Annals of the Four Masters 2 Author: [unknown] p.564 M903.0 Aois Criost, naoi c-céd trí. M903.1 An seachtmhadh bliadhain fichet do Fhland. M903.2 Maol Martain, abb Lughmhaidh. M903.3 Diarmaid, abb Daire Calgaigh. M903.4 Corbmac, abb Droma Móire. M903.5 & Suibhne, mac Duibh Da Bhoirent, prióir Cille Dara, d'ég. M903.6 Maol Occhrai, mac Conghalaigh, tighearna Locha Gabhar, do mharbhadh la Fogartach, mac Tolaircc. M903.7 Cath Bhealaigh Mughna ria f-Flann mac Maoil Sechlainn, rí ----- p.566 Ereann, & ria c-Cerbhall, mac Muireigein, rí Laighen, & ria c-Cathal, mac Conchobhair, rí Connacht for Corbmac mac Cuilennáin, rí Caisil. Ro meabhaidh ----- p.568 an cath for Corbmac & at-rochair féin ann, gér bo liacha thuitim, uair rí, easpucc, angcoire, scribhnidh, & egnaidh derscaighthe isin m-berla Scoiteccdha esidhe. At iad na saer-clanna torcratar imaille fris. Foghartach, .i. eccnaidhe mac Suibhne, tighearna Ciarraighe Cuirche, Ceallach mac Cearbhaill, tighearna Osraighe, Maol Gorm, tighearna Ciarraighe Luachra, Maol Mórdha, tighearna Raithlinne, Ailell, mac Eoghain, abb Trín Corcaighe, Colman, abb Cind Éittigh, & tighearna Corca Duibhne, & aroile saor-clanna cenmotát-sidhe go sé mílibh h-i maille friú. As dia foraithmet-sin ro ráidheadh indso la Dallán mac Móire, ----- p.570 1. Corbmac Feimhin Fogartach, Colmán, Ceallach, cruaidh n-ughra, at-bathsat co n-il-mhilibh, h-i c-cath Bealaigh muadh Mughna. 2. Flann Teamhra don Taillten-mhaigh, Cearbhall don Carmain cin ach, h-i sepdecim September, cloiset cath cétaibh iolach. 3. An t-epscop, an t-anmchara, an suí ba sochla fordharc, rí Caisil, ri Iarmhumhan a Dhé dirsan do Chorbmac. As do bliadhain báis Corbmaic ro ráidheadh bheós, 1. O genair Iosa do nimh, a trí, naoi c-céd do bliadhnaibh, co bás Corbmaic comhal n-glan, ba liach a écc rí Mumhan. Fiach ua Ugfadhan, ó Denlis, as é ro dhíchenn Corbmac. M903.8 Slóighedh la Cenel n-Eoghain .i. la Domhnall, mac Aodha, & la Niall, mac Aodha, co ro loiscceadh Tlachtgha leó. M903.9 Cnáimheini, mac Maenaigh, tighearna Ele, d'ég. Annal 904. M904.0 Aois Criost, naoi c-céd a cethair. M904.1 An t-ochtmhadh bliadhain fichet do Fhland. M904.2 Ruadhan, epscop Luscan. M904.3 & Cumascach, mac Ailella, fertigis Arda Macha, d'ég. M904.4 Mughroin, mac Sochlachain, tighearna Ua Máine, d'ég. M904.5 Amhalgaidh, mac Congalaigh, tanaisi Bregh, & Flann, a bhrathair, do mharbhadh lá Conaillibh Muirtheimhne. M904.6 Colmán, mac Cionaith, tighearna Ciarraighe Luachra, do écc. M904.7 Daimh liacc Cluana Mic Nóis do dhénamh lasin rícch Flann Sionna, & lá Colmán Conaillech. M904.8 Bec ua Lethlobhair, tighearna Dál n-Araidhe, d'ég. As dó ro ráidhedh, ----- p.572 1. Ard-scél scailti lang lir, foruair mór n-uilc is n-imhnidh, nad mair orgais druach dil, cloth ruire Tuaighe Inbhir. M904.9 Cearbhall, mac Muireigéin, rí Laighen do mharbhadh. As occa eccaíne ro ráidheadh, 1. Mór liach Life longach, gan Cearbhall cubhaigh ceileach, fear fial fosaidh forbharach, dia b-foghnadh Eriu éimhech. 2. Liach liom-sa Cnoc Almhaine, agus Ailleann cen ócca, liach lem Carman, nocha cel, agus fér dar a rótta. 3. Nírbhó cian a shaoghal-somh, d'aithle Corbmaic ro cuilleadh, lá co leith, ní maoil-riaghail, agus aoin-bliadhain cen fuilleadh. 4. Ermach righe ró-ghlaine rí Laighean línibh laechradh, dirsan all n-ard n-Almhaine do dhol i set serbh saethrach. 5. Saeth la setaibh sorchaidhe flaith nár Náis noithigh niarsna, ro traetha dronga dorchaidhe, ba moo liachaibh an liachsa. Do Cerbhall bheos, 1. Ba congbhaidh Cerbhall do ghrés, ba sobraidh a bhes co bás, in ro baí dia cert gan cíos, taircheall asa nert fri Nás. Gormlaith ad-bert 1. Olc formsa commaoin an dá Ghall, marbsat Niall agus Cearbhall, Cerbhall la h-Ulb comal n-gle, Niall Glundubh la h-Amhlaidhe. ----- p.574 M904.10 h-I Cill Corbbáin ro h-adhnaiceadh Cerbhall, amhail as-berar, 1. Failet noi righ, réim n-ágha, h-i c-cill n-an fo neimh riamhdha, Muireccan, maen gan mearbhall, Cellach is Cerbhall ciallda. 2. Colman, Broen, is Bran beodha, Find, Faolan, Dunchadh dána, h-i Cill Chorbáin, ro chuala, ro claitti a n-uagha ágha. Annal 905. M905.0 Aois Criost, naoi c-céd a cúig. M905.1 A naoi fichet do Fhlann. M905.2 Maol Mordha, airchindech Tíre Dá Ghlas, d'ég. M905.3 Uallachán, mac Cathail, tanaisi Ua Failghe, do mharbhadh. M905.4=910 Cath Maighe Cumma ria Flann, mac Maoil Seachlainn, & ria mhacaibh for Fiora Brefne, in ro marbhadh Flann, mac Tighearnáin, tighearna Breifne, & a mhac, & sochaidhe do shaor-chlandaibh oile a maille ré trí mhíle do thuitim amaille friu isin cath-sin. M905.5 Cobhlach la Domhnall ua Maoilechlainn, & la h-Indreachtach, mac Conchobhair, for Loch Deirgderc, co ro raeinset for cobhlach Mumhan, & ro marbhadh sochaidhe mór leó. M905.6 Airdhe n-iongnadh do thochar an bliadhain-si .i. di gréin d'faicsin for a rith i maille i n-oen-ló. M905.7 Derthech Maighe Eo do losccadh. M905.8 Aodh, mac Maol Patraicc, tighearna Ua f-Fiachrach, do mharbhadh la Niall, mac Aedha. M905.9 Buadhach, mac Mothla, tanaisi na n-Déisi, d'écc. Annal 906. M906.0 Aois Criost, naoi c-céd a sé. M906.1 An deachmhadh bliadhain fichet do Fhlann. M906.2=911 Etigén, mac Finghin, abb Treóit, d'ég. M906.3=911 Fogartach, mac Cele, tighearna Ua Mic Uais, d'ég. M906.4 Aedh, mac Duibhghiolla, tighearna Ua n-Dróna na t-Trí Maighe, tanaisi Ua c-Ceinnselaigh, do mharbhadh la h-Uibh Bairrche. As do ro ráidheadh: ----- p.576 1. A ócca Ailbhi aini, caoinídh rí Sláine saoire, ercbaidh Aodh buidhnech Berbha, coirí for Ferna faeine. 2. Fearna Mór milibh dagh-rath, nis-ránaic ar madh cuimhneach, marbhán badh ergna alladh, ó ro bith Bran Dubh buídhneach. 3. Ro faith mo dín mo ditiu, rí na rígh reidhedh rótu, is suaithnidh for Ráith Aedháin Aedh i n-éccaibh, a óccu. M906.5 Dunlaing, mac Coirpre, rídhamhna Laighen, d'ég. M906.6 Domhnall, mac Aodha Finnléith, tighearna Ailigh, do ghabháil bachla. M906.7 Gaíthine, mac Aughrain, tanaisi Laigisi, d'ég. M906.8 Buadach, mac Gusain, tanaisi Ua m-Bairrce Tíre d'eg. M906.9 Dianimh, inghen Duibhghiolla, bain-chéile Dunlaing, d'ég, dia n-ebradh, 1. Dianimh dín ár n-deini, ros-cacht greimm righ na n-dúile, dirsan taebh settu suaithnidh, do bheith i n-uair tigh úire. Annal 907. M907.0 Aois Criost, naoi c-céd a seacht. M907.1 A h-aon triocha do Fhlann. M907.2 Fionnachta epscop d'écc. M907.3 Corbmac, epscop Saighre, d'ég. M907.4 Maol Brighde, mac Maol Domhnaigh, abb Liss Móir. M907.5 & Flann, mac Laoighe, abb Corcaighe, d'écc. M907.6 Sárucchadh Arda Macha la Cernachán, mac Duilgen, .i. cimbidh do bhreith as in cill, & a bhádhadh h-i Loch Cirr fri h-Ard Macha aniar. Cernachán do bhádhadh la Niall, mac Aodha, righ an Tuaisceirt isin loch cédna h-i c-cionaidh sáraighthe ----- p.578 Padraicc. M907.7 Ruarc, mac Maol Fabhaill, tighearna Cairrge Brachaidhe, d'ég. M907.8 Muiredhach, mac Mughróin, tighearna Cloinne Cathail, d'ég. Annal 908. M908.0 Aois Criost, naoi c-céd a h-ocht. M908.1 A dó triocha do Fhlann. M908.2 Tiopraite, mac Maoil Find, epscop & abb Imleacha Iubhair, d'ég. M908.3 Muiredhach, mac Corbmaic, abb Droma Inesclainn. M908.4 & Gairbhith, mac Maoil Mórdha, tanaisi Conaille Muirthemhne, d'orgain i proinntigh Droma Inesclainn, lá Conghalach, mac Gairbhith, tighearna Conaille Muirteimhne. As do eccaíne Muiredhaigh do ráidhedh, 1. Muiredhach, ciodh ná caoinidh, a chaomha, as damhna do dhuinibáth as nél co nimhe naomha. 2. Mór d'easbaidh an t-oirdnidhe mac Corbmaic milibh maisi, an mionn foroll foirglidhe, ba caineall gacha claisi. M908.5 Sochlachán mac Diarmada, tighearna Ua Maine, d'ég h-i c-cleírcecht. M908.6 Cleirchein, mac Murchadha, tighearna Ua m-Briuin Seola, d'ég. M908.7 Cuilennan, mac Maol Brighde, d'ég. M908.8 Conghalach, mac Gairbhith, tighearna Conaille Muirthemhne, do mharbhadh la Conaillibh feísin isin nómhadh mís iar n-argain an taighe abbaidh i n-Druim Inescclainn for Maol Mordha & for Muiredhach, mac Corbmaic, abb Droma Inesclainn. M908.9 Cath-raeinedh ria n-Gallaibh for fhoirinn nochobhlach d'Ulltaibh i n-airer Saxan, dú i t-torcratar ile im Cumasccach, mac Maoil Moicherghe, tanaisi Leithe Chathail. M908.10 Maol Brighde, mac Tornáin, do dhol i Mumhain do fhuaslaccadh ailithir do Bhreathnaibh. ----- p.580 Annal 909. M909.0 Aois Criost, naoi c-céd a naoi. M909.1 An treas bhliadhain triochat do Fhlann. M909.2 Tiopraitte, epscop Cluana h-Eidhnech. M909.3 & Maol M'Aedhocc, abb Droma Móir, d'ég. M909.4 Litheach, abb Cluana h-Eidneach. M909.5 & Maol Caisil, abb Mungarat, d'écc. M909.6 Cath-raoineadh occ Gulbain Guirt ria Niall n-Glundubh, mac n-Aodha Finnleith for Connachtaibh .i. for Maol Cluiche, mac Conchobhair, dú i t-torchair ár Connacht, im Maol Cluiche feísin co sochaidhibh oile do shoi-chenélaibh. M909.7 Iomaireag ria Maol Mithidh, mac Flannaccáin, & ria n-Donnchadh ua Maoileachlainn for Lorcán, mac Dúnchadha, & for Fogartach, mac Tolaircc, co Laighnibh leó, in ro marbhadh daoine iomet, & in ro h-erghabhadh sochaidhe mór. M909.8 Mael Patraicc, mac Flathrai, tighearna Ratha Tamhnaighe, d'ég. Annal 910. M910.0 Aois Criost, naoi c-céd a deich. M910.1 An cethramhadh bliadhain dég ar fhichit do Fhlann. M910.2 Guill do thecht i nd-Erinn go ro ghabhsat h-i Port Lairghe. M910.3 Sloigheadh an Fhochla, & Uladh uile im Niall Glúndubh mac Aodha i Midhe, go Greallaigh n-Eillte go raoimhidh forrae ann ria Flann Sionna cona macaibh airm i t-torcratar dream dia c-caomhaibh im Fearghal, mac Aonghusa, mic Maoile Dúin, & im Maol Mordha mac n-Eremhóin, mic Aedha, d'Ultaibh, & im h-Erudan, mac Gairbhith, flaith Ua m-Bresail & im Diarmaid, mac Sealbhaich, tighearna Dail Riatta, & im Maol Muire, mac Flannaccáin, tighearna Fearnmhaighe, & im Domhnall, mac Gairbhith, tighearna Conaille, & im Connican, mc Airechtaigh, & im Corbmac, mac Indreachtaigh, tighearna Ciaraighe, & aroile saor-chlanna cenmothát-sidhe. As don chath-si at-rubradh, 1. Brón do Ghrellaigh Ellti h-uair, fuaramar cuain ina táibh, as-bert Corbmac fri Niall ‘nach an leccar siar tiagam sair’. ----- p.582 Annal 911. M911.0 Aois Criost, naoi c-céd a h-aon n-dég. M911.1 An cúigeadh bliadhain dég ar fichit do Fhlann. M911.2 Indreadh Deisceart Bregh, & Descert Ciannachta lá Flann, mac Maoilechlainn. M911.3 Maol Brighde, mac Geibhleacháin, tighearna Conaille, do mharbhadh la h-Uibh Eathach isin cethramhadh mí iar n-gabháil toisighechta dhó. M911.4 Oenghas, mac Floinn, mic Maoilechlainn, righdhamhna Ereann, do ghuin i n-Grellaigh Ellte la Cern, mac Birnn, & a écc a c-cionn sesccat la iaramh. Conadh dia dhearbhadh do ráidheadh, 1. Beannacht for láimh Cirnn, mic Birnn, ro marbh Aenghas find-muadh Fáil, maith ind orrain gaisccidh geir díoghail Aedhaa Ollain áin. M911.5 Domhnall, mac Aedha .i. Aedh Findliath mic Néill, tighearna Ailigh, d'ég h-i c-cleircecht, iar n-deig-bhethaidh. Conadh accá éccaoine, & acc eccaoine Aongusa do-ráidheadh, 1. O ghein Críost, crí co n-uagaibh, co bás Domhnaill, iar settaibh séd is deach na fáccaibh, aen-bhliadhain dég ar naoi c-cédaibh. 2. Airisne na bliadhna-sa troim-cheó do Bhanba brainigh, Aenghas Midhe an mor-ghlonnach, Domhnall, mac Aeda Ailig. 3. Nocha ro chin d'Ereannchaibh mac amhail Aonghus Codhail, is na reibh déidhenchaibh righlách fo Domhnall Dobhail. 4. Trom-chumha do Ghaoidhelaibh, tamhatar ind airigh-sin, dias tosaigh ind earraig-se, bidhail is na h-airisnibh. Annal 912. M912.0 Aois Criost, naoi c-céd a dó décc. M912.1 An sesedh bliadhain décc ar fhichit do Fhlann. M912.2 Maol Ciaráin, mac Eochacáin, abb Cluana h-Eois & Mucnamha, ----- p.584 d'ég. Dalta Fethgna eisidhe. M912.3 Slóicched lá Niall, mac Aedha Finnleíth h-i n-Dal Araidhe h-i mí Iun do sunnradh. Loingsech ua Lethlobhair, tighearna Dal n-Araidhe, dia t-tarrachtain occ Freghabhail, & ro sraoineadh ria Niall fair co farccaibh a bráthair isin lorcc .i. Flathruae ua Lethlobhair. Aodh, mac Eochagáin, rí An Coiccidh, & Loingsech ua Lethlobhair dia lenmhain iaramh go Cárn Ereann, & Niall do bhriseadh forra dorídhisi, & Cerran mac Colmáin, toisech Chenél Mailce, & mac Allacáin, mic Laichtein, do mharbhadh & Dubhghall mac Aedha, mic Eochagáin, do chréchtnucchadh co mór, & drong mór d'Ulltoibh do mharbhadh isin iarmhóirecht-sin cenmothát na deagh-daoine-sin. Sidh do dhenamh iar sin h-i Calainn Nouember etir Niall, tighearna Oiligh, & Aedh, rí An Choiccid, occ Tealach Occ. M912.4 Nocobhlach mór do Ghallaibh do thocht go Loch Da Chaoch, go ro gabhsat longport and. M913.0 Aois Criost, naoi c-céd a trí dég. M913.1 An sechtmadh bliadhain décc ar fhichit do Fhlann. M913.2 Scannlán, epscop & abb Tamhlachta d'ég. M913.3 Scannlán, airchindeach Congbhala Glinne Súilighe, d'ég. M913.4 Orgain Corcaighe, & Lis Móir, & Achaidh Bó ----- p.586 ó eachtrandaibh. M913.5 Ruarc, mac Maoil Brighde, tighearna Muscraighe Thíre, d'ég. M913.6 Frithuidhecht Flainn Sionna ó a mhacaibh .i. ó Dhonnchadh & Chonchubhar & indradh Midhe leó co Loch Ribh. Slóigheadh an Fhochla lá Niall, mac Aedha, rí n-Ailigh, co ro ghabh naidhm Dondchadha, & Choncobhair frí reir a n-athar, & co f-fargaibh ossadh etir Midhe, & Bregha. M913.7 Tormach mór meinic do Gallaibh do thiachtain co Loch Dá Chaoch bheos, & indradh tuath & ceall Mumhan leo do ghrés. M913.8 Lenae, mac Catharnaigh, tighearna Corca Bhaisgind, do écc. Annal 914. M914.0 Aois Criost, naoi c-céd a cethair décc. M914.1 Aodh, mac Ailella, abb Cluana Ferta Brénainn. M913.2 Moenach, mac Dailigein, abb Achaidh Bó Caindigh. M913.3 Maol Bairrfind, saccart Cluana Mac Nóis. M913.4 & Martain, ab Ruis Commáin, d'ég. M914.5 Cobhfhlaith, inghen Duibh Dúin, banabb Cille Dara, d'ég. M914.6 Fogartach, mac Tolaircc, tighearna Deiscceirt Bregh, & Cathlán, mac Finsnechta, righdamhna Laighen, d'ég. M914.7 Gebhennach, mac Aodha tighearna Ua Fidhgeinte, do mharbhadh la Nortmannaibh. M914.8 Bran, mac Eachtigern, tanaisi Ua c-Ceinnealaigh, do mharbhadh la Nortmannaibh, & la Diarmaid, mac Cerbhaill, tighearna Osraighe. M914.9 Ard Macha do losccadh. M914.10 Iar m-beith ocht m-bliadhna décc ar fhichit h-i ríghe Ereann do Fhlant Sionna mac Maoilechlainn, at-bath i t-Taillten. As acc eccaoine Floind do-ráidhedh indso, 1. Flann fionn Fremhann fearr cech claind, airdri Ereann gairgi a gluinn, ba se concertaidh ar n-drong, confarlaic tonn talmhan truim. 2. Tola tuile tocaidh móir carrmogal cóir crotha cain, cur cruth-ghlan do curadh cáich, flaith fear Fáil co fordathail. 