n-dochum la tabairt ------------------------------------------------------------------------ p.1280 aithne for ar meirgedhaibh, & for ar m-bratachaibh. Do-ronadh fair-siumh sin. Luidh an iustis & O Domhnaill arabharach go Gaillimh, & da mhac Mic Uilliam, & a inghen a laimh lásan iustis, & bátar adhaidh isin m-baile a f-fochair aroile co subhach soimhenmnach iarsan c-cosccar rémhráite. Lodar iaramh co h-Áth na Ríogh, & fuairset an baile for a c-comus. Celebraidh Ua Domhnaill & na maithe archena don iustis, & teid cach uaidhibh dia t-tighibh. M1504.15 Fuabairt feille for Ua Neill (.i. Domhnall) la Tadhcc Ua n-Óccain cona chloinn h-i c-caislén Uí Neill fein .i. Dun Genainn, & an caislén do ghabháil dóibh. Ro dióghail Dia an gniomh-sin forra fo chedóir uair ro benadh an baile diobh, & ro crochadh Tadcc & dias dia chloinn, & ro sccathadh an tres mac do chloinn an Taidcc chedna. M1504.16 Finghin (.i. Mag Carthaigh Riabhach) mac Diarmada an Dúnaidh Még Carthaigh tighearna Ua c-Cairbre d'écc, & a bhrathair Diarmait mac Diarmata an Dúnaidh do ghabhail a ionaid. M1504.17 Uilliam Mac Dauid mic Emainn d'écc. Tomas a bhrathair ina ionad. Annal M1505. M1505.0 AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, a cúicc. M1505.1 Donnchadh Ua Cathain abb Mainistre Mhaighe Cosccrain do crochadh la Diarmaitt mac Ruaidhri mic Maghnusa Uí Cathain, & Diarmaid fein do sccathadh trias an n-gníomh-sin. M1505.2 Emann Dorcha (do sliocht an Ridire .i. an t-Simunaigh) prioir Fobhair d'écc. M1505.3 Labhras Ua Flannaccain prioir Daimhinsi d'écc. M1505.4 Domnall mac Airt mic Eoghain Uí Neill do mharbhadh la Brian mac Cuinn mic Enri mic Eocchain Uí Neill. ------------------------------------------------------------------------ p.1282 M1505.5 O Domhnaill Aodh Ruadh mac Néill Gairbh mic Toirrdhealbhaigh an Fhíona ticcherna Tíre Conaill, Insi h-Eoghain, Cenél Moain, & Iochtair Chonnacht fer dár ghiallattar Fir Manach, Oirghialla, Clann Aodha Buidhe, an Rúta & Cathánaigh, Ro ghiallsat dna Goill, & Gaoidhil Connacht ó Mac Uilliam Cloinne Riocaird anuas dó, & gidh eisidhe ann do dhioghail Ó Domhnaill a anumhla fair a leithre dol ina dhúthaigh dá aimhdheóin co meinic cona baí aen cethraimhe fherainn ó Shuca anuas & o Sliabh O n-Aedha don taoíbh thiar nach raibhe fó chíoschain d' Ua Dhomhnaill. An t-Ua Domhnaill-si tra escca iomlan einigh & uaisle an Tuaisceirt, fer bá mó grenn, & gaiscceadh, fer bá ferr ionnsaicchidh & anadh, fer rob ferr smacht, reacht, & riaghail baí i n-Erinn ina aimsir do Gaoidhealaibh, ar ní déntaoí do choimhéd i t-Tir Chonaill ré a linn acht iadhadh dorais na gaoithe nama, fer bá ferr do chiond ecclaisi, & eiccsi, fer ro thiodhlaic almsana aidhble i n-onóir an choimdhe na n-dul, fer las ro turccbhadh & las ro cumhdaighedh caislén cétus i n-Dun na n-Gall fó daigh gomadh inneoin fhosaighthi dia clannmaicne ina dheadhaidh, & mainistir bhrathar De obseruantia i t-Tír Conaill .i. Mainistir Dhúin na n-Gall, fer lasa n-dearnadh iliomat do chreach-sluaighedhaibh timchill fó Erinn, fer dár díles August Iarthair Thuaisceirt Eorpa do rádh fris, d'fhaghail bháis iar m-buaidh ó dhomhan & o dhemhan, iar n-ongadh, & iar n-aithrighe tocchaighe ina longport fein i n-Dún na n-Gall dia h-aoíne do shonnradh isin cuíccidh íd Iulii, isin ochtmadh bliadhain sechtmoghat a aoisi, & isin cethramhadh bliadhain cethrachat a fhlatha, & a adhnacal i Mainistir Dúin na n-Gall. M1505.6 Mag Cártaigh Cairbreach .i. Finghin mac Diarmata an Dúnaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc, & a derbrathair Diarmait do ghabháil a ionaidh. M1505.7 Feidhlimidh mac Neill mic Airt mic Eoccain Uí Neill do mharbhadh la cloind Toirrdhealbhaicch Uí Mhaoíle Dúin. ------------------------------------------------------------------------ p.1284 M1505.8 Mac Domhnaill Gallocclach (.i. Colla mac Colla) consapal Uí Neill do mharbhadh i n-Ard Macha la Giolla Easpuicc mac Somhairle Ruaidh Mic Domhnaill. M1505.9 CReach lá cloinn Giolla Patraicc mic Emann Meg Uidhir ar chloind óicc an Emainn cedna, Brian, & Eocchan, & Eocchan do mharbhadh lá cloinn Giolla Patraicc a t-toraigheacht na creiche, & Fergus Mor Mac Caba do mharbhadh o chloinn Giolla Patraicc don chur-sin. M1505.10 Mac Mheg Uidir (.i. Sean mac Pilip) .i. Toirrdhealbhach, & dá mhac Taidhg Még Gafraidh, & Tadhcc Occ mac Emainn Mic Gaillgille, co n-ocht feraibh décc amaille friu do bháthadh i c-coite for Loch Eirne. M1505.11 Mac Uí Fhlannaccain, Corbmac mac Corbmaic d'écc. M1505.12 Sluaiccheadh la mac Uí Dhomhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) h-i t-Tir n-Eocchain, & Baile i Neill (.i. Domhnaill) Dún n-Genainn do losccadh leis, & baile Aodha mic Domhnaill Uí Néill, & o Abhainn Mhóir asteach d'imtheacht dó gan frithbheart fris. Suidhe fa Chaislén na Deircce dhó ar a iompúdh, an caislén do gabhail dó (.i. ar cloinn Neill mic Airt), & a uárda d'faccbháil ann. Dol dó as sin go Cill Mic n-Enáin, & tigearna do ghairm dhe fór Thír Conaill an dara lá d'August do thoil Dé & daoíne. M1505.13 Cairpre mac Briain Uí Uiccinn oide lé dán d'écc i n-Iarthar Midhe, & Brian Ócc mac Briain mic Domhnaill Chaim Uí Uiccinn d'écc. M1505.14 Sean mac Riocaird A Búrc rogha Gall macaemh Ereann do marbhadh a meabhail h-i Mainistir Topair Patraicc lá cloinn Uillic A Búrc. M1505.15 Caislén Bhaile an Tobair do ghabhail la h-Ua Conchobhair n-Donn, & la Mac Diarmada for Shliocht Gráinne inghine Uí Cheallaigh. Sídh do dhénamh dhóibh & a n-duthaigh do thabhairt do Sliocht Grainne. ------------------------------------------------------------------------ p.1286 Annal M1506. M1506.0 AOIS CRIOST, 1506. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a Sé. M1506.1 Tomas Buidhe Mac Cosccraigh, oirchinneach Cluana h-Eoais, & Sean Ó Fiaich oirchinneach ar trian Airidh Bhrosccaigh d'écc. M1506.2 Mac Mhég Uidhir Aedh mac Emainn mic Tomais Óig Még Uidhir do mharbhadh a t-tóraigheacht creiche do-rinnedh lá cloinn Chuind mic Enri Uí Néill ar Cúil na n-Oirer & ba h-e Pilip mac Emainn mac Giolla Pattraicc ro marbh eisiumh. M1506.3 Semus mac Pilip mic An Ghiolla Duibh Még Uidhir fer connail cráibdeach eisidhe do écc & a adhnacal i n-Dún na n-Gall. M1506.4 Maghnas mac Gofradha Ruaidh Még Uidhir & mac Briain Theallaighe Echdhach (.i. Feilim) d'écc. M1506.5 Tomas mac Oiliuer Ploingced do mharbhadh la Sliocht Mathgamhna Uí Raghallaigh .i. las An c-Calbhach mac Feidhlimidh, & lá a chloinn. Coccadh Gall & Gaoidhel d'eirge trít-sin. M1506.6 Mac Uí Cathain .i. Brian Fionn mac Seain do mharbhadh la Domhnall mac Neill mic Enri mic Eoghain Uí Néill, & mac don Brian-sin do mharbhadh la Donnchadh Ua Catháin. M1506.7 Mac Uidhilín .i. Ualtar mac Corbmaic mic Seinicin do mharbhadh la h-Ua c-Cathain .i. Tomas mac Aibhne, & ro marbhadh araon ris dá mac Tuathail Uí Domhnaill, dá mac Uí Eghra, tri mic Uí Baoighellain, & dá mac Uí Chuind, & seacht fir dhécc do maithibh a thionóil isin Rúta do shonnradh. M1506.8 Aodh Ruadh mac Glaisne Még Mathgamna do mharbhadh la h-Ua Raghallaigh (Sean mac Cathail) & la a chloinn. M1506.9 Domhnall Ua Craidhen, cennaighe craibhdech coccusach d'écc acc eisteacht aifrinn i n-Dun na n-Gall. M1506.10 Paidín Ua Maol Chonaire en-rogha Ereann ina aimsir lé senchus, & lé filidhecht d' écc. ------------------------------------------------------------------------ p.1288 M1506.11 Ath Truim do losccadh do tene doait. M1506.12 Mag Carthaigh Cairbreach .i. Diarmaid mac Diarmada an Dúnaidh mic Domhnaill Riabhaigh d'écc. M1506.13 O Cathain Tomás mac Aibhne, & clann t-Seain mic Aibhne Donnchadh & Domhnall Clereach do dhol tar Banna soir go t-tuccsat airghedha, & gregha iomdha leó, & teacht go n-iolach & go n-aithes for c-cúla. M1506.14 Caitilin inghen iarla Desmhumhan .i. Tomas mac Semais baintighearna Ua c-Cairpre ben dercach deigheinigh d'écc, as lé do-rónadh an Benn Dubh, & Dún na m-Bend. M1506.15 Droichet Phuirt Croisi for Sionainn do dhénamh la h-Ua m-Briain, Toirrdhealbhach mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh, & la Domhnall a dearbrathair, la h-epscop Chille Da Lua & la h-epscop Chille Fionnabhrach. Annal M1507. M1507.0 AOIS CRIOST, 1507. AoiS CRiost, Mile, cuicc céd, a Seacht. M1507.1 Seon Pauint epscop na Midhe brathair presediurlesidhe, & Piarus Ua Maol Uidhir abb Clochair d'écc. M1507.2 Grainne inghen Még Uidhir (.i. Emann) ben Pilip mic Toirrdhealbhaigh, ben dhércach deigh-einigh, & Cataríona inghen Chon Chonnacht mic Maghnusa Mhég Mathghamhna d'écc. M1507.3 O Flannaccain Tuaithe Ratha Muircheartach mac Muircheartaigh d'écc. M1507.4 Greis oidhche lá Niall Ruadh mac Domhnaill mic Neill Gairbh. ------------------------------------------------------------------------ p.1290 M1507.5 Enri mac Aedha Uí Neill saoí chinn fhedhna duine bá ferr aithne ar gach ealadhain d'écc. M1507.6 Feilim Mag Uinnsennáin oficel Tire Conaill breithemh tocchaidhe saoí chlérigh co c-crabhadh & co c-caoíngniomhaibh d'écc .12. Iulii. M1507.7 Siubhán inghen Mhég Mathgamhna (.i. Aedh Ruadh) d'écc. M1507.8 Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill (Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh) i t-Tír Eoghain. Foslongport dó dhénamh dho im chaislén Uí Néill (Dún Genain) & sochaidhe do mharbhadh do lucht an bhaile im Mac Gilla Ruaidh .i. Brian, & Ó Néill do dhenamh síodha fris Ua n-Domhnaill. Ua Domhnaill do dhol asidhe h-i c-cenn an iustis, & Cenel Moain do chreachadh la h-Ua Neill 'na dheadhaidh, & Brian mac Uí Gairmleadhaigh do mharbhadh lais. M1507.9 Niall mac Cuinn mic Aedha Buidhe mic Briain Bhallaigh Uí Neill do ghabhail lá muintir Cairrge Ferghusa, a beith ré h-athaidh h-i laimh, & a légeadh amach iar sin, & sé braighde décc do buain ass. M1507.10 Coccadh eter Ó Neill & clann Cuinn Uí Neill. Clann Airt do beith do thaobh cloinne Cuinn, & tri creacha do dhénamh leó ar Chenel Feradhaigh. Creacha mor do dhénamh la h-Ua Neill ar cloinn Airt fo dhéoidh. M1507.11 Aodh mac Toirrdhealbhaigh mic Pilip Még Uidhir do mharbhadh la mac Uí Ruairc, Tighernán Ócc mac Eocchain. M1507.12 Mac Meg Uidhir (Tadhcc mac Conchobhair mic Tomáis Óicc) do mharbhadh lá cloinn Donnchaidh Meg Uidhir & lá Remann Ócc Macc Mhathghamhna. M1507.13 Caislen mór Cairrge Fergusa, & mére an bhaile feissin do ghabháil lá Niall mac Cuinn (ro gabhadh leo-somh feacht riamh) & a braighdhe fein do bhí san c-caislén do bhuain amach dhó. M1507.14 Teampall Achaidh Beithe do losccadh, & ermhór maithesa an tíre do losccadh ann. M1507.15 Emann mac Tomais Óicc mic Tomais Óicc d'ecc do thinneas aon-oidhche. M1507.16 Ua Dúnáin Dhomhnaigh Maighe Da Claoíne do mharbhadh do shadhadh do scín la a do bhrathair fein Giolla Padraicc mac Pilip. ------------------------------------------------------------------------ p.1292 M1507.17 Brian mac Mheg Samhradháin (Domnall Bernach) do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Aedha mic Eocchain Meg Samhradháin. M1507.18 Mac Conmidhe (Solamh mac Seain mic Solaimh) ollamh Uí Neill saoí i n-dán i f-foglaim, & h-i f-filidheacht, & fer tighe aoidhedh coitchinn d'ecc .30. October. M1507.19 Mag Craith, Tomas (.i. mac Pilip mic Tomais mic Maol Muire Óig mic Maol Muiri Moir), Ua Cuill Cend Faoladh, O Dálaigh Fionn Gofraidh, O Dálaigh Cairpreach Aengus (.i. mac Aengusa Caoích) & Ó Gérain (Sean .i. mac Concobair) d'écc. M1507.20 Mac an Bhaird Airghiall, Giolla Padraicc mac Aodha, & Tuathal Buidhe mac Adhaimh Gairbh Mic an Bhaird do mharbhadh araon lá Coin Uladh Uá Condalaigh & lá a braithribh. M1507.21 Caislén Droma Dá Ethiar, & Caislen na Deircce do thuitim. M1507.22 An Barrach Ruadh Sémas mac Semais do dhol dia oilithre don Spáinn co maithibh a mhuinntire araon ris, & iar n-denamh a n-oilithre dóibh do chuatar h-i luing do shoadh ina f-frithing & ní fes a m-bás nó a m-beatha ó shin alle. Domhnall mac Taidhcc mic Giolla Míchil Í Fhiaich sáith Ereann, & Alban d'oide lé senchus a t-tuiccsi laidne, & filidheachta do bhathadh h-i f-farradh An Bharraigh ar an oilithre-sin adubhramar. M1507.23 Sean A Búrc, mac Uillicc, mic Uillicc, mic Riocaird Óicc tanaiste Cloinne Riocaird saor-clann Gall Ereann soidheach lán d'eineach, & d'fhirinne, tinne cruadha lé cotucchadh d'écc. Annal M1508. M1508.0 AOIS CRIOST, 1508. Aois Criost, Mile, cuicc ced, a h-ocht. M1508.1 Maighi Mag Craith epscop Cluana Ferta saoí rathmar riaghalta ceillidhi craibdeach, d'écc, & Dauidh mac Tomais A Búrc d'écc ar slicchidh na Rómha iarna oirdneadh ina ionadh isin epscopóide. ------------------------------------------------------------------------ p.1294 M1508.2 Tomas Ó Congaláin epscop Oilefinn, & Uater A Blác epscop Cluana Mic Nóis d'écc. M1508.3 Uilliam Ócc mac Airt Mic Cathmhaoíl deganach Clochair d'écc, dearbrathair sidhe d'Eócchan d'epscop Clochair. M1508.4 O Maol Muaidh (Aodh Ócc) do mharbhadh ina chaislén feisin lá a bhraithribh budhdhein. M1508.5 Domhnall Ua Briain (.i. mac Thaidhcc