Annals of the Four Masters 1 Author: [unknown] p.2 M2242.0 AOIS domhain gus an m-bliadhoin-si na dileand, da mhile da chéad da fichet & da bhliadhoin. M2242.1 Ceathracha la ria n-dilinn tainig Ceasoir go h-Eirinn, go c-caogaid n-inghen, & go t-triar b-fer, Bioth, Ladhra, & Fiontoin a n-anmanna. Ad-bath Ladhra i n-Ard Ladhrann, & as uadh ainmnighther. Ba h-eisidhe cedna marbh Erionn. At-bath Bioth i Slebh Betha, co ro h-adhnacht i c-Carn Slebhe Betha, conadh uadh ----- p.4 raitior in sliabh. At-bath Ceasoir i c-Cuil Cesra h-i c-Condachtaibh, go ro h-adhnacht h-i c-Carn Cesra. Is ó Fiontoin tra Feart Fiontoin os Loch Deirgdeirc. Annal M2520. M2520.0 O Dilind go ro gabh Parthalon Ere 278, acus aois domhain an tan do-riacht inte 2520. M2520.1 Aois domhain an tan tainig Parthalon i n-Erinn, dá mile cuicc céd & fiche bliadhoin. At iad na toisigh badar lais, Slainge, Laighlinne & Rudhruidhe, a trí meic, Dealccnat, Nerbha, Ciocbha, & Cerbnad a c-cetheora mna. Annal M2527. M2527.0 Aois domhain, da mile cuig céd fiche a secht. M2527.1 Fea mac Torton, mic Srú do ég an bliadhoin-si h-i Muigh Fea, & ro h-adhnacht i n-Dolroibh Moighe Fea, conadh uadha ainmnighthear an magh. Annal M2530. M2530.0 Aois domhain, da mile cuicc céd triocha. M2530.1 Is an m-bliadhainse ro cuiredh in ched cath i n-Erinn .i. Cioccal Grigencosach, mac Guill, mic Gairbh d'Fomorchuibh, & a mhathair tangator i n-Erinn, ocht c-ced a líon, go ro cuiredh cath ----- p.6 etorra h-i Slemhnoibh Muighe h-Ithe go ro mebhoidh for na Fomoruibh ria b-Parthalon, go ro marbhhaid uile, conadh e cath Muighe h-Ithe innsin. Annal M2532. M2532.0 Aois domhoin, dá míle cúicc ced triocha a dhó. M2532.1 Tomaidhm Locha Con, & Locha Techeat isin m-bliadhain-si. Annal M2533. M2533.0 Aois domhoin, da mile cuicc céad triocha a trí. M2533.1 Slainghe mac Partholain d'ecc isin m-bliadhain-si, & ro h-adhnacht h-i c-Carn Slebhe Slangha. M2533.2 Tomaidhm Locha Mesc bheos isin bliadhain chedna. Annal M2535. M2535.0 Aois domhoin, da mhile cuig céd tricha a cúig. M2535.1 Laighlinde mac Parthalóin d'eg isan m-bliadhain-si. An tan ro clas a fert as ann ro mebhaidh Loch Laighlinne i n-Uíbh Mac Uais, conadh uadha ainmnighther. M2535.2 Tomaidhm Locha h-Eachtra beos. Annal M2545. M2545.0 Aois domhoin, dá míle cuig céd cethracha a cuig. M2545.1 Rudhruidhe mac Parthaloin do bathadh i Loch Rudhruidhe, iar t-tomaidm in locha tairis, conadh uadha raiter Loch Rudhruighe. Annal M2546. M2546.0 Aois domhoin, dá mhíle cúig ced cethracha a sé. M2546.1 Murtola Brena fo tír isin m-bliadhain-si, conadh é an sechtmadh loch-tomaidhm ro mebaidh i n-aimsir Parthaláin, & as do-sidhe as ainm Loch Cuan. Annal M2550. M2550.0 Aois domhain, da mile cuig céd caoga. M2550.1 Parthalon d'écc for Senmoigh Elta Eadair isin m-bliadhoin-si. A n-aimsir gabhala Parthaloin ro slechtoit na muighe-si: acht nama ni fes caite bliadhna áiridhe in ro slechtoid. Magh ----- p.8 n-Eitrighe, la Connochta, Magh n-Ithe, la Laighniu; Mag Líí, la h-Uibh Mac Uais Bregh; Magh Latharna, la Dál n-Aruidhe. M2820.0 Aois domhoin, da mile ocht c-ced fiche bliadhan. M2820.1 Naoi mile do ecc fri h-aoin-sechtmain do muinter Parthaloin for Shenmhaigh Ealta Eadoir .i. cúig míle d'feroibh, & ceithre míle do mnáibh. Conadh de sin ata Taimhleacht Muintere Parthalain. Trí ced bliadhain ro caithsiot i n-Erinn. M2820.2 Ere fas triochat bliadhain go t-tainicc Neimhidh. Annal M2850. M2850.0 Aois domhoin, da mile ocht c-ced caocca. M2850.1 Neimhidh do techt in n-Erinn. Is an dara lá décc iar t-techt do Neimhidh co na mhuintir at-bath Macha ben Neimhidh. At iad annso na cethra h-airigh batar lais, Sdarn, Iarbhainel Faidh, Fearghus Leithderg, & Aindind. Ceithre meic Neimhidh iad-sidhe. Medu, Macha, Yba, & Cera, cetheora mná na n-aireach-sin. Annal M2859. M2859.0 Aois domhoin, dá míle ocht c-ced caoga a naoi. M2859.1 Isin m-bliadhoin-si ro mebhaidh Loch n-Dairbrech & Loch n-Ainnind h-i Midhe. M2859.2 At iatt annso na ratha ro toccbadh, na moighe ro slechtadh, & na locha ro tomaidhmsat ind aimsir Nemhidh, gen go b-foghthor bliadhna sainredhacha forra. Rath Cind Ech i n-Uibh Niallain; Rath Ciombaoith h-i Seimhne, Magh Cera, ----- p.10 Magh n-Eabha, Magh Chuile Toladh, & Magh Luirg h-i c-Condachtoibh; Magh Tochair i t-Tir Eogain; Leagmagh i Mumhain; Magh m-Brensa i Laighnibh; Magh Lughadh i n-Uibh Tuirtre; Magh Seredh h-i t-Tethba; Magh Semhne i n-Dal Aruidhe; Magh Muirthemne i c-Conaille; & Magh Macha lá h-Airghiallaibh. Loch Cal i n-Uibh Nialláin, & Loch Muinremhoir h-i Luighnibh h-i Slebh Guaire. Cath Murbuilg i n-Dál Riada. Cath Boghna, & cath Cnamrossa, for Fomoiribh. Ro bris Nemhidh iad-sidhe. M2859.3 At-bath Nemhidh iaromh do thamh i c-Crich Liatháin i Mumhain trí mile mar aon ris i nd-oilen Arda Nemhedh. Annal M3066. M3066.0 Aois domhain, trí mhile sescot a sé. M3066.1 Toghail, tuir Conainn isin m-bliadhain-si la síol Neimhidh for Conainn mac Faobhair, & for Fomoribh ar chena a n-dioghail gach dochraidhe da t-tardsat forra, amhail as follus isin croinic da n-goirther ----- p.12 Leabhar Gabhala, & as suaill nach torchrator comhthuitim díbhlinibh gen mo tád na trí deichneabhoir téarnator do Chlaind Nemhidh fo airdibh in domhain go rangator Erinn iar t-trioll ina b-Feraibh Bolcc. Sé bliadhna decc da ced ro chaith Neimhidh co na shíol i nd-Erinn. Ere fás iarsin re dá ched bliadhain. Annal M3266. M3266.0 Aois domhain, trí mhile da ched sesccat a se. M3266.1 Fir Bolcc do gabhail Eirionn a b-foirchend na bliadhna so. Slainge, Gand, Genann, Seangann, & Rudhruighe a c-cóig toisigh. Cuig meic Deala mic Loich iad-somh. Ro ríoghsat an cethror oile & Fir Bolcc ar chena Slainge uaistibh. ----- p.14 Annal M3267. M3267.0 Aois domhain, tri míle dá céd seasccat a seacht. M3267.1 Slainghe mac Deala do beith i ríghe Erionn frí re aoinbhliadhna, & a écc i foircenn na bliadhna sin i n-Dionn Rígh for bru Berbha. Annal M3268. M3268.0 Aois domhoin, trí mhile da céd seasccat a h-ocht. M3268.1 Rudhruidhe mac Deala do gabhail ríghe n-Ereand. M3268.2 An chéd bhliadhain dia righe innsin. Annal M3269. M3269.0 Aois domhain, trí míle dá céd seascat a naoi. M3269.1 An dara bliadhoin do righe Rudhruidhe, & a écc i bh-foircionn na bliadhna-so. Annal M3270. M3270.0 Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat. M3270.1 An céd bhliadhain do righe Gainn & Geanainn os Erinn innsin. Annal M3273. M3273.0 Aois domhain, tri mile da céd sechtmoghat a trí. M3273.1 An cethramhadh bliadhain do Gann & do Geanann, & a n-écc do tamh a b-foircend na bliadhna so h-i c-Crích Liathain co f-fichit céd ar aon riú. M3274.0 Aois domhoin, tri mile da céd sechtmoghat a cethair. M3274.1 An céd bhliadhain do righe Shengaind innsin. Annal M3278. M3278.0 Aois domhain, tri mile da ced sechtmoghat a h-ocht. M3278.1 A b-foirchend an cúicceadh bliadhain do righe Sengainn torchoir lá Fiachaidh Cennfionnán mac Stairn. Annal M3279. M3279.0 Aois domhain, tri mile da ced sechtmoghat a naoi. M3279.1 An ced bhliadhain do righe Fiachach Cennfionnán. Annal M3283. M3283.0 Aois domain, tri mile da ced ochtmoghat a trí. M3283.1 An cúicceadh bliadhain do righe Fiacha, & a thuitim la Rionnal mac Geanoinn an bliadhain-si. Annal M3284. M3284.0 Aois domain, tri mile da ced ochtmoghat a cethair. M3284.1 An ced bhliadhain do righe Rionnail mic Geanoinn for Erinn. Annal M3289. M3289.0 Aois domhain, tri mile da ced ochtmoghat a naoi. M3289.1 Iar b-forbadh an seiseadh bliadhain do Rionnál isan righe, torchoir la Foidhbhgen mac Senghainn. Annal M3290. M3290.0 Aois domhain, tri mile da ced nochat. M3290.1 An ched bhliadhain do righe Foidhbhgen. Annal M3293. M3293.0 Aois domhain, tri mile da ced nochat a trí. M3293.1 A b-foircenn an cethramhadh bliadhain do righe Foidhbhgen do rochair la h-Eochaidh mac Erc. Annal M3294. M3294.0 Aois domhain, tri mile da ced nochat a cethair. M3294.1 An ced-bhliadhain do righe Echdhach mic Erc indsin. ----- p.16 Annal M3303. M3303.0 Aois domain, tri mile tri ced a trí. M3303.1 An dechmadh bliadhain do righe Eachdhach mic Erc, & as isidhe bliadhain deidhenach a fhlaithiusa, uair tangatar Tuatha De Danonn do gabhail Ereann for Feroibh Bolcc co t-tardsat cath dia 'roile for Maigh Tuiredh h-i Conmaicne Chuile Toladh i c-Condachtaibh, gur ro marbhadh an ri Eochaidh mac Erc lá tribh macoibh Neimhidh mic Badhrai do Tuathaibh de Danonn, Ceasarb, Luamh, & Luachra a n-anmanna. Ro díotlaithrighedh Fir Bolcc isin chath-sin, & ro ladh a n-ár. Ro benadh beos a lámh do Nuadhatt mac Eochdhach, mic Ettarlaimh, (don righ ro baoi for Tuathaibh De Dannann) isin cath cedna. As é an t-Eochaidh remhráite rí deidhenach Fer m-Bolcc. Naonbhar ro gabh righe diobh, & seacht m-bliadhna décc ar fichit fod a b-flaithiusa for Erinn. M3304.0 Aois domhain, tri mile tri ced a cethoir. M3304.1 An ced-bhliadhain do righe Bress mic Ealathoin for Erinn, uair do-ratsat Tuatha De Danann righe do iar m-brisiodh catha Muighe Tuireadh Conga, an c-cein ro baoi lámh Nuadhat accá leighius. Annal M3310. M3310.0 Aois domhain, tri mile tri ced a deich. M3310.1 An sechtmadh bliadhain do Bres ós Erinn innsin, go ro fhagoibh an righe do Nuadhat iar n-íoc a laimhe la Dian Cecht, & Creidne cerd ag congnamh lais. Uair do ratsad laimh n-airgitt fair. Annal M3311. M3311.0 Aois domhain, tri mile tri ced a h-aoin décc. M3311.1 An ced bhliadhain do righe Nuadhat Airgetlaimh tar eis a laimhe do thaitheamh re píosa airgaitt aithleigthedh. Annal M3330. M3330.0 Aois domhain, tri mile tri ced triochat. M3330.1 A b-foirchend fiche bliadhain do ----- p.18 righe Nuadhat Argatlaimh torchair i c-cath Muighe Tuiredh na b-Fomorach la Balor m-Bailcbemnioch d'Fhomhoiribh. ----- p.20 Annal M3331. M3331.0 Aois domhain tri mile tri ced, triochat a h-aon. M3331.1 An céd-bhliadhain do righe Logha Lamfada uas Erinn. Annal M3370. M3370.0 Aois domain, tri mile tri ced sechtmoghat. M3370.1 Iarsan c-cethrachatmhadh bliadhain do Lugh Lamhfada h-i righe n-Eirend do-rochair lá Mac Cuill h-i c-Caondruim. ----- p.22 M3370.2 As i reimhes