3. Ail ind ordan uas cech cind, flaith find forgail fégtha rann, ruiten gréne grata grind rind na féne fele Flann &c. ----- p.588 M914.11 Ainle, mac Catháin, tighearna Uaithne Cliach, do bhásughadh lá Gallaibh Locha Dá Chaoch. M914.12 Goill Locha Da Chaoch beos do indradh Mumhan & Laighen. Annal 915. M915.0 Aois Criost, naoi c-céd a cúig dég. M915.1 An chéd bhliadhain do Niall Glundubh, mac Aodha Finnleith uas Erinn h-i ríghe. M915.2 Maol Giric, abb Cille h-Achaidh, d'ég. M915.3 Aonach Taillten do athnuadhucchadh la Niall. M915.4 Sitrioc, ua h-Iomhair cona chobhlach do ghabháil oc Cind Fuaith i n-airer Laighen. Raghnall, ua h-Iomhair, co cobhlach oile go Gulla Locha Dá Chaoch. M915.5 Ar for Ghallaibh la Mumhain. Ar n-aile la h-Eoganachta & Ciarraghe for Ghallaibh. M915.6 Slóiccheadh Ua Néill an Deisceirt & an Tuaisceirt la Niall, mac Aodha, rí Ereann co Fioru Mumhan do choccad fri Gallaibh. Scorais a longport oc Topar Gletrach i Maigh Femhin an 22 d'August. Do-lótar na Goill isin tír an lá cédna. Fos-ruabnattar Gaoidhil iad in treas uair ria medhón laoi co t-torchair míle ar céd fer ettorra, acht as lia do-cher do Ghallaibh, & ro sraoinedh forra. Do-rochratar h-i f-friothghuin annsin taoisech Cairrge Brachaidhe, & Maoil Finnén mac Donnagáin taoiseach Ua c-Cernaigh, & Ferghal, mac Muirigein, taoiseach Ua c-Cremthainn, & araill cenmothát. Do-lottar cobhraidh as longport Gall do foirithin a muintire. Im-soiset an Goidhil for c-cula dochum an dunaidh riasan tóir n-deidenaigh, .i. ria Raghnall rí Dubhgall co slogh do Ghallaibh uime. Luidh Niall co n-uaithibh ind acchaidh na n-Gall co ro toirmiscc Dia trid an iomghuin. Anais Niall iarsin fiche oidche iaramh a n-dunaidh forsna Gallaibh. Ro forcongradh uadh for Laighnibh airisiom a forbaisi forna Gallaibh co t-tucc Sitriucc ua h-Iomhair co n-Gallaibh uime cath Cinn Fuait for Laighnibh, du i t-torchrattar ----- p.590 sé céd im tighearnadhaibh Laighen, & imon righ Ugaire, mac Ailella. At iad annso anmanna druinge dá maithibh. Maol Mordha, mac Muireccáin, tighearna Airthir Life, Mughron, mac Cinnéittigh, tighearna na t-Tri c-Comann & Laighisi, Cionaeth mac Tuathail, tighearna Ua Fenechlais, & sochaidhe oile do degh-dhaoinibh imon aird-easpucc Mael M'Aedhócc, mac Diarmata, do Uibh Conannla do, abb Glinne h-Uisen, scribhnidh tocchaidhe, ancoire, & saoi isin eccna Laitiondae, & isin m-bérla Scoitecdha. As do chath Cinn Fuaid ro ráidhedh indso síos, 1. Turus Laighen, linibh ócc, iar rott ro geal ríoghdha cuairt, ní mat-cualatar an séd fuaratar écc i c-Cind Fuaitt. 2. Flaithe Liphe lethan-glonn cartait glonn fri fethal find, dus-rimart cin cetaibh cend isin n-glenn uas Tigh Mo Ling. 3. Mora airbert im cech reut, deithbhir cidh airdirc an fód, tair maighen co mílib ced tairius Laighen linibh ócc. M915.7 Orgain Cille Dara ó Gallaibh Chinn Fuait. M915.8 Maol Ruanaidh, mac Néill, tanaisi na n-Déisi, do mharbhadh lá Corbmac, mac Mothla, tighearna na n-Déisi. M915.9 Cú Lothair, mac Matudhain, toiseach Ua c-Cellaigh Cualann d'écc. ----- p.592 Annal 916. M916.0 Aois Criost, naoi c-céd a sé dég. M916.1 An dara bliadhain do Niall. M916.2 Eccnech, comharba Enda Airdne, epscop & angcoire, d'écc. M916.3 Feradhach, abb Insi Bó Finne. M916.4 Maoil Eoin abb Rosa Cré. M916.5 & Ceallachan ua Donait, abb Tuama Inbhir, d'ég. M916.6 Muireand, inghen Suairt ban-abb Cille Dara, d'écc an 26 Maii. M916.7 Daniel Cluana Cairpthe, senchaidh amhra, d'écc. M916.8 Eithne, inghen Aodha, mic Néill, rioghan Fer m-Bregh, d'écc lá féile Martain. M916.9 Mór, inghen Cearbhaill, mic Dunghaile, bain-tighearna Laighen Deasgabhair, d'écc iar n-deigh-bhethaidh. M916.10 Tighearnach ua Cléirigh, tighearna Aidhne, d'écc. M916.11 Cet, mac Flaithbeartaich, tighearna Corca Mo Druadh, d'écc. M916.12 Ceall Dara do orgain do Ghallaibh Atha Cliath. M916.13 Orgain Leithghlinne, la Gallaibh, airm in ro marbhadh Maol Pátraicc, sacart & ancori & Mongán, ancori & sochaidhe oile i maille friu. M916.14 Oitir & na Goill do dhul o Loch Dá Chaoch i n-Albain, & Constantin, mac Aedha do thabhairt catha dóibh, & Oitir do mharbhadh co n-ár Gall immaille friss. Annal 917. M917.0 Aois Criost, naoi c-céd a seacht décc. M917.1 Domhnall, mac Diarmada, abb Glinne h-Uissin. M917.2 Mael Coe, abb Noendroma, d'écc. M917.3 Indrechtach, abb Trefoite, do mharbhadh 'na taigh abaidh fadhéisin. M917.4 Maoilene, mac Maoil Brighde, abb Lainne Eala & Condere, & aule Ereand, d'ég. M917.5 Dubhghiolla, mac Lachtnáin, tighearna Tethbha, do mharbhadh. M917.6 Corbmac, mac Mothla, tighearna na n-Deisi, d'ég. M917.7 Cath Atha Cliath (.i. i Cill Mo Samhócc la toebh Atha Cliath) for Ghaoidhealaibh ria n-Gallaibh .i. ria n-Iomhar & ria Sitriug Gále, .i. in xv October, in ro marbhadh Niall Glúndubh, mac Aedha Finnleith rí Ereann iar m-beith dó trí bliadhna isin righi. Conchobhar ua Maoileachlainn, righdhamhna ----- p.594 Ereann, Aodh mac Eochagain, rí Uladh, Maol Mithidh, mac Flannagáin, tighearna Bregh, Maol Craoibhe ua Duibh Sionaich, tighearna Oirghiall, Maol Craoibhe, mac Doilghen, tighearna Tortan, Ceallach mac Foccartaigh, tighearna Deisceirt Bregh, Cromman, mac Cinneitich, & sochaidhe aile nach áiremhthar, do shaor-chlannaibh & daor-chlandaibh, immaille risan righh Niall. As don cath-sin adrubradh, 1. Ba duabhais an Chédaoin chruaidh, iar sreth sluaigh fo chosaibh sciath, di do-gairther co t-tí bráth, matan ailcech Atha Cliath. 2. h-I t-torchair Niall, nia forelcc, Concobhar cond gossa gaircc, Aedh, mac Eathach Uladh uird, Maol Mithidh tuilcc ordain aird. 3. Mor do gnúisibh Gaoidheal gnáth, mór do dúisib laocradh liath, do mhacaibh rioghan & righ, ro bith i n-Ath claidhbheach Cliath. 4. Breta barann coimdhidh cáidh. maircc fors t-tairinn la nert sluaigh, nir ba h-eccaoin isin tráigh, ba duabhais an Chedaoin chruaidh. Acc égaíne Néill ro raidhedh beos, 1. Brónach aniu Ere uagh, cen ruirigh ruadh righi giall, as dégsi nimhe gan gréin, fairgsi Muighe Néill gan Niall. 2. Nís-ta medhair maithius fir nís-ta sith na subha slóigh, ní cumhaing aenach do áin, o ros-báidh an braenach bróin. ----- p.596 3. Truagh sin a Muigh Bregh buidhe, a tír n-álaind n-adgaidhe, ro scarais frit righ ruireach, fot-raccaibh Niall niadh-guineach. 4. Caiti mail iarthair betha, caiti grian cech airm-greatha, inad Niall crodha Cnucha, ro malairt, a mór-trucha. Niall ro ráidh indso an lá riasan chath, 1. Cepe damb'áil boccoit breac, agus claideabh leota liach, agus gai glass gona troch, téis matan moch do Ath Cliath. Céle Dabhaill, mac Scandail, comharba Comhgaill, & anmchara Néill Glundubh, as é ro aslaigh for Niall tuidhecht don chath-sa, & as é do-rat a chuit fochraicce do Niall ar claomhclodh ech do thabhairt dhó dia bhreith féin as in c-cath. Gormlaith, inghen Fhloinn, ro ráidh, 1. Olc form commaoin an da Ghall marbhsat Niall, agus Cearbhall, Cearbhall la h-Ulb, comhal n-glé, Niall Glundubh la h-Amhlaidhe. M917.8 Cáiscc an 25 April, & Min-cháisc i samhradh. Dia cóicc m-bliadhna sesccat ar tri chéd tecmoing sin, 1. Cáiscc i samhradh, srethaibh sluacch, iar t-teoraibh bliadhnaibh buan-bán, dergus ár n-Goedhell dar rian, h-i rendaibh findol Fail aim Niall. ----- p.598 M917.8 Comghall ro ráidh, 1. Fel Coemhain Léth i corghus, do aig bliadhain do anfuth, cóicc la erraigh iar c-cáiscc mion cáiscc do bith i samhradh. M917.9 Orgain Ferna & Tighe Munna la Gallaibh. Annal 918. M918.0 Aois Críost, naoi c-céd a h-ocht décc. M918.1 An céd-bhliadhain do Donnchadh, mac Floinn t-Sionna, h-i righe uas Eirind. M918.2 Finchar, epscop Doimh Liacc. M918.3 Corbmac, mac Cuilennáin, epscop Lis Móir, & tighearna na n-Déisi Mumhan. M918.4 Loingseach, epscop Cluana Mic Nóis. M918.5 Maol Maire, abb Arda Brecáin. M918.6 Ciarán, abb Daimhinsi. M918.7 Scannlan, mac Gormáin, eccnaidh, scribhnidh toghaidhe, & abb Rossa Cre. M918.8 & Meraighe Cluana Móir M'Aedhócc, d'ég. M918.9 Lia mór isin m-bliadhain-si co roacht an t-uisce less n-abaidh Cluana Mic Nóis, & co Clochán Ulaidh na t-Trí c-Cros. M918.10 Ceanandus do iondradh do Ghallaibh, & briseadh an doimh liacc. M918.11 Ar mór ócc Gréin for Uibh Máine. M918.12 Cath i c-Ciannachtaibh Bregh, .i. occ Tigh Mic n-Eathach, ria n-Donnchadh, mac Flainn mic Maeleachlainn, for Ghallaibh, dú in ro marbhadh líon dírimhe dona Gallaibh, uair ba isin chath-sin ro díoghladh cath Atha Cliath forra, dóigh torcradar d'uaislibh na Nortmann ann coimhlíon a t-torchair do saer-chlandaibh & daor-clannaibh Gaoidhel isin cath-sin Atha Cliath. Ro gonadh Muirchertach, mac Tighernain, .i. rioghdhamhna Breifne, h-i c-cath Ciannachta, & att-bath iaramh dia ghonaibh. M918.13 Murchadh, mac Flaind, tighearna ----- p.600 Corca Bhaiscind, d'écc. M918.14 Fland, mac Lonain, Uirghil Sil Scota, file is deach baoi i n-Erinn ina aimsir, do mharbhadh lá macaibh Cuirrbhuidhe, do Uibh Fothaidh iaid-sidhe) i n-duine-taídhe occ Loch Dá Chaoch i n-Déisibh Mumhan. Annal 919. M919.0 Aois Críost, naoi c-céd a naoi dég. M919.1 An dara bliadhain do Dhonnchadh. M919.2 Ciaran, epscop Tolain. M919.3 & Ruman, mac Cathasaigh, espuccCluana h-Ioraird, d'ég. As dó at-rubradh an rann so, 1. Comhrar eccnai urdhairc áith, fer co n-occaibh occa aibh, dunadh doini dil imdail, Ruman, mac Cathasaigh cain. M919.4 Maonach, mac Siadhail, abb Bennchair, & sccribhnidh na n-Gaoidhel uile. M919.5 Coirpre, mac Feradhaigh, cenn crabhaidh Laighen, comharba Diarmata, mic Aodha Róin, airchinnech Tighe Mo Chua, & anchoire, d'ég iar n-deigh-bhethaidh cian-aosda. M919.6 & Ferghal, mac Maol Mordha, ab Saighre, d'ég. As dóibh ro ráidhedh, 1. Ní bliadhain cen airisni, anabaidh abb buan Bennchuir, agus comharba Diarmata, Coirpre ba buaidh céch deagh-tuir. 2. Ab Saighre co socraiti, Ferghal fer co foendenaibh, Domhnall deil ard uile-mhaith duinébháith for Gaoidhealaibh. 3. Ní ruirmiu, ní airémha, fo bith isam triamhain-si, a tainic de ancessaibh Ereann isin m-bliadhain-se. M919.7 Domhnall, mac Floinn, mic Maoilechlainn, rioghdhamhna Ereann do mharbhadh la a bhráthair Donnchadh i m-Bruighin Da Choga. As do bhás an Mhaonaigh, mic Siadhail, cedna, & Domhnaill ro ráidheadh, ----- p.602 1. Cóicceadh bliadhain baeghlach binn o Fhlann Temhrach torccaibh drong, Maenach, cathrach Comhghaill grinn guin Domhnaill la Donnchadh n-Donn. 2. Mór liach Maonach, a Dhé dhil, uirdercc dhaolach in ghnúis ghloin, dromchla Ereann dar dá muir comarba cuir Comhghaill caoin. 3. Ceann cuindrígh an chuiccidh chóir, a mind óir ar mairgi mur, saeth lem egnaidh Insi Fáil, do dith a dail n-Gaidheal n-gur. 4. Gem don lícc loghmair láin, go Ruaim ráin as airrdhe m-bróin, nat mair Maenach, Mumhan muadh as lor truagh a Dhe mhóir. M919.8 Ceallach, mac Conghalaigh, abb Cille Achaidh M919.9 Cionaedh, mac Domhnaill, abb Doire Chalgaigh, & Droma Tuama, cenn athcomhairc Ceneoil c-Conaill, d'ég. M919.10 Flaithbheartach, mac Muirchertaigh, abb Cluana Móir, d'ég. As dó ro ráidheadh, 1. Caitte annadh inn mais uaigh, caitte alladh ecces lóir, inidh Flaithbheartach find Fáil ro scar fri miadh Cluana Móir. M919.11 Maol Sinchill, mac Canannáin, d'ég, as dó ro ráidheadh an rann so, 1. Lasar Laighean lir co tráigh níbo tlaith frí forlann féigh, clercecht caemh, cen imchim n-aith, ro raith for Mael Sinchill séimh. ----- p.604 M919.12 Cearnach, mac Flainn, abb Lainne Léire, d'écc, dia n-ebradh, 1. Sutrall Muighe, maith fri bágh, Bregh m-ban m-buidhe balc a brígh, ruithen gréini grian fri gruadh Cernach Lére liach a dith. M919.13 Mac Ródaidhe, mic Dunchadha, airchinnech Cluana Boirenn, d'ég. M919.14 Maonach, céle Dé, do thiachtain don fhairrge aniar do dhenamh rechta Ereann. M919.15 Gofraith ua h-Iomhair do ghabháil fosadh i n-Ath Cliath, & Ard Macha d'orccain lais iaramh, & la a shlógh isin Satharn ria fél Martain, & na taighe ernaighe do anacal lais cona lucht do chélibh Dé, & do lobhraibh. An tír do arccain lais in gach aird .i. siar co h-Inis Labhradha, soir co Banna, fo thuaith co Magh Uillsen. Acht atá ní chena an sluagh do-dheachaidh fotuaith dos-fairraidh Muirchertach, mac Néill, & Aighnert, mac Murchadha, co raoimhidh forna Gallaibh, & torchratar drong díomhór dibh, & do ernatar uathadh oile lá dorchacht céd tosaigh na h-oidhche, uair nírbo forreil doibh iatt. M919.16 Muiriucht do Ghallaibh oc Loch Feabhail acc Olbh co n-díbh longaibh for triochat & Inis Eocchain do orccain dóibh. Ferghal, mac Domhnaill, .i. tighearna An Fhochla, i n-easccairdine friú, go ro marbh lucht luinge díobh, & ro bhris an luing féisin, & rucc a h-ionnmhus & a h-edáil. Fiche long oile do thocht co Cenn Maghair i n-airthear Tire Chonaill im mac Uathmharáin, ----- p.606 mic Barith, & ní dergensat nach fodhail don dul-soin. M919.17 Maol Sechlainn, mac Maol Ruanaidh, mic Floinn, d'ég. M919.18 Orgain Cluana h-Eidhneach, & losccadh dertaighe Mo Chua, & orgain Ferna Móire M'Aodhócc do Gallaibh. Annal 920. M920.0 Aois Criost, naoi c-céd fiche. M920.1 An treas bliadhain do Donnchadh. M920.2 Maol Poil, mac Ailella, epscop, anchoire, & scribhnidh Leithe Chuinn, & abb Ind Edhnén, d'écc. As dia écc ro ráidhedh an rann, 1. Mael Póil baoí fo orddun mór epscop gaibhed ramat righ, suí no nertadh recht for cach fer fo-ceirdedh sechtair sídh. M920.3 Corbmac, espucc Cluana Ferta Brénainn. M920.4 & Ailell, mac Flaithim, abb Cluana Móir M'Aedhócc, do écc. M920.5 Flannagán ua Riaccán, abb Cille Dara, & ríghdhamhna Laighean, d'ég. M920.6 Maol Ionmhain ua Glascon, abb Cluana Dolcáin M920.7 Colggu, mac Fedaich, abb Sláine M920.8 Alldgus Chille Scíre M920.9 Aodh ua Raithnén, sen-suí Ereann, & eccnaidh Saighre M920.10 Ferdalach, saccart Cluana Mic Nóis M920.11 & Loingseach, mac Aonaccáin, feirtíghis Doimh Liacc, d'ég. M920.12 Tadhg, mac Faoláin, tighearna Laighean Desgabhair frisa-ráite Uí Ceinnselaigh, d'ég, dia n-ebradh, 1. Dá deich m-bliadhan at-gleam ar naoi cétaibh as moam, o genar Criost, iar riagail, cusan m-bliadhain i taam. 2. As isin bliadhain deimhin iarsan riagail ait, agair, ecca Taidhcc urdeirc aimhind, an-righ aibhind Desgabhair. M920.13 Indrechtach, mac Conchohhair, righdhamhna Connacht, d'ég. M920.14 Maol Mic Duaich, tighearna Aidhne, do mharbhadh la Gallaibh. M920.15 Aodh, mac Lonáin ui Guaire, tanaisi Aidhne, d'écc. M920.16 Findguine ua Maol Mhuaidh, tigherna Fear c-Ceall d'ég. M920.17 Slóighedh la Donnchadh, rí Ereann, co Connachtaibh, co ro marbhadh drem mór dia mhuintir i n-Duibhthir Atha Luain, dú i t-torchair Cionaedh, mac Conchobhair, tighearna ----- p.608 Ua Failge. M920.18 Maol Mordha, mac Riacáin, tanaise Osraighe, d'ég. M920.19 Orgain Cluana Mic Nóis do Ghallaibh Luimnicch, & teacht dóibh for Loch Ribh, go ro oirccset a oilena uile. M920.20 Orgain Eninsi la Fothartaibh Tire do Ghallaibh, dú in ro marbhtha da céd décc do Gaoidhelaibh, & Abél scribhnidh do dhol i martra immaille friú. M920.21 Indradh Cluana Mic Nóis la mac n-Ailgi, & a losccadh lais iaromh. M920.22 Uathmarán, mac Dobhailéin, tighearna Luighne Connacht, d'ég. M920.23 Flaithbheartach, mac Ionmhainen, rí Caisil, do dhul dia oilithre, & Lorcan, mac Conliugáin, do ghabháil righe Caisil. Annal 921. M921.0 Aois Criost, naoi c-céd fiche a h-aon. M921.1 An cethramhadh bliadhain do Dhonnchadh. M921.2 Maol Calland abb Disirt Diarmada. M921.3 Maol Padraicc, mac Moraind, abb Droma Cliabh & Arda Sratha. M921.4 Dubh Da Braine, abb Rossa Ailithir. M921.5 Maol Tuile, mac Colmáin, fer leighint Chluana Mic Nóis, & Fiachra Eccailsi Bicce d'écc. M921.6 Duibhlitir Cille Slebhthe, saccart Arda Macha, do dhol i martra la Gallaibh Snámha Aighneach. M921.7 Cu Congalta, saccart Lainne Léire tethra (.i. cantaire no orator) Ereann etir guth, & cruth, & soas (.i. ro fhios) d'ég. M921.8 Maol Mordha, mac Conchubhair, tighearna Ua Failghe. M921.9 & Find, mac Cerráin, tighearna Muscraighe, d'écc. M921.10 Lioghach, inghean Floinn, mic Maoileachlainn, ben Mhaoile Mithigh, tigherna Bregh uile, d'écc, & ro h-adhnacht co n-airmitin móir h-i c-Cluain Mic Nóis. M921.11 Spelán, mac Conghalaigh, tighearna