mic Toirrdhealbhaigh) tanaisi Tuadmumhan, & Geroitt mac Aodha mic Cathail Uí Raghallaigh d'écc. M1508.6 Mac Mécc Mathghamhna, Remainn Ócc mac Remainn do mharbhadh i n-Domhnach Maighe Dhá Chlaoíne lá féle Patraicc lá mac Mhég Uidhir Pilip mac Emainn. Bá h-amhlaidh do-rónadh an gníomh h-isin Pilip do dhol i n-onoir Patraic d'éisteacht oiffrinn don bhaile, & amhail bátar occ an oiffrionn isin ecclais do-ruacht Rémann Ócc go m-buidhin móir ina fhochair imon tempall. Ro h-adhnait teinte leo h-i c-ceithre h-airdibh an tempuill. Arna chluinsin sin do mac Meg Uidhir do ráidh nach leíccfeadh Tempall Patraicc do losccadh. Ro ghreis a mhuintir im chalma do dhenamh, ticc Pilip cona braithribh amach i n-anmaim Dé, & Patraic. Do-rala etorra cor trascradh Remann dia eoch & ro marbhadh iaramh cona chomhalta amaille fris .i. mac Briain Ruaidh Mic Giolla Brighde & gabhthar bheós braighde ann co ro móradh ainm Dé & Patraic trít-sin. M1508.7 Corbmac Ó Cianáin saoí shenchadha & fhir dhána & Donnchadh mac Briain mic Pilip Még Uidhír d'écc. M1508.8 Muirchertach mac Aedha mic Ferghail Óicc mic Ferghail Ruaidh Meg Eochchaccáin do mharbhadh lá a bhraithribh féin. ------------------------------------------------------------------------ p.1296 M1508.9 Pilip mac Briain mic Feidhlimidh Uí Raghallaigh cend fedhna, & fer tighe aoidhedh, fer lán d'aithne ar gach ealadhain d'écc iar m-buaidh ongtha & aithricche. M1508.10 Ticchernan Ócc mac Eoghain (.i. Ó Ruairc) Uí Ruairc do mharbhadh lá Sean mac Tighernáin Fhinn Uí Ruairc. M1508.11 Niall mac Alaxandair Mic Cabba, & Enrí mac Briain Mic Caba d'écc. M1508.12 O Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh do thocht i n-ethraibh for Loch Erne, & caislén Insi Ceithlionn d'faghail do ó Ruaidhri Mag Uidhir, & O Domhnaill do thabhairt an chaisléin do Philip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, & braighde an tíre d'fhaghail d'Ua Domhnaill. O Neill .i. Domhnall, & Mag Uidhir .i. Conchobhar do theacht co h-Inis Ceithlend do shaighidh Uí Dhomhnaill & a riarucchadh doibh, & sídh do dhenamh fris. Pilip mac Briain Még Uidhir do briseadh a caisléin fein ar eccla Uí Dhomhnaill, & clann Briain fein d'fháccbáil an tíre .i. Ruaidhri do dhol h-i c-cenn Uí Ruairc, & Pilip h-i c-cend Airt Óicc mic Cuinn Uí Néill. M1508.13 Mac Uí Catháin (Gofraidh mac Tomais) do marbhadh la Sliocht Maghnusa Uí Catháin. M1508.14 Eóin Mac Domhnaill Guirm do marbhadh lá Mac Uidhilín. M1508.15 Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill i n-Iochtar Chonnacht, & braighde Iochtair Chonnacht do thabhairt lais dia thigh. M1508.16 Brian mac Pilip mic Donnchaidh Meg Uidhir do ghabháil lá Mag Uidhir h-i t-Tempall Achaidh Lurchaire. M1508.17 Pilip Ócc Mac Amlaibh .i. mac Pilip Riabhaigh mic Briain mic Amhlaoibh mic Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh Meg Uidhir d'écc. Cenn a aicme fein & fer tighe aoidhedh esidhe. M1508.18 Corbmac mac Neill mic An Ghiolla Duibh mic Aedha do mharbhadh la Teallach Eachdhach, & lá cloinn Pilip mic Briain Meg Uidhir ar greis oidhche. M1508.19 Emann mac Maghnusa Uí Gairmledhaigh do mharbhadh lá Conn mac Néill ------------------------------------------------------------------------ p.1298 Bhernaigh mic Enrí mic Eoghain, & Conn fein do mharbhadh la Brian mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain isin mí cédna. M1508.20 Indsaicchidh lá cloinn Donnchaidh Meg Uidhir (Tomas, Pilip, Feidhlimidh) & lá cloinn t-Seain Buidhe Meg Mathghamhna ar Mhag Uidhir Conchobhar. Mag Uidhir d'eirghe ina n-acchaidh & briseadh dó forra. Feidhlimidh mac Donnchaidh do mharbhadh leis. Brian mac Seain Buidhe Még Mathghamhna do bhualadh & do ghabhail lais, & Eóccan mac Tómais mic Airt Rúaidh Még Mathghamhna do gabhail bhéos. M1508.21 Creacha móra lá h-Art mac Cuinn Uí Néill ar Chenél Fearadhaigh. Eoghan mac Uí Neill, & clann Mec Cathmhaoil do breith fair. Aenghus mac Somhairle Bhacaigh do mharbhadh ó Art & Art fein d'imtheacht ar éiccin & na crecha do breith lais. M1508.22 Aibhilin inghen Uí Chatháin (.i. Tomas), ben Eoghain Rúaidh meic Uí Neill d'écc. M1508.23 Domhnall (.i. mac Ui Briain Ara) mac Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh na Raithinighe, saoí chinn fedhna bá caoín lé cairdibh, bá h-aindiuid lé h-easccairdibh d'écc iar c-caithemh a n-gar do chéd bliadhain lé h-uaisle, & lé h-oirbhert. M1508.24 O h-Eidirscceoil Mór Conchobar mac Fínghin mic Miccon d'écc. Fer crodha cosantach, cara na n-órd, & na n-eicces esidhe, & a mac Finghin d'óirdhneadh na ionadh iarná thabhairt amach, ar ro baoí h-i laimh h-i c-Corcaigh tuilleadh ar bliadhain. M1508.25 Mag Carthaigh Mór Domhnall mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc fer séghainn so-aghallmha aga raibhe aithni isna h-ealadhnaibh d'écc. M1508.26 Coccadh d'eirghe eter Tadhg mac Domhnaill .i. mac don Mácc Cárthaigh-sin, & derbrathair Még Cárthaigh .i. Corbmac Ladhrach mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc dia t-tainicc díth daoíne uair do thuit ocht fichit décc co tuilleadh etorra. M1508.27 Mac Mic Piarais d'écc .i. Semus mac Emainn mic Semais mic Uilliam mic Mic Piarais Buitiler. ridire ar laim & laoch ar ghaiscceadh esidhe. ------------------------------------------------------------------------ p.1300 M1508.28 Mainistir Baile Uí Ruairc da n-goirther Carruicc Patruicc h-i c-Connachtaibh i n-epscopóidecht Ard Achaidh do thionnsgnadh lá h-Ua Ruairc Eóghan & lá a mnaoi Mairghrég inghen Conchobhair Uí Briain. Annal M1509. M1509.0 AOIS CRIOST, 1509. Aois Criost, Mile, cúicc céd, a naoí. M1509.1 Brian mac Taidhcc Mheg Uinnsennáin officel Clochair d'écc. M1509.2 Donnchadh Mag Ruaidhri airchinneach Machaire na Croise, fer umhal iniseal ar sheirc n-Dé, & fer congmhala aoidhedh d'écc. M1509.3 Mac Uí Neill Art mac Cuinn mic Enrí mic Eoghain do ghabháil a b-fhioll lé h-Art an Chaisléin mac Neill mic Art mic Eoghain Uí Néill iar m-beith ina cháirdes Criost aicce, & iarna thochuireadh chuicce dia chaislén fein, & a mhac Niall Mac Airt & Feilim Ua Maoíleachlainn do ghabhail amaille fris, & a t-tabairt h-i l-laimh Uí Domhnaill & buaidhredh mór do theacht trésan n-gabháil-sin. M1509.4 Slóiccheadh lasan iustis iarla Cille Dara h-i t-Tir Eocchain ar tharraing cloinne Cuinn Uí Neill, & caislen Dhuine Genainn (.i. caislén Í Neill) d'fhaghail do cloinn Chuind riasiú tainic an iustís ina thimcell. An iustís do dhol as-sin im chaislén na h-Oghmuighe co ro gabadh lais. Ro gabadh lais ann Toirrdhealbhach mac Neill mic Airt Uí Neill, & Eocchan Ruadh Mac Suibhne. Ro briseadh an caislén lasan iustis, & do-choidh iarsin dia thicch. M1509.5 O Neill Domhnall mac Enri mic Eoccain tighearna Tire h-Eoghain, fer as mó ro mhill & imor milleadh, & as mó do-róine do choccadh, & do chreachaibh acc ------------------------------------------------------------------------ p.1302 cosnamh ticchernais co ro ghabh é fo dheóidh, d'écc an seiseadh lá do mhí August, & Art mac Aodha mic Eoghain Uí Neill d'oirdneadh ina ionadh. M1509.6 Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh ar Mac n-Diarmata co ro mhill móran h-i Maigh Luircc. Tomas mac Remainn mic Pilip Még Uidhir mac do mharbhadh ón t-sluagh, & Ó Domhnaill d'ionnpúdh tar a ais don turus-sin. M1509.7 O Baoighill (Emann Buidhe mac Neill) do marbhadh isin oidhche d'aon-urchor gae la Conchobhar Ócc Ua m-Baoighill h-i Luachros. M1509.8 Art Ó Neill do lécceadh as a bhraighdenus, & braighde ele do dhol as .i. a mhac fein, & a dherbrathair Brian. M1509.9 Pilip mac Briain mic Pilip Meg Uidhir, Maol Mórdha mac Failge mic Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh, & Eoghan mac Cuinn mic Aodha Buidhe Uí Neill d'écc. M1509.10 Indsaicchidh lá Brian mac Cuinn Uí Neill ar Sliocht inghine Mec Murchaidh ar brú Locha Laoghaire. Enrí Ócc mac Enrí Óicc, Eoccan mac Neill Bhernaigh Uí Néill, Brian mac Neill Bhernaigh, & mac Aodha Bailbh Uí Neill do mharbhadh lais & ceithre h-eich ar tri fichtibh do bhuain díobh. M1509.11 Corbmac mac Seain mic Conchobhair Óicc Meg Uidhir, Diarmait mac Floinn Mic an Bhaird, & Tadhg Ó Cianain d'écc. M1509.12 Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Uillecc mac Uillicc mic Riocaird Óicc, fer cendais lé cáirdibh, eccendais le h-esccairdibh d'écc. M1509.13 Mac an Filedh Giolla Crist mac Amhlaibh saoí fhir dána d'écc. M1509.14 An t-ochtmadh King Henry do rioghadh os Saxaibh .22. April. ------------------------------------------------------------------------ p.1304 M1510.0 AOIS CRIOST, 1510. AOIS CRIOST, Mile, cúicc céd, a deich. M1510.1 Muirchertach mac Murchaidh mic Toirrdhealbhaigh epscop Chille Fionnabhrach d'écc. M1510.2 O Raghallaigh Sean mac Cathail d'écc. AS laissidhe tuccadh cetus braithre De obseruantiae don Chabhán a h-ugdarras an phapa. M1510.3 Brian Ruadh mac Domhnaill mic Aodha Uí Neill d'écc. M1510.4 Brian mac Pilip Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn Remainn mic Glaisne Még Mathgamhna a t-toraighecht creiche. M1510.5 Mág Caba Breifne .i. Feilim, & Mac Lochlainn .i. Uaithne d'écc. M1510.6 O Fialán Fergal oide dersccaighthe lé dán, & Eocchan mac Briain Uí Uiccinn oide Ereann d'écc. M1510.7 Mac an Bhaird Tíre Conaill Eoccan Ruadh d' écc i n-Inis Mic an Duirn. M1510.8 Sloiccheadh lá Geróid iarla Chille Dara .i. an iustis) h-i c-cúiccedh Mumhan go maithibh Gall & Gaoidheal Laighen lais dia ro cumdaigh caislén d'aimhdhéoin Gaoidheal Muman h-i c-Carraicc Cital. Leanais Ó Domhnaill é co n-uathadh sochaidhe triasan Midhe, & isin Mumhain siar co comhrainic fris annsin. Tiaghait i n-Ealla asidhéin, gabhait caislén Cinn Tuirc, & airccit an tír. Tiaghaitt iarsin n-Desmumain Móir, gabhait Caislén na Pailisi, & caislén ele ar brú Mainge ------------------------------------------------------------------------ p.1306 & teccaitt slán tar a n-ais h-i c-conntae Luimnigh. Do-níad aith-tionól sluaigh iarsin, & cruinnighit Gearaltaigh na Mumhan im Shemus mac iarla Desmuman co n-Gallaibh Mumhan archena, & Mácc Cárthaigh Riabhaigh, Domhnall mac Diarmada mic Finghin, Corbmac Ócc mac Corbmaic mac Taidhg, & Goill & Gaoidhil Midhe, & Laighen, & tiaghait iaramh go Luimneach. Tionóilidh Toirrdhealbhach mac Taidhcc Uí Bhriain ticcherna Tuadhmumhan go líon a sochraide, Mac Conmara Síol Aodha & Clann Riocaird slóigh lán-mhóra ele ina n-aghaidh. Ticc an t-iarla (.i. an iustis) cona shluagh tré Bhealach na Fadbaighe, & tré Bhealach na n-Gamhna co rainicc droichet croinn (.i. droichet Puirt Croisi) do-rónadh la h-Ua m-Briain for Sionainn, & brisidh-siomh an droichet, & anais oidhche h-i f-foslongport isin tír. Gabhaidh Ó Briain foslongphort ina comhfoccus co c-cluineadh cach diobh guth & comhradh aroile in oidhche-sin. Iarna mharach ro ordaigh an iustis a shluagh & ro chuir Goill & Gaoidhil Muman ar tús, Goill Midhe, & Átha Cliath ar deiredh a shlóigh. Toirlingedh Ó Domhnaill an beccán buidhne ro bhai, & anais ar deiredh a mescc Gall Átha Cliath & Midhe, & gabhait an athghoirit tré Moin na m-Brathar go Luimneach. Ro ionnsaighsiot sluagh Sil m-Briain an sluagh Gall, & marbhthar leó barún Cint, & Bernaualach Circustoum, & sochaidhe do deagh-dhaoínibh nach airimhther. Tiagait as an sluagh Gall a c-cóir madhma soait, sluag Sil m-Briain iar n-aithes & iar n-édalaibh iomdha & ní bhaoí do Ghallaibh na do Ghaoidhealaibh ar an dá shluaigh-sin én-lamh bá mó clú cródhachta & gaisccidh in lá-sin iná Ó Domhnaill acc breith dheirigh slóigh na n-Gall lais. M1510.9 Mac Muiris Ciarraighe, Emann, mac Tomais, mic Padraicín soidheach lán d'eccna, & d'oineach d'écc. M1510.10 Diarmaid mac Domhnaill mic Domhnaill Mhég Carthaigh Cluasaigh d'écc. ------------------------------------------------------------------------ p.1308 M1510.11 O Domhnaill Aodh mac Aodha Rúaidh do dhol don Róimh dia oilithre, & an c-cein do bhai amuicch battar a rann & a charaid i m-brón, i n-doghailsi, & i n-doimhenmain ina dheadhaidh, & Maghnas Ó Domhnaill a mhac d'fhagbháil dó ag iomcosnamh an tíre an c-cein no bhiadh ina féccmais. Annal M1511. M1511.0 AOIS CRIOST, 1511. Aois Criost, Mile, cuicc céd, a h-aon décc. M1511.1 Art mac Cuinn Uí Neill (baoí h-i l-laimh acc Ua Domhnaill Occ imtheacht dó don Roimh) do léccadh as a braighdenus la Maghnas mac Uí Domhnaill, gan ced d'Ua Domhnaill, & a mhac .i. Niall Ócc do thecht ass i n-gioll lé comhall gach siothchána da n-dearnsat. M1511.2 Tomas mac Andriu Még Bhradaigh epscop & airchinneach an dá Breifne fri ré triochat bliadhain, aoin-cenn ro riaraighsiot Goill, & Gaoidhil, saoí i n-eacna & h-i c-crabhadh, lochrann solusta no soillsiccheadh tuatha & eccalsa tré foircetal & proicept, aoghaire tairisi na h-egailsi iar n-oirdneadh saccart & aosa gacha graidh archena dhó iar c-coisreccadh thempall & reilccedh n-iomdha, iar t-tiodhnacal seod & bíd do truaghaibh & trenaibh, ro faoidh a spirat docum nimhe an 4. Calainn do Mharta (no August) dia mairt do sonnradh i