an Logha-sa do-rónadh aonach Taillten a b-foraithmet & i c-cuimhne écca a buime, Taillte ingen Maghmóir isidhe, inghen righ Easpáine, ben Eachdach mic Eirc, rí dedhenach Fer m-Bolc an t-Eochaidh-sin. Annal M3371. M3371.0 Aois domain, tri mile tri ced sechtmoghat a h-aon. M3371.1 An ced-bhliadhain do ríghe Eachdach Ollathair dár b-ainm an Daghda ós Erinn indsin. Annal M3450. M3450.0 Aois domhain, trí míle cethre ced caoga. M3450.1 Iar b-forbadh na bliadhna dedhenaighe-si don ochtmogat bliadhan ro caith Eochaidh Ollathar i n-airdrige na h-Erend, ro écc is an m-Brugh do gaíbh cró na gona do-rat Cethlend fair h-i c-céd-cath Maighe Tuiredh. Annal M3451. M3451.0 Aois domhain, tri mile cethre ced caoga a h-aon. M3451.1 An ced-bhliadhain do righe Dealbaoith mic Ogma ós Erinn innsin. Annal M3460. M3460.0 Aois domhain, tri mile cethre ced Sescat. M3460.1 Is an deachmadh bliadhain do righe Dealbhaeith torchair do laimh a mic feisin, Fiacha mac Dealbhaeith. M3461.0 Aois domhain, tri mile cetra ced sescat a h-aon. M3461.1 An ced-bhliadhain do Fiacha mac Dealbhaeith i righe. Annal M3470. M3470.0 Aois domhain, tri mile cethre cedh seachtmoghat. M3470.1 A bh-foircheand an deachmadh bliadhan do righe Fiachaidh mic Dealbhaeith ós Erinn do thuit la h-Eógon n-Inbir. Annal M3471. M3471.0 Aois domhain, tri mile cethre ced seachtmoghat a h-aon. M3471.1 An ced-bhliadhain ----- p.24 do righe na t-trí ríogh n-dedhenach do Tuathaibh De Danann ro bhadar h-i c-comflaithius ós Erinn, Mac Cuill, Mac Cécht, & Mac Gréine innsin. Annal M3500. M3500.0 Aois domhain, trí míle cúicc ced . M3500.1 Tasgur .i. cobhlach mac Míleth do techt i n-Erind a b-foirchend na bliadhna-so dia gabhail ar Tuathaibh De Danann, & ro fersat cath Slébe Mis friú isin tres laithe iar na t-techt h-i t-tír: ba isin cath-sin do-rochair Scota inghen Pharao ben Míleadh, & ata fert Scóta eider Sléibh Mis & muir. Do-rochair and beos Fás, bean Uin, mic Uicce, dia t-ta Glend Faisi. Ro fersat meic Mileth iar sin cath i t-Tailltin fri trí ríogaibh Tuaithe De Danann, Mac Cuill, Mac Cecht, & Mac Greine. Ro bas go cian ag cur in catha go t-torchoir Mac Cecht lá h-Eireamhon, Mac Cuill la h-Emear, & Mac Greine la h-Aimhirgin. ----- p.26 M3500.1 Torchratur tra a t-teora rioghna, Ere lá Suirge, Fotla la h-Eadan, & Banba la Caicher. Ro sraoineadh an cath fa deóidh for Tuathaibh De Danann, & ro machtait in gach maigin i t-tarrustar iad. Torchratar o macoibh Mileadh don leith ele dá taoisioch airegdha ag slaighe an madhma, Fuad i Sléibh Fuaid, & Cuailgne i Sleibh Cuailgne. Annal M3501. M3501.0 Aois domhain tri mile cúig ced a h-aon. M3501.1 As í so bliadhain in ro gabh Ereamhon & Emhear comhflaithius os Erind, & ro randsatt Ere ar dó etorra. As innte beos do-ronadh na gniomha-so síos la h-Eireamón & lá h-Emher co na t-taoisiochaibh. Ráth Beothaigh os Eoir i n-Argatt Ros, & Ráth Oinn i c-Crích Cualann, la h-Eireamhón, Tochar Inbhir Móir, i c-crích Ua n-Eneachglas Cualann, lá h-Aimhergin, cumdach Dúine Náir i Sleibh Modhairn, la Goisten, Dún Delginnsi i c-crích Cualann la Sedgha, Dun Sobhairce i Murbholg Dal Riada lá Sobhairce, & Dún Eadair la Suirghe. La h-Ereamhon co na thaoisiochaibh do-ronadh innsin. Rath Uamain i Laighnibh la h-Emhear. Rath Arda Suird la h-Eatan mac n-Uice, Carracc Fethaighe la h-Un mac n-Uicce, Carracc Blaraighe ----- p.28 la Mantan, Dun Ardinne la Caicher, Rath Rioghbhaird i Muiriscc la Fulman. La h-Emhir cona thaoisiochaibh innsin. M3501.2 Ro fás imriusain i foirceann na bliadhna so etir Eremhon & Emhear im na tríbh druimnibh oirrdherca, Druim Clasaigh i c-Crich Maine, Druim Bethaigh i Maonmaigh, & Druim Finghin i Mumhain. Fertar cath etorra as allos ar brú Brí Damh ag Tochar Eter Da Magh. As frisidhe as-berar cath Geisille. Meabhaidh an cath for Emhear, & do-cher and. Torchratar dna tri taoisigh airegda do mhuintir Ereamhóin isin chath cedna. Goisten, Setgha, & Suirge a n-anmanna. Gabhais Eremhon an righe iar sin. Annal M3502. M3502.0 Aois domhain, trí míli cúicc ced a dó. M3502.1 An cheid-bhliadhain do righe Ereamhoin os Erinn, & an dara bliadhain iar t-techt do macoibh Míleadh, do-rann Eremhón Ere. Do-rad Coicceadh Uladh d'Emhear mac Ir, an Mumha do ceithre macoibh Emhir Find; Coigeadh Connacht d'Un & d'Eadan, & Coicceadh Laighen do Criomhthann Sciathbél do Domnandchoibh. ----- p.30 M3502.2 Tea, ingen Luighdheach, mic Ithe, tug Eremhón isin Espáin tar cend Odhbha, as í an Tea-so conaitchestoir go h-Eremhon tuloigh toghaidhe ina tionsccra cecip maighean i raegbadh, gomadh innte no h-adhnaicthi, & no toccaibte a múr & a lighe, & go madh and no biadh gach rioghordan no geinfiodh dia síol go brath. As iad na ratha condo-gaib aire im a comhall di, Aimhirgin Gluingheal & Emhear Fionn. Is eadh iaromh dho raegi-si Druim Caoin .i. Teamhuir. As uaithe ráitear, & as innte ro h-adhnacht. M3502.3 Odhbha dna mathair Muimhne, & Luighne, & Laighne d'écc go ro h-adnacht i n-Odhbha. M3502.4 Cath Cúile Caichir, i torchair Caichear lá h-Aimhirgin n-Glúingeal an bhliadhoin-si, & focres a fhert isin maighin sin conadh uadha do-garar Cúil Caichir. Annal M3503. M3503.0 Aois domhain, tri mile cúicc ced a tri. M3503.1 An dara bliadhain do righe Eremhoin ós Erinn. M3503.2 Aimhirgin Gluingeal mac Mileadh do thuitim h-i c-cath Bile Tinedh an bliadhain-si la h-Ereamhon. M3503.3 Tomaidhm naoi m-Brosnach .i. aibhne n-Ele, ----- p.32 naoi Righe .i. aibhne Laighen, & teora n-Uinsionn Ua n-Oiliolla isin bliadhain cedna. Annal M3506. M3506.0 Aois domhain, tri mile cuicc ced a sé. M3506.1 An cuigeadh bliadhain do righe Eremhóin. M3506.2 Fulman & Manntan do thuitim lasan righ i cath Breogain i bh-Femhean, & tomaidhm na loch-so in bliadhain cedna. Loch Cimbe, Loch Buadhoigh, Loch Baadh, Loch Ren, Loch Fionnmaighe, Loch Gréine, Loch Riach, Loch Da Caoch i Laighnibh, & Loch Laogh i nd-Ultoibh. Annal M3510. M3510.0 Aois domhain, trí mhíle cúic ced a deich. M3510.1 An naomhadh bliadhain do righe Eremhoin do-cher Un, En, & Eadan lais i c-cath Comhraire i Midhe. M3510.2 Tomaidhm Eithne i n-Uibh Néll, na teora Socc i Connachtaibh, & Fregabhail etir Dál n-Araidhe & Dal Riada an bhliadhain-si. Aibhne iad-sidhe. ----- p.34 Annal M3516. M3516.0 Aois Domhain, trí mhíle cúicc ced a se décc. M3516.1 An cuicceadh bliadhain décc d'Ereamhón i righe, & a écc a foircheann na ree-sin i Ráith Beothaigh os Eóir i n-Argat Ross. M3517.0 Aois Domhoin, trí mhíle cúicc ced a secht decc. M3517.1 An ced-bhliadhain do Muimhne, do Luighne, & do Laighne, clann Eremhoin i c-coimhrighe os Erinn. Annal M3519. M3519.0 Aois domain, trí míle cuicc ced a naoi décc. M3519.1 I f-foirchenn na t-trí m-bliadhan-so at-bath Muimhne i c-Cruachain, Luighne & Laighne torchrator h-i c-cath Arda Ladhrann la macaibh Emhir. M3519.2 Er, Orba, Fearon, & Fergen ceithre meic Emher leithbliadhain doibh. As h-í a leithbliadhain-si & leithbhliadhoin Nuadhaitt Neacht do-ni bliadhain comhlán, & as ag an righ Nuadha Neacht airimhthir í i n-aois domhain. M3519.3 Torchrator an cland-sin Emhir la h-Irial Fáidh, mac n-Eremhoin, i c-cath Cuile Márta iar b-forbadh na leithbhliadhna remhráite. Annal M3529. M3529.0 Aois domhain, tri mile cúicc ced fiche a naoi. M3529.1 A bh-foirchend an dechmhadh bliadhain-so Irial Fáidh mic Eremhoin h-i righe, fuair bás i Maigh Muaidhe. As lasan h-Irial f-Faidh-so ro cuirit na catha-so: cath Cuile Marta, cath Arda Inmaoith h-i Teathba i t-torchair Stirne mac Duibh mic Fomhoir, cath Tenmaighe i t-torchair Eocha Eachcheann rí Fomhoire, & cath Lochmaighe i t-torchair Lugh Roth, mac Mo Femis, d'Feroibh Bolg. M3529.2 As i n-aimsir an Ireóil cedna slechtadh na magh, togbhail na ráth, & tobhruchtadh na n-aibhneadh-so. At iad na maighe, Magh Sele i n-Uibh Néll, Magh n-Ele la Laighniu, Magh Rechet, Magh Sanais i Connachtaibh, Magh Techt la h-Uibh Mac Uais, Magh Faithne la ----- p.36 h-Airithera, Magh n-Dairbhrech i Fothartaibh Dairbhreach, Magh Lughna i c-Ciannachta, Magh n-Inis la h-Ultoibh, Magh Chúile Fedha i Fernmaigh, Magh Comair, Magh Midhe, Magh Cobha, Magh Cuma lá h-Uibh Néll, Magh Fernmhaighe la h-Oirghiallaibh, & Magh Riatta. At iad na ratha, Rath Croich i Moighinis, Rath Cuincedha i Semhne, Rath Bacain i Latharna, Rath Lochaid i n-Glascharn, Rath Glaise Cuilg, da n-goirthear Rath Ciombaoith ind Eamhain, Ráth Mothaigh & Rath Buirg i Slechtmhoigh. Na h-aibhne, Siúir, Féil, Ercre lá Mumhain, na trí Fionna, & na trí Coimde. Annal M3530. M3530.0 Aois domhain, tri mile cúicc ced triochat. M3530.1 An ced-bhliadhain do righe Ethrel, mac Ireoil Fáidh, os Erinn indsin. Annal M3549. M3549.0 Aois domhain, tri mile cuicc ced cethrachat a naoi. M3549.1 An fichetmhadh bliadhain d'Ethrel, mac Ireoil Fáidh, mic Eremhóin i righe go t-torchair lá Conmhaol mac ----- p.38 Emhir i c-cath Rairend. M3549.2 Is i remhes an Ethreoil-si ro slechtaitt na maighe-si: Teanmagh lá Connachtoibh, Magh Lughadh, lá Luighne, Magh m-Bealaigh lá h-Uibh t-Tuirtre, Magh Géisille lá h-Uibh b-Failghe, Magh Ochtair la Laighniu, Lochmagh lá Conaille, & Magh Roth lá h-Uibh Eachdhach. Annal M3550. M3550.0 Aois domhain, trí mhíle cúig ced caoga. M3550.1 An ched-bhliadhain do righe Conmhaoil, mac Eimhir, os Erinn innsin. Céd rí Ereann a Mumhoin esidhe. Annal M3579. M3579.0 Aois domhain, trí míle cúig céd seachtmoghat a naoi. M3579.1 Iar m-beith dech m-bliadhna fichet do Conmaol, mac Emhir, i righe n-Ereann torchair i c-cath Aonaigh Macha lá Tighernmus mac Follaigh. M3579.2 Conmaol tra as lais do cuiredh na catha-so: cath Geisille, i t-torchair Palap mac Ereamhoin, cath Berre, cath Slébhe Betha la h-Uibh Cremhthainn, cath Ucha, cath Cnucha, cath Slébhe Modhairn i t-torchair Semroth mac Inboith, cath Clere, cath Carn Móir i t-torchair Ollach, cath Locha Lein for Earna, Mairtine, & for Modh Ruith, mac Mo Febis, d'Feroibh Bolg, cath Ele. Annal M3580. M3580.0 Aois domhain, tri míle cúig ced ochtmoghat. M3580.1 An céd-bhliadhain do righe Tighernmais mic Follaigh ós Erinn. Annal M3581. M3581.0 Aois domhain, trí míle ced ochtmoghat