Conaille Muirtheimhne, do mharbhadh. M921.12 Indredh Fear n-Arda, & Lainne Léire, & Fear Rois isin m-bliadhain h-isin. M921.13 Céle mac Ansothain, tighearna Ua Criomhthannáin, d'écc. M921.14 Maol Cluithe, mac Conchobhair, ----- p.610 rioghdhamhna Connacht, do mharbhadh. M921.15 Finn mac Mael Mordha, mic Muireccáin, rioghdhamhna Laighen, do mharbhadh lá Ceallach, mac Cerbhaill. M921.16 Flaithbheartach, mac Ionmainéin, do ghabháil do Ghallaibh i n-Inis Locha Cré, & a bhreith co Luimneach. Annal 922. M922.0 Aois Criost, naoi c-céd fiche a dó. M922.1 An cúigeadh bliadhain do Dhonnchadh. M922.2 Duibhlitir, abb Cluana h-Eidhneach. M922.3 Muiredhach, mac Domhnaill, abb Mainistreach Buithe, cenn athchomharc (.i. fiafraighe) Fear m-Breg uile, óccaibh, cléirchibh, & maor muinntire Pátraig ó Sliabh Fuaid co Laighniu d'ég. M922.4 Maol Mordha, mac Congalaigh, abb Daimhinsi. M922.5 Mochta na h-Innsi, mac Cernachain, sagart Arda Macha, d'écc. M922.6 Cellach, mac Cerbhaill, rioghdhamhna Laighen, lá Donnchadh, mac Domhnaill, torchair séin, & Donnchadh, mac Domhnaill, righdhamhna Temhrach, do mharbhadh la Maol Ruanaidh, mac Conchobhair, i n-dioghail Cellaigh, mic Cerbhaill, mic Muireccéin. M922.7 Longus do Ghallaibh for Loch Erne, co ro indirset innsedha, & oiléna an locha, & na tuatha ar gach taobh de, & airisiomh dóibh foran loch go samhraidh ar c-cint, & an tír d'fagbhail doibh i n-ecmaing (.i. i n-deiredh) na ree-sin. M922.8 Gaill do thocht for Loch Cuan, & Maol Dúin mac Aodha righdhamhna An Cúigidh do thuitim leo. Dá chéd dég do Ghallaibh Locha Cuan do bhádhadh h-i Loch Rúdhruidhe. M922.9 Gaill for Loch Ribh .i. Colla mac Barit, tighearna Luimnigh, & as leo ro marbhadh Eachthighern, mac Flannchadha, tighearna Breghmhaine. ----- p.612 M923.0 Aois Criost, naoi c-céd fiche a trí. M923.1 An seiseadh bliadhain do Dhonnchadh. M923.2 Failbhe, ancoire, d'écc. M923.3 Cathal, mac Conchubhair, rí Teora Connacht, d'écc. M923.4 Dubhghall, mac Aodhaa, righ Uladh, do mharbhadh la h-Ulltoibh .i. la Cenel Maelche. M923.5 Lorcan, mac Dunchadha, tighearna Bregh d'écc. As dia n-écc ro ráidhedh, 1. Naoi m-bliadhna at-fes, arimh dron, ó Flann Temhrach, ní cor n-gel, Cathal Connacht, rí na n-art, Dubhghall tuagha ri balc Breg. M923.6 Domhnall, mac Cathail, dhamhna Connacht, do mharbhadh la a bhráthair, Tadhg mac Cathail, & Tadhg do ghabháil ionaidh a athar. M923.7 Faolan, mac Muiredhaigh, rí Laighen, cona mac .i. Lorcan, do erghabhail la Gallaibh Atha Cliath. M923.8 Tomrar, mac Tomralt, do mharbhadh do Conmaicnibh Mara. M923.9 Flaithchius, mac Scoracháin, tighearna Ua Criomhthannáin, d'écc. Annal 924. M924.0 Aois Criost, naoi g-céd, fiche, a cethair. M924.1 An seachtmhadh bliadhain do Dhonnchadh. M924.2 Colman, mac Aililla, abb Cluana Ioraird, & Cluana Mic Nóis, espucc, & doctor egnaidh, d'ég. As leis do-rónadh daimh liac Cluana Mic Nóis. Do Chonaillibh Muirtemhne a chenel. 1. An dechmhad bliadhain, dail dir, ro fher failte & bron, Colman Cluana gair gach tuir; Albdann do dhol dar muir. ----- p.614 M924.3 Maol Seachlainn, mac Maol Ruanaidh, aird-ríghdamhna Teamhrach. M924.4 & Duineachaidh, mac Laoghaire, flaith Fear c-Ceall, d'ég. M924.5 Orgain Dúine Sobhairce do Ghallaibh Locha Cuan, & ro marbhadh daoine iomdha leó. 1. A cethair fichet as glé, agus naoi c-céd cen timdhibhe, o ro genair mac De bhí co h-orccain Duin Sobhairgi. M924.6 Raoineadh ria Muircheartach, mac Neill & ria n-Ultaibh occ Drochat Cluana na Cruimhther an 28 do December dia Dardaoin do shunnradh, dú in ro marbhadh ocht c-céd imo t-toiseachaibh .i. Albdann, mac Gofraith, Aufer, & Roilt. Ro gabhadh cacht seachtmaine foran leth oile diobh occ Ath Cruithne, go t-táinig Gofraith, tigherna Gall, ó Ath Cliath dia c-cobhair. M924.7 Orgain Cille Dhara do Ghallaibh Puirt Loairge. A h-orgain doridhisi ó Ath Cliath isin m-bliadhain chedna. M924.8 Ferghus, mac Duiligein, tigherna Luirg, do mharbhadh la Feraibh Breifne. M924.9 Mochta, epscop Ua Néill & saccart Arda Macha, & Muiredhach, mac Domhnaill, tánaisi abbadh Arda Macha, d'ég. Annal 925. M925.0 Aois Criost, naoi c-céd a cúig fichet. M925.1 An t-ochtmhadh bliadhain do Dhonnchadh. M925.2 Corbmac, mac Fithbrain, abb Glinne Da Locha. M925.3 Maol Pettair, abb Cluana Fearta Mo Lua, d'ég. M925.4 Soichleachán Tighe Munda do ghuin & a écc dhi. ----- p.616 M925.5 Brian, mac Cinnedigh, do ghenemhain san m-bliadhain-sin .i. xxiu. bliadhna roimh Maoilechlainn mac Domhnaill. M925.6 Donngal, Rosa Commáin, d'écc. M925.7 Caindealbhán, mac Maol Cróin, tighearna Ua Laoghaire, & Foghartach, mac Lachtnáin, tighearna Teathbha, d'écc. M925.8 Gaoch, mac Duibh Roa, tighearna Ciannachta Glinne Geimhin, do mharbhadh la Muircertach, mac Néill. M925.9 Sitriuc ua h-Iomhair, tighearna Dubhghall & Fionnghall, d'écc. M925.10 Gofraith cona Ghallaibh do fhagbhail Atha Cliath, & a n-dol ina f-fritheing iar sé míosaibh. M925.11 Goill Linne Duachaill do dheirghe (.i. fáccbháil) Ereann. M925.12 Oenach Taillten do thoirmescc la Muircertach mac Néill im Donnchadh ua Maoileachlainn, tria imneisi catha boí etorra, go ros-edarscar Dia gan fhuiliucchadh gan fhoirdergadh for neach diobh. M925.13 Maol Brighde, mac Tornáin, comhorba Patraicc & Coluim Cille, & Adhamhnáin, cend crábhaidh Ereann uile, & urmhóir Eorpa, d'ég iar sendataidh tocchaidhe 22 Februarii. Conidh d'foraithmet a bháis a dubhradh, 1. Ala bliadhain décc ní diuir, a h-ocht Cailne Iul Flainn fri h-úir, a h-ocht Cailne Marta muaidh, Maol Brighde buaidh n-Gaoidheal n-gúir. 2. O genair mac deodha Dé for bith cé h-i colla crí, cúig bliadhna fichet naoi c-céd, co h-écc Maoil Brigde iar ní. 3. Ní bliadhain cen airisne, anabbaidh abb Arda Macha, Maol Brighde barr Eoraipe, Corbmac Glinne Dá Locha. ----- p.618 M925.14 Anrothán, mac Maoil Guirm, do ghabháil tighearnusa Corco Mo Dhruadh. Annal 926. M926.0 Aois Criost, naoi c-céd, fiche a sé. M926.1 An nómhadh bliadhain do Dhonnchadh. M926.2 Baoithine, abb Birrae. M926.3 Fionnachta, abb Corcaighe, cend riaghla ermhoir Ereann. M926.4 Ciarán, abb Achaidh Bhó Caindigh. M926.5 Cele Dabhail, mac Scannail, do dhol co Róimh dia ailithre a h-abdhaine Bendchair, & at-bert na rainn-si occ imtecht dó. 1. Mithigh damh-sa tairir do thriall o thoraibh teghlaigh, do asccnamh imm ailither, tar tuinn mara muaidh menmnaigh. 2. Mithigh anadh d'inntladhadh collna co líon a caire, mithigh iaramh imradhadh co ro fríth Mac mór Maire. 3. Mithigh asccnamh sualach, saltradh for toil co treamhon, mithigh freiteach n-dualcha, agus derna fri deamhon. 4. Mithigh corp do chairiucchadh, daigh isa cion ron-brena, mithigh foss iar t-taiririudh airm i t-telccmís ar n-déra. 5. Mithigh focuil tigh-láithi, terbhadh frí gnúisi gnátha, mithigh omhan indnaidhe treasa luain láithe brátha. 6. Mithigh lámh corp crédbhaidhe, costadh im chrábhaidh n-glinne, mithigh reic na n-earchraidhe ar thír na flatha finne. 7. Mithigh lámh fri turbhaidhe domhnain cé cétaibh caingen, mithigh grés fri h-irnaighe, icc adradh airdrigh aingeal. 8. Acht inge di aen-bliadhain, ní thesta dom trí fichtibh. Airisemh fo naomh-riaghail in nách maighin ba mithigh. 9. Ni mharatt mo chomhaeissi, bhittís fri crábhaidh crichidh, anadh do rioth ró-bhaoissi innach maighin bá mithigh. ----- p.620 10. Ba liach Corbmac cuiredhach gaeta go sleghaibh sithibh, Indreachtach muadh, Muiredhach, Maonach, Maol molbthach Mithigh. M926.6 Muirgheal, inghen Floinn, mic Maoil Seachlainn, d'ég h-i c-Cluain Mic Nóis. M926.7 Donnchadh, mac Domhnaill, rioghdhamhna An Tuaisceirt, do mharbhadh la Nortmandaibh. M926.8 Lorcán, mac Maoil Céin, tigherna Ua Failghe, d'ég. M926.9 Fionnachta, mac Taidhg, ríoghdhamhna Ua Ceinnsealaigh, d'ég. M926.10 Cionaedh mac Oghráin, tighearna Laoighisi, do mharbhadh. M926.11 Eaghra, mac Poprigh, tighearna Luighne Connacht, & Cet, mac Flaithbheartaigh, tighearna Corca Mo Dhruadh, d'ég. M926.12 Orgain Cille Dara a Purt Láirge lá mac Gothfraith, co ruccsat broit & edala móra eiste. M926.13 Maol Ruanaidh, mac Concobhair, do mharbhadh la Donnchadh. Annal 927. M927.0 Aois Criost, naoi c-céd fiche a seacht. M927.1 An dechmhadh bliadhain do Donnchadh. M927.2 Tuathal, mac Oenacáin, epscop Doimh Liacc & Lusca, & maor muinntire Páttraicc. M927.3 Cele Dabhaill, mac Scandail, comharba Comhghaill Beandchair fo Erinn eapscop scribhnidh, proiceptaidh, & doctor ergna, d'ég ina ailithre isin Roimh an 14 do September, & isin naomhadh bliadhain ar caogatt a aoisi. Ba do bliadhain a bháis ro ráidheadh, 1. Tri naoi, naoi c-céd do bhliadhnaibh, ríomhthar fo riaghlaibh reilibh, o ghein Críost, gníomh ga n-déine, co bás cáidh Céle cléirigh. M927.4 Caoncomhrac, mac Maol Uidhir, abb & epscop Daire Calccaicch, & maor Cána Adhamhnáin. M927.5 Tuathal, mac Maoil Ciaráin, abb Cluana h-Eidhnech d'écc. M927.6 Ferghil, abb Tíre Da Ghlass, d'écc i Róimh ina oilithre. M927.7 Dunchadh, mac Braonáin, sagart Cille Dara. M927.8 Maol Giricc, abb Tighe Sruithe Cluana Mic Nóis. M927.9 Maol Pátraicc, ----- p.622 mac Celen, saccart & secnap Bennchair. M927.10 Maol Muicheirghe, feirthighis Cluana Mic Nóis. M927.11 Diarmaid, mac Cearbhaill, tighearna Osraighe. M927.12 Indreachtach, mac Cathail, tigherna Leithi Cathail, d'écc. M927.13 Gabhail for Loch Oirbsen do Ghallaibh Luimnigh, & insi an locha do orgain dóibh. M927.14 Coimhleang nóchobhlaigh for Loch Ribh eitir Conmaicne & Tuaith n-Ella, in ro marbhadh Cathal ua Maele, & Flaithbheartach, mac Tuathghaile, & drong oile immaille friú. M927.15 Slóighedh lá Donnchadh go Liathdruim ind acchaidh Muirchertaich, mic Néill, co ro scarsat gan fuiliucchadh gan foirdearccadh for araile. Dia m-boí Donnchadh acc urthriall an t-slóighidh as and as-rubhradh, 1. Abradh neach fri Donnchadh donn, ris an sonnchadh slaite clann, cia beith Liathdruim ar a chinn, ata gillae diardain ann. M927.16 Cainech, inghen Canannáin, ben righ Ereann, d'écc. M927.17 Domhnall, mac Taidhg, righdhamhna Ua c-Ceinnselaigh, d'ég. M927.18 Orgain Cille Dara ó Gothfrith lá feile Brighde. Annal 928. M928.0 Aois Criost, naoi c-céd fiche a h-ocht. M928.1 An t-aonmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh. M928.2 Nuadha, espucc Glinne Dá Lacha. M928.3 Flann Fobhair, abb Lughmhaidh. M928.4 Maol Caoimhghin mac Scannláin, abb Tighe Mo Chua. M928.5 & Donnghal, abb Rosa Comáin, d'ég. M928.6 Maol Da Bhonna, mac Dobhailén, toisech Luighne. M928.7 Muirchertach, mac Eaghra, tighearna Luighne. M928.8 & Iodhnaidhe ua Mannachan do mharbhadh. M928.9 Gofraith, ua h-Iomhair, co n-Gallaibh Atha Cliath, do thoghail & do orgain Derce Fearna, airm in ro marbhadh míle do dhaoinibh an bhliadhain-si, amhail as-berar isin rann, ----- p.624 1. Naoi c-céd bliadhain gan doghra, a h-ocht fichet non-dearbha, o do-luidh Criost dár c-cobhair co toghail Derce Ferna. M928.10 Ar na n-Gall bádar for Loch Oirbsen do chur la Connachtaibh. M928.11 Goill Luimnigh do ghabháil longphort i Muigh Roighne. M928.12 Goill .i. im Torolbh, do ghabháil for Loch Eathach, & a longphort occ Rubha Mena. M928.13 Accolbh, iarla, & ár Gall imbe, do marbhadh lá h-Uibh Ceinnsealaigh. M928.14 Find, mac Mhaoil Mórdha, ríoghdhamhna Ua f-Failghe, & Flann a dhearbhráthair do mharbhadh. Annal 929. M929.0 Aois Criost, naoi c-céd fiche a naoi. M929.1 An dara bliadhain décc do Dhonnchadh. M929.2 Crunnmhaol, epscop Cille Dara. M929.3 Tiopraitte, mac Aindsene, abb Cluana Mic Nóis, .i. do Uibh Briuin a chenel, d'ég. M929.4 Maoil Eoin, epscop & ancoiri Atha Truim, d'écc iar n-deigh-bheathaidh. M929.5 Cend Faoladh, mac Lorcáin, comharba Cluana h-Eoais & Clochair mac n-Daimheini, d'ég. M929.6 Bran, mac Colmáin, abb Rosa Cré, do mharbhadh la Gallaibh. M929.7 Mael Brighde, mac Feadacáin, abb Lainne Mic Luachain. M929.8 & Onchu, sagart Cille Dara, d'écc. M929.9 Cernachán, mac Tighearnáin, tighearna Breifne, d'écc. M929.10 Gaill Luimnigh do ghabháil for Loch Ribh. M929.11 Gofraith do dhol i n-Osraighibh do ionnarbadh Ua n-Iomhair a Moigh Roighne. M929.12 Donn Cuan, mac Faoláin, rioghdhamhna Laighen, d'ég. M929.13 Derbhail, inghen Maoil Finnia rioghain Teamhra, d'ég. Annal 930. M930.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha. M930.1 An treas bhliadhain décc do Dhonnchadh. M930.2 Suibhne, abb Laine Léire. M930.3 Duibhlitir, mac Sealbhaigh, abb Tighe Mo Ling, & ----- p.626 fer leighinn Glinne Da Locha. M930.4 Feardomhnach, mac Flannagáin, abb Cluana Ioraird. M930.5 Fuacarta, abb Insi Cain Degha. M930.6 Maonghal, mac Becáin, abb Droma Cliabh. M930.7 Maol Giricc, abb Fobhair, d'écc. M930.8 Airmhedh, abb Cuile Rathain, do mharbhadh la Gallaibh. M930.9 Aongas mac Anghusa primh-file Ereann, d'écc. M930.10 Fland, mac Maoil Fhinnia, tighearna Bregh do mharbhadh do Uibh Eathach, .i. la Cummusccach mac Eccertaigh. Conadh dia écc ro raidhedh, 1. Ba deithbhir do Gaoidhealaibh, dá léctís déra fola, nat cing Taillte Taoidhen ua Flainn, Flann an Bhrogha. M930.11 Cionaedh, mac Caindealbhain, tighearna Cenel Laoghaire. M930.12 Bachall Chiarain .i. an Óraineach do bhádhadh h-i Loch Techet, Loch Uí Ghadhra aniú, & da fher décc amaille fria, agus a faghbháil fo chédóir. M930.13 Loingsech ua Leathlobhair, rí Uladh, d'ég. M930.14 Torolbh iarla do mharbhadh la Muirchertach mac Néill & lá Dál n-Araidhe. M930.15 Flann, mac Muireadhaigh, ríoghdhamhna Laighen, & Lorcan, mac Cathail, ríoghdhamhna Laighen, d'écc. Annal 931. M931.0 Aois Criost, naoi c-cétt triocha a h-aon. M931.1 An cethramhadh bliadhain décc do Dhonnchadh. M931.2 Cosccrach, mac Maoil Muchairghi, epscop Tighe Mo Chua, & na c-Command. M931.3 Seachnusach saccart Dearmaighe. M931.4 & Fedhelm, .i. inghen Domhnaill, banabb Cluana Brónaigh, d'ég. M931.5 Cathal mac Odhráin, tighearna Laoighisi. M931.6 & Cuilen, mac Ceallaigh, tighearna Osraighe, d'écc. M931.7 Celecen, .i. mac Gairbith, tighearna na n-Airthear, d'écc. M931.8 Lorcán, mac Eathach, an dara tigherna boí an tan-sin for Airther Liffe, d'écc. M931.9 Raoinedh i Moigh Uatha ria f-Ferghal, mac Domhnaill, & ria Siocfhraidh, mac Uathmharáin .i. mac inghine Domhnaill for Muirchertach, mac Néill, dú i t-torchair Maol Garbh, mac Gairbith, tighearna ----- p.628 Dearluis, & Conmhal, mac Bruadhráin, co n-druing oile h-i maille friú. M931.10 Raoinedh ria c-Conaing, mac Néill co n-Gallaibh Locha h-Eathach for choigeadh Uladh, dú i t-torcratar da chéd décc. M931.11 Goill do ghabháil for Lochaibh Eirne, co ro ionnrattar & go ro airccsettar iol-tuatha, & il-chealla go Loch Gamhna. M931.12 Ard Macha do orgain im féil Martain do mac Gofraidh .i. Amhlaibh, co n-Gallaibh Locha Cuan imme. Matadhan, mac Aedha co Cóigeadh Uladh, & Amhlaibh, mac Gofraith co n-Gallaibh d'ionnradh & d'argain An Choigeadh co Sliabh Betha siar, & co Mucnamha fodheas conus-tarraidh Muirchertach mac Néill. Fearaidh cath friu, & ro meabhaidh forra co f-farccaibhsiot da fhichit décc cenn lais lá taobh braite & gabhála. M931.13 Bard Boinne primh-fhile Ereann do mharbhadh d'Uibh Corbmaic Ua n-Ethach Cobha. M931.14 Domhnall, mac Gadhrai, tighearna Luighne do mharbhadh. M931.15 Maidhm Duibhthíre ria n-Amhlaoibh Cendcairech ó Luimnech, dú i t-torcrattar saor-clanda do Uibh Maine. Annal 932. M932.