n-Druim Da Eithiar, iar t-tocht do choisreaccadh eccailse isin m-Breifne iarsan seachtmadh bliadhain sesccat a aoisi, & a adhnacal h-i Mainistir an Cabháin dia h-aoíne ar aoí laithe seachtmhaine. M1511.3 Corbmac Mácc Samhradháin dia ro goireadh epscop isin m-Bréifne d'écc ria Nottlaicc. M1511.4 Urmhór shen-oibre thempaill Arda Macha do losccadh. M1511.5 O Conchobhair Failghe, Cathair mac Cuinn mic An Calbhaicch feichemh coitchenn d'éiccsibh, saoi chinn fhedhna fri Gallaibh, & Gaoidhelaibh do mharbhadh la druing dia chinedh fein .i. clann Taidhcc Ui Concobhair, & clann t-Seain Bhallaigh Uí Chonchobhair lá taobh Mhainistreach Feorais. ------------------------------------------------------------------------ p.1310 M1511.6 .i. O Ceallaigh Maoíl Seachlainn mac Taidhcc, mic Donnchaidh, mic Maoíleachlainn, mic Uilliam mic Donnchaidh Mhuimhnigh d'écc. Fer cothaicchthe a chriche, a caratt, & a chlann-maicne. Feichemh coitcend damh & deoraídh, fer lása n-dearnadh caislen Gallaigh, an Garbhdhoire & Muine an Medha. M1511.7 Mac Murchadha, Murchadh Ballach mac Donnchaidh mic Airt d'écc. M1511.8 Tomás mac Glaisne mic Conchobhair Uí Raighilligh, & Emann mac Glaisne d'écc. M1511.9 Glaisne mac Conchobhair mic Seain Uí Raighilligh do marbhadh lá lucht tighe Mhég Mathgamhna. M1511.10 Eoghan mac Briain Rúaidh mic Cathail Uí Raighilligh d'écc. M1511.11 O Dochartaigh Sean mac Domhnaill mic Conchobhair d'écc, & Ó Dochartaigh do ghairm do Chonchobar Charrach. M1511.12 Mac Donnchaidh Tíre h-Oilella Sean d'écc, & a dearbhrathair ele Fergal tanaiste Tíre h-Oilella do mharbhadh la Mac Diarmata. M1511.13 Art mac Cuinn mic Enri I Néill do gabháil tuarastail ó Aodh mac Domhnaill mic Enrí. M1511.14 Sean mac Emainn mic Tomáis Óig Mheg Uidhir do écc. M1511.15 An Diolmhaineach (.i. Semas) Machaire Cuircne d'écc. M1511.16 Aodh mac Feilim mic Maghnusa do mharbhadh lá Sémus mac Seain, mic an epscoip Mheg Uidhir. M1511.17 Dubhthach mac Dubhthaigh Uí Duibgennáin saoí lé senchus, fer sonasa, & saidbhresa moír d'écc. M1511.18 Sloiccheadh lá h-Ua Néill Art mac Aodha h-i t-Tír Chonaill dár loiscc Gleann Finne, & ó Shuiligh anall, & benais braighde d'Ua Dochartaigh. ------------------------------------------------------------------------ p.1312 M1511.19 Cenel Feradhaigh (.i. i Tir Eócchain) do léir-chreachadh la Maghnas Ua n-Dhomhnaill. M1511.20 O Neill Art mac Aodha do chruinniucchadh sluaigh do dhol h-i t-Tír Chonaill iar n-dol Í Domhnaill docum na Romha. Ro ghabh Maghnus Ó Domhnaill & na trí Meic Shuibhne & ard-taoisigh Ceneoil c-Conaill acc cosnamh, & acc iomchoimhett na tíre amhail as deach ro fhédsat. Ar a aoi tra ro imtigh Ó Néill cona shluagh ó shliabh soir, & soasi dia thigh gan creich gan cath. Annal M1512. M1512.0 AOIS CRIOST, 1512. Aois Criost, Míle, cúicc céd, a do décc. M1512.1 Aodh Ó Maol Mhocheirghe comharba Droma Lethain do bhathaadh. M1512.2 Piaras Mac Craidin deccanach Cloinne h-Aodha d'écc. M1512.3 Niall mac Cuinn mic Aodha Buidhe mic Briain Bhallaigh Í Neill tighearna Trin Conghail, fer einigh coitchinn, & medaighthe órd, & ecclas fer aghmhar aitheasach na tucc cíos nó comha do Cloinn Neill no do Cloinn n-Dálaigh na d'fior ionaid Righ Saxon, fer ba cian-fhoda sen & saoghal, fer erccna eolach ar gach n-ealadhain etir shenchus, dhan, & sheinm do écc .11. April. M1512.4 Art mac Cuinn mic Neill Ghairbh Í Dhomhnaill d'ecc (23. December) do thaom tinis h-i Múr na m-Brathar i n-Dun na n-Gall, & a adhnacal go h-onorach is an mainistir. M1512.5 Tuathal Ó Cleirigh (.i. Ó Cleiricch) mac Taidhcc Caim saoí h-i senchus & h-i n-dan, fer tighe aoidhedh coitchinn do thrénaibh, & do thruaghaibh d'écc iar n-ongadh, & iar n-aithrighe .12.Nouember. M1512.6 O Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do thoidheacht ón Róimh iar f-forbadh a oilithre iar m-beith sé sechtmhaine décc h-i Londain acc dol soir, & sé sechtmuine ------------------------------------------------------------------------ p.1314 décc ele acc teacht anoir. Fuair-siomh dna onoir & ó Righ Saxan King Hanri, táinic iaramh slán co h-Erinn, & baoí lé h-athaidh h-i f-fiabhrus san Midhe, & iar f-faghbháil sláinte dó táinicc dia thicch, bá subhach forbfaoiligh cealla & tuatha dia thoidhecht. M1512.7 Coccadh mór etir Ó n-Domhnaill & Ó Neill Art mac Aodha. Coccadh ele bheós etir Ó n-Domhnaill & Mac William Burc .i. Emann mac Riocaird. Ro fhost Ua Domhnaill cúicc céd décc tuacch h-i t-Tír Chonaill h-i Feraibh Manach, & h-i c-cúicceadh Connacht, & do-rad buannacht dóibh ar na h-ionadhaibh-sin, do-thaod-somh iaramh & Maghnas cona sochraide amaille friu ó Doire go rangadar Iochtar Chonnacht, as-sidhe i n-Gailengaibh, & suidhit im chaislén Bheóil an Chláir, & ro gabadh an baile lais. Fágbais a bharda ann, lottar tar anais anuas tré Sliabh Gamh, h-i t-Tir Fhiachrach, battar ann-sidhe athaidh dá n-aimsir. O 'd-chuala Mac William Búrc an ni-sin táinicc go lion a shochraide a t-timcheall an chaisléin-sin Bheóil an Chláir in ro fháccaib Ó Domhnaill a bharda. O ro clos lá h-Ua n-Domhnaill Mac William do beith imon m-baile, luidh go h-athlamh imésccaidh tar a ais suas tre Sliabh Gamh. O ro fhittir Mac William Ó Domhnaill do beith dia shaighidh ro fháccaibh an baile conach rucc Ua Domhnaill fair, do-thaod Mac William h-i t-Tír Fhiachrach, & ro chuir lón & barda h-i c-caislén Eiscreach Abhann iarna bhein do dhúthchasachaibh an baile fein dia t-tard Ó Domhnaill é riasan tan-sin. O ro fhidir Ó Domhnaill gurab h-i t-Tír Fiachrach do gabh Mac William ro len go nemhlescc nemhshadhal é tar a ais arís tarsna Slebhe Gamh. O 'd-chuala Mac William sin fágbhais a ------------------------------------------------------------------------ p.1316 mac & a oidhre, Uillecc mac Emainn, mic Riocaird, & barda ele amaille ris isin c-caislén-sin Eisccreach Abhann, & do-luidh fein roimhe amhail as déine con ráinic dochum Aird na Riagh. Ruccsat araill do marc-sluaigh Í Domhnaill radharc ar Mac Uilliam, & leiccitt ina dheadhaidh iatt go ro chuirset a maidhm é fo shnámh na Muaidhe. Ro lenadh tar Muaidh anonn é, & do benadh eich & daoíne iomdha de, & térna ar eiccin uadhaibh. Sóais Ó Domhnaill cona sluagh, & suidhit fá caislén Eiscreach Abhann airm a m-baoí mac Mic Uilliam. Ro gabhadh an caislén leó fó chend ceithre lá iar mór-shaothar, & do-bert eineach & anacal don barda. Erghabhthar mac Mic Uilliam lais go m-baoí i n-giallus aige. Ro fhorchongair an caislén do chor ar uaithnedhaibh iar sin, & ro leccadh go lár, do-chóidh iaramh dia thicch co m-buaidh & cosccar. Tanaicc tra Mac Uilliam ina diaidh iar sin go Dún na n-Gall, & do-bert a óghriar d'Ua Domhnaill, léigidh Ó Domhnaill a mhac la Mac Uilliam dia thigh. M1512.8 Slóicheadh lá h-Ua Domhnaill h-i t-Tír Eoghain go maithibh Iochtair Chonnacht & Fer Manach, & co m-buandadhaibh iomdha, do shaighidh Í Neill Airt mhic Aodha. Milltear & loiscctear leó cédus Tír Eócchain rempa nó ga rangattar Dún n-Genainn. Battar sechtmain isin tír agá milleadh co t-taratt Ua Néill sídh dóibh, & co ro mhaith d'Ua Dhomhnaill gach accra do m-baoí etir a sinnseraibh .i. cíos Ceneoil Moain, Innsi h-Eoghain, & Fher Manach uile. Ticc Ua Domhnaill iarsin don Óghmaigh & cumhdaighis Caislén na h-Oghmaighe frí ré aoin-t-sechtmaine iarna bhriseadh la h-iarla Cille Dara fecht riamh & fágbhais Ua Domhnaill a bharda ann. M1512.9 Slóiccheadh la Geróitt, iarla Cille Dara iustis na h-Ereann tar Áth Luain h-i c-Connachtaibh, creachais & loiscis Clann Chonnmaigh, gabhais Ros Comain & fáccbhais barda ann, Teid iar sin h-i Maigh Luircc & gabhais caislén Baile na h-Uamha iar milleadh móráin don tír. M1512.10 Ticc Ua Domhnaill sluagh mór dia c-cois isin Coirrsliabh d'agallamh an iarla & do dhénamh a dhála ris. Ticc tar a ais an oidhche chédna co Breicsliabh da fhoslongport fein, & ro marbhadh beccán dia ------------------------------------------------------------------------ p.1318 mhuintir acc teacht tar a ais isin m-Bealach m-Buidhe. Ro shuidh iaramh im chaislén Sliccigh, & ro milleadh lais dúthaigh Sleachta Briain Í Conchobhair uile, & ní rócht lais an baile do ghabháil don chur-sin. M1512.11 Slóicchead lá Geróid iarla Cille Dara iustis na h-Ereann ar Trian Conghail dia ro gabh caislén Beoil Feirste, & dia ro bhris caislén Mic Eoain na n-Glinne, & dar aircc na Glinne, & móran don tír, & tuc mac Neill mic Cuinn i m-braighdenus lais. M1512.12 Indsaicchidh la Domhnall mac Briain mic Domhnaill mic Enrí Í Neill ar Ghiolla Phátraicc mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh Meg Uidhir, báttar Sliocht Flaithbertaicch Mhég Uidir in f-farradh Domhnaill, dol dóibh ar Bhaile Bon Abhann, & creacha do glacadh leó, bristear iaramh forra, & ro benadh a c-creacha díbh. Ro marbhadh, & ro báidheadh drong dá muintir im mac Maghnassa mic Briain mic Concobair Óicc Még Uidir etir baile Bono Abhann, & Inis Móir, & Domhnall mac Briain fein do ghabhail h-i t-Tamhnaigh an Reta h-i f-Ferann na h-Arda Muintire Luinín & naonbhar dá mhuintir do bhadhadh h-i c-Caraidh Muintire Banain an lá cédna. M1512.13 Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir cona chloinn, & clann Tomais mic Maghnasa Még Samhradháin do dhol ar ionnsaicchidh h-i t-Teallach Eachdhach, & creach do dhénamh doíbh ar Thoirrdhealbhach mac Aodha Mhég Samradhaín (tanaiste an tíre), & Toirrdhealbhach feisin do mharbhadh h-i t-toraighecht na creiche h-ísin, lottar as-sidhe fó Crantóicc Még Samhradhaín ro gabhadh leó an Crannócc, & Mac Samhradháin fein gé do baoí tinn, fácaibthear iaramh Mac Samhradháin dáigh nír ------------------------------------------------------------------------ p.1320 fhédatar a thabhairt leó. Rucc iaromh mac Uí Raighilligh .i. Emann Ruadh mac Aodha mic Cathail ar na Manchachaibh-sin & ar mac Maghnais. Brister lais orra, & Ro marbhadh Donnchadh mac Reamainn mic Pilip Mhég Uidhir, Pilip mac Eoghain mic Domhnaill Bhallaigh Még Uidhir, Aodh mac Eoghain mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, Muirchertach Ruadh mac Murchaidh, & Sémas mac Mic Craith Mhég Uidhir co sochaidhib ele, & Ro beanadh beós eich iomdha dhiobh isin ló-sin. M1512.14 Mac Még Uidhir Brian mac Émainn mic Tomais d'écc. M1512.15 Mac Samhradháin Cathal mac Aedha mic Eocchain d'écc, & tighearna do ghairm do Tomás mac Maghnusa Még Samhradháin. M1512.16 Mac Tighearnáin (.i. William) Teallaigh Dunchadha d'écc. M1512.17 Failghe mac Mhaol Mhórdha Uí Raghallaigh do mharbhadh la cloinn t-Seain mic Eoghain mic Domhnaill Bháin & la Semus mac Toirrdhealbhaigh mic Eocchain i n-Druim Lethain. M1512.18 Tadhcc mac Domhnaill Uí Bhriain d'écc, & Brian mac Domhnaill Taidhcc mic Toirrdhealbhaigh d'écc fó chend leth-ráithe iaramh. Annal M1513. M1513.0 Aois Criost, 1513. Aoís Críost, Mile, cúicc céd, a trí décc. M1513.1 Muiris Ó Fithceallaigh airdespoc Tuama maighistir diadachta ro ba mó clú cleircheachta ina aimsir féin d'écc. M1513.2 An t-oifficel Mag Congail d'écc. M1513.3 Rossa mac Maghnasa Mhég Mathgamhna ticchearna Oirghiall, & Tadhcc Maoilechlainn Uí Cheallaigh (.i. ticcerna Ua Maine) d'écc. M1513.4 Foslongport do denamh d'Ua Dhomhnaill i t-timcell ó fhel Brighde co Cinctidis, ar a aoí ní ro gabh an baile fris a ré-sin, & ro marbhadh duine uasal do Mhuintir Uí Domhnaill don cur-sin .i. Niall mac Eremhóin do Chloinn t-Suibhne Fánatt. ------------------------------------------------------------------------ p.1322 M1513.5 Cathal Ócc mac Domhnaill mic Eocchain Uí Concobhair, mac ticcherna ba ferr einech & engnamh, gaoís & gliocus baí i n-Iochtar Connacht do mharbhadh la a dherbhrathair fein .i. Eócchan mac Domhnaill h-i f-fiull la taobh Bhaile Uí Ghiollgáin, & teacht do breithemhnas direach Dé, Eóghan fein do crochadh la h-Ua n-Domhnaill fo chenn trí lá iarsan tan-sin. M1513.6 Eóghan Ua Máille do thecht lucht tri long go Cuan na c-Ceall m-Becc isin oidhce, & maithe an tíre an tan-sin ar éirghe amach i f-farradh Uí Domhnaill. Airccit, & loisccit an baile, & gabhait braighde iomdha ann. Rucc doinenn forra gur bho h-eiccen dóibh anamhain i n-imeal an tíre. Do-níad teinnte, & tendála i n-imfoccus a long. Rucc macaemh ócc aídedhach do Cloinn t-Suibne forra .i. Brian & clann Briain mic an Easpaic Uí Ghallcubhair, & buidhen scolócc & bachlach, & ionnsaighitt iad co deighmheisnigh, & marbhthar leó Eoghan Ó Máille & cuicc fhichit nó a se amaille fris, & bentar dá luing diobh, & na braighde ro ghabhsat tré mhiorbhuilibh Dé & Caiterióna isa baile ro sháraighsiot. M1513.7 O Domhnaill do dhol beccán fedhna i n-Albain ar tóchuireadh righ Alban, iar c-cor litreach & teachtadh ar a chend, & iar n-dol soir do fuair onoir, & asccadha móra on Righ, & iar m-beith ráithe dó ina fharradh, & iar c-caemhcludh comhairle don Righ gan techt in Erinn amhail ro thriall, ticc Ó Domhnaill dia tigh iar f-faghail guasachta móir dó for muir. M1513.8 Mac Uilliam Búrc Emann, mac Riocaird, mic Emainn, mic Tomáis, fer dár bho muintir na h-Uird, & na h-ollamhain do mharbhadh h-i f-fiull cloinn a dherbrathar .i. Tepóid Riabhach, & Emann Cíocarach dá mhac Uáteir mic Riocaird. M1513.9 Slóiccheadh lá h-Ua Neill .i. Art mac Aodha h-i t-Trian Conghail dia ro loiscc Magh Line, & dia ro chreach na Glinne. Rucc mac Neill mic Cuinn & Mac Uidhilin ar chuid don t-sluaigh, & ro marbhadh Aodh mac Uí Néill don chur-sin. Teccmaid an sluagh & an tóir fri aroile arna mharach, & ro marbhadh Mac Uidhilin .i. ------------------------------------------------------------------------ p.1324 Risderd mac Rudhruidhe, & drong d'Albanchoibh lasan slogh, & ticc Ó Néill tar a ais iaramh. M1513.10 Caislen Dhúin Lis do ghabhail la h-Ua Domhnaill ar chloinn Gheroitt Mic Uidhilin, & a thabhairt do chloinn Ualtair Mhec Uidhilín. M1513.11 Art mac Néill mic Airt Uí Neill d'écc .6. August, & a adhnacal i n-Dun na n-Gall. M1513.12 Eoghan Ruadh Mac Suibhne do marbhadh la cloinn a dearbrathar fein, & le Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoíghill. M1513.13 Indsaicchidh cille do thabhairt la Tadhcc na Lemhna ar Chorbmac Ladhrach mac Taidhcc mic Domhnaill Óicc, ar n-gairm Mhég Cárthaigh da gach fer díbh, & an tegh i raibhe Corbmac do losccadh, & é fein & a consapail do dhol amach as an tegh, & consapal Taidcc do mharbhadh leo, & Corbmac cona mhuintir d'imthecht go h-aghmar aithesach. Desmumha do roinn ar dó etir Corbmac & Tadhg co bas Taidcc. M1513.14 Mac Mathgamhna d'écc .i. Tadhcc, mac Toirrdhealbhaigh, mic Taidhcc mic Donnchaidh na Glaice. M1513.15 O Mathgamhna Concobhar Fionn mac Conchobhair mic Diarmata Uí Mathghamhna d'écc, fer do-chuaidh tar lamhaibh sinnser & soiser h-i c-cendus a duithce an Concobhar h-isin. ------------------------------------------------------------------------ p.1326 Annal M1514. M1514.0 AOIS CRIOST, 1514. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cethair décc. M1514.1 Patraicc Ó Duibhlecháin abb Cenannsa, & Aodh mac Gilli Crist Í Fhiaich biocáiri Airidh Broscca d'écc. M1514.2 O Néill Art, mac Aodha, mic Eoghain, mic Neill Óicc d'écc. Fer tuiccseach tothachtach, airbhertach, ealadhnach, crodha, cendasach, eisidhe, ar rob annamh mac tánaiste na ticcherna for Chenel Eoghain riamh roimhe. Art mac Cuinn mic Enri d'oirdneadh na ionadh. M1514.3 Donnchadh mac Concobhair Uí Bhriain do mharbhadh go naimhdemhail míoghaolmhar la cloinn Toirrdhealbhaigh mic Murchaidh Í Bhriain .i. Murchadh, & Donnchadh. Togha fher n-Ereann do láimh & do thothacht, do chruas, & do chródhacht an tí torchair annsin. M1514.4 Tadhcc na Lemhna, mac Domhnaill, mic Taidhcc Még Carthaigh d'écc ré h-adhart mar nar saoílidh, fer as mó ro mhill, & i mór-milleadh da t-tainicc dia aicme le cuimhne cáich. M1514.5 Cendus fedhna mór lá h-iarla Cille Dara, uair do imthigh tre coicceadh Uladh co Carraic Fhergusa, & an Mhumha go Pailís Még Cárthaigh. An t-iarla cédna do dhol im Leim Í Bhanáin, & ní dob annamh lais gan an caislén do briseadh nó do ghabháil, ar ní ro fhéd ní dó. & teid dia thigh do thionól slóigh & ordanais badh mó. AS eadh tainic de-sin dó-somh galar a écca dia ghabháil co n-érbhailt de. Ba ridire ar gart gaisccidh, ba rioghdha, riaghalta briathra & bretha an tí testa annsin .i. Geróitt iarla. ------------------------------------------------------------------------ p.1328 M1514.6 Slóiccheadh lá h-iarla Cille Dara Geroítt Ócc mac Geroitt, isin m-Breifne, & díth mór do dénumh dóibh innte don chur-sin .i. O Raighilligh Aodh mac Cathail do mharbhadh lais, Pilip a dherbhrathair, & mac do Philip, & Geroitt mac Emainn mic Tomáis Uí Raighilligh. Achtmadh en-ní do marbhadh cethre fir décc d'uaislibh & d'ardmhaithibh Muintire Raghailligh cenmo tá sochaidhe dia muintir. Ro gabhadh ann beós Mág Caba .i. Maine mac Mathgamhna. M1514.7 Caislén Chúla Rathain do ghabháil, & do bhriseadh la h-Ua n-Domhnaill i n-éraic a shlána do briseadh do Dhomhnall Ua Chatháin. M1514.8 Creacha móra do dhénamh la h-Ua n-Domhnaill i n-Gailengaibh dar loiscc & dár aircc an tír go Cruachan Gaileng, & marbhtar Ó Ruadhain lais & sochaidhe ele. M1514.9 Coccadh d'eircce etir Ó n-Domhnaill (Aodh mac Aodha Rúaidh), & Ó Néll (Art mac Cuinn), & móran daoineadh d'fhostadh doibh ar gach taoibh, & a m-beith a b-fad h-i f-foslongport i n-aghaidh aroile, & a thecht do ghrásaibh an Spirait Naeimh, & do chomhairle a n-dagh-dhaoineadh sídh chairdemhail do dhénamh doibh re 'roile, & a n-dol h-i c-cend aroile ar droichet Arda Sratha, & cairdes Crist do dhénamh doibh le chéle, & cartacha nuaa (amaille le daingniucchadh na sen-chartach) do thabhairt la h-Ua Neill d'Ua Dhomhnaill ar Chenel Moáin, ar Inis Eoghain, & ar Fheraibh Manach, & Ó Domhnaill do thabhairt a mheic mar aisccidh d'Ua Néll .i. Niall Ócc baí a f-fad riasan tan-sin i l-láimh aicce i n-gioll le tairiseacht. M1514.10 Cobhlach long f-fada, & bád do tharraing la h-Ua Domhnaill for Loch Erne, & a beith ré fhoda na chomhnaidhe i n-Inis Cethlenn. Airccis & loisccis Oiléin Chúil na n-Oirer, & do-ghní sídh re Feraibh Manach iar c-cor a chumhacht forra. M1514.11 Mac an iarla móir .i. Henry mac Geróitt do ghabháil lasan iarla ócc .i. Geroitt Ócc. M1514.12 Indsaicchidh la h-Aodh mac Domhnaill Í Néll, & lá Conn mac Neill ar Shean mac Cuinn go Cluain Dabhail, & Baile Sheain do losccadh leó. Creacha an tíre ------------------------------------------------------------------------ p.1330 do chor rempa dóibh. O Neill, & Mac Domhnaill do breith orra tóir trom, na crecha do bhein díobh, & briseadh orra. Cúiccer do Shliocht Airt Í Néll do mharbhadh ann .i. Toirrdhealbhach, mac Neill mic Airt, Failghe mac Nell, Ruaidhri mac Aodha mic Airt, Domhnall Ballach mac Airt an Chaisléin, & Aodh mac Emainn mic Airt Í Néill. Do marbhadh ó Aodh ann dá mhac Mhec A Ghiorr .i. Art Ócc & Brian. Ro marbhadh ann bheós Félim Ócc Ó Meallain, & Conn Ó Concobhair, & ro benadh deich n-eich fichet do Chonn don chur-sin. M1514.13 Piarus mac an Abbaidh Móir Még Uidhir, & Giolla Patraicc mac Felim Mic Maghnasa d' écc. M1514.14 O Dálaigh Corcu M' Ruadh Tadhg mac Donnchaidh, mic Taidhcc, mic Cerbhaill, oide lé dán, fer tighe aoidhedh coitchinn d'écc ina tigh fén h-i f-Fínaigh Bhera, & a adhnacal i Mainistir Corcu M' Ruadh. Annal M1515. M1515.0 AOIS CRIOST, 1515. Aois Criost, mile, cúicc céd, a cúicc décc. M1515.1 Menma Mac Carmaic epscop Ratha Both d'écc. M1515.2 Eoghan mac Airt mic Eóin, mic Airt Mic Cathmaoil epscop Clochair d'écc. M1515.3 Giolla Patraicc Ó h-Ultachain persún Achaidh Beithi d' écc. M1515.4 Semus mac Tomáis Rúaidh mic an Abbaidh Még Uidhir & mac Rémainn mic an Perasúin Még Uidhir do mharbhadh lasan c-comharba Mag Uidhir h-i f-fearonn Claoín Innse. ------------------------------------------------------------------------ p.1332 M1515.5 Domhnall mac Aodha Rúaidh Í Dhomhnaill do mharbhadh le h-Aodh m-Buidhe Ó n-Domhnaill sa Tuaith Bladhaigh, 25. Nouember. M1515.6 An Giolla Dubh mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc. M1515.7 Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir d'écc tré bhithin esccair fuair. M1515.8 Tadhcc Ó h-Uiccinn, & Uater Brethnach dias sacart do badhadh lá taobh Leasagabhail. M1515.9 Cathal mac Ferghail mic Domhnaill Bháin Uí Raghallaigh d'écc. M1515.10 Cobhlach long f-fada lá h-Ua Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Ruaidh for Loch Eirne, & an loch go Port na Cruma d'imtheacht & do shiredh lais d'aimhdheóin na tíre, marbhtha, & loisccthe ile do dhénamh lá a shlóghaibh for oílénaibh cloinne Emainn Mhég Uidhir. M1515.11 Slóiccheadh lá h-Ua Néill (Art) i n-Oirghiallaibh, & teccmhail do druing don t-sluagh fri Muintir Meg Mathghamhna, & Art Balbh mac Még Mathghamhna saoí chinn fhedhna do mharbhadh lásan sluagh, & Ua Condalaigh .i. Emann. Annal M1516. M1516.0 AOIS CRIOST, 1516. Aois Criost, mile, cúicc céd, a sé décc. M1516.1 Uilliam mac Donnchaidh Uí Ferghail epscop na h-Angaile d' écc. M1516.2 An t-oircinneach Ó Muirgheasa .i. Niall d' écc. M1516.3 O Dochartaigh (Concobhar Carrach) d'écc. M1516.4 Mac Még Uidhir Brian mac Concobhair mic Tomais Óicc do mharbhadh lé Brian Ócc Mhág Mathagamhna, & lé cloinn Donnchaidh Még Uidhir. M1516.5 Mac Domhnaill Cloinne Ceallaigh .i. Colla do mharbhadh. M1516.6 Coccadh mór d'éirghe etir Ó n-Domhnaill & Ó Néill, & fosdadh mór daoíne do dhénamh lá gach tighearna aca. Creacha móra do dhénamh lá Maghnus Ó n-Domhnaill ar Enrí m-Balbh Ó Néill, & urmhór an tíre uile ó shliabh asteach do losccadh lais. Creacha aidhbhle ele do dhenamh lá Brian Ó Néill h-i c-Cenel Moéin. ------------------------------------------------------------------------ p.1334 O Domhnaill iaramh do dhol h-i t-Tir Eócchain, & Cenel Feradhaigh do losccadh lais, & an tír uile gus an abhainn dan h-ainm Úna, & tig slán dia tigh iaramh. M1516.7 Caislén Sliccigh do gabháil lá h-Ua Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar m-beith athaidh fada ina fhéccmais. As amhlaidh ar-rícht lais a ghabháil, ridire Francach do thocht dia oilithre co Purgattóir Patraicc for Loch Gercc, Ro ghabh do saighidh Í Domhnaill acc dol & acc teacht cco f-fuair onóir, & airmhidin t-iodhlaicthe, & tabhartais, & do-rónsat aontaidh & caradradh ré aroile, & Ro tingheall an ridire-sin long ar a m-biadh gonnadha móra do chor do shaghidh Uí Domhnaill iarna chlos dó go raibhe an caislén-sin Sliccigh accá iomchosnamh fris. Ro comhaill éiccin an ridire an ní-sin uair do-riacht an long co Cuan na c-Ceall m-Becc. Ro seóladh siar i gach n-díreach do saighidh Shliccigh, & Ó Domhnaill cona shochraide for tír co comhranccatar do muir, & do tír imon m-baile. Ro briseadh an baile leó riasiú fuairsiot h-é, & do-bert Ó Domhnaill maithemh n-anacail don bhárda. Do-thaod Ua Domhnaill as-sin h-i t-Tír n-Oilella, & gabhais caislén Chúile Maoíle, caislén Locha Derccáin, & Dún na Móna an lá-sin. Fágbhais barda i c-cuid dibh, & tucc gialla & braighde ón c-cuid ele. Ro marbhadh dna Mac Donnchaidh Bhaile an Mhóta, & mac mic Donnchaidh acc teacht h-i c-cend slóicch Uí Domhnaill le Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh í Bhaoighill. Ticc Ua Domhnaill slán dia thicch iar m-buaidh c-cosccair iarsin. M1516.8 Caislén Mic Suibhne Fhánatt .i. Ráith Maoláin do thuitim. M1516.9 O Domhnaill do dhol fo dhí for sluaigheadh h-i t-Tír n-Eocchain, & gan tachur nó tegmháil ris innte, ná dioghbháil oirdearc do dhénamh air ná lais acht an tír d'imthecht & a h-urmhór do mhilleadh. M1516.10 Coccadh etir Gearaltachaibh & Semus mac Muiris .i. oidhre na h-iarlachta, do suidhe im Loch n-Gair. Rob iad airigh a shluaigh Mag Carthaigh Cairpreach ------------------------------------------------------------------------ p.1336 .i. Domhnall mac Finghin, Corbmac Óg mac Corbmaic mic Taidhcc, Corbmac mac Donnchaidh Óicc Még Carthaigh tighearna Ealla, an Ridire Fionn, Ridire an Ghlenna, & an Ridire Ciarraigheach, Mac Muiris, & Ó Conchobair, & tuir iomfhulaing an t-sluaigh Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac Ladhrach. Ticc Sean mac an iarla d'eccaoíne a imne lé Dál c-Cais ar ro baí codach, & clemhnas etorra, uair bá h-í Mór inghen Donnchaidh mic Briain Duibh ben an t-Seain-sin. Eirghis Ua Briain fri báidh & connalbhus, & tionoilis Tuadhmhuimhnigh, & ticc Piarus mac Semuis Buitilér, & araile da rann ina dhócom, & tiaghaid do saighidh an t-slóigh Gheraltaigh. O 'd-connairc mac an iarla maithe mór-shluaigh Shíl m-Briain dá ionnsaighidh as í comairle do-rónsat gan teaccmháil ré 'roile, & fáccbháil an bhaile gan baoghlucchadh go ro sgarsat ré 'roile amhlaidh sin. M1516.11 Mag Carthaigh Mór .i. Corbmac Ludhrach mac Taidhcc tighearna Desmumhan an tí as ferr fuair tighearnas, & as mó fuair do choccadh nó go raibhe 'na thighearna gan fresabhra, an tí ba ferr do chenn deóraidh & deibhlén ba ferr recht & riaghail do tighernadhaibh Leithe Moccha d'écc. M1516.12 Caislén Baile Í Cherbhaill .i. Leim Í Bhánáin do ghabháil le h-iarla Cille Dara Geróid mac Geróid iar f-feimdhedh a ghabhála dia athair, & as decmaic ma ro baí isin aimsir-sin caislén do badh cruaidhe cosnamh & congmháil inas go ro briseadh im chend a bhardadh h-é. M1516.13 Maidhm mór do thabhairt d'Emann mac Tomais Buitilér ar Piarus Buitilér, & ar mac Mic Piarais, & drong mhór dá muintir & dá m-buandadhaibh do bhuain díbh. M1516.14 Mac Conmidhe Brian Ócc mac Briain Ruaidh d' écc. ------------------------------------------------------------------------ p.1338 M1516.15 Toirrdhealbhach mac Briain Uaine Í Gallchubhair comharba na Cairrcce d'écc. M1516.16 Mac Briain Chaoích mic Taidhcc mic Eoghain Uí Choncobhair do mharbhadh h-i f-fioll la mac Taidhg na Tuaighe mic Feilim mic Eocchain, & do Sliocht An Cherrbhaigh. Annal M1517. M1517.0 AOIS CRIOST, 1517. Aois Criost, mile, cúicc céd, a secht décc. M1517.1 O Conchobhair Failghe Brian mac Taidhcc mic An Chalbhaicch d'écc, & An Calbhach mac Taidhcc d'oirdnedh 'na ionadh. M1517.2 Donnchadh mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhaoighill fer a chumachta roba ferr do dhuine uasal, as mó do-rinne do choccadh, & do ghuais-bertaibh dá t-táinicc dá chinidh fein, do dhol lucht báid co Toraigh, & gaoth dia b-fuadach isin b-fairrge siar, & ní fo-rith aon-fhocal dia scélaibh ó shin. M1517.3 Sean mac Cuinn mic Enrí mic Eocchain Í Neill, mac tighearna bá mó toice, & trom-chonach i n-Ultaibh ina ré d'écc. M1517.4 Pilip mac Toirrdhealbhaigh Még Uidhir saoí chinn fedhna d'écc. M1517.5 Pilip mac Seain Bhuidhe Még Mhathgamna fer fá maith caithemh & cosnamh d'écc. M1517.6 Art mac Aodha mic Domhnaill Uí Néill do mharbhadh lé Niall mac Cuinn, mic Airt Uí Nell. M1517.7 O Tuathail .i. Art do mharbhadh lá a bhraithribh. M1517.8 An Giolla Dubh mac Donnchaidh mic Tomáis Még Uidhir d'écc. M1517.9 Tomas mac Uillicc, mic Uillicc A Burc do thabhairt creiche a h-Urmhumhain, toraighecht trom do breith air h-i Port Omna, muinter & marc-sluagh Thomais do chor do dhruim na c-creach lasan t-toraighecht, na creacha do bhuain díbh, & Tomás do mharbhadh, fer a aoisi fa ferr oirbhert tainic do Gallaibh Ereann ina aimsir, ar is leis do h-aircceadh & do fásaighedh Mainigh feacht riamh. M1517.10 Caislén An Locha do ghabháil ar cloinn Corbmaic Ladhraigh, & a c-cor fein ar ------------------------------------------------------------------------ p.1340 dibirt h-i leith Meic Muiris. Creacha móra lá Mac Muiris dár lér-aircc Magh Ó c-Coinchind ó cnocaibh aniar. M1517.11 Slóiccheadh lasan iustis ar tarraincc cloinne inghine an iarla h-i t-Tir Eocchain, & caislén Í Neill (.i. Art mac Cuinn) .i. Dun Genainn do briseadh lais don cur-sin. M1517.12 Creacha móra lá h-Ua c-Cerbhaill (Maol Ruanaidh) i n-Delbhna.Caislén Cinn Coradh do ghabhail lais, & a arccain. Coccadh mór trid-sidhe etir Ó c-Cerbhaill & Dealbhna, O Maoíleachlainn, & iatt-somh do tharruing an iarla dia ro brisedh Caislén an Fothair Delbna (.i. Gardha an Caisléin). Annal M1518. M1518.0 AOIS CRIOST, 1518. Aois Criost, mile, cúicc ced, a h-ocht décc. M1518.1 Mainistir na m-Brathar i n-Ard Macha do gnouccadh docum na m-Brathar De Obseruantia. M1518.2 Aedh mac Rosa mic Tomais Óicc Még Uidhir cananach coradh h-i c-Clochar, persun i n-Achadh Urchoir, & persún h-i c-Claoíninis for Loch Érne, fer fial forbfaoíligh, & saoí cleirich d'écc. M1518.3 Mac Suibhne Fánatt .i. Ruaidhri mac Maol Muire, ail cothaighthe gacha comhlainn acc cosnamh a tighearna, fer toirberta seód, & maoíne da gach aon nó riccedh a les do écc. M1518.4 O h-Eodhosa Cioth Ruaidh mac Athairne saoí fhir dhána & fer tighe aoidheadh coitchind do écc. M1518.5 Feilim mac Briain mic Conchobhair Óicc Még Uidhir d'écc iar t-tilleadh dó ó chathair San Sem tar eis a thurais bliadain na n-gras, & a adhlacadh i Mainistir Mhuinecháin. M1518.6 Clann Í Neill (.i. Conn & Aodh) .i. clann Domnaill mic Enrí mic Eoghain, & an comharba Mág Uidhir do dhol ar creich ar Brian mac Cuinn mic Enri, & Brian do ------------------------------------------------------------------------ p.1342 breith forra ag Domhnach an Eich, & madmucchadh forra goro gabadh Aodh mac Domhnaill. Ro gonadh Mac Cathmhaoil Donnchadh mac Emainn, & ro marbhadh sochaidhe do Cenel Fearadhaigh, ad-bath Mac Cathmhaoil iaramh dia ghonaibh. M1518.7 Aodh Balbh mac Cuinn (.i. Ó Neill) Í Néill, do gabháil lá h-Énrí m-Balbh Ua Neill, & cúicc h-eocha décc do bhein d'fuasccladh ass. M1518.8 Indsaicchidh la Pilip mac Émainn Még Uidhir h-í t-Tír Chennfhoda ar h-Enri m-Balbh Ó Neill, & oilén Clapaigh do ghabháil lais, & braighde battar acc Enri do breith lais uadha .i. Aedh Balbh mac Cuinn Í Neill, & mac Aodha Mic Cafraidh baoí ó Pilip fein oca, Ro marbhadh dna Cathal mac Duinn mic Emainn Még Uidhir ó Pilip don chur-sin. M1518.9 An t-Aodh Balbh mac Cuinn sin (.i. Ó Neill) adubramar d'écc i n-deireadh foghmhair. M1518.10 Mac Mic Magnasa Remann mac Cathail Óicc Mic Maghnasa fer dearcach daonnachtach do écc. M1518.11 Mac Murchadha, Art Buidhe mac Domhnaill Riabhaigh mic Gerailt Caomhánaigh d'écc. M1518.12 Murchadh Ó Maoíleachlainn (.i. Ó Maoíleachlainn) saoí Ereann ar crodhacht & ar cennas fedhna do mharbhadh h-i Maigh Elle lá a dhearbrathair fein Art, ar ro mharbh-somh a dhearbhrathair .i. Feilim riasan tan-sin conadh ina dhioghail-sidhe ro marbhadh-somh lá h-Art, & Toirrdhealbhach do gabhail a ionaidh. Annal M1519. M1519.0 AOIS CRIOST, 1519. Aois Criost, mile, cuícc céd, a naoi décc. M1519.1 Semus mac Pilip mic Semais mic Rudhraighe Még Mhathgamhna epscop Doire d'écc. M1519.2 Emann (.i. Dubh) Ó Duibhidhir abb Eassa Ruaidh d'écc an céd lá do Nouember, ------------------------------------------------------------------------ p.1344 & adhnacal i n-Dún na n-Gall i n-aibit .S. Froinces iar t-treccean aibiti manaigh fuirre. M1519.3 Comarba Cluana Conmaicne cenn einigh & aoidhedhcaire ceall Conmaicni d'écc. M1519.4 O Neill Art Ócc mac Cuinn saoí chinn fedhna fear daonnachtach degh-aithnech do écc, & a dearbhrathair Conn Bacach mac Cuinn d'oirdneadh na ionadh. M1519.5 O Conchobhair Ruadh, Eoghan mac Féilim Fhinn d'écc. M1519.6 Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Riocard Ócc do écc. M1519.7 Feidlim mac Magnusa mic Briain mic Domhnaill Uí Conchobhair tighearna Iochtair Connacht d'écc. Fer dercach daonnachtach eisidhe. M1519.8 Tadhcc Ruadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna an Chaladh d'écc. M1519.9 Donnchadh Caomhanach fear rathmhar ro-chonáigh do lán-maithibh Laighen d'écc. M1519.10 Maoílin mac Torna Uí Mhaoil Chonaire ollamh Shil Muireadhaigh fear lán do rath & d'éicsi fer do thoghattar Gearaltaigh, & Goill tar ollamhnaibh Ereann, fer do-gheibheadh seóid, & maoíne ó gach aon for a c-cuinghedh do écc h-i Mainistir Deircc h-i Tethbha. M1519.11 Feircheirtne Ó Cuirnín fer gradha Eoghain Uí Ruairc cend eiccsi an fhine dia m-baoí, & Domhnall Ó Cuirnin d'écc. M1519.12 Tadhcc mac Briain mic Tomaltaigh Í Birn tanaiste Ua m-Briúin d'écc. M1519.13 Indsaicchidh lá cloinn Í Néill (lá cloinn Domhnaill mic Enri) ar mac Í Neill .i. Brian mac Cuind. Creacha móra do ghabhail dóibh ar Sliabh Thíos, Robhad d'fhaghail do Brian & é do thionól a m-baí lais do dhaoínibh for a c-cionn, & a lenmain a t-tóraighecht & briseadh dó ar cloinn Í Néill iar n-imtheacht a muintire uathaibh lasna crechaibh. Da mac Í Neill (Aodh & Eocchan) do gabhail ann, ------------------------------------------------------------------------ p.1346 & mac Eocchain beós do marbhadh & Mac Cathmhaoíl Cú Uladh mac Emainn, Tomas mac Emainn, & Emand mac Giolla Pattraicc Mic Cathmhaoíl do mharbhadh. M1519.14 Da mac Ruaidhri mic Briain Meg Uidhir (.i. Rosa, & Tadhcc) do gabháil lasan c-Comarba Mag Uidhir. Ruaidhri fein, & an chuid ele dá chloinn do chor as a n-duthaigh dó, & a c-caoraighecht do bhuain dibh, & an comharba do chor na caoraighechta fó bhuandadhaibh dó fein co ro furáil Ua Domnaill ar an c-comarba a chaoraigheacht do tabhairt do Ruaidhri doridhisi. M1519.15 Coccadh mór i n-Dealbhna etir Sliocht Ferghail Még Cochláin & Sliocht Domhnaill dia ro marbhadh Semus Mag Cochláin prióir Gailinne, & ríoghdhamhna Dealbhna Ethra d'urchor do pheilér as caislén Cluana Damhna. M1520.0 AOIS CRIOST, 1520. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche. M1520.1 Niclás mac Piarais Uí Flannaccáin persún Daimhinnsi do thoccbhail as a ionadh co h-eccorach lé nert tuatadh, & a écc i m-Bothaibh. M1520.2 Mag Aonghusa Domhnall mac Aodha mic Airt d'écc, & Feilim an Einigh a dhearbhrathair d'oirdneadh 'na ionadh, a écc sin dna, & Mag Aonghusa do ghairm d'Emann Buidhe Mág Aéngusa. M1520.3 Muiris mac Tomais mic Tomais, iarla Desmumhan d'écc. M1520.4 Mac Uilliam Cloinne Riocaird .i. Uillecc mac Uillicc d'écc. M1520.5 Mac Uilliam Búrc .i. Maoilir mac Tepoit do mharbhadh lá cloinn t-Seóinín Móir meic Mic Seóinín. M1520.6 Mac Még Uidir (.i. Pilip mac Emainn) do dhol ar ionnsoighidh ar mac Pilip ------------------------------------------------------------------------ p.1348 Uí Raghallaigh i n-Íochtar Tire, creacha do glacadh dóibh, & tóir trom do breith orra im Sliocht Briain Uí Raighilligh & im cloinn meic Cathail Í Ragilligh (.i. Fergal, & Maolmordha), & im Chloinn n-Domhnaill na Coininnsi, brisedh dóibh ar mac Még Uidhir, & ar mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh Még Uidhir, & mac Meg Uidir (Pilip), cona mac Tomas do mharbhadh ann, & dá mac Pilip mic Toirrdhealbhaigh (Giolla Patraicc, & Emann) & Toirrdhealbhach mac Flaithbeartaigh mic Tomais Óicc Még Uidhir do mharbhadh and beós go sochaidhibh ele amaille friú. M1520.7 Ruaidhri mac Aodha Még Uidhir do gabháil a b-fioll lé Donn m-Buide mac Meg Uidhir .i. mac Concobhair mic Tomais Óicc, & a thoirbert do Giolla Patraic Ócc mic Giolla Patraicc mic Emainn Még Uidhir, & a marbhadh lais-sidhe. M1520.8 Cairpre, mac Concobhair, mic Cairpre, mic Corbmaic Í Birn consal & ceinnlitir Maicne Muiredhaigh do écc. M1520.9 Toirrdhealbhach mac Feilim Meg Cochláin tighearna Dealbhna Ethra saoí i n-ecna & i n-eolas, fer ratha & ro shaidhbhresa, fer lasa n-dernadh caislén An Fhedáin, & caislén Chinn Choradh do écc iar n-deigh-bethaidh. M1520.10 Pláigh mór san Machaire Stefanach dia ro éccsattar sochaidhe do dhagh-daoinibh. M1520.11 O Caiside Feilim mac Taidhcc ollamh legha Sleachta Pilip, & Rudhraighe mac Donnchaidh mic Aodha Még Uidhir d'écc. M1520.12 Muiris mac Tomáis, mic an iarla rogha Gall n-Geraltoch do mharbhadh la Conn mac Maoíleachlainn Í Mhórdha co sochaidhe ele amaille fris. ------------------------------------------------------------------------ p.1350 Annal M1521. M1521.0 AOIS CRIOST, 1521. Aois Criost, mile, cúicc céd, fiche, a h-aon. M1521.1 Prióir Daimhinsi d'écc .i. Remann mac persuin Innsi Maighe Samh, fear cléirchidhe coinnirchil dercach, daonnachtach eisidhe. M1521.2 Mag Mathgamhna d'écc .i. Remann mac Glaisne, mic Remainn, mic Rudhraighe, & Mácc Mathghamhna do ghairm da mac .i. Glaisne Ócc. M1521.3 O Catháin .i. Tomas mac Aibhne d'écc, & ro gabhadh é riasan tan-sa, & do benadh an tighearnas ar eiccin de lá Donnchadh Ua Catháin. M1521.4 Donnchadh mac Ruaidhri mic Briain Még Uidhir do marbhadh la macaibh Meg Samhradháin .i. Domhnall Ócc mac Domhnaill Bhernaigh, Uaithne mac Maghnusa Még Samhradháin, & ní bhaí dia chinidh fer a aoísi bá ferr iná an Donnchadh ishin. M1521.5 Grainne inghen Tomáis Í Eoghain mathair an chomharba Mhég Uidhir, ben bá mor sonas & saidbres, dearlaccadh & deagh-eineach d'écc. M1521.6 Rudhraighe mac Éiccneacháin Í Domhnaill do marbhadh la Gallaibh ag Dún Dealgan, & é h-i f-farradh Í Neill .i. Chuinn mic Cuinn. M1521.7 Toirrdhealbhach mac Donnchaidh Mic Suibhne do écc. M1521.8 Tighearnus Dealbhna do roinn (lá h-Ua Maoileachlainn Toirrdhealbhach, & lá h-Ua c-Cearbhaill Maol Ruanaidh) etir An Fhior Dhorcha mhac Még Cochláin, Fínghin Ruadh & Corbmac. M1521.9 Síle inghen Néill Ghairbh Uí Domhnaill d' écc an 14 August. ------------------------------------------------------------------------ p.1352 Annal M1522. M1522.0 AOIS CRIOST, 1522. Aois Criost, mile, cuícc céd, fiche, a dó. M1522.1 Remann Ruadh Mág Uidhir, prióir Lesa Gabhail d'écc. M1522.2 Coccadh anbháil ar n-eirghe etir Ua n-Domnaill, & Ó Neill, Mac Uilliam Cloinne Riocaird, Goill & Gaoidhil Connacht, Síol m-Briain, Siól c-Cenneittigh & Síol c-Cerbhaill do denam comhaonta & coimchengal lé h-Ua Neill i n-aghaidh I Domnaill docum an choccaidh-sin, At iat na maithi do cengail ré 'roile ag techt ar an sluaigh aniar, Mac Uilliam Clainne Riocaird, Uillec mac Uillic an Fhíona, & drong do mhaithibh Síl m-Briain, Donnchadh, & Tadhcc, clann Toirrdhealbhaigh mic Taidhcc I Briain, & an t-Epscop ócc Ó Brian, Ó Cerbaill Maol Ruanaidh mac Seain, & Síol c-Ceinneittigh, & ni h-iatt amháin act na daoíne for a raibhe a chíos-cháin do Connachtaibh, & do bhí umhal dó go sin, Ó Conchobhair Ruadh, Ó Conchobhair Donn, Mac Uilliam Búrc, Mac Diarmata Maighe Luircc, & gach a m-baoí etorra-sin h-i c-Connachtaibh. Bátar sidhe uile i n-erlaimhe do thecht ar Ua Domhnaill & im fhéil Muire foghmair ro dhálsat fri h-Ua Néill h-i t-Tir Aodha. M1522.3 O Neill tra ro tionoil-sidhe Cenel n-Eocchain cétus, Clann Aenghusa, Oirghialla, Raighilligh, Fir Mhanach, & fecht adhbhal Albanach fa mac Mic Domnaill, Alastrann. Tangatar ann bheós slogh-bhuidhne iomdha do Gallaibh na Midhe, & do Gallocclaechaibh chuiccidh Laighean do Cloinn n-Domhnaill, & do Cloinn t-Sithigh ar báidh inghine iarla Cille Dara roba mathair d'Ua Neill. M1522.4 O Domhnaill dna ro thionóil-sidhe a sochraide m-bicc n-deirbh dilis budein h-i c-Cenél Conaill .i. Ó Baighill, Ó Dochartaigh, na tri Mic Suibhne, & Muintir Gallchubair imo mhac Maghnus co m-battar for an beirn m-baoghail in ro ba doígh leó Ó Neill dia n-ionnsoicchidh .i. Port no t-Tri Namat, o ro clos la h-Ua Neill an ní ------------------------------------------------------------------------ p.1354 -sin as í conair do luidh tria Cenel n-Eocchain