a h-aon. M3581.1 An dara bliadhain do righe Tighernmais, tomaidhm na naoi loch so: Loch n-Uair i Midhe, Loch n-Iairn, ----- p.40 Loch Cé i Conachtaibh, Loch Saileand, Loch n-Aillend i c-Connachtaibh, Loch Feabhail, Loch Gabhair, Dubhloch & Loch Dabhall i n-Oirghiallaibh. Annal M3656. M3656.0 Aois domhain, tri mile se ced caoccat a sé. M3656.1 As í an bliadhain-si an seachtmadh bliadhain décc ar tribh fíchtibh do Tighernmas 'na righ os Erinn. Ar lais ro briseadh na catha so for Shíol n-Emhir & for araill d'Erennchoibh & d'eachtaircenelaibh oile cénmotát-somh. At iad-so na catha h-ishin, cath Elle i torchair Rocorb, mac Gollain, cath Lochmuighe i t-torchair Dagairne mac Guill, mic Gollain, cath Cula Aird i Muighinis, cath Chuile Fraochain, cath Maighe Techt, cath Commair, cath Cula Athguirt i Semhne, cath Aird Niadh h-i c-Connachtaibh, cath Cairn Feradhoigh i torchoir Feradach mac Rochuirb, mic Gollain, ó ráiter Carn Feradhaigh, cath Cnamhchoille h-i Connachtaibh, cath Cuile Feadha, cath Reabh, cath Congnaidhe i Tuaith Eabha, cath Cluana Cuas, i Teathba, cath Cluana Muirscce, i m-Brefne, da cath Chuile i n-Argat Ros, cath Ele, cath Berre, seacht c-catha ag Loch Lughdhach, ----- p.42 da cath oili i n-Argad Ros, trí catha for Fiora Bolg, cath Cuile Fobhair for Erna. M3656.2 As la Tigernmus bheos ro berbhadh or ar tús i n-Erinn, i Foithribh Airthir Liffe, Uchadan cerd d'Feroibh Cualainn ro dus-berbh. As lais ro cumhdaighit cuirn & brethnassa d'or & d'argat in n-Erinn ar tús. As lais tugadh ruamnadh for edoighibh, corcair, gorm, & uaine. As na remhius tobruchtadh teora n-dubh-aibhnedh Ereann, Fubhna, Torann, & Callann, a n-anmanna. A b-foirchend na bliadhna-so at-bail-siomh, go teoraibh cethramhnaibh fer n-Ereann ime, i mordhail Maighe Slecht, isin m-Breifne ag adhradh do Crom Croach, airdiodhal adhartha Erenn eisidhe, oidche h-Samhna do h-sonradh innsin. As do na sleachtanaibh do-ronsat fir Erionn im Tighernmas h-isuidhe ro h-ainmnigheadh an magh. M3657.0 Aois domhain tri mile sé ced caogatt a seacht. M3657.1 An ced-bhliadhain d'Erind gan righ iar t-Tighernmas innsin. Annal M3663. M3663.0 Aois domain, tri mile sé ched sesccat a trí. M3663.1 An seachtmadh bliadhain indsin. Baoi Ere gan rígh frí ré na secht m-bliadhan sin. Annal M3664. M3664.0 Aois domhain, tri mile sé ced seasccat a cethair. M3664.1 An cead-bhliadhain d'Eochaidh Eudgadhach na righ ós Erinn indsin. As aire at-berar Eochaidh Eudgadhach fris ar as lais tuccadh ilbhrechtradh gacha datha i n-edighibh ar tús ----- p.44 i n-Erinn d'eidirdeliughadh onóra gach aoin as a edach, ótha íseal go h-uasal. As amhlaidh din ro deligh ettorra, aen-dath i n-edoighibh moghadh, a dó i n-edoighibh amhoss, a tri i n-édoighibh daghlaoch & oigtighernadh, a ceathair i n-edoighibh brughadh, a cuig i n-edoighibh tighearnadh tuath, a se i n-edoighibh ollamhan, a secht i n-edoighibh ríogh & ríoghan. Annal M3667. M3667.0 Aois domhain, tri mile se ced seasccat a seacht. M3667.1 An cethramhadh bliadhain d'Eochaidh. H-i b-foircend an cethramhadh bliadhain dia righe do-rochair lá Cermna mac Ebric i c-cath Teamhra. Annal M3668. M3668.0 Aois domain, tri mile sé ced seasccat a h-ocht. M3668.1 An ced-bhliadhain do Sobhairce & do Cermna Fiond, dá mac Ebric, mic Emhir, mic Ir, mic Mileadh, ós Erinn, & ro rannsat eatorra í ar dó, Sobairce tuaith i n-Dún Sobhairce, & Cermna teas i n-Dun Cermna. Dá céd rígh Ereann do Sliocht Ir iad-sidhe. Annal M3707. M3707.0 Aois domhain, tri míle seacht c-ced a seacht. M3707.1 Ar m-beith cethrachat bliadhain do na rioghaibh si a c-comhfhlaithius os Erinn, do-chear Sobairce la h-Eochaidh Meand d'Fomoiribh, & do-rochair Cermna la h-Eochaidh b-Faobharglas mac Conmhaoil. Annal M3708. M3708.0 Aois domhain, tri mile seacht c-céd a h-ocht. M3708.1 An ced-bhliadhain d'Eochaidh Faobharglas, mac Conmail, mic Emhir, os Erinn. Annal M3727. M3727.0 Aois domhain, tri mile seacht c-ced fiche a seacht. M3727.1 Iar m-beith imorro d'Eochaidh fiche bliadhain i righe Ereann torchair lá Fiacha Labhrainne i c-cath Carmain i n-dioghoil a athar. M3727.2 At iad andso na catha ro cuirid & na maighe ro sleachtaid lá h-Eochaidh f-Faobharglas. Cath Luachra Deadhadh, cath Fosaidh Da Gort, cath Comair Trí n-Uiscce, cath Tuama Dreacon i n-Uibh Briúin Breiffne, cath Droma Liathan. At iatt na maighe, Magh Smetrach ----- p.46 lá h-Uibh f-Failghe, Magh n-Aidhne, Magh Luirg i Connachtaibh, Magh Leamhna, Magh n-Inir, Magh Fubhna, & Magh Da Gabhor lá h-Airghiallaibh. Annal M3728. M3728.0 Aois domhain, tri mhíle secht c-ced fiche a h-ocht. M3728.1 An céd bhliadhain do righe Fiachach Labhrainne os Erinn indsin. Annal M3751. M3751.0 Aois domhain, tri mile seacht c-céd caoccat a h-aon. M3751.1 An cethramhadh bliadhain fichit-so foirchend righe Fiachach Labhrainne, & do-cher lá h-Eochaidh Mumho don Mumhoin i c-cath Bealgadain. As lasan b-Fiacha Labhrainne-si ro briseadh na catha-so: cath Gathlaighe i t-torchair Mo Febis mac Eachdach Faobharglais, cath Fairrge for Cloinn Emhir, cath Slebhe Feimhin, cath frí h-Ernoibh d'Feroibh Bolg an bail i fuil Loch Erne. Iar meabhsain an catha forra as ann ro meabhaidh an loch tairsibh, conadh uatha ainmnighther an loch, .i. loch tar Ernaibh. As a reimhius an Fiacha cedna tobhruchtadh na t-teóra n-aibhneadh, Fleasc, Mand, & Labhrand, dia ro lil an forainm fair-sium. M3752.0 Aois domain, tri mile secht c-céd caogat a dó. M3752.1 An céd bhliadhain do ríghe Eachdach Mumhó, mac Mo Febis, os Erinn indsin. Annal M3772. M3772.0 Aois domhain, tri mile seacht c-céd seachtmoghat a do. M3772.1 Bliadhain ar fichit d'Eochaidh i righe n-Ereann, co t-torchair la h-Aonghus Olmucadha i c-cath Cliach. ----- p.48 Annal M3773. M3773.0 Aois domhain, tri mile secht c-céd sechtmoghat a trí. M3773.1 An céd-bhliadhain do righe Aonghusa Olmucadha, mac Fiacha Labhrainne, ós Erinn insinn. Annal M3790. M3790.0 Aois domhain, tri mile seacht céd nochat. M3790.1 Iar m-beith d'Aenghus Olmucadha ocht m-bliadhna decc in n-airdrighe Ereann do-cher i c-cath Carman lá h-Enna n-Airgtheach. As e Aenghus ro bris na catha-so: cath Clére, cath Cuirce, cath Slébhe Cuilge for Mhairtine i c-crích Corca Baisccinn, cath Ruis Fraochain i Muiriscc i torchair Fraochan Fáidh, cath Cairn Ricedha, cath Cúile Ratha i n-Deasmumhain, cath Slébhe Cua for Erna, cath Airdachaidh i torchair Smiorgoll mac Smeathra, rí Fomoire, caoga cath for Cruithentuaith & for Fiora Bolg, dá cath déc for Longbardaib, & ceithre catha for Colaist. M3790.2 At iat na locha ro tomaidhmseat ina ré: Loch Aonbeithi la h-Uibh Cremhthuinn, Loch Saileach, Loch na n-Gasan i Maigh Luirg la Connachtaibh, & murbrucht eidir Eabha & Ros Cette. M3790.3 As la h-Aonghus dna ro sleachtadh na maighe-so: Magh Glinne Decon lá Cenél Conaill, Magh Mucruimhe la ----- p.50 Connachta, Magh Cúile Caol lá Cenél m-Bogaine, Magh n-Oensciath la Laighne, Aolmhagh la Calraighibh, Magh Arcaill lá Ciarraighe Luachra, & Magh Luachra Deadhaidh. Annal M3791. M3791.0 Aois domhain, tri mhíle secht c-céd nochat a h-aon. M3791.1 An céd-bhliadhain d'Enna Airgthech 'na righ ós Erinn insin. Annal M3817. M3817.0 Aois domhain, tri mile ocht c-céd a secht décc. M3817.1 Iar c-caithemh secht m-bliadhon f-fichet d'Enna Airgthech i righe Ereann do-cher la Roitheachtaigh, mac Maoin, mic Aonghusa Olmhucadha, i cath Raighne. M3817.2 As lasan Enna Airgthech-so do-ronta scéth airgit i n-Airget Ros, go t-tarad d'feroibh Ereann amaille re h-eachaibh & cairpthibh. Annal M3818. M3818.1 Aois domhain, tri mile ocht c-céd a h-ocht decc. M3818.1 An céd-bhliadhain do Roithechtaigh mac Maoin os Erinn indsin. Annal M3842. M3842.0 Aois domhain, tri mile ocht c-céd cethrachat a dó. M3842.1 I f-foirchend cuicc m-bliadhan f-fichet do Roitheachtaigh i righe Ereann torchair la Sedna mac Airtri i c-Cruachain. Annal M3843. M3843.0 Aois domhain, tri mhíle ocht c-céd ceathrachat a tri. M3843.1 An ched-bhliadhain do ríghe Shedna, mic Airtri, mic Ebhric, mic Emhir, mic Ir. Annal M3847. M3847.0 Aois domhain, tri mhíle ocht c-céd cethrachat a seacht. M3847.1 Iar m-beith cúicc bliadhna do Sédna isin ríghe, torchair la Fiacha Fíonscothach & lá Muineamhon, mac Cais Clothaigh, i c-Cruachain. M3848.0 Aois domhain, tri mile ocht c-céd ceathrachat a h-ocht. M3848.1 An céd-bhliadhain do ríghe Fiachach Fionscothaigh os Erinn. Annal M3867. M3867.0 Aois domhain, tri mile ocht c-céd seasccat a secht. M3867.1 Iar m-beith d'Fiachaidh Fionscothach fiche bliadhain i righe Erionn do-cher la Muineamhon mac Cais. ----- p.52 M3867.2 Ba scoithshemrach gach magh i n-Erinn i n-aimsir Fhiachach. Do-gebhthí bheós a lán fíona isna sgothaibh ísin, go b-fáisctís i lestraibh glainidhibh an fíon. Conadh aire sin ro len an forainm Fiacha Fionscothach do ghairm de. Annal M3868. M3868.0 Aois domhain, tri mile ocht c-céd sescat a h-ocht. M3868.1 An céd-bhliadhain do righe Muineamhoin, mic Cais Clothaigh, os Erinn innsin. Annal M3872. M3872.0 Aois domhain, tri míle ocht c-céd sechtmogat a dó. M3872.1 I f-foirchenn an coicceadh bliadhan do Muineamhón, at-bath do thámh i Maigh Aidhne. As lasan Muinemhón-so tuccadh muincedha óir fa braighdibh ríogh & ruirech ar tos i n-Erinn. Annal M3873. M3873.0 Aois domhain, tri mile ocht c-céd sechtmoghat a trí. M3873.1 An ced-bhliadhain do Faildergdóid. Annal M3882. M3882.0 Aois domhain, tri míle ocht c-céd ochtmoghat a do. M3882.1 Iar m-beith dech m-bliadhna d'Failderdóid isin righe do-rochair lá h-Ollamh f-Fotla, mac Fiachach Fíonscothaigh, i c-cath Temhra. As lasan righ Faildeargdóid ro cuiredh failge óir im lámhoibh airech i n-Erinn ar tús. Annal M3883. M3883.0 Aois domhain, tri mile ocht c-céd ochtmoghat a trí. M3883.1 An céd-bhliadhain do righe Ollamhan Fotla, mac Fiachach Fionscothaigh. Annal M3922. M3922.0 Aois domhain, trí mile naoi c-céad fiche a dó. M3922.1 Iar m-beith dá fichet bliadhain i righe Ereann d'Ollamh Fothla, at-bail ina mhúr budhen i Temhroigh. As é cédna-rí lasa n-dernadh Féis Teamhrach, & as lais do togbhadh Múr n-Ollamhan i