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha a dó. M932.1 An cúicceadh bliadhain décc do Dhonnchadh. M932.2 Goill Luimnigh do ionnradh Connacht co Muigh Luircc fo thuaith, & co Badhbhghna soir. M932.3 Duibhghiolla, mac Robacáin, tighearna Ua Corbmaic, do ----- p.630 mharbhadh la Congalach mac Lorcáin trí tangnacht. M932.4 Uallach, inghen Muimhnecháin, bainécces Ereann, d'écc. M932.5 Gothfrith, tighearna Gall, d'écc. M932.6 Ro loiscc tene do nimh slébhte Connacht isin m-bliadhain-si, & ro tiormaighsetor locha & srotha, & ro loisccedh beus daoine iomdha lé. M933.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha a trí. M933.1 An seiseadh bliadhain décc do Dhonnchadh. M933.2 Corbmac, mac Maenaigh, ab Achaidh Bó. M933.3 Macc Lenna, abb Imbleach Iobhair & Léth Móir Mo Choemhócc, do mharbhadh. M933.4 Maol Bríghde, abb Mainistreach Buithe. M933.5 & Muiredhach, mac Maoil Brighde, abb Doimh Liacc, d'écc. M933.6 Anlaith, banabb Cluana Brónaigh & Cluana Boirenn, in ro bendach Caireach Dearccain, d'écc. M933.7 Conchubhar, mac Domhnaill, rioghdhamhna Ailigh d'écc, & a adhnacal co n-onóir mhóir i n-Ard Macha. M933.8 Cionaedh, mac Coirpre, tigherna Ua c-Ceindsealaigh, do mharbhadh lá Gallaibh Locha Garman, h-i fuabairt aidhche. M933.9 Maol Muire, mac Cenndubháin, tanaisi Laoighisi, d'écc. M933.10 Oilein Locha Gabhar, & Uaimh Cnodhbha do chrothadh & do chreachadh lá Gallaibh. Annal 934. M934.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha a cethair. M934.1 An seachtmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh. M934.2 Concobhar, mac Domhnaill, do mharbhadh la mac Find mic Maoil Mhórdha. M934.3 Bec, mac Gairbhith, tighearna Dearlaiss, d'écc. M934.4 Anrudhan, mac Maoil Guirm, tighearna Corco Mo Dhruadh, d'ég. M934.5 Cluain Mic Nóis d'orgain lá Gallaibh Atha Cliath, & a h-orgain-si doridhisi la Ceallachán Caisil co f-fearaibh Mumhan. M934.6 Amhlaibh Cendchairech cona Gallaibh do thocht ó Loch Eirne dar Breifne, & co Loch Ribh oidhche Nottlacc Mór rangadar Sionand, & ro bháttar ----- p.632 uii mís annsin, & ro h-ionnradh, & ro h-oirgeadh Magh Ai leo. M934.7 Losccadh Atha Cliath la Donnchadh mac Flaind, la righ Ereann. M934.8 Artuir ua Tuathail d'ég. Annal 935. M935.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha a cúig. M935.1 An t-ochtmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh. M935.2 Aireachtach, abb Disirt Diarmada. M935.3 Fédhach abb Sláine. M935.4 Muireadhach, abb Bendchuir, d'écc. M935.5 Diarmait, mac Ailella, abb Cille Cuilinn, d'écc iar sendataigh. M935.6 Aonghas, mac Muirchertaigh, saoi, angcoire, & tanaisi abbaidh Iae, d'écc. M935.7 Aireachtach, sagart Cille h-Achaidh, d'écc. M935.8 Eochaidh, mac Conuill, rí Uladh, d'ég. M935.9 Cléirchén mac Tighearnáin, mac tigherna Breifne, d'écc. M935.10 Conghalach, mac Cathaláin, tighearna Breifne, Conaing, mac Néill Glúnduibh, ríghdhamhna Ereann, d'écc. M935.11 Cróinghiolla, mac Cuilennáin, tighearna Conaille Muirtheimhne, d'écc. M935.12 Mac Etigh mic Ainsemáin, tighearna Mughdhorna Maighen,. M935.13 Lorcán, mac Conghalaigh, tighearna Ua Mic Uais Bregh, d'écc M935.14 Gairbhith, mac Mail Eitigh, tighearna Fer Rois, do mharbhadh. M935.15 Bruadar, mac Duibhghiolla, tighearna Ua c-Ceinnsealaigh, do mharbhadh la Tuathal mac Ughaire. M935.16 Amhlaoibh, mac Gofradha, tighearna Gall, do thiachthain im Lughnasadh ó Ath Cliath, co rucc Amhlaoibh Cendcairech do Loch Ribh leis, & na Gaill báttar lais, .i. la Cairech, iar m-briseadh a long. M935.17 Gaill Atha Cliath do fhágbháil an dúnaidh, & a n-dol co Saxoibh. M935.18 Orgain Cille Clethe do mac Barith, & losccadh ----- p.634 in doimh liacc, & bratt ro-mhór do bhreith eiste. M935.19 Raoineadh ria Laighnibh for occaibh an Tuaisceirt .i. for muintir mic Néill, dú i t-torchrattar ile im Diarmait mac Maoil Muire, mic Flannaccáin, & im Ceallach, mac Cumusccaigh do Feraibh Bregh co socaidhibh ele. Annal 936. M936.0 Aois Criost, naoi c-céd, triocha a sé. M936.1 An nomhadh bliadhain décc do Dhonnchadh. M936.2 Maol Patraicc .i. mac Broin, epscop Lughmhaidh. M936.3 Dubhthach, comharba Colaim Chille & Adomhnáin i n-Erinn, & i n-Albain. M936.4 Caoncomhrac Mucsnamha, ancoire, d'ég. M936.5 Ciarán, mac Ciarmacáin, abb Lis Móir, d'ég. M936.6 Conaingen, abb Tíghe Fethgna, & primh-sagart Arda Macha. M936.7 & Finguine, mac Fubhthaidh, mic Donnagáin, mic Fogartaigh, mic Duinechdha mic Beraigh, mic Mescell, secnap Tighe Mo Chua, & tighearna Maighe h-Abhna. M936.8 Maol Cairnigh, mac Conaill, abb Tuláin, d'écc. M936.9 Robhartach, Tighe Theille, d'écc. M936.10 Ferghal, mac Domhnaill, tighearna An Tuaisceirt. M936.11 & Murchadh, mac Sochlacháin, tighearna Ua Máine, d'écc. M936.12 Conchobhar, mac Maeil Chein, tighearna Ua Failghe, & a dhá mhac do mharbhadh lá Lorcán, mac Faoláin, tighearna Laighen. M936.13 Donnchadh ua Maoileachlainn do ionnradh Airthir Life. M936.14 Amhlaibh, mac Gofradha, do theacht co h-Ath Cliath doridhisi, & Ceall Cuilinn do orgain lais, & deich c-céd do bhroid do bhreith eisti. M936.15 Imnisi catha eitir Donnchadh, rí Ereann, & Muirchertach, mac Néill Glúnduibh, tighearna Oiligh, co ro shíodhaigh Dia. Donnchadh & Muirchertach cona slógh dibhlínibh do dhol go líonmhar lér-thionóilte do fhorbaissi for Ghallaibh Atha Cliath, co ro crechsatt & co ro crechsatt & co ro iondradhset ina m-boí fo mhámus Gall ó Ath Cliath co h-Ath Trusten. Conadh dó sin ro ráidh Conghalach, mac Maoil Mithigh, ----- p.636 1. Muirchertach dar fine Fáil, ní raghbha grem ná gabháil, cia beith oc losccadh ar n-gráin, as iar n-degh-ithe ar n-aráin. Friscart Muircheartach, 1. Cumba Conghalach Breagh m-buidhe occus duine mut no got as a chind ní tucthar gluitiudh acht ma beith co bruitiud brot. M936.16 Dá chomhorba Pattraicc .i. Ioseph, sccribhnidh, epscop, & ancoiri, an tí ro-beaccnaidhe do Gaoidhelaibh. M936.17 & Maol Patraicc, mac Mael Tuile, epscop, & eccnaidh. Cúicc mhiosa dó i n-abdhaine & a écc. Annal 937. M937.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha a seacht. M937.1 An fichetmhadh bliadhain do Dhonnchadh. M937.2 Maol Domhnaigh, abb Tamhlachta. M937.3 Ceallach, mac Caellaidhe, prióir Saighre, d'ég. M937.4 Finnachta, mac Ceallaigh, comharba Doire, epscop & saoi Berla Féne. M937.5 Laighgnen, comharba Fearna, & Tamhlachta, d'écc. M937.6 Aileach d'orgain la Gallaibh for Mhuirchertach, mac Néill, & a erghabháil leo co ruccsat dochum a long co ro fuaslaic Dia uadhaibh. M937.7 Maidhm ria Congalach, mac Maol Mithich, for Gailengaibh Moraibh, & Beccaibh occ Ath Dá Láarcc, dú i t-torcradar ceithri fichit lais díobh. M937.8 Domhnall, mac Lorcáin, tighearna Aidhne, d'écc h-i c-Cluain Mic Nóis. M937.9 Críochán, mac Maele Muire, tighearna Ua Fiachrach, ----- p.638 d'écc. M937.10 Flann, mac Ceallaigh, tanaisi Osraighe, d'écc. M937.11 Cian, mac Aenghusa, do mharbhadh la h-Uib Failge. M937.12 Murchadh, mac Find, do ghuin la Tuathal. M937.13 Canoin Pháttraicc do chumhdach lá Donnchadh, mac Floinn, rí Ereann. M937.14 Ceallachán, rí Caisil, co f-feraibh Mumhan, & macc Acuind co n-Gallaibh Puirt Lairgi i Midhe, co t-tucsat crech móir, & broid. Orgain dna, Cluain h-Eidhnech, & Cille h-Achaidh dóibh co ro gabhsat a dá n-abbadh i. Muireadhach ua Conchobhair & Coibhdenach mac Bergdha, co f-farccabsat Oillill mic Aengusa, tighearna Ua f-Fothaidh, & sochaidhe ele lá h-Aimmergin tighearna Ua f-Failghe. M937.15 Fir Mumhan um Ceallachan, rí Mumhan, co n-Gallaibh amaille friss, do orgain Midhe, & Cluana h-Eidhneach, & Cille h-Achaidh go ro airgset an tir co Cluain Ioraird. M937.16 Goill do dergu Atha Cliath .i. Amhlaoibh, mac Gotfrith, tre furtacht Dé & Mic Tail. Annal 938. M938.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha a h-ocht. M938.1 A h-aon fichet do Donnchadh. M938.2 Muirchertach Camsa, abb Bendchuir. M938.3 Duibh Indrecht, mac Ronáin, abb Cluana Dolcáin. M938.4 Ainbhith, mac Domhnaill, abb Glinne h-Uisen, d'écc. M938.5 Coibhdenach, abb Cille h-Achaidh, do bhádhadh h-i muir Delginnsi Cualann ag elúdh ó Ghallaibh. M938.6 Flann ua Cathail, do dhol martra h-i c-Cluain Andobhair lá Gallaibh. M938.7 Suibhne, mac Con Bretan, abb Sláine, do mharbhadh lá Gallaibh. M938.8 Maol Bendachta, ancoire, do écc. M938.9 Maol Martain ua Scealláin fear legind Leithghlinne, do écc. M938.10 Slóigheadh lasan righ, Donnchadh, & la Muirchertach, mac Néill, go Laighnibh, & co Fiora Mumhan, co ro gabhsat a n-gialla. M938.11 Niall, mac Fearghaile, rioghdhamhna Oiligh do ghuin & bhádhadh la Muirchertach. M938.12 Flann, inghen Donnchadha, bain-tighearna ----- p.640 Oiligh, d'écc. M938.13 Aralt ua h-Iomhair, .i. mac Sitrioca, tighearna Gall Luimnigh, do mharbhadh i c-Connachtaibh lá Caenraighibh Aidhne. M938.14 Ar mor ria c-Ceallachán, rí Chaisil, for Osraighibh. M938.15 Amhlaoibh Cuarán do thecht co Cair Abroc, & Blacaire mac Gofradha do thecht i n-Ath Cliath. M938.16 Creacha Laighen i l-Leith Chuinn .i. Braen i Midhe, Lorcán i m-Breghaibh, & Muirchertach h-i c-Cualaind, co t-tuccsat crecha móra eistibh. M938.17 Coirpre ua Cionaeth, tighearna Ua n-Aithechda, d'écc. M938.18 Cath-raoinedh ria righ Saxan for Constantin mac Aedha for Anlaf no Amhlaoibh, mac Sitric, & for Breathnaibh. Annal 939. M939.0 Aois Criost, naoi c-céd triocha a naoi. M939.1 An dara bliadhain fichet do Dhonnchadh. M939.2 Eocha, mac Scannail, abb Imleacha Iobhair. M939.3 & Oenacán, sagart Dúin Leithghlaisi, d'écc. M939.4 Maol Brighde, mac Nectrai, ordán Cualann, d'écc iar c-cianaois. M939.5 Muirchertach, mac Néill co feraibh an Fochla & Bregh do dol h-i t-tír n-Osraighe, & na n-Deisi go ro h-airgedh & co ro h-ionnradh lais an chríoch uile go léir go Les Ruadhrach gomdar riarach dó iaramh. M939.6 Murchobhlach la Muirchertach, mac Néill, co t-tuc orgain & édala iomdha a h-Insibh Gall iar m-breith buadha & cosgair. M939.7 Ar na n-Déisi do chur lá Ceallachán & la Fiora Mumhan, fo dháigh a n-aitide do Muirchertach, mac Néill, go t-torcrattar dá mhíle díobh lais im Célechair, mac Corbmaic, & im Maelgorm, mac Giphlecháin, im Seghdha, mac Noebelain, & im Clérech, mac Sestai, &c. M939.8 Cath-raoineadh ele ----- p.642 lasna Deisibh & la h-Osraighibh for righ Caisil, du i t-torcrattar ili. M939.9 Muirchertach iaramh do thionól Conaill & Eoghain, & an Tuaisceirt archena co h-Oileach, co ndo-roeghda dech céd lais do gléire gaisgedhach ind Fhochla, & ro tairmchill Erinn láimh clí frí fairrge co riacht Atha Cliath, & do-bhert Sitriuc, tighearna Atha Cliath h-i n-giallnus lais. Do-choidh iaramh co Laighnibh, & ro thriallsat Laighin frithbhert fris, conadh fair deisidh occa fó dheóidh a riarúcchadh, & do-rat Lorcán rí Laighen lais. Rainic din go Fioru Mumhan, & robtar erlamha iad-sidhe for a chionn do chath fris. Conadh eadh ro chinnset fo dheóidh Ceallachán do thabhairt dia c-cinn, & do-bretha geimhel fair la Muircheartach. Do-dheochaidh iaramh co Connachtaibh, & táinic Conchubhar mac Taidhg ina dháil, & ní tarat gemheal na glas fair. Do-ruacht iarsin co h-Oilech gusan ríoghraidh h-i sin h-i n-giallnus lais, & bátar annsidhe co cent naoi míos oc fledhucchadh, & ro chuir na géill i n-eacmhaing na ree-sin go Donnchadh, rí Ereann, uair as é boí a Temhraigh, & as dó ráinic an ríghe. Conadh do thabhairt Chellacháin lais adrubhradh an rann, 1. Do-chóidh Muirchertach fo dhes, co Caisel caemh cailcech cass, co tucc Cellachán na c-cliar, ní ro ghabh giall oile ass. ----- p.644 M939.10 Ar Gall do chor la h-Uibh Fáilghe .i. la h-Aimhergin, mac Cionaedha, & lá Cenel Fhiachach, co ro mharbhsat dá céd décc h-i Muigh Cisi dibh. M939.11 Aigh .i. sioc anaicenta, comtor sorisi aibhne & locha co ro oirccsettar na Gaill Inis Mochta ar lic egha. M939.12 Maol Ruanaidh, mac Floinn, tanaisi Oiligh, do mharbhadh do Chenel Conaill. M939.13 Cath-raoineadh for Ghallaibh Atha Cliath ria n-Uibh f-Failghe .i. ria n-Aimhirgin mac Cionaetha, tighearna Ua f-Failghe, dú i t-torchair míle do Ghallaibh im Aodh n-Albanach, co toisechaibh iomdha cenmo-thá-somh. Annal 940. M940.0 Aois Criost, naoi c-céd cethracha. M940.1 An treas bliadhain fichet do Dhonnchadh. M940.2 Dúnchadh, mac Suthainen, epscop Cluana Mic Nóis. M940.3 & Cellach, mac poráin, epscop Cluana h-Eidhnech, d'écc. M940.4 Mael Mochta, scribhnidh & abb Cluana Ioraird, d'ég. Cenn crábhaidh, egna Ereann esidhe. 1. Maol Mochta don Midhe-maigh, mór liach an craobh caoin cumhra, at-bath cenn na h-anmcairde, caoncomrac moltach Mughna. M940.5 Faolán, mac Muiredhaigh, rí Laighen, do écc do easccar i n-Aenach Cholmáin. 1. Faolán fuamann fuamaighe, as grith mór múchta maighén, coimdhe Cualann cuanaighe, do-rodhbadh laoich ri Laighen. 2. Luise Ereann Eremhóin, dringedh dar dronga d'oenar, ba dáigh dér tré gle-dedhoil, ba liach flaith fea Faoláin. ----- p.646 M940.6 Conghalach & Alpin, dá mhac Lorcáin, mic Dunchadha, do mharbhadh lá Conghalach, mac Maoil Mithich. M940.7 Dunlaith, inghen Mhaoil Mhithich, d'ég. M940.8 Cluain Mic Nóis & Cell Dara do orccain lá Blacaire, mac Gofradha, & la Gallaibh Atha Cliath. M940.9 Dún Lethíglaisi do orgain lá mac Raghnaill cona Ghallaibh. Ro díoghail Dia & Pattraicc a t-traitte an gníomh-sin fair, uair tángattar Goill dar muir go ro ghabhsat ina n-insi forra, co n-erla mac Raghnaill, a t-toiseach, go ro ghabh tír. Ro marbhadh é lá Madudhán lá righ n-Uladh ria c-cind sechtmaine iarsan orccain a n-eineach Phattraicc. M940.10 Lia mhór isin m-bliadhain-si co tarlaicedh a Leth n-íochtarach do Chluain Mic Nóis lasan uiscce. Annal 941. M941.0 Aois Criost, nao c-céd cethracha, a h-aon. M941.1 An cethramhadh bliadhain fichet do Dhonnchadh. M941.2 Condla, mac Dúnacáin, epscop & abb Leithghlinne. M941.3 Caoncomhrac, epscop Doimh Liacch. M941.4 Fogartach, abb Saighre. M941.5 & Ferdomhnach, abb Fobhair, d'écc. M941.6 Aodh, mac Scannláin, tighearna Irluachra, eccnaidh ergna i Laittin, & i n-Gaoidheilg, d'écc. M941.7 Muirchertach na c-Cochall c-Croicenn, mac Néill Glúnduibh, tighearna Oiligh, Eachtair Iarthair Eorpa ina aimsir, do mharbhadh oc Ath Fhir Diadh lá Blacaire, mac Gofradha, tighearna, Gall an 26 Febra. As dia eccaoine at-rubhradh, ----- p.648 1. Desidh dighal agus díth for síol cloinne Cuinn go bráth, nat mair Muirchertach ba liach díléchta iath Gaoidheal n-gnáth. Ard Macha do orgain lasna Gallaibh cédna arabharach iar marbhadh Muircheartaigh. Mughroín ro ráidh so, 1. A h-aon naoi c-céd, cethre deich, ó ghenair Crist dind ogh-bhreith, as edh do bliadhnaibh non-saigh co bás móroll Muirchertaigh. M941.8 Cath-raoinedh oc Tracht Mugha ria Ruaidhri Ua c-Canannáin for Cenel n-Eoghain & for Gallaibh Locha Feabhail, in ro marbhadh trí chéd do Chenél Eoghain & do Gallaibh im Maol Ruanaidh, mac Flaind ríoghdhamhna An Tuaisceirt. M941.9 Lorcán, mac Faoláin, rí Laighen, do mharbhadh lá Nortmannaibh, dia m-boí occ indreadh Atha Cliath, iar c-cath-raoineadh for Ghallaibh ar tós dú i t-torchratar ile dibh lais, dia n-ebradh, 1. Ma ro bith ua Breasail Bric, gríbh tuir tric treasach for torc, oniú co bráth m-bairneach m-balc, ní ticfa Laighnech fo lorc. 2. Lorcán Laighen i t-treibh troch, maighen céd cloth caradh nath dirsan d'faidhiuch ro líon bith, as crith, as caíneadh, as cath. 3. Coimde coiccidh n-Gaoidheal n-gaeth, ma ro gaeth for laoch ní lith, ba Lúgh lonn fri leim i n-áth, as beim do brath ma ro bith. M941.10 Ceallach, mac Bece, tighearna Dál Araidhe, do orccain i n-Oentribh la a chenél féisin. M941.11 Flann ua Foccartai tighearna Breccraighe, & tighearna ----- p.650 Teathbha d' écc. M941.12 Duibh Lemhna inghen Tighearnáin, tighearna Bréifne, ben Donnchadha mic Floinn, rí Ereann, d'ég. Annal M942. M942.0 Aois Críost, naoi c-céd cethrachat a dó. M942.1 Robhartach, mac Maol Cainnigh, abb Cluana Andobhair. M942.2 Maol Feicheine, abb Cluana h-Ioraird. M942.3 Dubhthach, mac Maoil Sempul, fer leighinn Cluana h-Ioraird. M942.4 & Guaire, mac Mailecáin, sacart Cluana Mic Nóis, d'écc. M942.5 Flaithbheartach, mac Ionmainéin, rí Caisil. M942.6 Flann, mac Find. M942.7 & Muireadhach, mac Maoil Mórdha, dá rioghdhamhna Laighen, d'ég. M942.8 Find, mac Matáin, tighearna Corca Laighde, do mharbhadh d'Fearoibh Maighe Féne. M942.9 Conn, mac Donnchadha, rioghdhamhna Ereann, do mharbhadh d' Fearaibh Fearnmaighe. M942.10 Coirpre, mac Maol Páttraicc, tighearna Ua Liatháin, d'écc. M942.11 Cath-raoineadh ria c-Ceallachán Caisil for Cheinneittigh, mac Lorcáin, h-i Maigh Dúine, in ro marbhadh sochaidhe. M942.12 Cosccradh Atha Cliath do Ghaeidhelaibh ----- p.652 .i. do Chonghalach, mac Maoil Mithigh, ríoghdhamhna Ereann, & do Braen, mac Maoil Mórdha, rí Laighen, & do Cheallach, mac Faeláin, rioghdhamhna Laighen. As é cosccradh do-ratadh fair .i. a tighe, & a airbeadha, a longa, & a cumhdaighe olchena do losccadh, a mná, a mhic, a daesccar-sluaigh do bhreith i n-daeire, a fhir & a aes calma do mharbhadh, a ógh-dilgeann ó ceithir go duine eidir guin, & bádhadh, & losccadh, & braitt acht uathadh beacc do-dicsed i n-uathadh long do-rochtsatar i n-Delccinis. Conadh dó ro ráidheadh, 1. Naoi c-céd bliadhain buan n-esnadh, ceithre deich a dó at-féghtar, o genair Crist, iar riaghail, cosin m-bliadhain ro meatlaidh. 