gan airiucchadh go riacht co Termann Da Beócc as-sidhe go h-Ath Senaigh, baí mac Mic Suibhne Tire Bogaine, Brian an Cobhlaigh (Ro fagaibh Ua Domnaill acc iomcoimhéd caisléin Beoil Atha Senaigh) ag cosnam an bhaile fri h-Ua Néill amail as dech for-caomhnaccair ara aoí tra ro gabhadh a baile fá deóidh lá h-Ua Néill, & ro marbhadh mac Mic Suibhne lais co n-druing móir dia muintir. Ro marbhadh ann dna dias d'ollamhnaibh I Domhnaill .i. Diarmait mac Taidhcc Caim I Chléirigh saoí shenchadha & fhir dhána, fer tighe aoidhedh coitcinn do threnaibh & do thruaghaibh, & mac Mic An Bhaird (.i. Aodh mac Aedha), & araill ele cenmotád (.i. an 11 Iún). Ro gabhadh & ro loiscceadh Bun Drobaoisi & Bél Leice lá h-Ua Neill don cur-sin. Ag sóadh do dreim dia shluaghaibh ó Bhun Drobaoisi ro marbhadh Rudhraighe mac Gofradha Gallda I Domnaill, & mac Mic Ceallaigh na Breifne lá taoibh Sgairbhe Innsi an Fhraoích leo. M1522.5 Iarná cluinsin d'Ua Domhnaill na gniomha-sin do denam lá h-Ua Neill ro forchongair for Maghnus Ua n-Domhnaill co n-druing dia sluaigh dol do creach-losccadh Tíre h-Eoghain, & do-deachaidh fein tar Bernus gusan líon tarustair ina fharradh i n-deadhaigh I Neill d'imdeaghail Tíre h-Aodha. Dála Maghnusa ro creach-loiscceadh lais ina m-baoí ina chomhfhochraibh do Cenél Eocchain. Ro marbhait & ro mudhaighit daoíne iomdha lais bheós, & soais go c-cosccar. M1522.6 O ro-fidir Ó Neill (Maghnas do dhol h-i t-Tir Eocchain) soais ina fhriting tar Finn, & ro mhill an tír roimhe go Cenn Maghair, & do-bert creach a Cionn Maghair lais, & luidh co c-cosccar dia thír. ------------------------------------------------------------------------ p.1356 M1522.7 Ro gabhadh iaramh longport lá h-Ua Néill ag Cnoc Buidhbh ag Loch Monann (fris a raitear a c-coitcinne Cnoc an Bogha) gusan socraide rémhraite cénmothá an slógh aniar amhail remhebertmar. M1522.8 Imthusa I Dhomhnaill ro shai tar Bernus iar rochtain Maghnusa gon-édálaibh iomdha dia shaighidh ó na tarraidh Ua Neill ag Ath Senaigh & o ná rucc fair iar n-denamh creiche Chinne Maghair, ro leir-theglamadh lais an conranagair do sochraide ger bó h-uathadh fri h-iolar dó-somh an tan-sin go rangatar go h-aon-mhaighin co Druim Lighen. Ro sgrúdsat a c-comhairle dus cidh do déndaoís im na deacraibh dicuimhgibh baí for cind dóibh uair ro fhedatar ná biadh a n-athmhaoín lá h-Ua Néll cona sluagh & lasan sluagh c-Connachtach ro dáil cuca dia t-tír dia roiseadh leó rochtain a c-ceann aroile conadh í comairle ar-richt leó indsaicchidh I Neill ar as é bá neasa dóibh uair roba lainne leo a mudhucchadh do mhaighin oldas a m-bioth-fognamh do neoch isin m-bith. As fair deisidh leó (o ro bháttar for líon sloigh ina n-acchaidh) amus longphuirt do thabhairt isin adhaidh for Ua Néill. Rainic rabhadh & reimhfhios na comhairle-sin go h-Ua Neill go ro lá forairedha fri forchoimhéd gach conaire inar dóigh leó Cenél c-Conaill do rochtain dia saicchidh, & baí fein cona shlógh h-i c-cathais iar na c-cúlaibh ina longport. M1522.9 Iar n-indeall, & iar n-orducchadh, iar n-gresacht & iar n-gér-laoidhedh a bhecc slóicch d'Ua Dhomhnaill. Ro forcongair forra a n-eachra d'fágbháil, ar ní baí menmarc aca a lathair iombuailte d'iomghabhail munbhadh rempa bá raén. Ro asccnattar trá an tucht-sin co ro dáilsiot h-i c-cend lochta in fhorchoimetta gan airiucchadh dóibh, ar a aoí trá ro gabsat a lucht feithmhe agá erfhuaccra dia muintir co ------------------------------------------------------------------------ p.1358 m-bátar a m-biodhbadha dia soigidh. Do-chótar trá Cenél c-Conaill as a n-indeall lá a dheine & lá a dhioghaire ro chingset ar a uamhan leó na forcoimédaighe do rochtain rempa do shaighidh I Néill gur bhó a n-aoínfhecht rangattar an longport. Ro láiset gáire móra ós áird acc rochtain h-i c-cenn aroile dóibh. Nir bhó meirbh ro freaccradh an conghair-sin lá h-anradhaibh I Néill ar ro gabhsat co calma cosantach acc imdiden a f-flatha & a b-foslongpuirt. Baoí an sluagh cechtardha acc comhmbualadh & acc comhmarbhadh aroile. Ro bhatar treóin accá t-traothadh, & laoích aga ledradh do cechtar an da leithe. Bátar fir aga f-fodhbhadh, machtadh & mídhiach for mearghasraidh isin maighin-sin. As suaill má ro fes lá cechtarna aca cidh fris a f-feradh a comhlann ar nír bhó forreil dóibh aighthe aroile lá doirche na h-oidhche & ar a dhlúithe ro bháttar h-i t-trecumasc aroile. Ro raoíneadh tra fo dheóidh ar Ua Néill cona shlógh & ro fáccbadh an foslongport ag Ua Domhnaill. Bá h-adhbhal tra an t-ár tuccadh ar Ua Neill isin lathair-sin, ar ro h-áirmhedh lá lucht na c-ceall in ro h-adhnaicit dronga dhíbh, & lásna coibhnesaibh báttar h-i c-comhfhochraibh dóibh tuilleadh ar naoí c-céd do thuitim do sochraide I Neill isin maidm-sin, go ro leith ainm, & airdercus an madhma-sin fo Erinn uile. Batar iad bá h-oirdherca torchair isin maidhm-sin, Domhnall Ócc Mac Domhnaill go n-druing dírimh do gallócclachaibh Cloinne Domhnaill, Toirrdhealbhach Mac Síthigh co sochaidhe móir dia mhuintir, Eóin Biséd co n-urmhór na n-Albanach táinicc lais, Aodh mac Eocchain mic Uilliam Mécc Mathgamna co n-dreim dia muintir, Ruaidhrí Mag Uidhir & araill dia mhuintir amaille fris. Torcrattar ann bheós ile do Laighneachaibh & d'feraibh Midhe ar ní tháinicc cenn slóigh na sochaidhe ó bhecc co mór isin tionól-sin I Néill nár bhó h-eccaoíntech iad diar faccaibhset dia muintir isin maighin-sin cona do na h-áraibh daoíne as mó tuccadh etir Conallchoibh & Eóganchaibh an maidhm-sin Cnuic Buidhbh. Tarthadar trá Cenel c-Conaill eich, airm, & edeadh, lon bídh, & biotáille, & seóid somhaiseacha shainemhla ------------------------------------------------------------------------ p.1360 etir esccraibh & bleidhedhaibh na slogh fors ro sraoineadh leó & ge ro bhattar muintir I Domhnaill gan eocha acc dol isin c-cathiorgail battar eich iomdha leó ón fhiallach ro airlighset isin ármhach ishin. Do-chodar araill do shlógaibh Uí Dhomhnaill lá a n-édalaibh dia t-ticchibh gan comairleccadh dó. Ara aoi trá ro smacht-som forra toidhecht ina dhocom fó chédoir, & ro ascna amhail as déine con rainicc (iarna t-toghairm co h-aon-bhaile) tar Bernas Mór siar tar Eirne, tar Drobhaoís, tar Duibh, tré Iochtar Cairpri go ro gabh foslongport a c-Cethramhain na Madadh don taoíbh tuaidh do Beind Ghulban, uar tangattar an sluacch Connachtach do-ráidhsem go m-batar i n-iomshuidhe im Shlicceach bail i m-báttar bárdadha I Dhomhnaill ar ní bhaí airisemh forra gan teacht co Tír Chonaill acht co n-gabhdaoís an baile. An tan at-chualatar an dá Mac Uilliam, an dá Ua Conchobhair Mac Diarmata, Cland I Bhriain, Ó Cerbhaill & Siól c-Ceinneittigh cona slócchaibh Ua Domhnaill do ghabháil fhoslongpuirt i n-iomfhoccus dóibh, & an maidhm-sin do shraoíneadh lais ar Ua Néill as í comhairle ro chinnset teachta do chor uatha d'aslach síodha ar Ua n-Domhnaill, & do rairccset do feibh at-beradh Maghnus Ó Domhnaill & Ó Cerbhaill etir Ua n-Domhnaill & Mac Uilliam im gach caingin & im gach ní baí etorra. Batar iad ro faidhedh frisna tosccaibh-sin, Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh I Bhriain, co n-dagh-dhaoinibh ele amaille fris. IN airet tra batar na teachta acc aisneis a n-aithiscc d'Ua Domhnaill as i comairle do-rónsat maithe na slógh-sin cona slóghaibh eludh gan fhios ón iomshuidhe h-i rabhatar, & ro chinnset for an c-comairle h-i-sin gér bhó h-iongnadh & gér bhó deacair ionnsamhail an t-slóicch baoí annsin ar líonmhaire a lér-thionóil ar uaisle a n-aireach, & ar aidhbhle a n-eccrait frisan tí baoí for a c-ciont do shódh fón samhail-sin co ro aithedh & co ro dioghladh cách díobh a ainninne for aroile. Ní ro h-anadh & ní ro h-airiseadh lasna slócchaibh-sin fri a t-techtaibh ná fri h-iomluadh n-aithiscc síodha no caoíncomraic co ruachtatar Coirrshliabh gur bó h-ann scarsat tighearnadha & taoisigh na slogh-sin ré 'roile. ------------------------------------------------------------------------ p.1362 M1522.10 O Domhnaill imorro ní fhitir sidhe na slóicch do dhol uadha fón ionnus-sin, ar dia f-fesadh nó bhiadh ina lurc amhail as déine con-icfadh. Ro chuir tra Maghnus Ó Domhnaill iodhlacadh lasna teachtaibh .i. la Tadhcc mac Toirrdhealbhaigh I Briain conidh acc Corrsliabh rucc for a mhuintir. As suaill má ro bá mó do clú nó do cosccar d'Ua Domhnaill ar fhud Ereann an maidhm-sin Chnuic Buidhbh in ro farccbadh ár daoíne, & édála aidhbhle, iná an bán-maidhm-sin cen go ro fuiligheadh nó go ro fordhearccadh for neach etorra. M1522.11 Domhnall (.i. Domhnall Cleireach) mac Seain Uí Cathain saor-macaomh a chinidh fein, & fear einigh coitchinn do mharbhadh lasan Rúta. M1522.12 Domhnall mac Domhnaill Uí Ruairc saoí ar uaisle & ar oirbhert do mharbhadh lá cloinn Feidhlimidh Uí Ruairc. M1522.13 Maighistir Feilim Ó Corcráin saoí dearsccaighthe i n-dlicchedh cánonta d'écc. Annal M1523. M1523.0 AOIS CRIOST, 1523. AoiS CRioSt, Mile, cúicc céd, fiche, a trí. M1523.1 Sean Ó Maonaigh baí 'na persún i n-Géisill, & na chananach coradh h-i Cill Dara, an t-aon-cleireach bá mó ainm & oirdearcas do bhaoí i n-Uachtar Laighean do écc. M1523.2 O Catháin Donnchadh mac Seain ceand dámh & deóradh bá ferr ina aimsir dia chinidh fein do écc. M1523.3 O Mórdha Cédac mac Laoighsicch d' écc. M1523.4 Máire inghen I Mhaille ben Mic Suibhne Fánat an aoin-bhen consapail bá ferr ina h-aimsir d'écc. M1523.5 O Maille Corbmac mac Eocchain féichemh coitchenn ar engnamh & ar eineach d'écc. M1523.6 Mac Tighernain Ferghal mac Giolla Iosa Óicc, mic Giolla Iosa, mic Briain ------------------------------------------------------------------------ p.1364 tigearna Teallaigh Dúncadha fear dércach daonnachtach d'écc, & a dhearbhrathair do ghabhail a ionaidh. M1523.7 Brian mac Taidhcc An Chomhaid, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh d'fagháil báis obainn h-i c-Cluain Ramhfhoda fhó fhéil Pattraicc. M1523.8 Mac Uí Bhriain Tuadhmumhan .i. Tadhcc mac Toirdhealbhaigh, mic Taidhcc, mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh do mharbhadh d'urchor do pheiler i n-Ath an Chamais for Siúir lá Buitilerachaibh (.i. lasan iustis Piarus Ruadh Buitilér) fer a aosa rér mó eaccla a esccarat an Tadhg-sin. M1523.9 Mac Gille Eain Lochlainn do mharbhadh. M1523.10 Mac Conmidhe Maoileachlainn d'écc. M1523.11 Aodh Buidhe mac Cuinn mic Neill mic Airt I Neill do mharbhadh lá Ruaidhri Carrach mac Corbmaic mic Aodha. M1523.12 Eogan mac Feilim mic Donnchaidh mic Tighernáin Óicc I Ruairc do bathadh ar Loch Glinde Éda. M1523.13 Rosa mac Ruaidhri, mic Briain mic Feilim Még Uidhir d'faghail bháis i m-braighdeanus acc an c-Comharba Mag Uidir .i. Cú Chonnacht. M1523.14 Aodh mac Airt I Thuathail fer a aoisi bá mó clú einigh & uaisle dá fhine do mharbhadh lá Branachaibh. M1523.15 Coccadh etir Ó Neill .i. Conn, & Ó Domhnaill Aodh Dub mac Aodha Rúaidh. O Domnaill do bheith h-i f-foslongport ré h-edh an earraigh i n-Glionn Fhinne, & Maghnus Ó Domhnaill do dhol i n-Albain, & a toidhecht slán iar criochnucchadh a chuarta. O Domhnaill & Maghnas do dhol h-i t-Tír Eocchain, & an tír uile ó Bhealach Choille na c-Cuirritín go Dún n-Genainn do mhilleadh & do losccadh leó. Baile Mic Domhnaill .i. Cnoc an Chluiche do losccadh lá h-Ua n-Domhnaill & lubgort sainemhail ------------------------------------------------------------------------ p.1366 baí ann do gherradh & do theasccadh lasan sluagh, & a m-beith adhaidh longpuirt h-i t-Tulaigh Ócc. An tír do mhilleadh, & do mhór-arccain ar gach taobh díbh, báttar dna adhaidh fhoslongpuirt la taobh Cairn t-Siaghail, Ro marbhadh, & ro buailedh buar iomdha, & airccthe aidhble, & tangattar slán iar n-ionnradh an tíre leó don chur-sin. M1523.16 Do-dheachaidh trá Ua Domhnaill doridhisi h-i t-Tir n-Eoghain. Ro h-oircceadh & ro milledh an tír lais co n-dearna Ua Neill sídh ris a n-deiredh na bliadhna sa, & ní dearna écht oirdeirc etorra amhlaidh-sin. M1523.17 Indsaicchidh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh Ócc mac Aodha Rúaidh iar n-dénamh síodha lá h-Ua Néill iar t-teacclamadh a sochraide h-i t-tír & h-i c-coiccrích lais, dol dó co Bréifne Uí Ruairc. Creacha, & édála an tíre do chur la Fioru Breifne i n-diamraibh & i n-droibhelaibh an tíre dia n-iomchoimhéd & dia n-imdhíden for Ua n-Domhnaill. Bátar clann Uí Ruairc gusan líon sluagh tarrustair ina b-farradh ag imdheghail an tíre, ar a aoí trá do imthigh Ua Domhnaill an tír don turus-sin. Ro loiscceadh lais a foirccnemha, & a h-arbhanna, co nár fháccaibh ní bá ionairmhe innte gan losccadh. M1523.18 Sluaiccheadh adhbhal-mhór la Gearóid iarla Chille Dara, & la Gallaibh Midhe, & lá h-Ua Néill Conn mac Cuinn, mic Enri, mic Eoghain ar Ua c-Conchobhair f-Failghe, & ar Chonall Ua Mhórdha & ar Ghaoidhealaibh Laighen archena. Na Gaoidhil-sin d'anamhain uile ar rádh I Néill, & ar a bhreithemhnas etorra, & an t-iarla, & Ó Néill ar n-dénamh síodha etorra do tabairt giall, & braghatt na n-Gaoidheal-sin i in urlaimh an iarla