t-Temhraigh. M3922.2 As é din ro ordaigh taoisioch ar gach triochait ----- p.54 céd, & brughaidh ar gach baile, & a b-foghnamh uile do righ Ereann. M3922.3 Eochaidh céd-ainm Ollamhan Fothla, & as aire adrubradh Ollamh Fodhla fris ar a bheith na ollamh ergna cédus, & 'na rígh Fodhla .i. Ereann iaromh. Annal M3923. M3923.0 Aois domhain, tri mile naoi c-céd fiche a trí. M3923.1 An céd-bhliadhain do righe Fionnachta, mic Ollamhon Fothla, ós Erinn indsin. Annal M3942. M3942.0 Aois domhain, trí míle naoi c-céd cethrachat a dó. M3942.1 An fichetmadh bliadhain d'Fionnachta ós Erinn innsin. At-bath iaromh do thámh i Muighinis la h-Ultu. M3942.2 As a reimhius an ríogh Fionnachta ro feradh snechta go m-blas fíona condemheth an fér. As de ro lean an forainm as Fionnachta fair-siomh. Elim a ainm ar tús. M3943.0 Aois domhain, tri mhíle naoi c-céd cethrachat a trí. M3943.1 An ced-bhliadhain do righe Slanuill, mic Ollamhan Fotla, ós Erinn. Annal M3959. M3959.0 Aois domhain, tri míle naoi c-céd caogat a naoi. M3959.1 An sechtmhadh bliadhain décc do Slanoll isin righe, co n-erbailt i b-foirchend na réé sin i Teamhraigh, & ní fes cia galor ros-fucc acht a faghail marbh, seach ní ro sódh dath dó. Ro h-adhnaicedh e asa h-aithle, & iar m-beith cethrachat bliadhain isan adhnacal dia churp ro togbadh iaromh la a mhac .i. la h-Oilill mac Slanuill, & ro mhair a chorp gan lobhadh gan leaghadh an airet-sin. Ba machtnadh mór & ba h-iongnadh la fiora Erionn an ní sin. Annal M3960. M3960.0 Aois domhain, tri míle naoi c-ced seascca. M3960.1 An chéd-bhliadhain do righe Ghedhe Ollgothaigh os Erind. Annal M3971. M3971.0 Aois domhain, tri míle naoi c-céd seachtmoghat a h-aon. M3971.1 An dara bliadhain ----- p.56 décc do Ghedhe Ollgothach i righe Ereann, & do-cher i b-forchend na réé sin la Fiacha mac Fionnachta. Annal M3972. M3972.0 Aois domhain, tri mile naoi c-céd sechtmoghat a dó. M3972.1 An cedh-bhliadhain d'Fiacha Fionnailches, mac Fíonnachta, i righe Ereann. Nach agh ro genair ina reimhes ro ba ceindfhiond. Annal M3991. M3991.0 Aois domhain, tri mile naoi c-céd nochat a h-aon. M3991.1 Iar m-beith fiche bliadhain d'Fiachaidh Fionnailches i righe Erionn, torchair i c-cath Bregha la Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh. M3991.2 As lá Fiacha Fionnailches con-rodacht Dún Chuile Sibrinne .i. Cenandus. Gach dú ina m-biodh a arus-somh ba Ceanandus a ainm. As lasan righ-si cetus ro tochailte talomh i n-Erinn do chum uiscce do beith h-i curraibh. Ba deacmaic don connall a ioth d'iomfulang ina flaith. Annal M3992. M3992.0 Aois domhain, tri míle naoi c-céd nochat a dó. M3992.1 An céd-bhliadhain do Berngal, mac Gedhe Ollgothaigh, ós Erinn. Annal M4003. M4003.0 Aois domhain, cethre míle a trí. M4003.1 Iar m-beith dá bliadhain décc i righe n-Ereann do Bernghal mac Gedhe Ollgothaigh do-cher lá h-Oilill mac Slanuill, & la Siorna mac Dén. Annal M4004. M4004.0 Aois domhain, cethre míle a cethair. M4004.1 An céd-bhliadhain do righe Oiliolla, mic Slanuill, os Erind innsin. Annal M4019. M4019.0 Aois domhain, cethre mhíle a naoi decc. M4019.1 Iar m-beith sé bliadhna décc d'Oilioll, mac Slanuill, h-i righe n-Ereann, torchair lá Siorna mac Dén. M4020.0 Aois domhain, ceathre míle fiche. M4020.1 An céd-bhliadhain do Siorna mac Dén, mic Demain, h-i righe n-Ereann innsin. As é an Siorna-sa, mac Dén, ro scar flaithius Teamhra fri h-Ulltoibh .i. fri Sliocht Ir. As é dna ro díoghail forra Rothechtaigh mac Maoin ro marbhsat i c-Cruachain, go t-torchair Berngal mac Gedhe Ollgothaigh, & Oilioll mac Slanoill leis. ----- p.58 Annal M4169. M4169.0 Aois domhain cethre míle céd sescat a naoi. M4169.1 Iar m-beith céd go leith do bliadhnaibh i righe n-Ereann do Siorna Saoghlach, mac Déin, do-chear lá Rotheachtaigh mac Roáin i n-Aillinn. As é an Siorna-so ro bris cath Aircealtra for Ultaibh, dá cath Slébhe Airbhreach, cath Cinn Duín i n-Assal, cath Mona Foichnigh lá h-Uibh Failghe for Mairtine & Erna, cath Luachra, cath Cláire, cath Samhna, cath Cnuicc Ochoir. Saigidh dó for Fomhoiribh h-i c-crich Midhe. As lais bheos ro cuireadh cath Móna Troghaidhe hí c-Ciannachtaibh an tan tug Lughair mac Luigdigh .i. do Shíol Emhir, forlíon d'Fomhoiribh i n-Erinn ima rígh, Ceasarn a ainm. Attairgidh Síorna fir Ereann do chathugadh friú go Móin Tróghaidhe. Re m-beith ag slaidhe an catha dóibh do fuirmedh támh forra, co n-apadh Lughair, & Ceasarn de cona muintir, & drong dírimh d'feroibh Ereann amailli friú. M4169.2 As a n-aimsir Siorna dna tobruchtadh Sciortaighe i Laighnibh, Doailte h-i c-Crich Roiss, Nithe i Maigh Muirthemhne, Leamhna i Mumhain & Sláine la h-Uibh Cremthainn. Annal M4170. M4170.0 Aois domhain, ceithre mile céd seachtmoghat. M4170.1 An céd-bhliadhain do righe Rotheachtaigh, mic Roain, ós Erinn innsin. ----- p.60 Annal M4176. M4176.0 Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat a sé. M4176.1 Iar m-beth seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Rotheachtaigh, ro loiscc teni ghealáin é h-i n-Dun Sobhairce. As lasan Rotheachtaigh so ar-richt carpait ceithre nech ar tús i n-Erinn. Annal M4177. M4177.0 Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat a secht. M4177.1 En-bhliadhain d'Elim Oillfhinshneachta, mac Rotheachtaigh, h-i ríghe n-Ereann, go torchair i f-foircend na bliadhna-sin lá Giallchaidh, mac Oiliolla Olchaoin. Ro fearadh sneachta mór go m-blas fíona isin m-bliadhain-si. As aire ro gairthí Oillfhínshneachta de-siumh. Annal M4178. M4178.0 Aois domhain, ceithre míle ced sechtmoghat a h-ocht. M4178.1 An ced-bhliadhain do Giallchaidh, mac Oiliolla Olchaoin, mic Síorna, i righe n-Ereann. Annal M4186. M4186.0 Aois domhain, ceithre míle ced ochtmoghat a sé. M4186.1 Iar m-beth naoi m-bliadhna do Giallchaidh i ~righe n-Ereann do-róchair la h-Art Imleach i Moigh Muaidhe. Annal M4187. M4187.0 Aois domhain, ceithre mile céd ochtmoghat a secht. M4187.1 An céd-bhliadhain d'Art Imleach, mac Elim Oillfinshneachta, i righe n-Ereann innsin Annal M4198. M4198.0 Aois domain, ceithre mhile céd nochat a h-ocht. M4198.1 Iar m-beith dá bliadhain décc d'Art Imleach i righe n-Ereann do-cher la Nuadhat Fionn Fáil. Annal M4199. M4199.0 Aois domhain, ceithre mile ced nochat a naoi. M4199.1 An ceid-bhliadhain do righe Nuadhaid Finn Fáil os Erinn innsin. M4238.0 Aois domhain, ceithre míle dá céd triochat a h-ocht. M4238.1 Iar m-beith dá fichet bliadhain h-i righe n-Ereann do Nuadha Fionn Fáil do-cher la Breas, mac Airt Imligh. Annal M4239. M4239.0 Aois domhain, ceithre míle dá céd triocat a naoi. M4239.1 An céd-bhliadhain do righe Breis mic Airt Imligh ós Erinn innsin. Annal M4247. M4247.0 Aois domhain, ceithre mile da, céd cethrachat a seacht. M4247.1 Iar m-beith naoi m-bliadhna do Breas i righe n-Ereann do-rochair la h-Eochaidh n-Aptach h-i Carn Conluain. Annal M4248. M4248.0 Aois domhain, ceithre míle da céd cethrachat a h-ocht. M4248.1 En-bhliadhain ----- p.62 d'Eochaidh Apthach, mac Finn, h-i righe n-Ereann, & do-rochair i b-foircheann na bliadhna-sin la Fionn, mac Bratha. Annal M4249. M4249.0 Aois domhain, ceithre mile da céd cethrochat a naoi. M4249.1 An céd-bhliadhain do righe Finn, mic Bratha, ós Erinn innsin. Annal M4270. M4270.0 Aois domhain, ceithre míle da céd sechtmoghat. M4270.1 Iar m-beith da bliadhain ar fichit h-i righe n-Ereann d'Fionn mac Bratha do-cher lá Sédna mac Breis a Mumhain Annal M4271. M4271.0 Aois domhain, ceithre mile da chéd sechtmoghat a h-aon. M4271.1 An ceid-bhliadhain do Sedhna Ionnarraigh, mac Breis, mic Airt Imligh, h-i righe n-Ereann. Annal M4290. M4290.0 Aois domhain ceithre míle da chéd nochat. M4290.1 Iar m-beith fiche bliadhain h-i righe n-Ereann do Sédhna Ionnarraidh do-rochair lá Siomón m-Brec. Annal M4291. M4291.0 Aois domhain, ceithre mile da céd nochat a h-aon. M4291.1 An ced-bhliadhain do Siomón Breac, mac Aodhain Glais, i righe n-Ereann innsin. Annal M4296. M4296.0 Aois domhain, ceithre mile da ched nochat a sé. M4296.1 Iar m-beith sé bliadhna comhlána i righe n-Ereann do Siomón Brec, mac Aodhain Glais, do-chear lá Duach Fionn. M4297.0 Aois domhain, ceithre mile dá chéd nochat a seacht. M4297.1 An céd-bhliadhain do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4306. M4306.0 Aois domhain, ceithre mile trí céd a se. M4306.1 Iar m-beith deich m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh, do-rochair i c-cath Maighe la Muireadhach Bolgrach. Annal M4307. M4307.0 Aois domhain, ceithre mile tri ced a secht. M4307.1 Ro caith Muiredhach Bolgrach mí for bliadhain i righe n-Ereann go t-torchair i c-chionn na réé h-ísin la h-Enda n-Dercc, mac Duaich. Annal M4308. M4308.0 Aois domhain, ceithre mile tri ced a h-ocht. M4308.1 An céid-bhliadhain d'Enda Derg, mac Duach Find, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4319. M4319.0 Aois domhain, ceithre mile trí chéd a naoi décc. M4319.1 Iar m-beith da bhliadhain décc d'Enna Derg, mac Duach, h-i righe n-Ereann, at-bath do thámh i Slébh Miss go sochuidhe moir uime. ----- p.64 Annal M4320. M4320.0 Aois domhain, ceithre mile tri ced fiche. M4320.1 An céd-bhliadhain do Lughaidh Iardonn, mac Enna Deirg, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4328. M4328.0 Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a h-ocht. M4328.1 A naoi do Lughaidh Iardonn h-i righe n-Ereann go t-torchair la Síorlamh h-i Raith Clochair. Annal M4329. M4329.0 Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a naoi. M4329.1 An ced-bhliadhain do Siorlamh, mac Find, mic Bratha, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4344. M4344.0 Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cethair. M4344.1 Iar m-beith sé bliadhna décc do Siorlamh h-i righe n-Ereann do-rochair lá n-Eochaidh n-Uairches. Annal M4345. M4345.0 Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cúig. M4345.1 An céd-bhliadhain d'Eochaidh Uaircheas i righe n-Ereann. M4356.0 Aois domhain, ceithre mile tri ced caogat a sé M4356.1 Iar m-beith da bhliadhain décc d'Eochaidh Uairches h-i righe n-Ereann do-rochair lá macoibh