2. Ro cosccradh Ath Cliath cloidhbheach, co n-imat sciath sceo teghlach ro craidheadh Muintir Thomair, i n-iarthar domhain debhradh. 3. Braen Carmain don cath cosccrach, or-al Almhain cona shloghadh, as lá righ Laighean lainech, ro craidheadh agus ro cosccradh. 4. Forbharach frisin cosnamh, Congalach cond m-Bregh m-bras-glan, grian iarthair domhain dathaigh, co cathaibh oca cosccradh. M942.13 Donnchadh, mac Floinn, mic Maoilechlainn, rí Ereann, d'écc iarsan cúicceadh bliadhain fichet a flaithesa. As do foraithmet, agus d'éccaoíne Donnchadha ro ráidheadh an rann, ----- p.654 1. O at-báth Donnchadh, delm doroi, fo cloi Temhair tomthach lí, cen recht réleng righ rosna, atá tír n-Ereann iar ní. M943.0 Aois Criost, naoi c-céd cethracha a trí. M943.1 An chéd-bliadhain do Chonghalach, mac Maoil Mithigh, os Erinn h-i ríghe. M943.2 Maol Tuile, mac Dúnain, comharba Tighearnaigh & Chairnigh, .i. ó Tuiléin, d'ég. Easpucc éisidhe. M943.3 Guaire, mac Sealbhaigh, abb Disirt Diarmada, d'écc. M943.4 Aenghus, mac Donnchadha, mic Floinn, tighearna Midhe, d'écc. M943.5 Aorchadh, mac Murchadha, tighearna Iarthair Condacht, d'écc. M943.6 Aireachtach, mac Anbhith, toisech Calraighe, do mharbhadh. M943.7 Goill Locha h-Eathach do mharbhadh imo rígh i m-brési la Domhnall ua Néill, .i. mac Muirchertaigh, mic Néill Glúnduibh, & lá a dherbhrathair. M943.8 Blacaire, aon do thoisechaibh Gall, do ionnarbhadh a h-Ath Cliath, & Amhlaibh dar a esi ann. M943.9 Ua Canannan, .i. Ruaidhri do dhol i m-Breghaibh co f-fargaibh dream dia shlógh ann lá Conghalach. M943.10 Geill Connacht lá Conghalach, mac Maoil Mithigh. M943.11 í cholamhain téintídhe do aicsin sechtmhain ria Samhain, co ro shoillsigh an bhioth uile. M943.12 Cuileannán, mac Coibhdhenaigh, tigherna Ua m-Bairche, d'ég. Annal 944. M944.0 Aois Criost, naoi c-céd cethracha a cethair. M944.1 An dara bliadhain do Chonghalach. M944.2 Flathghus, abb Fearna Móire. M944.3 Scannlán, abb Tuama Fionnlocha. M944.4 Maol Bethadh, abb Daimhinsi. M944.5 & Guaire sagart Cluana Mic Nois, d'ég. M944.6 Aimhirgin, mac Cionaedha, tighearna Ua Failghe, d'écc an treas lá do Ianuarii. M944.7 Dunlaing, mac Aedha, tighearna Ua n-Dróna, do mharbhadh. M944.8 Domhnall, mac Maol Mhuaidh, tighearna Connacht, do écc. M944.9 Domhnall, mac h-Uathmharán, mic Dobhailen, ----- p.656 tighearna Corca Fhir Trí, do écc. M944.10 Orgain Cluana Mic Nóis, & ceall na Midhe archena do Ghallaibh Atha Cliath. M944.11 Orgain Cille Cuilinn, do Ghallaibh .i. do Amhlaibh Cuarán. M944.12 Atalstan rí orrderc Saxan, d'écc. Annal 945. M945.0 Aois Criost, naoi c-céd cethracha a cúicc. M945.1 An treas bhliadhain do Chonghalach. M945.2 Caonchomhracc, abb Ia. M945.3 & Cathasach, mac Guasáin, fear leighinn Arda Macha, d'écc. M945.4 Cath-raoineadh ria n-Donnchadh, mac Ceallaigh, tighearna Osraighe for Laighniu, dú i t-torchair Braon, mac Maoil Mhórdha, rí Laighen dia n-ebradh, 1. Naoi c-céd, naoi c-cóicc do bliadhnaibh, ní séd nách tiamhda troghda o ghein Críost ar maoin saoir slánda co bás Braoin, mic Maoil Mhórdha. Agus torchair bheos Ceallach, mac Cionaedha, tighearna Ua Ceinnsealaigh go sochaidhibh h-i maille friu isin cath-sin. Conadh dia foraithmhet ro raidheadh, 1. Braon, bres Laighen lonn-ghalach, Congalach laechda laindrech, cetracha cétt comhramhach orstat i n-Ath Cliath claidhbheach. 2. O ghein mic Dé deachraighit reltait co rel i riaghlaibh, a cúicc la taebh cethrachait agus naoi c-céd do bhliadhnaibh. M945.5 Lán an Fhindfadhoich do arggatt ó Chenel Eoghain ar bhendachtaibh Patraicc & a comharba an tan-sin, .i. Ioseph. M945.6 Cath eitir eonaibh an mhara, & an tíre occ Luimnech. M945.7 Cath eitir fhiachaibh Mumhan i n-Glenn Damhain oc Darinis, & ro meabhaidh forna fiachaibh siar & do-rochair a n-ár and. M945.8 Slóigheadh la ----- p.658 Ruaidhri Ua c-Canannáin co Sláine cona tairthetar Gaill, & Gaoidhil .i. Conghalach, mac Maoil Mithigh, & Amhlaoibh Cuarán, co raeimhidh for Ghallaibh Atha Cliath in ro marbadh & in ro báitheadh sochaidhe. M945.9 Scolaighe ua h-Aedhaccain, tighearna Dartraighe, & Gairbhith, mac Muiredhaigh, tanaisi Ua c-Cremhthainn, & Aodh ua Ruairc, mac Tighearnáin, a frithguin. M945.10 Orgain Atha Cliath la Conghalach, mac Maoil Mithidh. Annal 946. M946.0 Aois Criost, naoi c-céd cetracha a sé. M946.1 An cethramhadh bliadhain do Chonghalach. M946.2 Ainmire ua Cathlai, abb Cluana Mic Nóis. M946.3 & Leacna Midhe, d'ég, do Uibh Mic Uais Mídhe a chenél. M946.4 Cathasach, mac Domhnaill, abb Glinne h-Uisen, d'ég. M946.5 Colmán, mac Maoil Pátraic, airchindech Sláine, do mharbhadh la Gallaibh. M946.6 Corc, mac Coinliogáin, abb Lothra, d'écc. M946.7 Cormacan, mac Maoil Brighde, an t-áird-fhile, fear cúmtha Néill Glúnduibh, d'ég. M946.8 Cath Atha Cliath ria c-Congalach, mac Maoil Mithigh, for Blacaire ua n-Iomhair, tighearna na Nortmann, in ro marbhadh Blacaire feisin, & sé chéd décc etir ghuin & broitt, & tuilledh ar mhíle amaille fris. As dó ro ráidhedh, 1. Dardain Choghalaich na t-triath, i n-Ath Cliath ba cuinscle laoch, h-i c-céin marus clann fri claind, do-berat Gaill fri cech saeth. ----- p.660 M946.9 Gormfhlaith, inghen Flaind, mic Maoilechlainn, rioghan Néill Glunduibh, d'écc iar n-aithricche díochra ina tairmtechtaibh & doáilcibh. M946.10 Slóigheadh lásna Gallaibh dar Druim Ráithe, co ro loiscset an derthech & deichnebhar ar sheacht fichtibh and. M946.11 Cathusach, mac Ailchi, epscop Cenel Eoccháin, d'écc. Annal 947. M947.0 Aois Criost, naoi c-céd cethracha a seacht. M947.1 An cúicceadh bliadhain do Chonghalach. M947.2 Oenacán, mac Eccertaigh, aircindech Eccailsi Bicce h-i c-Cluain Mic Nóis, epscop, & ógh iodhan, bráthair-sidhe Dúnadhaigh, mic Eccartaigh, do Mughdornaibh Maighen a chenél, & a écc. M947.3 Aedhán, mac Anailedh, airchindeach Tuama Dá Ualann, d'écc. M947.4 Flaithbhertach, mac Muirchertaigh, mic Neill Ghlúnduibh, do mharbhadh lá Cenél Conaill. M947.5 Laidhgnén, mac Conghalaigh, tighearna Gaileng, do mharbhadh lá Feraibh Cúl. M947.6 Domhnall, mac Find righdhamhna Laighen, d'écc. M947.7 Fógartach, mac Donnagáin, tighearna Oirghiall d'écc, iar m-buaidh n-aithrighe. M947.8 Madudhan, mac Aodha mic Eochaccáin, rí Uladh, do mharbhadh la h-Ultoibh budhen. M947.9 Slóigheadh lá Congalach, mac Maoil Mithigh, co ro h-indir h-Ui Meith, & Fernmhagh. Annal 948. M948.0 Aois Criost, naoi c-céd cethracha a h-ocht. M948.1 An seiseadh bliadhain do Chonghalach. M948.2 Finnachta, mac Echtighern, epscop, scribhnidh, & abb Lughmhaidh, & maer muintire Pátraicc ó Shleibh fodhes d'écc. M948.3 Colmán, epscop & abb Fedha Dúin, d'écc. M948.4 Maol Findén, sui epscop Daire Chalgaigh d'écc. M948.5 Corbmac ua h-Ailella, airchindeach Cille Cuilind. M948.6 Scuithine, abb Dermaighe, d'écc. M948.7 Donnghal ua Maoil Mídhe, ----- p.662 fer leighinn Cluana Mic Nóis. M948.8 Flann ua Anáile, airchinneach Glinne Da Locha, cend ordain an coiccidh, d'ég. M948.9 Eochacán ua Cleirigh, riaghlóir eisen, d'écc. M948.10 Dariet eccnaidh d'écc. M948.11 Reachtabhra, mac Maonaigh, primh-saccart Cluana Mic Nois, airchinnech Imbleachha Fia .i. Imleacha m-Beccáin. M948.12 Oenghus, mac Brain, saccart, & sruith-senoir Cluana Mic Nóis, d'écc. M948.13 Cloicthech Sláine do losccadh do Ghallaibh cona lán do mhionnaibh, & degh-dhaoinibh im Chaoinechair fear léighinn Sláine, & bachall an erlamha, & clocc bá deach do chloccaibh. M948.14 Cath-raoineadh ria Ruaidhri Ua Canannáin, i Midhe for Conghalach, mac Maoil Mithigh, dú i t-torchair Conghalach, mac Ceallaigh, tighearna Fear Rois, co n-druing oile amaille fris. M948.15 Slóighedh oile la Ruaidhri Ua Canannáin i m-Breghaibh, & indreadh Breagh uile dhó, & do-bhert ile dhi chumhaing for Chonghalach. Ro ghabh longport frí ré sé mís acc forbhais for Mhidhe, & Breaghaibh h-i Muine Brocain, & do-riacht dligheadha righ Ereann as gach aird chuicce. Cath-raoineadh iaramh eitir Ghallaibh, & Gaoidhealaibh, .i. eitir Ruaidhri Ua Canandain agus Gulla Atha Cliath a b-féil Andreas apstol do shonnradh. Ro meabhaidh for Ghallaibh, & ro cuireadh a n-ár, uair torcrattar sé mhíle do thrén-fearaibh ann genmothat gille, & glaslaith. Torchair Ruaidhri din rioghdhamhna Ereann i frithghuin an chatha h-isin, & torcair Iomhar tanaisi Gall ann bheos. Térna, imorro, Gofraidh .i. mac Sitriucca, co n-uathadh daoine h-imaille friss. M948.16 Donnchadh, mac Domhnaill ui Maoilechlainn, ríghdhamhna Midhe, do mharbhadh la a deirbhfhine búdhéin .i. la Fearghal mac Aengusa. M948.17 Slóighedh la Conghalach, mac Maoil Mithigh isin Mumhain, & ro aircc Iarmhumha, & ro mharbh dá mhac Ceinnéittigh, mic Lorcáin .i. Echtighern & Donn Chuan. M948.18 Indradh Maighe Finn lá Conghalach. M948.19 Ruarc, mac Anfith ui Laoghachán, tighearna Fear Cúl Teathbha, d'écc. M948.20 Madudhan mac Aodha, rí Uladh, do mharbhadh la h-Ultoibh féisin. ----- p.664 Annal 949. M949.0 Aois Criost, naoi c-céd cethracha a naoi. M949.1 An seachtmhadh bliadhain do Chonghalach. M949.2 Ailill, mac Cuirc, abb Corcaighe.d'écc. M949.3 Guaire ua Forandáin, airchinnech Arda Sratha, d'écc. M949.4 Aodh, mac Maol Ruanaidh, ríoghdhamhna Temhra, do mharbhadh lá Domhnall mac Donnchadha. M949.5 Mac Eitigh, mac Cuilendáin, tighearna Conaille Muirthemne, do marbhadh la Mughdornuibh Maighen. M949.6 Béc, mac Duinn Cuan, tighearna Teathbha, d'écc. M949.7 Niall Mothlach Ua Canannáin, do mharbhadh do Coirpraibh Móraibh. M949.8 Conghalach, mac Maoil Mithigh, co mór-chobhlach Leithe Chuinn lais for Loch Derccdherc. Ro oirgset dno uile innsedha an locha & ro gabhsat geill & neart Mumhan iar na frith-bheirt friú. M949.9 Gofraidh, mac Sitriocca co n-Gallaibh Atha Cliath do orgain Chenandsa, Domhnaigh Patraic, Aird Brecáin, Tuláin, Disirt Ciaráin, Cille Scíre, & alaile cealla archena, acht as a Cenandas ro croite uile. Rugsat tuilledh ar trí mhíle a m-broid leó lá taobh óir, & argaitt, edigh, & iolmhaoine, & gacha maithesa archena. M949.10 Indredh Shíll n-Anmcadha, & orgain Cluana Ferta Brénainn lá Ceallachán & lá Fiora Mumhan. Indreadh Dealbhna Bethra don lucht chédna, & daimh liag Gailinde do lósgadh leo. M949.11 Soere Cluana Ioraird ó Chonghalach, mac Maoile Mithigh gan choinnimh righ nó flatha fuirre. M949.12 Maidhm for Fiora Musccraighe Tíre la h-Ua Lomáin Gaela. M949.13 Maidhm for h-Uibh Failghe occ Biorraeibh, in ro ----- p.666 marbhadh sochaidhe im Cionaeth Cruach. M949.14 Dubh Da Bharc, mac Maoil Mordha, tighearna Uaithne Tíre, do écc. M949.15 Clamhtrusccadh mór, & rith fola for Gallaibh Atha Cliath. Annal 950. M950.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga. M950.1 An t-ochtmhadh bliadhain do Chonghalach. M950.2 Adhland, mac Egnigh, mic Dálaigh, comharba Daire Colaim Chille eisidhe, Guaire Aidhne chlérech n-Ereann, d'écc. M950.3 Blathmac Sgeillice d'écc. M950.4 Flann ua Becain, airchinneach Droma Cliabh, scribhnidhe Ereann, d'écc. M950.5 Feardomhnach ua Maonaigh, abb Cluana Mic Nóis & Glinne Dá Locha, do Chorca Moccha a chenél. M950.6 Céle Clamh ancoire Ard Macha,. M950.7 & Flann, mac Maoil Fiachrach, airchinnech Muighe Etir Dí Ghlais, d'écc. M950.8 Flann ua Cléirigh, tighearna Deisceirt Connacht, & righdhamhna Connacht uile, do mharbhadh do fheraibh Mumhan. M950.9 Domhnall Donn, mac Donnchadha ríoghdhamhna Temhra, & Oebhinn, inghen Donnchadha, d'écc. M950.10 Canannán, mac Ceallaigh, tanaisi Ua c-Ceinnselaigh, d'écc iarna ghuin. M950.11 Maidhm for Chenél c-Conaill ria f-Ferghal, mac Airt, dú i t-torchair Fiachra Ua Canannáin. M950.12 Conchubhar, mac Domhnaill ui Maoilechlainn, ríoghdhamhna Ereand, do mharbhadh la a chenel feissin. M950.13 Maidhm for Laighis, & for Ua f-Fairchelláin ria t-Tuathal mac Ugaire in ro marbadh ----- p.668 sochaidhe, & in ro gabhadh Cuilén, mac Gusain. M950.14 Cath-shraoineadh ria n-Gallaibh for Fheraibh Alban for Bretnaibh, & for Saxanachaibh, du i t-torchrator ile. Annal 951. M951.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a h-aon. M951.1 An nomhadh bliadhain do Chonghalach. M951.2 Ciaran ua Gabhla, espucc Cluana Ferta Brénainn,. M951.3 Duibh Innsi saoi & espucc muintire Bennchair. M951.4 Diarmait, mac Caichir espucc Insi Celtra. M951.5 Maol Cothaigh, mac Lachtnáin, comharba Comhghaill & Mo Cholmócc, d'écc. M951.6 Cenn Faoladh, mac Suibhne, abb Saighre, d'écc ina ailithre i n-Glionn Dá Locha. M951.7 Diarmaitt, mac Torpthaigh, abb Lesa Móir. M951.8 Feidhlimidh, dalta Maol M' Aodhócc, abb Glinne h-Uissen, saoi Laighen. M951.9 Maol Maire, airchinnech Tighe Fethgna. M951.10 Maol Martan, mac Maenaigh, saccart Dúin Lethghlaisi. M951.11 Maol Patraicc, mac Cosccáin, fer leighinn Arda Macha. M951.12 & Gormghal, fer léighinn Tighe Mochua, & Innsi Robhartaigh, d'écc. M951.13 Corbmac, mac Maoil Sluaigh, saoi Mumhan. M951.14 Anghal fer léighinn Cluana Ioraird. M951.15 & Colgga, angcoire Arda Macha, d'écc. M951.16 Eithne, inghen Ferghaile, banrioghan Ereann, ben Congalaigh, mic Maoil Mithigh, d'ég. M951.17 Echtighern, mac Cionaith, tigherna Ua Ceinnselaigh, do mharbhadh la macaibh Ceallaigh. M951.18 Cluain Mic Nóis do orccain do Fheraibh Mumhan co n-Gallaibh Luimnigh amaille friú. M951.19 Ruadacán, mac Eitigén, tighearna Airthir Gaileng. M951.20 Faolán, mac Taidhcc tánaisi Ua c-Ceinnselaigh. M951.21 & Duibhgionn, mac Cuilennáin, tighearna Ua n-Duach, d'écc i n-aen-ló. M951.22 Orgain Insi Doimhle, & Insi Uladh la h-Amhlaibh Cuarán, & la Tuathal mac Ugaire. M951.23 Orgain Tíghe Mo Lincc iar muir ó Laraic. Annal 952. M952.