a n-gioll lé gach accra dá raibhe aicce orra, & a sccaradh ré 'roile fo shídh amhlaidh-sin. M1523.19 Feradhach Buidhe Ó Madaccáin tánaisi Síl n-Anamcadha do mharbhadh lá sluagh Uí Cearbhaill .i. Maol Ruanaidh. ------------------------------------------------------------------------ p.1368 Annal M1524. M1524.0 AOIS CRIOST, 1524. AOIS CRIOST, míle, cúicc céd, fiche, a ceathair. M1524.1 Dias mac I Dhomhnaill, Niall Garbh, & Eocchan clann Aodha Óicc mic Aodha Rúaidh do cengal commbádha coccaidh ré 'roile, & a m-beith lé h-athaidh acc buaidhreadh an tíre go ro cuireadh futhaibh féin dol i n-acchaidh a cele. Ro gabadh baile Néill Ghairbh .i. Crannócc Locha Bethaigh lá h-Eoghan, iar m-beith don bhaile for a iocht & for a ionchaibh féin. Fáccbhais Niall an tír, & tucc ionnsaicchidh fhada im-chian doridhisi ar an m-baile co m-baoí a c-ceilcc a c-comhfoccus dó. Ro fhidir Eoghan an ní-sin, & ro ionnsaigh go h-airm i m-baoí Niall. Ro gabhsat ag iommbualadh athaidh fhada re 'roile go ro marbadh Eoghan ar an lathar-sin. Ro tromloiteadh Niall co n-erbhailt dia ghonaibh iarsin. Ro ba mór an t-echt riasan tan-sin an dias torchair annsin. M1524.2 Diarmaitt mac An Ghiolla Dhuibh Ui Bhriain, fer a thighearnais féin as ferr nó riaradh lucht cuingeda neith fair, fer ro ba buaine eineach, & engnamh, fer ro saoíleadh d'anmhain le h-inmhe & lé h-oireachus a dhúithche do écc iar n-ongadh & iar n-aithrighe. M1524.3 Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír n-Eocchain diar loiscceadh & diar h-aircceadh an tír lais, & teacht slán iaramh. M1524.4 Sloiccheadh lasan iustis .i. Geróitt mac Geróitt iarla Chille Dara d'fhoiridhin a bhrathar I Neill .i. Conn mac Cuinn h-i medhón foghmhair do shonnradh do thocht for Ua n-Domhnaill d'aithe a áiniccne fair, & ní ro h-airiseadh leó co riachtattar Port na t-Tri Namhat, ar ba h-innill, & bá daingen leó beith isin maigin-sin ar uamhan I Dhomhnaill, ar ro bháttar domain-díogha talmhan & lethan-clasa lán-daingne ina n-uirthimcheall ann do-ronadh lá Maghnus Ua n-Domhnaill fecht riamh. ------------------------------------------------------------------------ p.1370 Do-ronadh tionol trom slóigh lá h-Ua n-Domhnaill do chosnamh a críche fris an iustís, & fri h-Ua Neill. Báttar iad tangattar h-i sochraidhe I Dhomhnaill cenmotha a shochraide bunaidh budhdhéin, feacht adhbhal Albanach d'uaislibh Cloinne Domhnaill na h-Alban fá Mac Domhnaill fein Alasdrann mac Eóin Cathanaigh, & fá Aengus mac Eóin Cathanaigh, fa Mac Domhnaill Gallócclach co sochaidhi do deagh-dhaoinibh ele a h-Albain amaille friu. Ní ro h-anadh leó-sidhe co rangattar co Druim Lighen, & ro baí gealladh immbualaidh etorra arna mharach. Ro baí Maghnus Ó Domhnaill ag iarraidh an iustis & Ó Néill d'ionnsaicchidh in adhaidh-sin & ní ro fhaomh Ó Domhnaill sin lá daingne an ionaidh ina rabhattar, & ar uamhan an ordanáis bátar lá muintir an iustís. Do-chóidh tra Maghnus gan comharlécchadh d'Ua Dhomhnaill h-i mescc na n-Gallócclach dia chois do chaithemh & do mhescc-bhuaidhreadh t-sluaigh an iústís & I Neill & ro gabhsat for a n-diúbhraccadh do shaithibh saighitt conár leiccset tathamh nó tionnabradh dóibh go ro marbhadh An Calbhach mac Uí Bhriain leo co sochaidhe ele amaille ris, & rob écht mór esidhe ina duthaigh fein. As í comairle ro chinn an iustís, & Ó Neill ar abarach coinne síodha do chor go h-Ua n-Domhnaill, do-ronadh ón, ar ro naidhm an iustís sidh etir Ó n-Domhnaill & Ua Neill, & é fein h-i slánaibh etorra. Do-rónadh bheós cairdes Críost mar an c-cédna etir an iústis, & Ó Domhnaill co ro scarsatt fó sidh, & fó chaoincomrac tre mhíorbhailibh Dé don dul-sin. Acc tionntudh don iustis, & d'Ua Neill fuarattar Aodh, mac Néill, mic Cuinn, mic Aodha Buidhe, mic Briain Bhallaigh sluacch mór acc milleadh Tíre h-Eocchain, & an tan do-chuala Aodh na slóigh-sin do beith chuicce, Ro chuir urmhór a slóigh féin roimhe lá creachaibh & lá h-édalaibh an tíre. Ro airis fein co cian ina n-dedhaidh i n-uathadh slóigh co ruccsat tiucch an t-slóigh ele fair. Ro ionnsaighsiot é iarná faghbail i n-ettarbaoghal co ro marbadh (6. October), & co ro mudhaighead leó h-e ar in lathair-sin. Bá trogh tra & bá doiligh an t-saor-clann shoichinélach d'oidheadh amhlaidh ------------------------------------------------------------------------ p.1372 -sin ar ní bhaoí a shamhail do Chenél Eoghain re cian d'aimsir ar uaisle, ar erghna ar eineach ar cródhacht, ar chomhnart, ar chosnamh conadh d'foraithmhet a bháis ro ráidheadh: 1. A cethair fichet fír soin, mile cúicc céd do bliadhnaibh, ó ghein Dé co h-Aodh dh' oidhidh da m-be aon dá fhiarfoighidh. M1524.5 Mac Uidhilín Corbmac, & mac Seain Duibh Mic Domnaill do lot & do ghabhail a h-aithle an marbtha-sin lá muintir I Neill. M1524.6 Gormlaidh inghen Uí Dhomhnaill (Aodh Ruadh) ben Aodha mic Neill mic Cuinn I Néill, ben ro ba mo derlaccadh & deigh-eineach & ro ba mo cumaoín ar ordaibh & eccalsaibh, ar eiccsibh & ar ollamhnaibh (deithbhir ón ar baoí deigh-fher a dhiongmala lé) d'écc iar m-breith buadha ó doman, & deman. M1524.7 Coccadh mór etir Cathanchaibh dár marbhadh Cu Maighe mac Briain Fhinn Uí Chatháin, & Fer Dorcha mac Ruaidhri an Rúta, & ro marbhadh for an coccadh-sin Aodh Carrach mac Ui Dhochartaigh lé Gofraidh mac Gofradha Uí Cathain, & drong dá muintir amaille ris iar n-dol dóibh do chongnam lá Sean mac Tomáis I Chatháin. M1524.8 Cu Mhaighe Ballach mac Domhnaill I Chatáin saoí dhuine uasail ar a chumhactaibh do mharbhadh lá cuid don Rutta. M1524.9 Mac Donnchaidh Tire h-Oilella d'écc .i. Ruaidri mac Tomaltaigh mic Briain, & imreasain do beith etir Cloinn n-Donchaidh fa tighearnus na tíre, & Mac Donnchaidh do gairm do Corbmac mac Taidhcc mic Briain. M1524.10 Mac Suibhne Tire Boghaine Niall Mór mac Eocchain consapal bá ferr lámh & laochdhacht, & bá crúaidhe croidhe & comhairle, bá ferr airisiomh, & ionnsaighidh, & bá ferr enech & engnamh, bá mó muirer & merghasradh, & as lia las ro briseadh ------------------------------------------------------------------------ p.1374 do bernadhaibh baoghail dia chaomh-chenel fein d'écc iar n-ongadh & iar n-aithrighe ina caislén fein h-i Rathain .14. December. M1524.11 O Conchobhair Ciarraighe (Concobhar mac Concobhair) do dhol ar creich i n-Duthaigh Ealla & Corbmac Ócc mac Corbmaic mic Taidhcc do breith fair, & raoineadh lais for Ua c-Concobair, & Ó Conchobair féin do lot & do gabhail. Conchobhar mac Diarmada mic An Giolla Dhuibh I Briain, & Diarmaid mac Corbmaic Uí Mháille do mharbhadh isin m-briseadh-sin lá Corbmac mac Taidhcc. M1524.12 Mag Carthaigh Riabhach (Domhnall mac Fíngin, mic Diarmada) do dhol ar siubhal creiche i n-Glionn Fleisce, & muintir na tíre ar m-breith fair ag fágbhail an ghlenna, é fein do ghabháil & drong dia mhuintir do mharbhadh. M1524.13 Magg Raghnaill (Cathal Ócc mac Cathail) do mharbhadh a f-fioll ar faithche a bhaile fein lé cloinn I Mhaoil Mhiadhaigh. M1524.14 Mor inghean I Briain (.i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc) bean Donnchaidh mic Mathghamhna I Briain, ben tighe aoidhedh coitchinn d'écc. M1524.15 Aibhilín inghen Ridire an Ghleanna, ben I Conchobhair Ciarraighe, deigh-bhen dércach daonnachtach d'écc. M1524.16 Toirrdhealbhach mac Feilim Buidhe Uí Chonchobhair do mharbhadh lá Toirrdhealbhach Ruadh mic Taidhcc Bhuidhe mic Cathail Ruaidh. M1524.17 Ruaidri mac Briain mic Pilip Meg Uidhir saoí chinn fhedhna d'écc. M1524.18 Mac Uí Raighilligh .i. Cathal mac Eocchain mic Cathail do ghabhail lá cloinn t-Seain mic Cathail Uí Raighilligh, & milleadh na Bréifne uile do theacht trit-sin etir Ó Raighilligh & clann t-Seain I Raighilligh, & Ó Néill (Conn mac Cuinn) do dhol sluagh fó dhí isin m-Breifne do milleadh coda cloinni t-Seain don Breifne, & clann t-Seain do mhilleadh coda Uí Raighilligh, & an Prioir ócc, mac Cathail, mic Feargail, mic Seain do mharbhadh d'orchor do philér fá chaislén Tolcha Moain, Roba saoí chinn fhedhna eisidhe. ------------------------------------------------------------------------ p.1376 M1524.19 Mac Még Uidhir Concobhar mac Seain mic Pilip do mharbhadh la Sliocht Airt I Néill. M1524.20 Ross mac Ruaidhri mic Tomais Óicc Meg Uidhir do bhathadh h-i port Claoininnsi iar t-tabairt creiche dó ó mhac Még Uidhir .i. Giolla Pattraicc mac Concobhair. M1524.21 Brian mac Giolla Patraicc mic Aodha Óicc Még Mathghamhna, Ardghal mac Aodha Óicc, & Eochaidh mac Aodha Óicc do theacht go baile Még Mathghamhna (.i. Glaisne mac Remainn, mic Glaisne Meg Mathghamhna) d'ernaidhm & do dhaingniucchadh a siodha ris, & iar n-dénamh a c-cuir & a c-cengail, & a siodha dóib ris fá mhionnaibh & fá shlánaibh iomhdha, ro fháccaibhsiot an baile gan eaccla gan imuamhan. Ro cuireadh Brian na Moicheirghe Mag Mathghamhna & lucht tighe Még Mathghamhna ina lenmain, & ro marbhadh Brian & Ardgal leó tré thangnacht & meabhail, & bá h-iat sein dias a c-comhaosa bá ferr baí ina c-comhfochraibh. M1524.22 Sean Buidhe mac Aindriasa Meg Craith fer suim sochonáigh go n-iomat saidhbhresa esen, & a écc. M1524.23 O Breislein Eocchan Ócc, mac Eocchain, ollamh Mheg Uidhir lé breithemhnas d'écc. M1524.24 Mac Rithbertaigh (.i. Cu Connacht) ollamh Még Uidhir lé dán d'écc. Annal M1525. M1525.0 AOIS CRIOST, 1525. Aois Críost, mile, cuicc céd, fiche, a cúicc. M1525.1 Gníomh urgranna adhuathmar do dhénamh an bhliadhain-si .i. epscop Leithghlinne arna mharbhadh h-i meabhail lá Mac an Abbadh Mic Murchadha, & h-é ina chaoimhtheacht amaille lé gradh & lé carthanacht, & an drong ar a rucc iarla Chille Dara do ------------------------------------------------------------------------ p.1378 lucht dénmha an mhí-ghníomha-sin ro fhorchongair a m-breith gusan maighin in ro mharbhsat an t-epscop, & h-i b-fendadh beó ar tús, a n-abaighe & a n-ionathair do bhein asda, & a losccadh ina b-fiadhnaisi. M1525.2 Toirrdhealbhach mac Mathghamhna, mic Toirrdhealbhaigh, mic Briain Catha in Aonaigh I Bhriain epscop Cille Da Lua do écc. M1525.3 An deganach mac Briain Ruaidh Mic Con Midhe fear tighe aoidhedh coitchinn d'écc. M1525.4 Comhchruinniucchadh fher n-Éreann go h-aon-bhaile i n-Ath Cliath lasan iustis iarla Cille Dara (Geróid Ócc mac Geróit) dú h-i t-tangattar iarladha & barúin, ridireadha, & rodhaoíne, & urmhór Gaoidheal & Gall Ereann archena. Do-chuaidh tra Ó Neill Conn mac Cuinn, & Ó Domhnaill, Aodh mac Aodha Ruaidh do chengal a c-cor & d'athdaingniuccadh a síodha h-i f-fiadhnaisi an iustís, iar t-taccra & iar n-aighnes gacha caingne ro bhaí etorra riamh go sin dóibh fein & dá c-cairdibh Gall & Gaoidheal ní ro cuimhgedh a síodhucchadh lásan iustis na lásna maithibh archena go t-tangattar fo eissídh dia t-tighibh go ro fhás an coccadh cédna etorra doridhise. Do-deachaidh tra Ua Domhnaill fo dhí h-i t-Tír Eoghain an bliadhain-si go ro loisceadh, & go ro léir-indradh gach aird in ro ghabh don tír uile lais, & ní fhuair tachar no teoccmháil ris acc dol nó acc teacht aoinfhecht dibh-sin. Do-ronath sídh iaramh etorra a t-tús an fhoghmhair do shonnradh co ro thingheallsat airisemh ar gach taoíbh feibh at-béradh an iustis & Maghnus Ó Domhnaill. M1525.5 O Cathain .i. Sean mac Tomais do mharbhadh lá dreim dia chinidh fein .i. mac Ruaidri an Rúta Uí Catháin, & mac Gofradha Ui Cathain, & c. M1525.6 Catariona inghen I Duibhgennáin d'écc, 9.Iun, & a h-adhnacal co h-onorach h-i Mainistir Dúin na n-Gall. M1525.7 Rois inghen Meg Uidhir (Sean) d'écc. M1525.8 Siubhán inghen Mécc Mathghamhna (Brian) d'écc. ------------------------------------------------------------------------ p.1380 Annal M1526. M1526.0 AOIS CRIOST, 1526. Aoís Criost, míle, cúicc céd, fiche, a sé. M1526.1 Glaisne mac Aodha Még Aongusa abb manach an Iubhair príoir Dúin & Sabhaill do mharbhadh lá cloinn Domhnaill Még Aongusa .i. lá Domhnall Ócc cona bhraithribh. M1526.2 O Raighilligh d'écc .i. Eóghan. Coccadh mór do fhás etir a chinedh imón tighearnas iarna ecc-somh co ro gaireadh Ua Raighilligh d'Fergal mac Seain a comhairle an iustis & mhóráin do mhaithibh Gall & Gaoidhel gé ro bhattar daoíne ba sine ina-somh acc cur chuicce. M1526.3 Mac Uí Ruairc .i. Tadhcc mac Eoccain do marbhadh i meabhail lá muintir a dearbhrathar fein. M1526.4 O Neill .i. Cond, & Maghnas Ó Domhnaill do dhol do lathair an iustis do dhénamh síodha Conallach, & Eoghanach, & ar t-tionól mhoráin do mhaithibh Gall & Gaoidhel dá soighidh dia siodhucchadh, ní ro fhédsat naidhm sioda nó cairdesa etorra o t-tangattar ar c-cúlaibh fo eissídh don chur-sin. M1526.5 Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (iar t-toidhecht Maghnusa ó Áth Cliath) & lá Maghnus feissin cona sochraide diblínibh h-i tús an earraigh do shonnradh h-i t-Tír Eogain. Creacha iomda & airccthe aidhble do dhénamh leó isin tír, & in init do dhénamh dhóibh forsna creachaibh- sin h-i c-Coill na Lon h-i Siol m-Baoighill, & tangattar slán dia t-tighibh iaromh co n-edálaibh iomhdaibh. M1526.6 Easaénta mhór ar n-eirghe i n-Iochtar