Conghail .i. Eochaidh & Conaing. Annal M4357. M4357.0 Aois domhain, ceithre mile tri ced caogat a secht. M4357.1 An céd-bhliadhain do dá mac Conghail Cosccaraigh .i. Duach Teamhrach, mic Muiredhaigh Bolgraigh .i. Eochaidh Fiadhmuine & Conaing Beageglach 'na rioghaibh os Erinn, Descart Ereann la h-Eochaidh, a tuaiscert la Conaing. Annal M4361. M4361.0 Aois domhain, ceithre mile tri ced seascat a h-aon. M4361.1 Iar m-beith cuig bliadhna i c-comrighe ós Erinn d'Eochaidh Fiadhmuine & do Conaing Begeaglach do-rochair Eochaidh lá Lugaidh Laimhdherg, mac Eathach Uairches, & do scaradh an righe fri Conaing. Annal M4362. M4362.0 Aois domhain, ceithre mile tri ched sesccat a dó. M4362.1 An céd-bhliadhain do Lughaidh Laimhderg mac Eathach Uairches i righe n-Ereann. Annal M4368. M4368.0 Aois domhain, ceithre mile tri ced seasccat a h-ocht. M4368.1 A secht do Lughaidh i righe n-Ereann go t-torchair la Conaing, mac Congail. ----- p.66 Annal M4369. M4369.0 Aois domhain, ceithre mile tri céd sesccat a naoi. M4369.1 An céd-bhliadhain do Conaing Begeaghlach, mac Congail, i righe n-Ereann innsin doridhisi. Annal M4388. M4388.0 Aois domhain, ceithre mile tri chéd ochtmoghat a h-ocht. M4388.1 Iar m-beith fiche bliadhain h-i righe n-Ereann do Conaing Becceaglach do-cher lá h-Art mac Luighdeach. As aire do-beirthi Conaing Begeaglach fris ar ní ro gabh omhan fris nach aon é cén ro mhair. Annal M4389. M4389.0 Aois domhain, ceithre mile tri ched ochtmoghat a naoi. M4389.1 An céd-bhliadhain d'Art, mac Luighdheach, mic Eathach Uairches, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4394. M4394.0 Aois domhain, ceithre mile tri ched nochat a cethair. M4394.1 Iar m-beith sé bliadhna i righe n-Ereann d'Art, mac Luighdheach, ro rochair la Fiacha Tolgrach & la a mac Duach Ladhrach. Annal M4395. M4395.0 Aois domhain, ceithre mile trí chéd nochat a cúig. M4395.1 An ceid-bhliadhain d'Fiachaidh Tolccrach h-i righe n-Ereann. M4404.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cethair. M4404.1 Iar m-beith deich m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Fiachaidh Tolgrach, mac Muiredhaigh Bolccraigh, do-cher la h-Oilioll mac Airt i m-Boirind. Annal M4405. M4405.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd a cúig. M4405.1 An céd-bhliadhain d'Oilioll Fionn, mac Airt, mic Luighdheach Laimhdercc, os Erinn innsin. Annal M4415. M4415.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ced a cúig décc. M4415.1 Iar m-beith én-bhliadhain dég h-i righe n-Ereann d'Oilioll Fionn, mac Airt, mic Luighdeach Laimhdeirg, do-rochair la h-Airgetmair & lá Duach Ladhghair h-i c-cath Odhbha. Annal M4416. M4416.0 Aois domhain, ceithré mile ceithre ced a sé decc. M4416.1 An céd-bhliadhain d'Eochaidh mac Oiliolla Finn h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4422. M4422.0 Aois Domhain, ceithre mile ceithre ced fiche a dó. M4422.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann, d'Eochaidh, mac Oiliolla Finn, do-rochair lá n-Airgetmair & lá Duach Ladhgair h-i n-Aine. Annal M4423. M4423.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd fiche a tri. M4423.1 An céd-bhliadhain d'Airgetmar, mac Siorlaimh, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4452. M4452.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caoccat a dó. M4452.1 An deachmhadh ----- p.68 bliadhain fichet d'Airgetmar h-i righe n-Ereann go t-torchair lá Duach Ladhrach & la Lucchaidh Laighdhe mac Eathach. Annal M4453. M4453.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd caogat a trí. M4453.1 An céd-bhliadhain do Duach Ladhgrach, mac Fiachach Tolgraigh, h-i righe n-Ereann. Annal M4462. M4462.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a dó. M4462.1 A deich do Duach Ladhgrach h-i righe n-Ereann go t-torchair lá Lughaidh Laighdhe. Annal M4463. M4463.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seasccat a trí. M4463.1 An céd-bhliadhain do Lughaidh Laighdhe h-i righe n-Ereann innsin. M4469.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seasccat a naoi. M4469.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Lughaidh Laghdhe do-chear la h-Aodh Ruadh, mac m-Bodhairn, mic Airgedmair. Annal M4470. M4470.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seachtmoghat. M4470.1 An céd-bhliadhain d'Aodh Ruadh, mac Badhairn, h-i righe n-Ereann. Annal M4476. M4476.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd seachtmoghat a sé. M4476.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Aodh Ruadh, mac Badhairn, ro fagoibh an righe ag Dithorba, mac Demain, iar c-caithemh an ceid-shealoid dó budhein, ar ro batur ratha fair ima tealgadh uadh i c-cionn seacht m-bliadhna do Diothorba, & ar Diothorba bheós ima légadh uadh do Ciombaoth iar seacht m-blíadhna oile, & amhlaidh sin iar n-urd go forbadh a f-flatha. As aire do-ronsat an chora ísin immon righe ar robtar meic trí n-derbrathar. Annal M4477. M4477.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ced seachtmoghat, a secht. M4477.1 An ced-bhliadhain do Diothorba, mac Demain, h-i righe n-Ereann. Annal M4483. M4483.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ched ochtmoghat a tri. M4483.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Diothorba, mac Demain, ro fhagaibh an righe ag Ciombaoth, mac Fionntain, uair ba dó rainic an seal iar n-Diothorba. Annal M4484. M4484.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ced ochtmoghat a cethair. M4484.1 An ced-bhliadhain do Ciombaoth mac Fionntain h-i righe n-Ereann innsin. ----- p.70 Annal M4490. M4490.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ced nochat. M4490.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Ciombaoth, mac Fionntain, ro fagoibh an righe ag Aodh Ruadh, mac Badhairn. Annal M4497. M4497.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre chéd nochat a seacht. M4497.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann an dara feacht d'Aodh Ruadh, mac Badhairn, ro fagaibh an righe ag Diothorba do ridhisi. Annal M4498. M4498.0 Aois domhain, ceithre mile ceithre ced nochat a h-ocht. M4498.1 An ced-bhliadhain do Diothorba, mac Demain, an dara feacht ro gabh righe n-Ereann. Annal M4504. M4504.0 Aois domhain, ceithre mile cúig cet a cethair. M4504.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna do Diothorba don chur-sin h-i righe n-Ereann ro fhagoibh a sheal ag Ciombaoth, mac Fionntuin. M4505.0 Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd a cúig. M4505.1 An céd-bhliadhain do Ciombaoth an dara feacht ro gabh righe n-Éreann. Annal M4511. M4511.0 Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a h-aon n-décc. M4511.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna do Ciombaoth h-i righe n-Ereann, an dara feacht, ro fhagoibh an righe ag Aodh Ruadh, mac Badhairn. Annal M4512. M4512.0 Aois domhain, ceithre mile cuig chéd a dó décc. M4512.1 An céd-bhliadhain d'Aodh Ruadh, mac Badhairn, h-i righe n-Ereann (an tres feacht ro gabh an righe) innsin. Annal M4518. M4518.0 Aois domhain, ceithre mile cúig chéd a h-ocht décc. M4518.1 Iar m-beith secht m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Aodh Ruadh, mac Badhairn, (an tres feacht ro gabh righe) ro báidhedh i n-Eass Ruaidh, co ro h-adhnacht isin sith ós ur in esa, conadh uadha do garar Síth Aodha, & Eass Aodha Ruaidh. Annal M4519. M4519.0 Aois domhain, ceithre mile cúig ched a naoi décc. M4519.1 An ced-bhliadhain do Diothorba, an tres feacht ro gabh righe n-Ereann. Annal M4525. M4525.0 Aois domhain, ceithre mile cúig ched fiche a cúig. M4525.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna do Diothorba h-i righe n-Ereann (an tres feacht) ro fagoibh an righe ag Ciombaoth. Annal M4526. M4526.0 Aois domhain, ceithre mile cúig chét fiche a sé. M4526.1 An céd-bhliadhain do Ciombaeth i righe n-Ereann an tres feacht ro gabh an righe innsin. Annal M4532. M4532.0 Aois domhain, ceithre mile cuig céd triochat a dó. M4532.1 Iar m-beith seacht ----- p.72 m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Cimbaoth an tres feacht, ro raidh Macha inghen Aodha Ruaidh mic Badhairn, ba lé seal a h-athar don righe. At-bert Diothorba & Ciombaoth ná tiobradaís righe do mhnaoi. Feachair cath etorra, brisis Macha forra go ros-ionnarb Diothorba co na chloinn h-i c-Connachtaibh co torchair i c-Corann. Do-bert iarsin Ciombaoth cuicce do céili di, & do-bheir in righe dó. Do-choidh si iaromh 'na h-aonar h-i c-Connachtaibh, & tug clann Diothorba lé i n-daorcengal co h-Ultoibh a los a neirt, & do-bert iad fo trom daoire go ro claidhset Ráth Eamhna dhi, go madh si budh priomhchathair Uladh do ghrés. Annal M4533. M4533.0 Aois domhain, ceithre mile cúig ced triochat a trí. M4533.1 An céd-bhliadhain do Ciombaoth h-i righe n-Ereann iar na thabhairt cuicce do Macha mar chele. Annal M4539. M4539.0 Aois domhain, ceithre mile cúigh chéd triochat a naoi. M4539.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Ciombaoth mac Fiontain, iarna tabhairt cuice do Macha, at-bail i n-Eamhoin Macha. As é céd-rí Eamhna an Ciombaoth h-ísin. M4540.0 Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat. M4540.1 An céd-bhliadhain do Macha h-i righe n-Ereann iar n-eg do Ciombaoth mic Fiontainn. ----- p.74 Annal M4546. M4546.0 Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat a sé. M4546.