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a dó. M952.1 An deachmhadh bliadhain do Chongalach. M952.2 Robhartach, comharba Coluim Chille & Adhamnáin. M952.3 Rechtabhra, epscop & abb Cille h-Achaidh. M952.4 Caoncomhrac, abb Cille h-Easpuicc Sanctáin & Sruthra. ----- p.670 M952.5 Flannaccán, mac Allchon, comharba Mic Nissi, & Colmáin Eala. M952.6 Celechair, mac Robhartaigh, comharba Finnéin. M952.7 & Ciaráin, do Uibh Mic Uais Mídhe a chenél. M952.8 Cellachán, rí Chaisil, d'écc. M952.9 Aodh, mac Gairbhith, tighearna Corca Móire, & tighearna Dartraighe do marbadh. M952.10 Niall ua Tolaircc, tighearna Cuircne, & as uadh ainmnighther Cárn Uí Tholaircc for bhru Locha Ribh d'écc. M952.11 Saighir Chiaráin do orccain d'Fheraibh Mumhan. M952.12 Bran, mac Domhnaill, tighearna Chenel Laeghaire Bregh, do mharbhadh. M952.13 Conn, mac Eradain, mic Gairbhith, tighearna Maighe Dumha, do mharbhadh. M952.14 Ar mór do Choirpribh & Tethbhaibh ria n-ua Ruairc, co t-torchair ann ua Ciardha, tighearna Coirpre. M952.15 Ualgharcc, mac Cianáin, tighearna Dal Meisin Cuirb, do mharbhadh lá Cathal, mac Lorcáin, & torchair Cathal fo cédóir fris-siumh. M952.16 Dunlang ua Dubháin do marbhadh. M952.17 Slóiccheadh Cenél Eocchain lá Domhnall ua Néill go ro indirset Bregha a h-aontaidh Gall. M953.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a trí. M953.1 An t-aonmhadh bliadhain décc do Chonghalach. M953.2 Dunadhach, mac Eccertaigh, espucc Cluana Mic Nóis. M953.3 Dunlang, mac ua Dunaccáin, abb Innsi Doimhle & Tighe Munna. M953.4 Maol Ionmain, eccnaidh & ancoire Glinne Da Locha, d'écc. M953.5 Cuilen mac Cellaigh, abb Cille Dara, do mharbhadh. M953.6 Aonghus, mac Loingsich, airchindech Maighe Bile, d'écc. M953.7 Aongus, mac Maoil Brighde, airchinneach Doimh Liacc. M953.8 Ailine, tighearna Mughdorn Maighen. M953.9 & Braon, mac Cathacain, tighearna Ratha Inbhir, d'ég. M953.10 Mithighen, mac Cionaedha, tighearna Ua Mail h-Éna. M953.11 Murchadh, mac Cumusccaigh, tighearna Fer Rois. M953.12 & Flann, mac Glethnecháin, toisech Cloinne Murchadha, d'écc. M953.13 Inderghe mac Mocháin, tighearna Ciannachta, do mharbhadh i c-Connachtaibh h-i ----- p.672 lurcc Chonghalaigh mic Maoil Mithigh. M953.14 Sloiccheadh la Domhnall mac Muirchertaigh co longaibh o Thuaig Inbhir for Loch n-Eathdach for Dabhall, darsna h-Airghiallaibh, for Loch n-Eirne, iarsin for Loch n-Uachtair, go ro aircc, & co ro indir an Breifne co tucc gialla ua Ruairc. Annal 954. M954.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a cethair. M954.1 Gaeitheine sui-epscop Dúin Lethglaise. M954.2 Oengas, mac Noachain, comharba Fechene. M954.3 Maol Patraicc, mac Conbretan, airchinnech Sláine. M954.4 Maonach, comharba Findéin, & fer leighinn Arda Macha. M954.5 & Maol Brighde, mac Rédáin, comharba Mic Neissi, & Colmain Eala, d'ég. M954.6 Tadhg na t-Tri t-Tor, mac Cathail rí Connacht, d'écc. M954.7 Slóiccheadh la Conghalach, mac Maoil Mithigh, rí Ereann co Laighnibh, & iar n-ionnradh Laighen, & iar n-aighe aonaigh Life frí tríbh láibh. Do-cós ó Laighnibh co Gallaibh Atha Cliath, & tuccsat Amhlaoibh, mac Gofradha, tighearna Gall cona Ghallaibh, & ro h-indleadh caithedarnaigh leó fór cind Congalaigh, conidh triasin ceilcc-sin tainus é cona maithibh oc Tigh Gioghrann. At iad torcratar annsin, Conghalach féisin, Madúdhan, mac Aodha, mic Maoile Mithich, Aodh mac Aichthide, tighearna Tethbha. Corbmac, mac Cathaláin, tighearna Fher n-Arda, & drong ----- p.674 mór oile amaille friu. Conadh do réimhios Congalaigh h-i ríghe, & d'aois ar t-tighearna Criost an tan ro marbhadh an rí-si at-bert Aodh ua Raithnén, 1. Iar n-orgain Atha Cliath grinn, ro h-uc Gulla a h-Erind it dá bhliadhain for a dech i réimhius caoimh-Congalaigh. 2. A cethair caogat iar fír ocus naoi c-céd, ní gníomh suaill, o ghein Criost i m-Beithil bóid co bás mic Maoil Mithigh mhuaidh. Annal 955. M955.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a cúicc. M955.1 An chéd bhliadhain do Dhomhnall, mac Muircheartaigh, uas Erinn h-i ríghe. M955.2 Flann, mac Aedhaccain, abb Glinne Dá Locha. M955.3 Maol Ceallaigh, mac Aedha, comharba Ailbhe Imligh. M955.4 Colmán, mac Conghail, comharba Mo Laisi Daimhinsi. M955.5 Diarmaitt, ancoire Glinne Dá Locha. M955.6 Maol Coluim Ua Canannáin, tighearna Ceneoil Conaill, d'écc. M955.7 Maol Fothartaigh, mac Flaint, rí Caisil. M955.8 Muiredhach ua Lachtnáin, tighearna Teathbha, d'écc. M955.9 Eochaidh, tighearna Locha Cál. M955.10 Maol Sinchill, mac Duibhcinn, flaith Ua m-Briuin Cualann, d'ég. M955.11 Cobhlach Ferghail, mic Airt, for Loch Cé. M955.12 Guin Coirpre Finn h-ui Bruadair, & a mheic .i. Aodh. M955.13 Riaccán, mac Fiannacta, ui Lorcáin, d'ég. M955.14 MaelSechlainn, mac Aimhirgin, tighearna Ua Failghe, d'ég. M955.15 Maidhm ria t-Tuathal, mac n-Ughaire for Uibh Ceinnsealaigh, in ro marbhadh sochaidhe. M955.16 Slóigheadh la Domhnall, mac Muirchertaigh, go Laighnibh, go ro indrestar Magh Life, & na Coimne go Dún Salach. Annal 956. M956.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a sé. M956.1 An dara bliadhain do Domhnall. M956.2 Flann, mac Mochloingsigh, comharba Tighearnaigh & Maol Dóith. M956.3 Tanaidhe mac ----- p.676 Uidhir, comharba Comhgaill, do mharbhadh la Gallaibh. M956.4 Fiannachta, mac Lachtnáin, airchinneach Ferna. M956.5 Aodh, mac Ceallaigh, comharba Brénainn. M956.6 & Lucchaidh, mac Colgan, airchinneach Sláine, d'écc. M956.7 Tuathal, mac Ugaire, rí Laighen, d'ég. M956.8 Niall ua h-Eruilbh do écc. M956.9 Maidhm for h-Uibh n-Dunchadha, & for h-Uibh Foilghe, & for Cloinn Cellaigh, ag Fiodh Chuilinn .i. for Domhnall, mac Lorcáin, & for Domhnall mac Maoil Mordha, ria n-Uibh Faoláin .i. ria Murchadh, mac Finn, in ro marbhadh Cernach, mac Lorcáin, flaith Cloinne Ceallaigh, & Naoidhenán ua Domhnaill, & sochaidhe oile do shaor-chlannaibh cenmothat-sidhe. M956.10 Domhnall, mac Aenghusa, tighearna Ua n-Eathach, do écc. Annal 957. M957.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a seacht. M957.1 An treas bhliadhain do Dhomhnall. M957.2 Oenghas ua Lapáin, epscop Ratha Both. M957.3 Dubh Dúin, comharba Colaim Chille. M957.4 Martain angcoire, comharba Caoimhghin & Maoile Ruain. M957.5 Maenach, mac Corbmaic, abb Lis Móir. M957.6 & Maenach, airchindech Lothra, d'écc. M957.7 Dubh Da Bhoirend, mac Domhnaill, rí Caisil, d'écc. M957.8 Domhnall, mac Maoil Mordha, tighearna Ua Failghe, d'écc. M957.9 Cluain Mic Nóis do orgain lá Mathghamhain, mac Ceindéiticch, & lá Fiora Mumhan. M957.10 Losccadh Termainn Chiaráin ó Chrois Áird co Sionaind eitir arbhar & muilnibh, an bhliadhain-si. M957.11 Creach-shluaighedh Insi Eanaigh la Ferghal ua Ruairc, & maidhm Maighe Itha, dú i t-torchair Aodh, mac Flaithbheartaigh, righdhomhna Cenel Eoghain. M957.12 Cathusach .i. ó Dhruim Torraidh, mac Doiligein, comhorba Patraicc sui-espucc Gaoidhel, d'écc. ----- p.678 Annal 958. M958.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a h-ocht. M958.1 An cethramhadh bliadhain do Dhomhnall. M958.2 Dubh Dúin ua Steafáin, comharba Colaim Cille. M958.3 & Cathmhogh, abb Liss Móir, & epscop Corcaighe, d'écc. M958.4 Carlus, mac Cuind, mic Donnchaidh, do mharbhadh lá Nortmannaibh. M958.5 Ferghal, mac Augráin, tighearna Laoighisi Rétae, d'ég. M958.6 Faolán, mac Ferghaile, tanaisi Laoighisi Retae, do mharbhadh. M958.7 Slóigheadh la Domhnall, mac Muirchertaigh, co Dál n-Araidhe, co t-tucc a n-giallu. M958.8 Fer Gráidh, mac Cléirigh, tánaisi Caisil, do écc. M958.9 Donnchadh, mac Lorcáin, mic Cathail, do ghuin h-i t-tír Ua c-Ceinnselaigh. M958.10 Faifne Fili, primh-éicces Laighen, d'écc. M958.11 Fínshnecta ua Cuill, file Mumhan, d'écc. Annal 959. M959.0 Aois Criost, naoi c-céd caoga a naoi. M959.1 An cúicceadh bliadhain do Dhomhnall. M959.2 Conaing ua Domhnalláin, airchindech Clochair Mac n-Daimheni. M959.3 Donnchadh, mac Aurchadha, tighearna Ua Briuin Seóla, d'écc. M959.4 Fear Gráidh, mac Cléirigh, rí Caisil, d'écc. M959.5 Foghartach, mac Ciarmhaic, do mharbhadh i meabhail. M959.6 Ualgharcc, tighearna Dartraighe, do mharbhadh. M959.7 Soighet teineadh do thecht iar fut Laighen, aniardhes, co ro mharbh míle do dhaoinibh & alltoibh co n-icce Ath Cliath. M959.8 Niall, mac Aodha, mic Eochaccáin, rí Uladh, d'écc. Annal 960. M960.0 Aois Criost, naoi c-céd seascca. M960.1 An seiseadh bliadhain do Dhomhnall. M960.2 Slóighedh lá Flaithbheartach, mac Conchobhair, la tighearna Oiligh, i n-Dál n-Araidhe, go ro indir Condere, co n-astairthetar Ulaidh, co ro marbhadh Flaithbheartach, ----- p.680 & a dá bhráthair, Tadhg & Conn, & sochaidhe oile imaille friú. M960.3 Aonghas ua Maol Doraidh, tighearna Cenél c-Conaill, do mharbhadh lá Cenél Conaill budhdéissin. M960.4 Eoghan, mac Muiredhaigh, do mharbhadh lá h-Uibh Fáilghe. M960.5 Murchadh, mac Aodha, tighearna Ua Máine Connacht, d'écc. M960.6 Mughron ua Maol Mhuaidh, tighearna Fear c-Cell, d'écc. M960.7 Cluain Mic Nóis d'orgain d'Osraighibh. M960.8 Inis Mór for Loch Ribh do ghabháil do Murchadh ua Chellaigh for Cheallach, mac Ruairc, tighearna Fear Cúl .i. tighearna Síl Ronáin, co ruccadh cona chobhlach i Tir Maine i n-erghabhail. M960.9 Cobhlach Fear Mumhan iar Sionaind, co ro indirset Termann Ciaráin ón Inbhior siar. Ro gabhsat muintir Domhnaill, mic Dúnchadha, ina n-diaidh, co farccaibhset Fir Mumhan a c-cobhlach leó, & do marbhadh drong mhór díobh iar b-faccbháil a long. M960.10 Muirchertach, mac Ecnecháin, mic Dálaigh d'écc. M960.11 Slóighedh lá h-Uibh Néll isin Mumhain, co n-dergenset oirccne mara .i. mora. M960.12 Ferghal ua Ruairc do fhásucchadh Mídhe. M960.13 Tene saighnéin do mharbhadh na n-géisi & na c-cadhan i n-Airther Life. M960.14 Loinges meic Amhlaiph, & na Ladgmainn do theacht i n-Erinn, co ro ortatar Conaille & Ettar co h-Inis Mic Nessáin, co n-dechatar na Ladgmainn iarttain co Fioraibh Mumhan, do dhíoghail a m-bráthar .i. Oin, co ro ortattar Insi Doimhle & Uí Liatháin, co ro loitsiot Liss Mór & Corcach, & co n-dernsat ulca imdha archena. Tiaghtar ----- p.682 iarttain in h-Uibh Liatháin, co t-tarraidh forra Maol Cluiche ua Maol Eittind, co ro la a n-ár .i. cúicc sesccat ar trí céd, cona ternodar díbh acht lucht tri long. M960.15 Creach la mac Amhlaibh a h-Inis Mac Nesain co Brettain & co Moin Conáinn. M960.16 Creach la Sittriucc Cam do mhuir co h-Uibh c-Colgan, co t-tarraidh Amhlaibh co n-Gallaibh Atha Cliath, & co l-Laighnibh, & coru bhaidh Amhlaibh do shaighit trena shliasait, co raeimhidh for Sitriucc c-Cam, co n-erla ina longaibh iar n-ár a mhuintire. M960.17 Buadhach mac Corbmaic, & Donnchadh, mac Cinn Faolaidh, do mharbhadh la h-Eoghanachtaibh i n-aen-mí. M960.18 Dunchadh, mac Laeghaire, tighearna Fernmhaighe, d'écc. M960.19 Slóigheadh lá Domhnall ua Néill for cuairt Ereann, co raibhe trí trath occ Ráith Ettain. Annal 961. M961.0 Aois Criost, naoi c-céd seascca a h-aon. M961.1 An sechtmhadh bliadhain do Dhomhnall. M961.2 Fothadh, mac Brain, scribhnidh & espucc Insi Alban. M961.3 Cosccrach, mac Dúnacáin, sui-epscop, & airchinnech Insi Cain Degha. M961.4 Cathal, mac Corbmaic, sui-espucc Cluana Fearta Brénaint, d'écc. M961.5 Anaile, scribhnidh Doimh Liacc Cianáin, d'écc iar sendataidh. M961.6 Dubhtach Disirt Chiaráin, Caoncomhrac, mac Curáin, sui-epscop & abb Cluana h-Eoais, d'écc. M961.7 Ní nemh-ghnath do dhénamh lasin rígh Domhnall, mac Muirchertaigh .i. longa do breith dar Dabhall, tar Sliabh Fuait co Loch n-Aindind, co ro h-oirccedh oiléna an locha lais. M961.8 Ecnech, mac Dálaigh tighearna Oirghiall, & a mac .i. Dubh Dara, do mharbhadh la a bhráthair lá Murchadh, & ro dioghladh ó Dhia fair an gníomh-sin, uair ro marbhadh-somh iar n-aimsir la h-Ua c-Canannáin. M961.9 Ua Canannáin, do bhreith longais lais for Lochaibh Eirne, go ro h-oircceadh oiléna an locha lais. M961.10 Maidhm ria Fearghal ua Ruairc, rí Connacht, for Muimhnechaibh for Sionnaind .i. maidhm na Catinchi ettir Cluain Ferta & Cluain Mic Nóis, & Dal Cais do ----- p.684 orccain lais iarsin. M961.11 Ar ar Mathgamhain, mac Ceinneittigh, ria f-Ferghal ua Ruairc, dú i t-torchair tri h-ui Lorcáin & secht fichet impu. M961.12 Donnchadh, mac Ceallacháin, rí Caisil, do ghuin óna bráthair féissin. M961.13 Ferghal, mac Ceallaigh, do écc h-i Saighir, iar b-pennainn. Annal 962. M962.0 Aois Criost, naoi c-céd seascca a dó. M962.1 An t-ochtmhadh bliadhain do Dhomhnall. M962.2 Dubh Scúile, mac Cionaedha, comharba Cholaim Chille. M961.3 Suibhni, mac Niamhain, abb Mughna, d'ég. M962.4 Suibhne, mac Segonáin, espucc & riaghloir Cilli Cuilind, d'écc. M962.5 Finghin, sui-epscop, Dúin Lethghlaisi, Corpmac, espucc Tamhlachta, d'ég. M962.6 Colmán, mac Cobradh, fer leighinn Cilli Dara. M962.7 & Muiriond, inghen mic Colmáin, banabb Cilli Dara, d'ég. M962.8 Maol Ruanaidh, mac Floinn, mic Eccneacháin, & a mhac do mharbhadh lá Cloind Fianghusa. M962.9 Furadhrán, mac Bece, tighearna Derlais, do mharbhadh la Cenel Eoghain. M962.10 Muircheartach, mac Conghalaigh, mic Maoil Mithigh, ríoghdhamhna Ereann, do mharbhadh lá Domhnall, mac Conghalaigh. M962.11 Ceall Dara do arccain lá Gallaibh, & broid mhór do sruithibh, & do cléirchibh do ghabháil dóibh ann, & Niall ua h-Eruilbh dia f-fuascladh. Lán an toighe móir Sanct Brighde, & lán an dérthighe as eadh do-ruaichill Niall díobh lia a argad budhdéin. M962.12 Muirchertach h-Ua Canannáin, tighearna Cenél Conuill, do mharbhadh lá a deirbhfine. M962.13 Maidhm an Bhealaigh re f-Ferghal h-ua Ruairc ----- p.686 for Feraibh Tethbha, du i t-torchair Domhnall mac Muirecáin. M962.14 Maidhm for Amhlaibh, mac Sitriucca .i. oc Inis Teoc, ré n-Osraighibh, dú i t-torcrattar íli do Ghallaibh im Batbarr mac Nirae. M962.15 Coirpre ua Guaire cenn féli Laighen, d'écc. M963.0 Aois Criost, naoi c-céd sescca a trí. M963.1 An nomhadh bliadhain do Dhomhnall. M963.2 Dunchadh, mac Ceallaigh, epscop & ab Tíre Dá Ghlas. M963.3 Colmán, abb Disirt Diarmatta, d'écc. M963.4 Iosep, comharba Mic Neisi & Colmáin Eala. M963.5 Cionaodh, mac Maoil Chiaráin, abb Lis Móir Mo Chuda. M963.6 Gebhennach, mac Cathail, abb Insi Cáthaigh, d'écc. M963.7 Slóigheadh lá Domhnall ua Néill, co ro oircc Connachta, & c-co t-tucc gialla ó h-ua Ruairc. M963.8 Aodh, mac Maoil Mithigh, d'écc ina oilithre. M963.9 Caomhclud righ lá h-Uibh c-Ceinnselaigh .i. Domhnall mac Cellaigh a n-ionadh Donnchadha, mic Taidhcc. M963.10 Gorta díofhulaing i n-Erinn co renadh an t-athair a mhac & a inghen ar bhiadh. Annal 964. M964.0 Aois Criost, naoi ccéd seascca a cethair. M964.1 An deachmhadh bliadhain do Dhomhnall. M964.2 Corbmac ua Cilléne, comharba Ciaráin, epscop, & eccnaidh cian-aosda, do Uibh Fiachrach Aidhne a chenél, d'écc. M964.3 Fínghin, angcoire & epscop Ia, d'écc. M964.4 Crunnmhael, abb Bec h-Ereann, epscop, & fer leighind Tamhlachta, do bhádhadh occ Tóchar Eachdhach. M964.5 Artacan ua Manchan fer leighind Glinne Da Locha, d'écc. M964.6 Dubh Da Bhoirenn, sui-epscop Maighe Bregh, & comharba Buite, d'ég, sui egna Laighen eside. M964.7 Maidhm ria c-Comhaltán ua Clérigh .i. tighearna Ua Fiachrach Aidhne, & ria Maol Sechlainn, mac Arcdai, for Fherghal ua Ruairc, du