Connacht, ar ro cenglattar a n-urmhór uile ré 'roile i n-aghaidh I Dhomhnaill. Bá h-iad do-róine an coimhchengal-sin Brian mac Feilim Uí Choncobhair, mac Cathail Óicc Uí Chonchobhair (.i. Tadhcc) fá Sliocht ------------------------------------------------------------------------ p.1382 Corbmaic Mic Donnchaidh .i. Eocchan, & Muirchertach cona c-cloinn, & cona lucht lenamhna, do-rónsat an lucht-sin creach a n-Iochtar Cairpri ar Sliocht Fheilim mic Eocchain Uí Conchobhair, & ruccsat na creacha leó h-i Maigh Luircc ar robdar síodhaigh riú ar dhol i n-acchaid Uí Dhomhnaill. M1526.7 O 'd-chuala Ó Domhnaill na creacha-sin do dhenamh, do-rónadh tionól sluaigh lais h-i c-cenn aroile .i. cuid do maithibh Conallach, & Mag Uidhir, Cú Connacht co n-eirghe amach Fher Manach amaille fris, do-chuaidh fo chedóir h-i c-Cairpri. Ro brisedh Caislén na Grainsighe gan fhuireach lais .i. baile Sleachta Briain Uí Conchobhair, do-thaéd iaramh riasan sluagh-sin h-i Maigh Luircc ro milleadh & ro loiscceadh lais an tír, & do-chottar Sliocht Briain Uí Conchobhair for a iomghabhail don chur-sin, & tainic-siomh dia thigh. O 'd-chualattar an t-Síol c-Concobhair sin Ó Domhnaill do dhol tar a ais h-i t-Tír Chonaill tangattar fein & an Chlann Donnchaidh remhráite co líon a t-tionoil a t-timcheall Sliccigh. Ro ghabhsat ag gerradh gort & arbhann, & ro bhattar acc cur dochum an bhaile do ghabháil nó gur marbhadh duine maith dá muintir .i. Ruaidhri Ballach mac I Airt. Ro imthighset on m-baile an lá-sin, & cruinnighit doridhisi imon m-baile, & iar c-cluinsin na sccél-sin d'Ua Domhnaill tainic co nemhlescc nemhshadhal gan fhuireach gan fhaillighe d'fóiridhin t-Sliccigh, & ní ro h-anadh fris ar rochtain dó, ar do-chóidhsiot Síol c-Concobhair & Clann n-Donnchaidh go Bél an Droichit. Ro len Ó Domhnaill cona sluaigh iatt amail as déine conranccattar, & ro sraoíneadh fo chédóir for Shíol c-Conchobhair, & for Cloinn n-Donnchaidh, & ro marbhadh mac Mheic Donnchaidh .i. Maoíleachlainn mac Eoghain mic Donnchaidh co sochaidhe ele amaille fris. Ro cuireadh Brian mac Feilim mic Maghnusa Uí Conchobhair dia eoch, & bá h-é dlús & daingne na coilleadh tarla a t-timcheall Beóil an Droichit rucc as uaidhibh é, & ad-berat aroile nár bhó h-ógh-slán ón maidhm-sin alle co b-fuair bás iar t-trioll. Ro fháccaibh an sluacch Connachtach-sin édala móra each, airm, & ------------------------------------------------------------------------ p.1384 éideadh ag Cenel c-Conaill don cur-sin, uair ó do-rad Aodh Ruadh mac Neill Ghairbh maidhm an Cheidigh Dhroighnigh for Connachtaibh h-i t-torcratar ile díbh ní thardsat Cenél c-Conaill for Chonnachtaibh én-mhaidhm ro ba cosccraidhe dóibh do chur, & órbh aidhble a n-édala inás an maidhm-sin Bheóil an Droichit. M1526.8 O Néill do theacht do thoirmescc caisléin do thionnsccain Maghnas Ó Domhnaill h-i Port na t-Tri Namhat, & Maghnus do thegmháil ria t-tús an t-sluaigh, & Enri mac Seain I Neill do ghabháil lais, & Ó Néill fein d'imtheacht a c-cóir madhma. M1526.9 O Catháin .i. Gofraidh mac Gofradha do mharbhadh ag Bealach an Chamáin lá mac I Néill .i. Niall Ócc, & Niall fein do ghabháil fo chend trill iarsin lá h-Ua Neill, & a beith i m-braighdenas frí ré fhoda. M1526.10 Mac I Chathain (Gofraidh) adhbhar tighearna a thíre feisin do dhol ar siubhal creiche i n-Glionn Con Cadhan a mí Ianuarii do sonnradh, & a écc-somh fri h-adhfhuaire na síne geimhreta conach frith aon-focal dia scélaibh no go f-fríth a chorp a n-deiredh an chorghais ar cind, & Enri mac Neill mic Briain tigherna Baile na Braghat do mharbhadh don chur-sin, & sochaidhi ele beós d'écc do fhuacht, & do mharbhadh amaille friú. M1526.11 Maidhm do thabhairt lá mac Mic Piarais ar chloinn Emainn mic Tomais Buitilér dú in ro marbhadh Conchobhar Ócc mac Conchobhair Chaoich UI Dhomhnaill baí na chonsapal gallócclach, & agá m-baí lámh mhaith co minic rias an tan-sin, & an lá-sin dáiridhe ar nír leicc méd a mhenman & feabhas a láimhe dhó anacal do ghabháil iarna thairccsin dó, & torchratar sochaidhe mór do dagh-dhaoínibh, do marc-sluagh, & do gallocclachaibh isin maidhm-sin ina fharradh. M1526.12 O Dochartaigh Eachmarcach tighearna Innsi h-Eocchain d'écc, & imresain mór ------------------------------------------------------------------------ p.1386 ar n-eirghe etir a chineadh féin fa tighearnas go ro goireadh tighearna do Gearalt mac Domhnaill mic Feilim I Dhochartaigh. M1526.13 Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill h-i t-Tír Amalgaidh ar tarraing Slechta Riocaird A Búrc, Battar maithe Ceneóil c-Conaill ar an sluaiccheadh-sin, & Mág Uidhir Cú Connacht co n-éirghe amach Fher Manach amaille fris, ní ro h-anadh & ní ro h-airisedh lasna h-uaislibh-sin co rangattar co Slicceach cetús. Ro tairrngedh & ro teglamadh arbhanna iomdha baoí acc Sliocht Briain h-I Chonchobhair h-i c-Cúil Iorra go Slicceach lasan sluagh-sin Uí Dhomhnaill & an ní ná ro tharraingset de ro mhillset co léir h-é. Teid Ó Domhnaill cona shluagh h-i t-Tír n-Amhalgaidh, & ro gabhadh caislén Caorthannáin & Cros Maoiliona lais, & fuair braighde, & édala iomdha sna caislénaibh ísin. Ro leaccadh, & ro láin-brisedh lais iatt conar bhó h-ionaittreabha inntibh as a h-aithle. Do-rónadh lais iarsin síth, cadach, & comhaontadh etir Shliocht Riocaird A Búrc & Bairédaigh comdar córaigh fria 'roile. Ag sóadh d'Ua Domhnaill ro ghabh foslongport im Chul Maoile bai i n-éccraides & i n-anumhla ris an tan-sin. Ro milleadh & ro loiscceadh ina m-baoí d'arbhar ag Sliocht Corbmaic Mic Donnchaidh lais conadh iarná mhilleadh & iarna mí-imirt do-ronsat a breth fein do shíth ris Ua n-Domhnaill, & tuccsat braighde dó fri comhall gach neith ro gheallsat fris. Do-rónsat Sliocht Briain I Chonchobhair an cédna uair tuccsat a riar & a breth fein do shíth d'Ua Dhomhnaill iar m-brisedh caisléin na Gráinsighe, & iar milleadh a m-bairr, & a n-arbha uile, & do-radsat a c-caoraigheacht don tír iaramh, do-thaod Ó Domhnaill cona shlócch slán iar m-buaidh, & c-cosccar don chur-sin, & edh becc ria samhain do-rónadh an sluaiccheadh-sin lá h-Ua n-Domhnaill. M1526.14 Breasal Ua Madagáin (.i. tighearna Síl n-Anmchadha), fer caoín cródha, cennsa ceart-brethach d'écc. ------------------------------------------------------------------------ p.1388 Annal M1527. M1527.0 AOIS CRIOST, 1527. AoiS CRiost, mile, cúicc céd, fiche a seacht. M1527.1 Labhras abb Lesa Gabhail d'écc. M1527.2 Mag Uidir Concobhar d'écc, & Mag Uidir do ghairm ina ionadh don chomharba .i. do Choin Chonnacht, mac Con Chonnacht, mic Briain, lá h-Ua n-Domhnaill. M1527.3 Toirrdhealbhach mac Eiccneacháin I Domhnaill, & Feilim mac Gofradha mic Seain Luircc I Domhnaill do écc. M1527.4 Mac Donnchaidh Tire h-Oilella .i. Corbmac mac Taidhcc mic Briain d'écc, & imreasain do beith etir Cloinn n-Donnchaidh fan tighearnas nó gur goireadh Mac Donnchaid d'Eocchan mac Donnchaidh mic Murchaidh. M1527.5 Brian mac Feilim mic Maghnusa Uí Concobhair, & Domhnall mac Feilim mic Toirrdhealbhaigh Carraigh Uí Choncobhair d'écc. M1527.6 Flaithbhertach mac Rúaidhri mic Briain Még Uidhir do mharbhadh la Teallach Eachdhach i. lá h-Uaithne mac Maghnusa Még Samhradhain. M1527.7 Amhlaoibh Ócc Dubh Mag Amhalgaidh taoíseach Calraighe do thuitim lá Cloinn Cholmáin, & ro dhioghail-siomh é fein riana mharbhadh uair do marbhadh Fiacha Mhag Eochagáin lais ar an lathair-sin. M1527.8 O Cléirigh .i. An Giolla Riabhach mac Taidhcc Caim saoi lé h-ealadhain h-i senchus, i n-dán, & h-i leighionn fer suim, saidhbhir, sochonáigh, & cumhaing móir éisidhe, & a écc i n-aibítt San Fronseis an 8. la do Mharta. M1527.9 An doctuir Ua Duinn Sleibhe Donnchadh mac Eocchain, doctúir h-i leigheas & saoí i n-eadladhnaibh ele, fer conaigh mhóir, & saidhbhresa, & tighe n-aoidhedh coitchinn d'écc .30. September. M1527.10 Mac Maghnusa Még Uidhir .i. Tomás Ócc mac Cathail Óicc, mic Cathail Óicc biatach an t-Senaigh, officél Locha h-Éirne, fer erccna eólach i n-ealadhnaibh, fer ro bá lán do chlú & d'oirdhearcas in gach ionadh baí ina chómhfoccus, & a écc. M1527.11 Ruaidhri mac Murchaidh Mic Suibhne do mharbhadh lá a bhraithribh. ------------------------------------------------------------------------ p.1390 M1527.12 Uilliam mac Aindriasa Még Craith fear saidhbhreasa & sochonáigh d'écc. M1527.13 Caitilín inghen Chuinn mic Domhnaill I Neill ben craibhdheach dhegh-einigh ro bhaí ag degh-fheraibh .i. ag Ua Raghallaigh ar tús, & acc Ua Ruairc iarsin d'écc iar n-ongadh & iar n-aithrighe. M1527.14 Sloiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill Aodh mac Aodha Ruaidh do dhol h-i c-Connachtaibh, At iatt tangattar ina shochraitte, O Baoighill, O Dochartaigh, na tri Meic Suibhne, Mag Uidhir, Cu Connacht co n-eirghe amach Fher Manach, & maithe Iochtair Chonnacht cona n-eirghe amach & ní ro h-airiseadh leó co riachtattar Magh Luircc. Ro milleadh an tír co leir leó etir arbhar & foirccnemh. As edh lotar iaramh co Caislén Mór Mic Goisdealbhaigh dia ghabháil. Bá daingen díothoghlaighi eisidhé ar ro bhádar an uile aidhme gabhála fri naimhdibh feibh is deach baoí i n-Erinn an tan-sin isin m-baile ísin etir bhiudh & ordanás & gach aidhme archena, ara aoi tra ro ghabhsat na maithe-sin acc iomshuidhe imon m-baile, & ro sreathnaighset a slógha ina uirthimcheall conár leiccset neach anonn nó anall dia shaicchidh go ro gabhadh an caislén leó fo dheóidh. M1527.15 Ro gabhadh leó don chur-sin caislén An Mhendoda, caislén An Chalaidh, Baile na h-Uamha, & an Caislén Riabhach, & ro brisit na caisléin-sin uile leó iar na n-gabháil. Ro marbhadh beós Aodh Buidhe mac An Dubháltaigh Uí Ghallcubhair ar an sluaiccheadh-sin (ó Ua Domhnaill) i n-ucht an Bhealaigh Bhuidhe. M1527.16 Caislén Leithbhir do chríochnucchadh lá Maghnus Ua n-Domhnaill etir obair cloiche, chroinn, & cláraigh, & Ua Neill a c-coccadh fair. As ann ro tionnsccnadh an obair-sin lá Maghnus an cédaoín iar f-féil Brenainn isin t-samhradh & ro criochnuiccheadh a c-cuid don t-samhradh cedna. ------------------------------------------------------------------------ p.1392 Annal M1528. M1528.0 AOIS CRIOST, 1528. Aois Criost, mile, cúicc ced, fiche, a h-ocht. M1528.1 O Ruairc Eócchan tighearna na Breifne ursa cothaighthe einigh, eangnamha, & uaisle Sleachta Aodha Finn d'écc i n-aibítt .S. Fronseis iar n-ongadh, & iar n-aithrighe. M1528.2 O Briain .i. Toirrdhealbhach mac Taidhcc an t-aon-mac Gaoidhil bá foide lé h-uaisle, & lé h-eineach do Leith Mogha, oidhre diongmhala Briain Boroimhe ar chongmháil coccaidh ré Gallaibh d'écc iar n-onccadh, & iar n-aithrighe & a mac d'óirdneadh ina ionadh .i. Conchobhar mac Toirrdhealbhaigh. M1528.3 Fionnghuala inghean I Bhriain (.i. Conchobhair na Sróna mic Toirrdhealbhaigh mic Briain Catha an Aonaigh) ben Uí Dhomhnaill Aodh Ruadh, an aoín-bhen as mó do chosain clú & oirdhearcus dá m-baoí na comhaimsir a leith fria curp & fria h-anmain iar c-caithemh a h-aoisi & a h-inmhe lé déirc, & lé daonnacht & iar m-beith da bhliadhain ar fichit i n-aibítt San Fronséis d'écc an céd lá don Corccas (.i. an. 5. Februarii), & a h-adhnacal i Mainistir Dúin na n-Gall do-rónadh ina h-aimsir budhéin. M1528.4 Conn mac Néill mic Airt I Néill saoí chinn fhedhna esidhe do mharbhadh (.i. an. 15. April) la mac Airt Óig I Neill (.i. Ó Neill), & lá cuid do Sliocht Aodha Meg Uidhir, & dá mac I Neill (.i. Art Occ) .i. Enri, & Corbmac baí i laimh ag Ua Neill (.i. Conn mac Cuinn) a f-fad riasan tan-sin do thabhairt (d'Ua Néill) do cloinn Chuinn mic Néill, & cland Chuinn do chrochadh na deisi-sin a n-dioghail a n-athar. M1528.5 Mac Diarmada Maighe Luircc (Corbmac mac Ruaidhri) feicheamh coitchent ar eineach & ar fhéile, mir cruadha Connacht ar coccadh & comhfhuachadh, fer cosanta a chriche ar eachtair-cenélaibh d'écc iar n-ongadh & iar n-aithricche & a dearbhrathair Diarmait do ghabhail a ionait. M1528.6 Macc Carthaigh Riabhach Domhnall d'écc. M1528.7 Caislén Chúile Maoile do ghabháil ar Mac n-Donnchaidh lá a dearbhrathair fein lá Muircheartach mac Donnchaidh mic Murchaidh, & Mac Donnchaidh féin & ------------------------------------------------------------------------ p.1394 a mac Murchadh do ghabháil go h-aithghearr iar sin lá h-Ua n-Dúbhda, & lasan Muircheartach c-cédna, & mac ele do Mac Donnchaidh .i. Donnchadh do mharbhadh léo an tan-sin. M1528.8 Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill (co n-druing móir d'Albanchaibh amaille fris im Alastrann mac Eóin Chathánaigh) h-i Maigh Luircc, & An Bealach Buidhe do ghearradh leó. Braighde, & cíos do fhaghbhail ó Mhac Diarmada, & toidhecht slán dia tír. M1528.9 O Maoil Mhiadhaigh taoiseach Teallaigh Cearbhalláin .i. Cathal mac Domhnaill mic Uaithne Buidhe d'écc. M1528.10 Gaoth mhór ar n-eirghe an aoíne ria Nodlaicc go ro lá fiodh-ár mór fó Erinn go ro trascair chiodh araill do chumhdaighthibh cloch & crann. Ro bris bheos mur Mainistre Dúin na n-Gall. Ro fhuadaigh, ro bháidh, & ro