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Macha Mongruaidh, inghen Aodha Ruaidh, mic Badhairn, do-cher la Reachtaidh Righdercc, mac Luighdheach. As h-í Macha ro forail for macoibh Diothorba (iar na t-tabhairt fo daoire) Raith Eamhna do claidhe, gomadh si priomhchathair Uladh do ghres, amhail rémraidhsem, & ba h-e Ciombaoth & Macha ro oil Ughaine Mór. Annal M4547. M4547.0 Aois domhain, ceithre mile cúig céd cethrachat a seacht. M4547.1 An céd-bhliadhain do Reachtaidh Righdercc, mac Luigdheach, h-i righe n-Ereann. Annal M4566. M4566.0 Aois domhain, ceithre mile cuig céd seasccat a sé. M4566.1 Iar m-beith fiche bliadhain i righe n-Ereann do Reachtaidh Righdercc, mac Luighdheach, do-rochair la h-Ughaine Mor a n-dioghail a bhuime .i. Macha Mongruadh. Annal M4567. M4567.0 Aois domhain, ceithre mile cuig ced seasccat a seacht. M4567.1 An céd-bhliadhain d'Ughaine Mór, mac Eathach Buadhaigh, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4606. M4606.0 Aois domhain, ceithre mile sé ced a sé. M4606.1 I f-forchend na bliadhna so, iar m-beith cethrachat bliadhain comlán d'Ughaine Mhór na rígh Ereann & Iarthoir Eorpa go h-iomlán go muir Toirrian, do-rochair la Badbchadh, i t-Tealach ----- p.76 an Chosgair i Maigh Muireadha i m-Breghoibh. As é an t-Ughaine-sin ro gabh ratha na n-uile dúl aicsidhe & nemhaicsidhe for fiora Ereann go coitcend, gan iomchosnamh im righe n-Ereann fria a chloinn go bráth na fria shíol bheós. M4606.2 Badbchadh, mac Eachdhach Buadhaigh, iar n-Ughaine Mór lá go leith isin righe, go ros-marbh Laoghaire Lorc, mac Ughaine, a n-dioghail a athar. Annal M4607. M4607.0 Aois domhain, ceithre mile se chéd a seacht. M4607.1 An céd-bhliadhain do Laoghaire Lorc, mac Ughaine Mhoir, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4608. M4608.0 Aois domhain, ceithre mile sé chéd a h-ocht. M4608.1 Iar m-beith dá bhliadhain h-i righe n-Ereann do Laoghaire Lorc, mac Ughaine, do-rochair la Cobhthach Caol m-Bregh h-i c-Carman. Annal M4609. M4609.0 Aois domhain, ceithre mile se chéd a naoi. M4609.1 An céd-bhliadhain do Cobhthach Caol Bhregh h-i righe n-Ereann indsin. Annal M4658. M4658.0 Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat a h-ocht. M4658.1 Iar m-beith caogatt bliadhain i righe n-Ereann do Cobhthach Caol Bregh, mac Ughaine Mhóir, do-rochair la Labhraidh Loingseach Maen mac Oiliolla Aine, co t-triochaid riogh ime h-i n-Dionn Righ for bhrú Berbha. ----- p.78 M4659.0 Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat a naoi. M4659.1 An céd-bhliadhain do Labhraidh Loingseach h-i righe n-Ereann. Annal M4677. M4677.0 Aois domhain, ceithre mile sé chéd sechtmoghat a seacht. M4677.1 Iar m-beith naoi m-bliadhna décc do Labhraidh Loingseach Maen mac Oiliolla Aine, mic Laoghaire Luirc, mic Ughaine Móir, i righe n-Ereann do-rochair lá Melghe Molbhthach, mac Cobhthaigh Caoil Bregh. Annal M4678. M4678.0 Aois domhain, ceithre mile sé chéd seachtmoghat a h-ocht. M4678.1 An céd-bhliadhain do Melghe Molbhthach, mac Cobhthaich Chaoil Bregh, h-i righe n-Ereann innsin. Annal M4694. M4694.0 Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cethair. M4694.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna dég h-i righe n-Ereann do Melghe Molbthach, mac Cobthaigh Caoil Bregh, do-cher i c-cath Cláire lá Modh Corb. An tan ro chlas a fheart as ann ro meabhaidh Loch Melghe fo tír h-i c-Coirbre, conidh uadha ainmnighther. Annal M4695. M4695.0 Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cúig. M4695.1 An céd-bhliadhain do Modh Corb mac Cobhthaigh Caoimh, h-i righe n-Ereann. Annal M4701. M4701.0 Aois domhain, ceithre mile seacht c-céd a h-aon. M4701.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Modh Corb mac Cobthaigh Caoimh do-rochair la h-Aenghas Ollamh. Annal M4702. M4702.0 Aois domhain, ceithre mile seacht c-céd, a dó. M4702.1 An céd-bhliadhain d'Aengus Ollamh, mac Oiliolla, mic Labhradha, h-i righe n-Ereann. Annal M4719. M4719.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-céd a naoi dég. M4719.1 A h-ocht décc d'Aengus Ollamh mac Oiliolla, mic Labhradha, go t-torchair la h-Irereo, mac Melghe, i b-foirchend na ree h-isin. Annal M4720. M4720.0 Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche. M4720.1 An céid-bhliadhain d'Irereo, mac Melghe Molbhthaigh, h-i righe n-Ereann. Annal M4726. M4726.0 Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche a sé. M4726.1 Iar m-beith secht m-bliadhna ----- p.80 h-i righe n-Ereann d'Irereo, mac Melghe, do-rochair la Fer Corb mac Modha Cuirb. M4727.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-ced fiche a seacht. M4727.1 An céid-bhliadhain d'Fior Corb, mac Modha Cuirb, h-i righe n-Erionn. Annal M4737. M4737.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-céd triochat a secht. M4737.1 Iar m-beith én-bhliadhain dég h-i righe n-Erionn d'Fior Corb do-rochair la Connla Caomh mac Irereo. Annal M4738. M4738.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-ced triochat a h-ocht. M4738.1 An céid-bhliadhain do Connla Caomh h-i righe n-Ereann. Annal M4757. M4757.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-céd caogat a secht. M4757.1 Iar m-beith fiche bliadhain h-i righe n-Ereann do Conla Caomh at-bail i t-Temhraigh. Annal M4758. M4758.0 Aois domhain, ceithre secht c-céd caogat a h-ocht. M4758.1 An céd-bhliadhain d'Oilioll Caisfiaclach, mac Connla Caoimh, h-i righe n-Ereann. Annal M4782. M4782.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-céd ochtmoghat a dó. M4782.1 Iar m-beith cúig bhliadhna fichet h-i righe n-Ereann d'Oilill Caisfhiaclach, mac Connla Caoimh, mic Irereo, do-rochair la h-Adamar mic Fir Cuirb. Annal M4783. M4783.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-céd ochtmoghat a tri. M4783.1 An ced-bhliadhain d'Adamar mac Fir Cuirb, os Erinn. Annal M4787. M4787.0 Aois domhain, ceithre mile secht ced ochtmoghat a secht. M4787.1 An cúigeadh bliadhain d'Adamar, mac Fir Cuirb, h-i righe n-Ereann, go t-torchair la h-Eochaidh n-Ailtlethan. Annal M4788. M4788.0 Aois domhain, ceithre mile secht c-céd ochtmoghat a h-ocht. M4788.1 An céid-bhliadhain d'Eochaidh Ailtlethan h-i righe os Erinn. Annal M4804. M4804.0 Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cethair. M4804.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna décc h-i righe uas Erinn d'Eochaidh Ailtlethan, mac Oiliolla Caisfhiaclaich, do-rochair lá Ferghus Fortamhail. M4805.0 Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cúig. M4805.1 An céd-bhliadhain d'Ferghus Fortamhail, mac Bresail Bric, h-i righ n-Ereann. ----- p.82 Annal M4815. M4815.0 Aois domhain, ceithre mile ocht ced a cúig décc. M4815.1 Iar m-beith én-bhliadhain décc i righe n-Ereann d'Fearghus Fortamhail, mac Bresail Bric, do-rochair lá h-Aonghus Tuirmhech h-i c-cath Teamhrach. Annal M4816. M4816.0 Aois domhain, ceithre mile ocht c-céd a se décc. M4816.1 An céd-bhliadhain d'Aenghus Tuirmeach Teamhrach h-i righe n-Ereann. Annal M4875. M4875.0 Aois domhain, ceithre mile ocht c-ced seachtmoghat a cúig. M4875.1 Iar m-beith sesccat bliadhain h-i righe n-Ereann d'Aenghus Tuirmeach Temhrach at-bail h-i t-Teamruigh. Aonghus Tuirmeach do ghairm dhe, ar as cuicce tuirmidthear saor-clanna Síl n-Eireamhoin. Annal M4876. M4876.0 Aois domhain, ceithre mile ocht c-ced sechtmoghat a sé. M4876.1 An céd-bhliadhain do Conall Collamrach, mac Etersceoil, 'na righ ós Erinn. Annal M4880. M4880.0 Aois domhain, ceithre mile ocht c-céd ochtmoghat. M4880.1 Iar m-beith cúig bliadhna h-i righe n-Ereann do Conall Collamrach, mac Etersceoil Temhrach, mic Eathach Ailtlethan, do-rochair lá Nia Sedhamain. Annal M4881. M4881.0 Aois domhain, ceithre mile ocht c-céd ochtmoghat a h-aon. M4881.1 An céid-bhliadhain do Nia Sedhamain, mac Adhamair h-i righe n-Ereann. Annal M4887. M4887.0 Aois domhain, ceithre mile ocht c-ced ochtmoghat a secht. M4887.1 Iar m-beith secht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Nia Sedhamain, mac Adhamair, do-rochair la h-Enna Aighneach. As a n-aimsir an rígh Niadh Sedhamain do blightea ba & ellte fo aenchoma. Annal M4888. M4888.0 Aois domhain, ceithre mile ocht c-ced ochtmoghat a h-ocht. M4888.1 An ceid-bhliadhain d'Enna Aighneach os Erinn. Annal M4907. M4907.0 Aois domhain, ceithre mile naoi c-ced a secht. M4907.1 Iar m-beith fiche bliadhain ----- p.84 h-i righe n-Ereann d'Enna Aighnech, mac Aonghasa Tuirmigh Temhrach, do-rochair lá Criomthann Cosccrach h-i c-cath Aird Cremhthainn. M4908.0 Aois domhain, ceithre mile naoi c-ced a h-ocht. M4908.1 An céid-bhliadhain do Criomthann Cosccrach, mac Felimidh, mic Ferghusa Fortamhail, h-i righe n-Ereann. Annal M4911. M4911.0 Aois domhain, ceithre mile naoi c-céd a h-aon n-décc. M4911.1 Iar m-beith ceithre bliadhna h-i righe n-Ereann do Criomhthann Cosccrach do-rochair la Rudhruighe, mac Sithrighe. Annal M4912. M4912.0 Aois domhain, ceithre mile naoi c-ced a dó décc. M4912.1 An céid-bhliadhain do Rudhruighe, mac Sithrighe, h-i righe n-Ereann. Annal M4981. M4981.0 Aois domhain, ceithre mile naoi c-ced ochtmoghat a h-aon. M4981.1 Iar m-beith sechtmoghat bliadhain h-i righe n-Ereann do Rudhruighe, mac Sithrighe, mic Duib mic Fomhoir, mic Airgetmair, ad-bail i n-Airgetgliond. As lasan Rudhruighe-si ro meabhsat na catha-so fo Eirind: cath Cuirce, cath Luachra, seacht c-catha h-i c-Cliú, cath Gleandamhnach, cath Sleibhe Mis, cath Boirne, cath Ren, cath Ai, cath Cúile Silinde, da cath Fortraiscc. Annal M4982. M4982.0 Aois domhain, ceithre mile naoi c-ced ochtmoghat a dó. M4982.1 An ceid-bhliadhain d'Iondad Mar, mac Nia Sedhamain, h-i righe ós Erinn. Annal M4990. M4990.0 Aois domhain, ceithre mile naoi c-ced nochat. M4990.1 Iar m-beith naoi m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Ionnat Mar, mac Nia Sedhamain, do-rochair la Breasal Boidiobhadh, mac Rudhruighe. Annal M4991. M4991.0 Aois domhain, ceithre mile naoi ced nocha a h-aon. M4991.1 An céid-bhliadhain do Bresal Boidiobhadh i righe n-Ereann. Annal M5001. M5001.0 Aois domhain, cúig mile a h-aon. M5001.1 Iar m-beith en-bhliadhain décc 'na righ os Erinn do Breasal Bóidiobhadh, mac Rudhruighe, do-rochair la Lughaidh Luaighne. M5001.2 Bóár mór i n-Erinn h-i reimhius Bresail. ----- p.86 Annal M5002. M5002.0 Aois domhain, cúicc mile a dó. M5002.1 An céid-bhliadhain do Lughaidh Luaighne, mac Iondat Mair, h-i righe n-Ereann. Annal M5016. M5016.0 Aois domhain, cúicc mile a sé décc. M5016.1 An cúigeadh bliadhain décc do Lughaidh Luaighne, mac Iondat Mair, h-i righe n-Ereann, go t-torchair la Congal Claroinech, mac Rudhruighe. M5017.0 Aois domhain, cúig mile a secht décc. M5017.1 An céd-bhliadhain do Congal Claroineach h-i righe n-Ereann. Annal M5031. M5031.0 Aois domhain, cúig