i farcabhtha secht céd im Toichleach ua n-Gadhra, tighearna Luighne Deisceirt. M964.8 Ceallach, mac Faoláin rí Laighen, d'écc. M964.9 Donnchadh, mac Tuathail, rioghdhamhna Laighen. M964.10 Faolán, mac Corbmaic, tighearna na n-Deise ----- p.688 Mumhan. M964.11 & Maol Maire, inghen Néll, mic Aodha, d'écc. M964.12 Ferghal ua Ruairc, rí Connacht, do mharbhadh lá Domhnall mac Conghalaigh, tighearna Breacch, & Cnoghbha. Annal 965. M965.0 Aois Criost, naoi c-céd sescca a cúicc. M965.1 An t-aonmhadh bliadhain décc do Dhomhnall. M965.2 Ailill, mac Maenaigh, epscop Suird & Luscan. M965.3 Daniel, epscop Leithghlinne. M965.4 Flann, mac Aenghusa, abb Lainde Léire. M965.5 Cairpre, mac Laidhgnén, abb Ferna Móire, & Tighe Moling. M965.6 Cond mac Corcrain, abb Mungairde, & cend Mumhan uile. M965.7 Conchobhar, fer leighinn Cille Dara, d'écc. M965.8 Dubh Scuile ua Mancháin, anchoiri & cend riaghla Glinne Dá Locha, d'ég. M965.9 Muireadhach, mac Faoláin, abb Cille Dara, & ríoghdhamhna Laighean, do mharbhadh lá h-Amhlaoiph, tighearna Gall, & la Cerbhall, mac Lorcáin. M965.10 Gormghiolla, mac Cenndubhain, aird-seacnabb Cluana h-Eidhneach, do marbhadh la h-Osraighibh. M965.11 Cath Formaoile oc Raith Bicc ria Cenel Eoghain for Chenél Conaill, dú i t-torchair Maoil íosa Ua Canannáin, tighearna Cenél Conaill, & Murchertach ua Taidhg, ríoghdhamhna Connacht go sochaidhib aile amaille friu. M965.12 Aodh ua h-Aitidhe, rí Ua n-Eathach Cobha, do mharbhadh la a chenél féisin. M965.13 Cearbhall, mac Lorcáin ríoghdhamhna Laighen, do mharbhadh lá Domhnall, tighearna Bregh. M965.14 Mathghamhain, mac Cindeittigh, rí Caisil, do argain Luimnigh & dia losccadh. M965.15 Tighernach, mac Ruairc, tighearna Cairrge Brachaidh, d'écc. M965.16 Cath-raoineadh ria Mathghamhain, mac Cindeidigh, for Gallaibh Luimnigh, dú in ro ladh ar Gall, & ro loiscc a loinges forru, & ro oircc Inis Ubtáin, & ro marbhadh Maol Ruanaidh, mac Flaind, tanaisi Osraidhe i frithghuin occ indradh an dúine. M965.17 Sloigheadh la Mathghamhain go Sciadh ind Eccis, go t-tucc gialla Mumhan lais da thaigh, & go ro indarb mac Brain tigerna Deasmhumhan. M965.18 Sluagh Gall Atha Cliath & Laighen i m-Breghaibh, co ro indairset Bregha, & ro gonadh ann Cerbhall, mac Lorcáin ríoghdhamhna Laighen, co n-erbailt iaromh. M965.19 Sluaighedh lá Murchadh mac Find, rí Laighen i n-Osraighibh, go ro ainis ceteora aidche ann, iar n-indradh Raighne, co rug Mathghamhain co b-Feraibh Mumhan fair, & na Deisi & Osraighe, ó Ath Buana ----- p.690 co Commur, & terna Murchadh iomlán uadhaibh gan ech gan duine d'fagbáil. M965.20 Caemhcludh abbadh i n-Ard Macha .i. Dubh Da Lethe i n-ionadh Muiredhaigh ó Sliabh Cuillenn. Annal 966. M966.0 Aois Criost, naoi c-céd seascca a sé. M966.1 An dara bliadhain décc do Domhnall. M966.2 Ceallach ua Banáin, comharba Comhghaill. M966.3 Muiredhach .i. dalta Maonaigh, comharba Caindigh. M966.4 Erc ua Suailen, epscop no abb Tamhlachta. M966.5 Connmac, mac Aindirraidh, comharba Ulltáin, & sacart Cenannsa, d'écc. M966.6 Sloighedh la Domhnall ua Néill co Laighnibh co ros-indir o Bherbha siar go fairrge, & do-bert bóromha mhór lais, & do-rad forbhais for Ghallaibh, & for Laighnibh co cenn da mhíos. As don chur-sin torchair Fionn, mac Goirmghiolla, Dunghal mac Dúnghaile I Riagáin, & Ronán, mac Bruadair, mic Duibhgiolla, & aroile saor-chlanna do Laighnibh amaille friu. M966.7 Maol Mordha mac Finn, ríoghdhámhna Laighen do ghuin. M966.8 Ruaidhri, mac Maol Martain, tigherna Fothart, do mharbhadh. M966.9 Flaithbhertach ua Muiredhaigh, tigherna Ua n-Echdhach, d'écc. M966.10 Muiredhach mac Ferghasa, comhorba Patraicc, d'écc. M966.11 Cathasach, mac Murchadhain, epscop Arda Macha, d'écc. Annal 967. M967.0 Aois Criost, naoi c-céd sescca a secht. M967.1 An treas bhliadhain decc do Domhnall. M967.2 Maol Findein, mac Uchtain, epscop Cenannsa, comharba Ulltain & Cairnigh. M967.3 Eoghan Ua Cléirigh, epscop Connacht. M967.4 Maol Gorm, mac Maoil Cheallaigh, abb Insi Cealtra. M967.5 & Donnchadh, mac Cathláin, abb Cille Mic Duach, d'écc. M967.6 Muireccen, abb Disirt Diarmata do écc. M967.7 Aonghas ua Robhartaigh, ancoire Dhoire Chalgaigh. M967.8 & Cionaedh ua Cathmhaoil, airchinnech Dhoire Chalgaigh, d'écc in aen-mí. M967.9 Beollán, mac Ciarmhaic, tigherna Locha Gabhar, d'écc. M967.10 Tresach, mac Maile Muine, tigherna Ua c-Conaill Gabhra, do mharbhadh. M967.11 Mes díomhór co t-tabhairthi ocht m-builcc a bun aon-chroinn. M967.12 Slóicchedh la Murchadh ----- p.692 mac Find go Laighnibh i n-Osraighibh, co rabhatar cóicc oidhche innte, co t-tarraidh Mathghamhain mac Ceinnéittigh, co Feraibh Mumhan, na dá Ele, na Déisi, & Íomhar Phuirt Láirge co n-Gallaibh, & Osraighe imo rígh, co ro loiscceadh la Murchadh Dún Ua t-Tochmairc ar eiccen, co t-tudhchatar uaidh fiadh shúilibh cen duine cen ech d'fágbháil. M967.13 Sloicchedh lá Mathghamhain, mac Cinnéittigh i n-Desmhumhain, co ro an teóra h-oidhce i c-Corcaigh, co t-tucc gialla Desmhumhan lais. M967.14 Orgain Cenannsa lá Sitriucc, mac Amhlaibh tigherna Gall, & la Murchadh mac Finn, rí Laighen, conus-tarraidh Domhnall ua Néill, rí Ereann, & co raeimhidh forra. M967.15 Aodh Allán, mac Ferghaile, tigherna Osraighe, & Echtighern, mac Eitigh, tigherna na c-Comann, d'écc. Annal 968. M968.0 Aois Criost, naoi c-céd sescca a h-ocht. M968.1 An cethramhadh bliadhain décc do Dhomhnall. M968.2 Ceanannus do orgain do Amhlaibh Cuarán co n-Gallaibh & Laighnibh, co rucc boraimhe mhór lais, & go b-farccaibh sochaidhe dia mhuintir im Breasal mac n-Ailella, & ro bhris maidhm for Uibh Nell occ Ard Maelchon. M968.3 Maidm for Ualgarcc ua Ruairc ria c-Concobhar, mac Taidhg, in ro marbhadh Ualgharcc, co sochaidhibh oile araon ris im Duibhghiolla .i. mac Laidhgnein. M968.4 Slóicchedh lá rígh n-Uladh, lá h-Artghal mac Madudhain go Gallaibh, go ro oircc Condere forra, & co farccbhadh ár cend lais. M968.5 Orgain Lughmaidh, & Droma Inescclainn lá Muirchertach, mac Domhnaill, .i. mac righ Ereann, lá righ n-Ailigh, for Gallaibh, in ro marbhadh ile. M968.6 Orccain Mainistreach Buithe, & Lainne Lére lá Domhnall lá rígh Ereann for Ghallaibh, & ro loiscceadh caocca ar trí céd in aon-tigh lais dibh. M968.7 Praindteach Lainne Léire do losccadh lá Domhnall, mac Murchadha, & ceithri céd do dhul do ghuin & do losccadh ann eittir fhiora & mná. Lughmhadh & Druim Inesgluinn do argain lá Glún Illar .i. lá Murchadh ua Flaithbheartaigh. ----- p.694 Annal 969. M969.0 Aois Criost, naoi c-céd sescca a naoi. M969.1 An cúicceadh bliadhain décc do Dhomhnall. M969.2 Tuathal, comharba Chiaráin, epscop & abb Cluana Mic Nóis, d'écc. M969.3 Maenach, epscop Cluana Mic Nóis. M969.4 Finnguine ua Fiachrach, abb Tighe Mocua. M969.5 & Maol Samhna, comharba Caindigh, d'écc. M969.6 Ceallach ua Nuadhait do mharbhadh do Ghallaibh i n-doras a phroinntighe. M969.7 Domhnall ua Néill, an rí, do ionnarbadh a Midhe tar Sliabh Fuaid fotuaidh lá Cloinn Colmáin, conadh dó ro ráidheadh, 1. Ní má-cualamar an guth, flaith Temhra do cumscughadh, tearca n-etha, iomatt feoir, fo-tirfe aiccnedh n-aiccbheoil. M969.8 Sloighedh lá Domhnall ua Néill iaramh co n-occaib an Tuaisceirt .i. co c-Conall, & Eoghan, go Fiora Mídhe & co Gallaibh, go ro oircc a n-uile dhúine, & longporta, & co ro h-oircceadh Uibh Failghe, & Fotharta lais, & ro dhíoghail forra don chur-sin a b-frithbheart fris, uair do-roine longport cecha tuaithe i Midhe o tá Sionainn co Bealach n-Dúin. M969.9 Goill Luimnigh do ionnarbadh a h-Inis Ubhdáin lá Mathghamhain, mac Cinnéittigh. M969.10 Di ghréin cudrama do fhaiccsin i n-aird mhedhon laoi. Annal 970. M970.0 Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha. M970.1 An seiseadh bliadhain décc do Dhomhnall. M970.2 Crundmhaol, comharba Caoimhghin, d'écc. M970.3 Muiredhach ua Concobhair, epscop & comharba Fionntain Cluana h-Eidhnech. M970.4 Cathasach mac Fearccusa comharba Dúin, d'écc. M970.5 Foghartach, mac Néill uí Tholaircc, do mharbhadh la Domhnall, mac Conghalaigh tria mheabhail. M970.6 Murchadh mac Find, rí Laighen, do mharbhadh lá Domhnallc-Claon, mac Lorcáin iar c-comh-ol & comh-thomhailt dóibh. As do bhliadhain a bháis do ráidheadh, 1. Do bliadhnaibh sechtmogat naoi c-céd, ó ghein Críost, ní bec an béd, airdrí Laighen, lá na línd co bás Murchadha, mic Finn. ----- p.696 M970.7 Geibhennach, mac Diarmata, tighearna Ciarraighe, d'écc. M970.8 Slóighedh lá Mathghamhain, mac Ceinneittigh, i c-Ciarraighe, co ro toghlastair dúine imdha im Dhún na Fithrech. M970.9 Madadhán, mac Brain, do marbhadh lá mac Brain. M970.10 Finn, mac Brain, do mharbhadh lá Ceallach, mac Domhnaill, mic Finn, mic Maoil Mordha, tigherna Ua f-Faeláin. M970.11 Cluain Ioraird, Fobhar, Lann Eala, & Disert Tola do losccadh & do argain lá Domhnall, mac Murchadha. Annal 971. M971.0 Aois Criost, naoi c-céd sechtmodha a h-aon. M971.1 An sechtmhadh bliadhain décc do Dhomhnall. M971.2 Dunchadh, dalta Diarmada, saoi & epscop & ollamh Osraighe, d'écc. M971.3 Maol Maire, abb Dearmhaighe do bhádhadh i n-Eas Ruaidh. M971.4 Becán, .i. mac Lactnáin, comharba Findein, .i. Cluana h-Iraird, epscop. M971.5 Ailill, mac Ind Laighnigh, abb Glinne Dá Locha, d'écc. M971.6 Cionaedh in Derthaighe, ancoiri Cluana Ferta, d'écc. M971.7 Finachta ua Flaithriu, abb Tíre Dá Ghlas. M971.8 Conchobhar, mac Taidhg an Tuir, rí Connacht, d'écc. M971.9 Cath Ceisi Corainn, eitir Murchadh ua Flaithbheartaigh .i. Glún Illar rí Ailigh, & Cathal, mac Taidhg, rí Connacht, dú i t-torchair Cathal feissin, & Geibhendach, mac Aodha, tigherna Ua Maine, & Tadhcc, mac Muirchertaigh, toiseach Ua n-Diarmada, & Murchadh, mac Floinn, mic Glethneacháin, taoiseach Cloinne Murchadha, & Serridh ua Flaithbhertaigh, go líon dírímhe imaille friú, & Murchadh d'ionnradh Connacht go léir iarttain. Annal 972. M972.0 Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a dó. M972.1 An t-ochtmhadh bliadhain décc do Dhomhnall. M972.2 Maol Bríghde, mac Cathasaigh, epscop & abb Droma Móir Mo Cholmócc. M972.3 Diarmaitt, mac Dochartaigh, abb Daimhinsi, d'écc. M972.4 Coirpre ----- p.698 ua Corra, comharba Caeimhghin. M971.5 Roithechtach, airchinneach Cúile Raithin, anchoiri, & eccnaidh. M971.6 Coirpre, mac Echtighern, comharba Cluana Móir M'Aedócc, d'écc. M972.7 Murchadh ua Flaithbhertaigh do dhol for creich h-i c-Cenel Conaill, co t-tuc gabháil mhór, cona tarraidh i armóirecht go ro gonadh Murchadh, .i. tigherna Oiligh, co n-erbailt di iaromh oc Dún Cloitighe, iar c-comain & aithrícche. M972.8 Donnchadh Find, .i. mac Aedha, tighearna Midhe, do mharbhadh la h-Aghda, mac Duibhcind, mic Tadgain, tigherna Tethbha. M972.9 Maidhm oile ria n-Osraighibh for Uibh Ceindsealaig, i t-torchair Domhnall, mac Ceallaigh. M972.10 Finsneachta, mac Cionaedha, tigherna Fortuath Laighen, d'écc. M972.11 Ar Osraighe i n-Iarthar Liphi h-i torcrattar fiche cet im trí fichit óigtighern im Diarmait, mac n-Donnchadha, tanaisi Osraighe, & im Echthigern ua Luanaigh, tigherna an Fhochla, conadh dó ro ráidheadh, 1. Naoi céd, a dó, sechtmoghat bliadhna, bá buaidh cen aebhthai o Criost co h-ár n-Osairghi, in n-Iarthar Liphi laochdha. 2. Leosait sluaigh Ui Muirithaigh, ní mer an ti not-rímhi, im trí fichte óctighern, fichit cet nó dí mhíli. M972.12 Ar Ua c-Ceinnsealaigh dna i n-Osraighibh, i torchair Domhnall, mac Ceallaigh, tighearna Ua Ceinnselaigh, go sochaidhibh oile. M972.13 Orgain Inse Cáthaigh do Mhaghnus, mac Arailt co l-Lagmannaibh na n-Innsedh imbi, & Iomar ticchearna Gall Luimnigh do brith esti, & sárughadh Senáin imbi. M972.14 Muirchertach, mac Aodha ----- p.700 mic Flainn ui Maoil Seachlainn, rí Midhe, do mharbhadh lá Domhnall, mac Conghalaigh. M973.0 Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a trí. M973.1 An nomhadh bliadhain décc do Dhomhnall. M973.2 Foghartach, abb Daire Calgaigh, d'écc. M973.3 Artghal, mac Coscracháin, comhorba Comhghaill & Finnéin, d'écc, iar n-deighbhethaidh cian-aosda. M973.4 Feardalach, abb Reachrainne, do mharbhadh lá Gallaibh. M973.5 Cionaodh ua h-Artagáin, primh-égeas Ereann ina aimsir, d'ég. M973.6 Ceallach, mac Domhnaill, tigherna Ua Faoláin, do mharbhadh lá Broen, mac Murchadha. M973.7 Muireadhach, mac Donnchaidh, mic Cellaigh, tanaisi Osraighe, d'ég. M973.8 Imarcraidh fleochaidh gur ro millit toirthe. M973.9 Dubh Dá Leithe, comhorba Pátraicc for cuairt Mumhan co t-tucc a reir. Annal 974. M974.0 Aois Criost, naoi c-céd sechtmodha a cethair. M974.1 An fichetmhadh bliadhain do Dhomhnall. M974.2 Conaing, mac Fionain, abb Condeir & Lainde Eala, d'écc. M974.3 Sédna ua Démáin, abb Naendroma, do losccadh ina thigh fein. M974.4 Donnchadh, mac Ceallaigh, tigherna Osraighe, d'écc. M974.5 Domhnall, mac Conghalaigh, tigherna Bregh, d'écc. As dó bo h-ainm Triubhus Fliuch. M974.6 Tadhg ua Ruadhrach, tigherna Cianachta do mharbhadh i n-Ultaibh. M974.7 Giolla Colaim Ua Canandáin, tigherna Ceneóil Conaill, do thiachtain for creich i n-Uibh Failghe, co fargaibh tigherna Choirpre Móir isa lurcc .i. Fearghal, mac Foghartaigh. M974.8 Dunchadh ua Braoin, comharba Ciaráin Cluana Mic Nóis, do dhul dia oilithre co h-Ard Macha. M974.9 Mathghamhain, mac Cindéidigh, áirdrí Mumhan uile do erghabháil do Dhonnabhan mac Cathail, tigherna Ua Fidhgeinte tria thangnacht, co tarat do Maol Mhuaidh, ----- p.702 mac Brain, tigherna Desmumhan, conid ro mharbhsaidhe dar erthach naomh & fíreon. ----- p.704 Annal 975. M975.0 Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a cúicc. M975.1 An t-aonmhadh bliadhain fichet do Dhomhnall. M975.2 Gormghal, comhorba Tolai. M975.3 Conaing, mac Catháin, abb Ferna. M975.4 & Noemhán Insi Cathaicch, d'écc. M975.5 Muirchertach, mac Domhnaill uí Néill, & Conghalach, mac Domhnaill, mic Conghalaigh, dá ríoghdhamhna Ereann, do marbhadh la h-Amhlaoibh, mac Sitriucca. M975.6 Giolla Colaim Ua Canandáin, tigherna Céneoil c-Conaill, do mharbhadh lásan rígh, Domhnall ua Néill. M975.7 Maol Ruanaidh Got ua Maoilechlainn, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh a meabhail. M975.8 Inis Cáthaigh do shárughadh do Bhrian, mac Cinneidigh, for Ghallaibh Luimnigh, im Iomhar cona dhá mhac .i. Amhlaoibh & Duibhcend. Brian caogad bliadhain d'aois an tan-sin. M975.9 Seachnasach mac h-Iruaidh tigherna Eile do mharbhadh. Annal 976. M976.0 Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a sé. M976.1 An dara bliadhain fichet do Dhomnall. M976.2 Fiachra ua h-Artacáin, abb Ia Choluim Chille. M976.3 Maonach, mac Muiredhaigh, abb Droma Inesclainn, d'écc. M976.4 Cath Bealaigh Leachta eittir Bhrian, mac Cindeidigh, & Maol Mhuaidh, tigherna Desmhumhan, & torchair Maol Mhuaidh and & ar Fer Mumhan. M976.5 Cath Biothlainne for Laighnibh ria n-Gallaibh ----- p.706 Atha Cliath, i t-torchair rí Laighen .i. Augaire mac Tuathail, & Muiredhach, mac Riain, tigherna Ua Ceinnsealaigh, & Conghalach, mac Flaind, tigherna Leighe & Rechet, go sochaidhibh iomdha amaille friú. M976.6 Cath-raoineadh long occ Lochaibh Eirne ria n-Airghiallaibh for Chenel Conaill, dú i torchrattar ile im Niall Ua Chanannán, & im ua Conghalaigh, & mac Murchadha Glúnillar, & aroile saor-chlanna. M976.7 Comhaltán Ua Cléirigh, tighearna Ua Fiacrach Aidhne, d'écc. M976.8 Cath Cille Móna ria n-Domhnall mac