mile triocha a h-aon. M5031.1 Iar m-beith cúig bliadhna décc h-i righe n-Ereann do Congal Claroinech, mac Rudhruighe, do-rochair la Duach Dallta Deadhadh. Annal M5032. M5032.0 Aois domhain, cuig mile triocha a dó. M5032.1 An céid-bhliadhain do Duach Dallta Deabhadh, mac Cairbre Luiscc, h-i righe n-Ereann. Annal M5041. M5041.0 Aois domhain, chúig mile cethracha a h-aon. M5041.1 Iar c-caithemh deich m-bliadhon h-i righe n-Ereann dho Duach Dallta Deadhadh, mac Cairbre Luiscc, do-rochair lá Fachtna Fathach. Annal M5042. M5042.0 Aois domhain cuig mile cethracha a dó. M5042.1 An céid-bhliadhain d'Fhachtna Fathach h-i righe n-Ereann. Annal M5057. M5057.0 Aois domhain, cuig mile caoga a secht. M5057.1 Iar m-beith sé bliadhna décc d'Fachtna Fathach, mac Rosa, mic Rudhruighe, h-i righe n-Ereann do-chear la h-Eochaidh f-Fedhlech. Annal M5058. M5058.0 Aois domhain, cúig mile caoga a h-ocht. M5058.1 An céid-bliadhain d'Eochaidh Feidhleach h-i righe ós Erinn. ----- p.88 Annal M5069. M5069.0 Aois domhain, cúig mile seascca a naoi. M5069.1 Iar m-beith da bliadhain décc h-i righe n-Ereann d'Eochaidh Feidhleach, mac Find, mic Fiondlogha, at-bail i t-Temhraigh. Annal M5070. M5070.0 Aois domhain, cúicc mile seachtmoghat. M5070.1 An céid-bhliadhain d'Eochaidh Airemh (derbhrathair Eathach Feidhligh) h-i righe n-Ereann. Annal M5084. M5084.0 Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cethair. M5084.1 Iar c-caithemh cóig m-bliadhna n-décc h-i righe n-Ereann d'Eochaidh Airemh ro loiscceadh lá Sioghmall h-i f-Fremhaind. M5085.0 Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cúig. M5085.1 An céd-bhliadhain d'Ederscél, mac Eoghain, mic Oiliolla, 'na rígh ós Erinn. Annal M5089. M5089.0 Aois domhain, cúig mile ochtmoghat a naoi. M5089.1 Iar t-tochaithemh cóicc m-bliadhan h-i righe n-Ereann d'Ederscel, mac Eoghain, mic Oiliolla, do-rochair la Nuadha Neacht, i n-Aillind. Annal M5090. M5090.0 Aois domhain, cuicc mile nochat. M5090.1 Iar c-caithemh leithbhliadhna h-i righe n-Ereann do Nuadha Necht, mac Sedna Sithbhaicc, torchair h-i c-cath Cliach i n-Uibh Dróna lá Conaire Mór. Leith-bhliadhain comhfhlaithis Cloinne Eimhir Find h-i c-cenn na leith-bhliadhan-so Nuadhat Necht comhlánaighes nocat as cúig míle bliadhain i n-aois domhain. Annal M5091. M5091.0 Aois domhain, cuicc mile nocha a h-aon. M5091.1 An ceid-bhliadhain do Conaire Mór, mac Etersceóil, i righe n-Ereann. ----- p.90 Annal M5160. M5160.0 Aois domhain, cuicc mile ced seascca. M5160.1 Iar m-beith sechtmoghat bliadhain h-i righe n-Ereann do Conaire Mór, mac Etirsceoil, do-rochair h-i m-Bruighin da Derg la díbheargaibh. As a f-flaith Conaire do chuireadh an mhuir torchar gach bliadhna fa thír i n-Inbher Colpa do shonnradh. Do-gebthi bheós cna iomhais for Bhóind & Bhuais fria linn. No biodh na cethra gan comhda a n-Erinn ina flaith, ar mhéd an t-síodha & an chaenchomhraic. Nír bo toirneach ainbhtionach a fhlaith, ar ní bhuingeadh gaoth cairche a h-indlibh ó mhedhon foghmair go medhon Earraigh. Suaill ná feacdaois na feadha d'aidhble a measa fria linn. Annal M5161. M5161.0 Aois domhain, cuicc mile ced seascca a h-aon. M5161.1 An céd-bhliadhain d'Erinn gan rígh iar c-Conaire. Annal M5166. M5166.0 Aois domhain cuig mile ced seascca a sé. M5166.1 An céid-bhliadhain do Lughaidh Sriabh n-Dercc h-i righe n-Ereann. Annal M5191. M5191.0 Aois domhain, cúig mile ced nochat a h-aon. M5191.1 Iar m-beith sé bliadhna fichet h-i righe n-Ereann do Lughaidh Sriabh n-Dercc at-bath do chumhadh. Annal M5192. M5192.0 Aois domhain, cúig mile ced nochat a dó. M5192.1 Aon-bliadhain do Concubhar ----- p.92 Abhradhruadh, mac Finn Filedh, mic Rossa Ruaidh, mic Ferghusa Fairrghe, h-i righe n-Ereann go t-torchair la Criomhthann, mac Luighdheach Sriabh n-Dercc. Annal M5193. M5193.0 Aois domhain, cuig mile ced nochat a trí. M5193.1 An céid-bhliadhain do Criomhthann Niadh Náir, mac Luigdheach, h-i righe n-Ereann. M5194.0 Aois domhain, cuicc mile céd nochat a cethair. M5194.1 An dara bliadhain do Criomhthann. Annal M1. D'AOIS CRIOST. M1.0 An céd-bhliadhain d'aois Críosd, & an t-ochtmadh bliadhain do righe Criomhthainn Niadh Náir. Annal M9. M9.0 Aois Criost, a naoi. M9.1 A se décc do Criomhthann h-i righe n-Ereann, go n-erbailt i n-Dún Criomthainn, i n-dair, iar t-toidheacht don eachtra oirrdheirc forsa n-deachaidh. As don eachtra sin tug lais na seóid adamhra imon c-carpat n-órdha, & imon f-fithchill n-óir, go t-tríbh c-cédoibh geam gloinidhe innte, & imon c-Cédaigh c-Criomhtainn, léne saineamhail isidhe co m-breachtradh órdha. Do-bhert cloidhemh cath-bhuadhach co n-iolar naithreach do mhaisi óir aithleaghtha ar na rionnadh ann, sciath co m-bocóidibh airgit aengil, sleagh da nach térnodh oen no gonta dhi, tabhall as nach teillccti urchor n-iomraill, da choin go ----- p.94 slabhradh n-geal arccaid etorra. Ro b-fiú céd cumhal an slabhradh h-isin maille le móran do sedoibh oile. Annal M10. M10.0 Aois Criost, a deich. M10.1 An céd-bhliadhain do righe Cairpre Cinn Cait, iar marbhadh na saorchlann dó cenmotha uathadh térna as an orcoin in ro h-ortadh na h-uaisle las na h-aitheachthuathoibh. At iad na trí saoir at-rullatur uatha an ionbhaidh sin: Feradhach Fionn Fechtnach, o t-tád Síol c-Cuinn Cédcathaigh, Tiobraide Tireach, o t-tád Dál n-Araidhe, & Corb Olum, o t-tád rioghraidh Eoghanachta h-i Mumhain. Agus cidh iad-sidhe bá h-i m-bronnaibh a maithreach luidhsiot tairis. Baine inghen righ Alban ba mathair d'Fearadhach Fionn Fechtnach, Cruife inghen rígh Bretan mathair Cuirb Oluim, & Aine inghen rígh Saxan máthair Tiobraide Tírigh. ----- p.96 Annal M14. M14.0 Aois Criost, a cethair décc. M14.1 Iar m-beith cúig bliadhna h-i righe n-Ereann do Chairbre Caitcend at-bath. Olc tra ro boí Ere fria reimhius-siomh, aimbrith a h-ioth, ar ní biodh acht en-gráine ar an c-conall, ettorthach a h-inbhir, dioscc a cethra, neimhlionmar a mes, ar ní biodh acht aen-derc ar an ralaigh. Mac don Cairbre h-isin an Morann moireolach frisa raite Morann mac Maoin. Annal M15. M15.0 Aois Criost, a cúig decc. M15.1 An céd-bhliadhain d'Feradhach Fionn Fechtnach na righ ós Erinn. Maith tra ro ro boi Eire fria linn-siomh. Robdar certa suaimnech na síona. Túismis an talamh a toradh. Iasccmhar na h-inbhiora, blechtmhara na buair, ceanntrom na coillte. Annal M36. M36.0 Aois Criost, triocha a sé. M36.1 Iar c-caithemh dá bhliadhain ar fichitt h-i righe n-Ereann d'Feradhach Fiond Fechtnach, mac Criomhthainn Niadh Náir, ro écc h-i t-Temhraigh. Annal M37. M37.0 Aois, Criost, triocha a secht. M37.1 An céd-bhliadhain d'Fiatach Fiond, mac Daire, mic Dluthaigh, h-i righe n-Ereann. Annal M39. M39.0 Aois Criost, triocha a naoi. M39.1 Iar m-beith tri bliadhna h-i righe n-Ereann don ----- p.98 Fiatach Fionn so (o t-tád Dal f-Fiatach i n-Ultaibh) do-rochair la Fiacha Fionnfolaidh. Annal M40. M40.0 Aois Criost, cethracha bliadhain. M40.1 An céd-bhliadhain do righe Fiachach Fionnfolaidh ós Erinn. M56.0 Aois Criost, caoga a sé. M56.1 Iar m-beith secht m-bliadhna décc h-i ríghe n-Ereann d'Fiachaidh Fionnfolaidh ro marbhadh é lasna coiccedhchaibh tre comhairle na n-Aithechtuath i n-orccain Moighe Bolg. At iad na coiccedhaigh lasa t-torchair. Elim mac Connrach rí Uladh, Sanbh mac Ceit, mic Magach, righ Connacht, Foirbre mac Fine rí Mumhan, & Eochaidh Aincend rí Laighen. Ní fairgoibh-siomh do cloinn achtmadh aen-mac boí h-i m-broinn Ethne inghen rí Alban, Tuathal ada-comhnaic. Annal M57. M57.0 Aois Criost, caocca seacht. M57.1 An céd-bhliadhain do righe Elim mic Conrach. Annal M76. M76.0 Aois Criost, sechtmoghat a sé. M76.1 Iar m-beith fiche bliadhain h-i righe os Erinn d'Elim mac Conrach do-rochair h-i c-cath Aichle la Tuathal Techtmhar. M76.2 Do-rad Dia dioghla h-i c-cionaidh a mighníomh for Aithechthuathoibh fri remhius Elim isin ríghe .i Ere do bheith gan ioth, gan bliocht, gan mes, gan iascc, & gan nach mórmhaith aile, o ro mharbhsat Aithechthuatha Fiacha Fionnoladh i nd-orgain Moighe Bolg go ré Thuathail Techtmair. Annal M106. M106.0 Aois Christ, céd a sé. M106.1 Iar m-beith triocha bliadhain h-i righe n-Ereann do Tuathal Techtmar torchair lá Mal mac Rochraidhe ri Uladh h-i Moigh ----- p.100 Line, h-i Moin in Chatha, i n-Dal Araidhe an bail asa m-brúcht Ollar & Ollarba an da abhuinn. Ceann Gubha ainm an chnuic in ro marbhadh-somh febh dearbhus an rann: 1. Ollar & Ollarba, Ceann gubha triathach tuathach, nibdar anmonda gan adhbhar, an lá do marbadh Tuathal. Agus amhail as-rubradh bheos: 1. Tuathal diar f-fine feronn, flaith Midhe milibh galann, gaotta flaith Fremhann Finne h-i re cnuic Glinde an Gabhann. Annal M107. M107.0 Aois Christ, céd a seacht. M107.1 An chéd bhliadhain do Mal, mac Rochraidhe, mic Cathbhadha, h-i righe n-Ereann. Annal M110. M110.0 Aois Christ, céd a deich. M110.1 Iar m-beith ceithre bliadhna na righ ós Erind do Mal, mhac Rochraidhe, do-chear la Feidhlimidh Rechtmhar. ----- p.102 Annal M111. M111.0 Aois Criost, ced a h-aon n-décc. M111.1 An ceid-bhliadhain d'Feidhlimidh Rechtmhor, mac Tuathail Techtmhair, 'na righ os Erinn. Baine inghen Scáil máthair an Fedhlimidh-si. As uaithe ainmnighther Cnoc m-Báine la h-Oirgiallaibh, ar is ann ro h-adnaicht-si. As lé beos ro clasadh Ráith Mor Mhaighe Lemhna i n-Ulltoib. Annal M119. M119.0 Aois Criost, ced a naoi décc. M119.1 Iar m-beith naoi m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Feidlimidh Reachtmhar at-bail. Annal M120. M120.0 Aois Chriost, ced fiche. M120.1 An céd-bhliadhain do Cathaoir Mór, mac Feidhlimidh Fir Urglais, h-i righe n-Ereann. Annal M122. M122.0 Aois Chriost, ced fiche a dó. M122.1 Iar m-beith tri bliadhna na righ os Erinn do Cathaoir Mor do-cear la Conn, & la Luaighnibh Teamhra, h-i g-cath Moighe h-Agha. M123.0 Aois Chriost, céd fiche a trí. M123.1 An ceid-bhliadhain do Conn Cedcathach 'na righ os Erinn. M123.2 A n-oidhce geine Cuinn forrith cóicc príomhróid go Temhraigh na ro taidhbhredh riamh go sin. At iatt a n-anmanna, Slighe Asail, Slighe ----- p.104 Miodhluachra, Slíghe Cualann, Slighe Mór, Slighe