Conghalaigh, & ria n-Amhlaoibh for Domhnall ua Néll forsan righ, dú a t-torchair Ardghal, mac Madudháin, rí Uladh. Donnaccán, mac Maoil Muire, & Cionaodh, mac Croinghille, tigherna Conaille, co n-druing móir cenmothát-somh. M976.9 Cath-raoineadh ria m-Brian, mac Ceinnéittigh for Gallaibh Luimnigh, & for Donnabhán, mac Cathail, tigherna Ua Fidhgeinnte, dú i t-torcratar Goill Luimnigh, & in ro ladh a n-ár. ----- p.708 Annal 977. M977.0 Aois Criost, naoi c-céd sechtmodha a seacht. M977.1 An treas bliadhain fichet do Dhomhnall. M977.2 Corbmac h-ua Maeil Beraigh, abb Glinne Fuaid, d'écc. M977.3 Flant, mac Maoil Mhichil, fear leighinn Cluana Mic Nois, epscop & airchindeach Cluana Deochra. M977.4 Flantt, mac Mhaol M'Oedhócc, airchindeach Glinne h-Uissen, M977.5 Cathasach, airchindeach Eaccailsi Bicce Cluana Mic Nóis. M977.6 & Muirend, inghen Chonghalaigh, banabb Cille Dara, d'écc. M977.7 Conchobhar, mac Find, tigherna Ua Failge, d'écc. M977.8 Domhnall Claon rí Laighen, do erghabháil do Ghallaibh Atha Cliath. M977.9 Lethlobhar ua Fiachna, tighearna Dál Araidhe, do mharbhadh. M977.10 Cill Dara do orgain do Ghallaibh. Annal 978. M978.0 Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a h-ocht. M978.1 Mucchróin, abb Iae, scribhnidh & epscop, saoi na t-Tri Rand. M978.2 & Rumand ua h-Aedhaccáin, abb Cluana h-Eoais, d'écc. M978.3 Cath Temhra ria Maoil Seclaind, mac Domhnaill, for Ghallaibh Atha Cliath, & na n-Indsedh, for macaibh Amhlaoibh an t-sainriudh, du i t-torcrattar ile im Raghnall mac Amhlaoibh, ríoghdhamhna Gall, & im Chonamhail, mic Gilli Airri, & saerlabhraid Atha Cliath, & ro ladh dearg-ár Gall imaille friú. Torcratar bheós h-i frithghuin an catha Braon, mac Murchadha, rioghdhamhna Laighen, & Conghalach mac Flainn, tigherna Gaileng, & a mac .i. Maolán, Fiachna & Cú Dúilich, dá mhac Dubhlaich, dá tigherna Fear Tulach, & Lachtnán, tigherna Mughdhorn Maighen. Co n-deachaidh Amhlaoiph iaromh tar muir co n-erbail i n-I Colaim Cille. M978.4 Iar m-beith ceithre bliadhna fichet i righe uas Erinn do Domhnall, mac Muirchertaigh na g-Cochall Crocenn, mac Néill Glúnduibh, at-bail i n-Ard Macha iar m-buaidh n-aithrighe. As dia chuimhniucchadh-sidhe ro ráidh Dubh Dá Lethe, ----- p.710 1. O ghenair mac Dé, ní brécc, a h-ocht seacht n-deich is naoi c-céd, co bás Mughroin mortais rainn, comharba cadlai Colaim. 2. Gus an c-cath i t-Temhraigh thailc, in ro dáiledh crú dar cailc i n-gaota Gaeidhil is Goill, lá Mael saer-bladhach Seachloinn. 3. Go h-éitsecht Domhnaill i Néilllordship i n-Ard Macha mórdha géill, ard-fhlaith Ereann éirnedh groigh, for druim domhain ní ad-genair. M978.5 Cath edir Ultoibh & Dal n-Araidhe, a t-torchoir rí an Chóiccidh .i. Aodh, mac Loingsich, go sochaidhibh ele lá h-Eochaidh mac Ardgair. M978.6 Dubhghall, mac Donnchadha, tanaisiAiligh, do mharbhadh lá Muiredhach mac Flainn, lá a bhráthair, & Muiredhach féisin do mharbhadh laa chenél ria c-cionn mís a c-cionaidh Dubhghaill. M978.7 Tighernán ua Maol Doraidh, tighearna Cenél Conaill, do mharbhadh. M978.8 Dunghal, mac Donnchadha, tanaisi Osraighe, d'écc. Annal 979. M979.0 Aois Criost, naoi c-cétt sechtmodha a naoi. M979.1 An céd-bhliadhain do Mhaolsechlainn Mhor, mac Domhnaill, mic Donnchadha, mic Flainn, mic Maoil Sechlainn os Erinn i righe. M979.2 Faolán, mac Coellaidhe, suí-epscop, & abb Imleacha Iubhair. M979.3 & Murchadh, mac Riatai, abb Rossa Comain & prioir Cluana Mic Nóis, d'ég. M979.4 Agda, mac Duibhcind, tigherna Teathbha, d'écc i n-Iomdhaidh Ciaráin, iar n-deigh-bheathaigh. M979.5 Amhlaoibh, mac Siotriocca aird-tigherna Gall Atha Cliath, ----- p.712 do dhol co h-I dia oilithre, & a écc innte iar pennaind & deigh-bheithaidh. M979.6 Mór-shloighedh la Maol Sechlainn, mac Domhnaill, rí Ereann, & lá h-Eochaidh, mac Ardghair, rí Uladh, go Gullu Atha Cliath, co t-tardsat forbhais trí lá & trí n-oidhche forra co t-tuccsat gialla Ereann ass, im Domhnall Claon, rí Laighen, & im aidire Ua Néill archena. Fiche céd líon na n-giall la taobh seót & maoine, & la saoire Ua Néill ó Sionainn co muir cen cáin cen cobach. As annsin tra fo-ruaccart Maoil Sechlainn féissin in eassgaire n-airdeirc dia n-érbairt, ‘Cech aen do Gaoidhealaibh fil h-i c-crich Gall i n-daeire & dochraide taed as dia thír fodhesin frí sidh & fri subha’. Ba sí broid Baibeloin na h-Ereann an bhroid h-isin, co ro saoradh iat lá Maol Sechlaind, & ba tanaisi broitte iffrinn bheos. Annal 980. M980.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha. M980.1 An dara bliadhain do Mhaoil Sechlainn. M980.2 Anmchadh, epscop Cille Dara, do chríochnucchadh a deigh-bhethaidh isin cenntar iar sendataidh. M980.3 Eoghan ua Catháin, abb Cluana Fearta Brénaind. M980.4 Sionach, mac Murthuilen, abb Bendchair. M980.5 Cleirchein, mac Donnghaile, comharba Fechene. M980.6 Conaing ua Flannagáin fos-airchindech Arda Macha. M980.7 & Rothechtach Daimhinsi saccart, d'écc. M980.8 Domhnall ua h-Ateidh, tigherna Ua n-Eathach, & Loingseach, mac Foghartaigh, taoisech Ua Nialláin, do chomhthuitim fria aroile. M980.9 Donnghal, mac Duibhríghe, abb Fedha Dúin, d'écc. Annal 981. M981.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a h-aon. M981.1 An treas bhliadhain do Maoil Sechlainn. M981.2 Muiredhach, mac Ruadhrach, comharba Féchin. M981.3 Bruadar mac Eichthighern, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh d'écc. M981.4 Archu, mac Néill, ríoghdhamhna ----- p.714 Uladh, do mharbhadh lá a bhraithribh. M981.5 Aodh ua Dubhda, tigherna Tuaisgeirt Condacht, d'écc. M981.6 Flaithbertach, abb Leithghlinne, do écc. M981.7 Ailell, dalta Dúnchadha, do écc. M981.8 Dal c-Cais d'orccain do Maol Sechlainn, mac Domhnaill, & bile Aonaigh Maighe h-Adhar do thesccadh iarna tochailt a talmhain cona frémaibh. M981.9 Orgain Cille Dara la h-Iomhar Puirt Láirge. M981.10 Indredh Osraighe lá Brian, mac Ceinnéittigh. M981.11 Giolla Caoimhghin do dhalladh la Domhnall mac Lorcáin. Annal 982. M982.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a dó. M982.1 An cethramhadh bliadhain do Mhaoil Seachlainn. M982.2 Corbmac, mac Maoil Chiarain, comharba Mochta. M982.3 Aedh ua Mothrain, comharba Dá Sincheall. M982.4 Muiredhach, mac Muireccáin, prioir Arda Macha, d'écc. M982.5 Cath-raoineadh ria Maoil Seachlainn, mac Domhnaill, & ria n-Gluin Iarnd mac Amhlaoibh .i. mac máthar Maoileachlainn, for Domhnall c-Claon & for Iomhar Phuirt Láirge , dú i t-torchratar ile eittir bádhadh, & marbhadh im Ghiolla Pháttraicc, mac Iomhair, & sochaidhe ele immaille fris. Indredh & orgain Laighen lá Maoil Seachlainn go muir. M982.6 Glenn Da Locha do orccain do Ghallaibh Atha Cliath. M982.7 Giolla Pátraicc do orgain Leithghlinne, co t-taratt mainchine a dhá mac do Mo Laisi, & aithrechus ann go brath. M982.8 Giolla Phátraicc do erghabháil dho Brian mac Ceinnéittigh. ----- p.716 M983.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a trí. M983.1 An cúicceadh bliadhain do Mhaoil Sechlainn. M983.2 Uissine ua Lapáin, airchindeach Daire Calggaigh. M983.3 Muiredhach ua Flannaccáin, fear leighinn Arda Macha, d'écc. M983.4 Domhnall Claon do mharbhadh lá h-Aodh, mac Echthighern do Uibh c-Ceinnsealaigh, & Fiachra, mac Finshneachta, flaith Forthuath Laighen, & Maol Mithigh, mac Gairbheith bheos tre thangnacht. M983.5 Lochlaint, tigherna Corca Mo Druadh, & Maol Sechlainn, mac Cosccraigh, d'écc. M983.6 Trí mic Cearbhaill, mic Lorcáin, do orgain Termainn Chaoimhghin, & a marbhadh a t-triúr ria n-oídhche, tria fiortaibh Dé & Caoimhghin. M983.7 Flaithbhertach ua h-Annluain, tigherna Ua Nialláin do mharbhadh a meabhail lá h-Uibh Breasail. M983.8 Dubh Darach, mac Domhnalláin, tigherna Dearlais, do mharbhadh. M983.9 Orgain Iarthair Mídhe la Brian, mac Ceinneittigh. M983.10 Aodh ua Dubhda, tigherna Thuaisgeirt Connacht uile, do écc. Annal 984. M984.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a cethair. M984.0 An seiseadh bliadhain do Mhaoil Sechlainn. M984.1 Foghartach ua Conghaile sgribhnidh toghaidhe abb Daimhinsi. M984.2 Flaithlemh airchinneach Saighre, d'écc. M984.3 Eochaidh, mac Soerghasa, airchindeach Doimh Liacc Chianáin, do mharbhadh. M984.4 Mael Finnia, airchindeach Domhnaigh Páttraicc, d'écc. M984.5 Maoil Sechlainn, mac Domhnaill, do indredh Connacht, & do thoghail a n-innsedh, & do mharbhadh a t-toiseach, & do-radadh Magh n-Aoi h-i luaithredh lais. Creach fo a la mhodh lá Connachtaibh co Loch n-Aindind, co ro ----- p.718 loiscceadh Fir Ceall leó, & ro mharbhsat tighearna Fear c-Ceall. M984.6 Fearghal, mac Lorcáin, tighearna Ceneoil Fiachach do mharbhadh. M984.7 Diarmaid, mac Uathmharáin, tighearna Luighne, d'écc. Annal 985. M985.0 Aois Criost, naoi g-céd ochtmodha a cúicc. M985.1 An seachtmhadh bliadain do Mhaoileachlainn. M985.2 Maol Ciaráin ua Maighne, comharba Colaim Chille do dhul i n-derg-mhartra lásna Danaraibh i n-Ath Cliath. M985.3 Muireadhach, mac Flaind, comhorba Condlaith, d'ég. M985.4 Fuatach scríne Páttraicc la Maol Sechlainn ó Ath Fir Dhiadh co h-Ath Sighe tria choccadh mic Caireláin. Síth do dhenamh dóibh iarsin, & riar Pattraicc ó Mhaoil Seachlainn .i. cuairt Fer Midhe eitir cill & tuaith. Ergnamh gacha dúine ó Mhaol Sechnaill féissin la taobh secht c-cumhal, agus a oighrere archeana. M985.5 Mór, inghen Donnchadha, mic Ceallaigh, bainioghain Ereann, d'écc. M985.6 Muirghes, mac Domhnaill, tighearna Ua Máine, do mharbhadh. M985.7 Cumuscc mór i n-Ard Macha isin domhnach ria Lughnasadh eitir Uí Eathach & Uí Niallán, dú i t-torchair mac Trénfhir mic Celechan, & sochaidhe oile. M985.8 Danair do thoidheacht i nd-airear Dail Riada .i. teora longa. Ro riaghadh, & ro mudhaighedh secht fichit díobh, iar sraoineadh forra. M985.9 h-Í Cholaim Chille do arccain do Dhanaraibh oidhche Nodlacc, & ro mharbhsat a n-abbaidh, & cúicc fir dhécc do sruithibh na cille amaille fris. M985.10 Cluain Mic Nóis do losccadh aidhche Aíne ria c-Cáisc Móir. M985.11 Flathrui ua Loingsigh, tigherna Dal Araidhe, do mharbhadh la a chenél féisin. M985.12 Sluaighedh la Laighnibh i n-Osraighibh co ro airccset Tuaiscert n-Osraighe, & gur ro marbhadh ann Riacán, mac Muiredhaigh, & mac Cuiliúin. M985.13 Domhnall, mac Amhalgadha, tanaisi Uladh, d'écc. Annal 986. M986.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a sé. M986.1 An t-ochtmadh bliadhain do Mhaoileachlainn. M986.2 Maol Patraicc abb Ruis Cré. M986.3 & Caencomhrac, mac Ainbhithe, abb Glinne h-Uissen, d'ég. M986.4 Broen ua h-Aedha, airchindech Eccailsi Bicce, ----- p.720 d'écc. M986.5 Ceallach, an naomh-ógh, d'écc. M986.6 Gaoth mhór anacnata go ro thrasccar iol-chumhtaighthe & teghdaisi iomdha im dertigh Lughmaidh, & imm oroile cumhtaighthi archena. M986.7 Ar mór forsna Danaraibh ro oirg h-I, go ro marbhtha trí fichit & tri chéd díobh, tre mhiorbhailibh Dé & Cholaim Chille. M986.8 Treghat fithnaisi (.i. draoidhecht) ó dheamhnaibh i nd-airther Ereann co ro lá ár n-daoine, co m-boí for súilibh daoine h-i foillsi. M986.9 Tosach an bhó-áir mhóir .i. an mhailghairbh anaicnetai na tuidhcidh riamh. M986.10 Sluaighedh lá Mael Seachlainn i Laighnibhco r-rucc boramha lais. Annal 987. M987.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a seacht. M987.1 An nomhadh bliadhain do Mhaoil Seachlainn. M987.2 Dunchadh ua Braoin, abb Cluana Mic Nóis, egnaidh derscaighthe, & angcoire, d'écc an xuii Kal. Februari i n-Ard Macha ina ailithre h-í f-foircend teora m-bliadhan décc, & no thrialladh for a ais go Cluain gacha bliadhna, ticcedh din drong éccsamhail do lucht na cille ar gach n-uair dia iomfosttadh i n-deoidh gacha bliadna, coná fríth leó eigin dia fhostadh acht na cethra, & ro airissiumh forra bliadhain. As é dan, ro thodhiusaigh marbh a bás fo deóidh i n-Erinn. As fair tucc Eochaidh ua Flannagáin saoi seanchasa Ereann an test-si, 1. Macha mainbtheath meadrait muaidh, psailm-theach a sluagh selbhait naimh, ni tarla murcladh a múir dar dúil mar Dúnchadh ua Braoin. ----- p.722 M987.3 Colum, airchindeach Corcaighe, d'écc, & Dubh Da Bhoirend, airchindech Boithe Chonais, d'écc. M987.4 Fir Mumhan do tocht i n-arthraighibh for Loch Ribh, & Goill Puirt Lairge. Tionóilit Connachtaigh ina n-aghaidh, & feachair iomairecc etorra. Torcratar ár mór do Mhuimhneachaibh & do Ghallaibh lá Connachtaibh im Dunlaing mac Duibh Da Bhoirenn, ríoghdhamhna Mumhan go sochaidhibh amaille fris. Do-chear Muirghios, mac Concobhair, ríoghdhamhna Connacht friú h-i friothghuin. M987.5 Laidhgnén, mac Cearbhaill, tighearna Fernmhaighe, do mharbhadh for lár Trín Arda Macha, lá Fearghal, mac Conaing, tighearna Oiligh, & la Cenél Eóghain. M987.6 Conghalach ua Cuilennáin, tigherna Conaille, & Ciar Chaille, mac Cairelláin, tigherna Tuaisceirt Bregh, do chomhthuitim fria aroile. M987.7 Conghal, mac Anrudháin, tigherna Corcu Duibne, d'écc. Annal 988. M988.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a h-ocht. M988.1 An deachmhadh bliadhain do Mhaoileachlainn. M988.2 Dunchadh ua Robhacháin, comharba Cholaim Chille & Adhamhnáin. M988.3 Loingseach, mac Maoil Patraicc, fear leighinn Cluana Mic Nóis. M988.4 Maol Moghna Ua Cairill, airchinnech Dúin Lethglais. M988.5 Cetfaidh, abb Imleacha Iubhair. M988.6 & Mac Leighinn ua Murchadháin, airchindeach Chúile Ratháin, d'ég. M988.7 Coirpre mac Riain d'écc. M988.8 Muiredhach ua Clérigh, tigherna Aidhne, d'écc. M988.9 Echmhílidh, mac Ronáin, tigherna na n-Airther, do mharbhadh do Chonaillibh Cerd. M988.10 Conchobhar, mac Domhnaill, tigherna Luighne, d'écc. M988.11 Cath Atha Cliath for Ghallaibh riasan righ, Maol Sechlainn, in ro marbhadh drong dírímhe do Ghallaibh lais, & ro gabh forbais an Dúine forra iardáin frí ré fichet oidhche, conár ibhset uisce fris-sin ----- p.724 acht an sál. Do-bhertsat a oighréir féin dó fá deóidh an c-cein badh rí, & uincce óir uatha as gach garrdha gacha h-oidhche Nodlac Mór tria bith-shíor. M988.12 Eochaidh, mac Ardgair, rí Uladh do dhol for sluaighedh i c-Cenél n-Eoghain co f-farccaibh ua h-Aitidhe. M988.13 Dubh Da Leithe, comharba Páttraicc, do ghabháil comharbais Choluim Chille a comhairle fear n-Ereann & Alban. M988.14 Gluin Iarn, mac Amhlaoibh, tigherna Gall, do mharbhadh dia mhoghaidh féisin tria meisce. Colbain a ainm an mhoghaidh. M988.15 Gofraidh mac Arailt, tigherna Insi Gall do thuitim lá Dál Riada. M988.16 Dún Lethghlaisi do argain & do losccadh do Ghallaibh. M988.17 Maol Ruanaidh, mac Donnchadha, d'égh. Annal 989. M989.0 Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a naoi M989.1 An t-aonmhadh bliadhain décc do Mhaol Seachlainn. M989.2 Corbmac, mac Congaltaigh, comharba Brénainn Biorra, d'écc. M989.3 Aedh ua Maol Doraidh, tigherna Cenél cConaill, d'écc. M989.4 Cath Cáirn Fordhroma ria Maoil Seachlainn for Thuadhmhumhain, i t-torchair Domhnall, mac Lorcáin, tighearna Musccraighe Thíre & Ua Forggo co sé chéd amaille friss. ----- p.726 M989.5 Doire Chalgaigh do orgain do Ghallaibh. M989.6 Sluagh na n-Gall & na n-Danar & Laighen i Midhe, co ro inderset co Loch Aindind. M989.7 Domhnall, mac Tuathail, do earghabhail lá Donnchadh mac Domhnaill, rí Laighen. M989.8 Donnchadh, rí Laighen, do erghabhail lá Mael Sechlainn, mac Domhnaill rí Ereann. M989.9 Dubh Da Leithe, comhorba Pattraicc do ghabháil comhorbais Choluim Chille tré com