Dála. Slighe Mór tra as isidhe Esccir Riada .i. sabhronna Ereann a dó etir Chonn & Eoghan Mór. Annal M157. M157.0 Aois Chriost, ced caocca a seacht. M157.1 Iar m-beith cúig bliadhna triocha h-i righe n-Ereann do Conn Cedcathach torcair la Tiobraide Tireach, mac Mail, mic Rochraidhe, ri Uladh h-i t-Tuaith Amrois. Ba soineamhail an t-árigh Conn, oir ba ceirtbhreitheach. Ba toirtheamhail na crainn & na h-inbheara re a linn. ----- p.106 Annal M158. M158.0 Aois Christ, céd caocca a h-ocht. M158.1 An ceid-bhliadhain do Conaire, mac Modha Lamha, h-i righe uas Erinn. Annal M165. M165.0 Aois Chriost, ced seascca a cuig. M165.1 Iar m-beith ocht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Chonaire, mac Modha Lamha, torcair la Neimhidh mac Sruibhginn.Tri meic lais an c-Conaire h-isin, Coirbre Muscc, ó raiter Musccraighe, Cairpre Bascain, o t-tádh Baiscnigh h-i c-Corca Baisccinn, & Cairpre Riata, o b-fuilit Dál Riata. Saraid inghion Cuinn Cedcathaigh mathair na mac-sa Conaire, mic Modha Lamha. Annal M166. M166.0 Aois Christ, ced seascca a sé. M166.1 An ced-bhliadhain do righe Airt, mic Cuinn Cedcathaigh. Annal M186. M186.0 Aois Criost, ced ochtmogat a sé. M186.1 A h-aon fichet d'Art, mac Cuinn Cedcathaigh, h-i righe n-Ereann. M186.2 Cath Cind Feabrat ria macaibh Oiliolla Auluim, & riasna tri Coirbribh (clann Conaire, mic Modha Lamha .i.Cairbre Múscc, Cairpre Riada & Cairpre Bascain) for Da Dera drai, for Nemhidh mac ----- p.108 Sroibcind, & for deiscert n-Ereann, du h-i t-torcair Nemidh, mac Sroibcinn, rí Erna Mumhan, & Da dera druth Dairine, do-cear dna Da Dera la h-Eogan, mac Oiliolla, do-cear Nemidh, mac Sroibginn, la Cairbre Rigfhoda, mac Conaire, a n-dioghail a athar .i. Conaire budein. Ro gon Cairbre Musc Lughaidh .i. Mac Con ina cholpta, gur bo bacach iaromh. Is é fáth an foranma-sin mar do bhi Lughaidh taithnemhach do choin do bhí acc biathadh a coilen a t-tigh a oidedh, & do ibheadh as ballan na con remhraite, gur lean Mac Con de. Annal M195. M195.0 Aois Criost, ced nochat a cuicc. M195.1 Iar m-beith triocha bliadhain h-i righe n-Ereann d'Art, mac Cuinn Cédcathaigh, torchair h-i c-cath Moighe Mucraimhe la Mac Con gona allmarchoibh. Torcratar beos isin cath cedna maraon re h-Art, meic a sethar Saidbe ingine Cuind .i. seacht maca Oiliolla Oluim, tangatur lais i n-aghaidh Mic Con a n-derbrathar, Eoghan Mór Dubhmerchon, Mugh Corb, Lughaidh, Eochaidh, Dichorb, & Tadcc a n-anmanna, & Béinne Briot, ri Bretan ro imir lamha forra. Torchair Beinde la Lughaidh Lagha a c-cionaidh a bhráithrech. Liogairne Leacanfhoda, mac Aengusa Bailbh, mic Eathach Finn ----- p.110 Fuath n-Airt, ro imbir lamha for Art isin cath-sin Moighe Muccroimhe, iar t-tocht do h-i sochraide Mic Con. Annal M196. M196.0 Aois Criost, céd nochat a sé. M196.1 An céd-bhliadhain do Lughoidh, (.i. Mac Con) mac Maicniadh, h-i righe n-Ereann. Annal M225. M225.0 Aois Criost, da ced fiche a cuig. M225.1 Iar m-beith triocha bliadhain i righe n-Ereann do Lughaidh (.i. Mac Con), mac Maicniadh, torcair do laimh Feircis, mic Comain Ecis, iar na ionnarbadh a Temraigh do Cormac ua Chuinn. Annal M226. M226.0 Aois Criost, da chéd fiche a sé. M226.1 Ferghus Duibhdhedach, mac Iomchadha, 'na righ ós Erinn fri ré m-bliadhna, co t-torchair, h-i c-cath Crionna, la Corbmac ua Cuind, do laimh Logha Lagha. Torcratar lais beós a da bhrathair, Ferghas Foiltleabhar, & Ferghus Bot tar Bregaibh, da n-goirthi Ferghus Caisfhiaclach. Is doibh ro ráidheadh: 1. For an aoin-licc ag Ráith Cró foirtbhe na t-tri f-Ferghuso, at-bert Corbmac as gle ni chel a dae for Laighe. I sochraide Corbmaic tainic Tadhg mac Céin & Lughaidh don chath h-ishin, & ba i tir-focraic an chatha do-rata o Chorbmac do Thadhg an feronn forsa t-tá Ciannachta, i Muigh Bregh, amhail as erdheirc i leabhraibh oile. M227.0 Aois Criost, da chéd fiche a seacht. M227.1 An ched-bhliadhain do Corbmac, mac Airt, mic Cuinn Chedchathaigh, 'na rígh ós Erind. ----- p.112 Annal M234. M234.0 Aois Criost, da chéd triochat a cethair. M234.1 A h-ocht do Chorbmac. M234.2 Ailill Olom, mac Mogha Nuadhat, ri Mumhan, dég. Annal M236. M236.0 Aois Criost, da chéd triochat a sé. M236.1 A dech do Chorbmac. M236.2 Cath Granaird ria c-Corbmac ua c-Cuinn for Ultoibh an bhliadhain-si. M236.3 Cath i nh-Eu h-i Moigh Aei for Aedh, mac Eachdach, mic Conaill, rí Connacht. M236.4 Cath i n-Eth, cath Cinn Daire, cath Srutha for Ultoibh, cath Slicche Cuailnge. Annal M237. M237.0 Aois Criost, da chéd triochat a secht. M237.1 A h-aon décc do Chorbmac. M237.2 Cath Atha Beathaig; cath Ratha Dumha an bliadhain-si ria c-Corbmac. Annal M238. M238.0 Aois Criost, da chéd triochat a h-ocht. M238.1 A do dhécc do Corbmac. M238.2 Cath Chuile Tochair fo trí, & trí catha h-i n-Dubadh ria c-Corbmac. Annal M239. M239.0 Aois Criost, da chéd triochat a naoi. M239.1 A tri décc do Chorbmac. M239.2 Cath Allamaigh, & secht c-catha Elne ri c-Corbmac. Annal M240. M240.0 Aois Criost, da chéd cethrachat. M240.1 A cethair decc do Chorbmac. M240.2 Cath Moighe Techt, & loinges Chorbmaic tar Maigh Rén (.i. tar an f-fairge) an bhliadhain-sin, conid don chur-sin ro ghabhastair-siomh righe n-Alban. Annal M241. M241.0 Aois Criost, da chéd cetrachat a h-aon. M241.1 A cuig décc do Chorbmac. M241.2 Att iad andso catha Chorbmaic for Mumhain an bhliadhain-si. Cath Beirre, cath Locha Lén, cath Luimnigh, cath Grene, cath Clasaigh, cath Muirisc, ----- p.114 cath Ferta h-i torchoir Eochaidh Taobhfoda, mac Oiliolla Oluim, cath Samhna h-i torchair Cian, mac Aileallo Oluim, & cath Arda Caim. M241.3 Orgain na h-ingenraighe, isin Claoinferta h-i t-Temhraigh, la Dunlang, mac Enna Niadh, rí Laigen. Triocha righingen a líon, &, céd ingen la gach n-inghin díobh. Dá rígh décc do Laighnibh ros-bí Corbmac ar galaibh aoin-fhir, i n-dioghail na h-oirgne h-isin, amailli re foshnaidhm na boramha cona tormach iar t-Tuathal. Annal M248. M248.0 Aois Criost, da chéd & cethrachat a h-ocht. M248.1 A dó fichet do Chorbmac. M248.2 Cath h-i Fochaird Muirthemhne ria c-Corbmac an bhliadhain-si. Annal M262. M262.0 Aois Criost, da céd sescca a dó. M262.1 A sé triocha do Chorbmac. M262.2 Cath Críonna Fregabhail ria c-Corbmac for Ulltoibh, du h-i t-torchair Aongus Fionn, mac Ferghusa Duibhdéadaigh, rí Uladh, go n-ár Uladh imme. M265.0 Aois Criost, da chéd seasca a cuig. M265.1 A naoi triocha do Chorbmac. M265.2 Guin Ceallaigh, mic Chorbmaic, & rechtaire Chorbmaic, & súil Chorbmaic budhein do bhrisedh d'aen-fhorccom la h-Aengus Gaibhuaibhtheach, mac Fiachach Suighdhe, mic Feidhlimidh Reachtadha. Ro bhris iaramh Corbmac seacht c-catha forsna Déisibh a c-cionaidh an ghniomha-sin, go ros-tafainn ó a t-tír, conus filid h-i Mumhain. Annal M266. M266.0 Aois Criost, da céd seascc a sé. M266.1 Cetracha bliadhain do Corbmac, mac Airt, mic Cuind, h-i righe n-Ereann go b-fuair bás i c-Cletech iar lenmhain cnáimh ----- p.116 bradáin ina bhraghait, tresan siabhradh ro imir Mailgenn drai fair, iar n-iompodh do Corbmac ar na draoithibh fo bithin adharta Dé dó tairsibh. Conadh aire sin ro aimsigh diabhal eisiumh tre furaileamh na n-druadh go t-tuc bás dochraidh dó. As é Corbmac do thracht Teguscc na Righ do comhda modh, bes, & follamhnaighthe na righe. Ughdar oirdherc eisidhe i n-dlighthibh, h-i c-coimgnibh, & h-i senchus, ar as é ro shíol recht, riaghail, & dirgiatadh gacha h-aoi, & cecha caingne iar c-cóir, conadh h-é an dligheadh ro smacht for chách baoi for congbhail leo gusan aimsir freacnairc. As é an Corbmac-so, mac Airt, beos ro thionóil croinicidhe Ereann co h-aon-mhaighin go Temraigh, gur ro forcongair forro croinic Ereann do scríobhadh in n-en-liubar dar bo h-ainm Psaltair Temhrach. Ba h-isin liubar-sin batar coimgneadha & comhaimsera rioghraidhe Ereann fri ríoghaibh & impireadha an domhain, & ríogh na c-coicceadh frí ríoghaibh Ereann. As ann dna ro scriobhadh ina n-dlighfeadh rí Ereann do na coiccedhachaibh & cios & dlighedh na c-coicceadh o a fomhámaighthibh o tha uasal co h-íseal. Ba h-an tra baoi crioch & torann Ereann or i nd-or, o thá cuicceadh co tuaith, ó thuaith co baile, & ----- p.118 o baile go traighidh do thír. Oirdherc na neithi-si i Leabhar na h-Uidhri. As follus iatt i Leabhar Dinnsenchusa. Annal M267. M267.0 Aois Criost, da céd seascca a seacht. M267.1 En-bhliadhain d'Eochaidh Gondat h-i righe n-Ereann go t-torchair lá Lughaidh Mend, mac Aongusa, d'Ulltoibh. Annal M268. M268.0 Aois Criost, da céd seascca a h-ocht. M268.1 An ced-bhliadhain do Cairpre Liffechair mac Cormaic, mic Airt, h-i righe n-Ereann. Annal M271. M271.0 Aois Criost, dá chéd sechtmoghat a h-aon. M271.1 A cethair do Cairbre. M271.2 Tri catha ria c-Coirpre for fioru Mumhan ag cosnamh cirt Laighen. Annal M272. M272.0 Aois Criost da ced seachtmoghat a dó. M272.1 A cuicc do Coirpre. M272.2 Ceithre catha la Coirbre for fiora Mumhan ag cosnamh cirt Laighen. Annal M276. M276.0 Aois Criost, da céd seachtmoghat a sé. M276.1 A naoi do Coirpre i righe n-Ereann. M276.2 Oengus Gaibuaibhtheach do marbhadh an bhliadhain-si la cloinn Cairbre Liffechair .i. Fiacha Sraibhtine & Eochaidh Doimhlen. Annal M283. M283.0 Aois Criost da céd ochtmoghat a trí. M283.1 A sé décc do Cairbre. M283.2 Fionn ua Baisccne do thuitim la h-Aichlech mac Duibhdrenn, & la macoibh Uirgrend, do Luaighnibh Temhrach, occ Ath Brea for Bóinn, dia n-debhradh. ----- p.120 1. Ro bith Find, ba do ghaibh, go n-diach guin, do all Aichleach mac Duibhdrend a chenn do mhac Mochtamuin. 2. Minbadh Cailti cosccair, do bu buaidh as cech fírgliaidh, Ro badh cosccrach lasin triar ilach im chenn ind righ-niadh. Annal M284. M284.0 Aois Criost, da céd ochtmoghat a cethair. M284.1 Iar m-beit seacht m-bliadhna décc h-i ríghe n-Ereann do Cairbre Liffechair do-cer i c-cath Gabhra Aichle, do laimh Sémeoin, mic Cirb, do Fothortaibh iar tabhairt na fene d'Fior Corb mac Mogha Cuirb mac Cormaic Cais lais i nd-aghaidh an rígh do cosnamh Leithe Mogha fris. Annal M285. M285.0 Aois Criost, dá céd ochtmoghat a cúicc. M285.1 En-bliadhain don da Fothadh ós Erinn, go t-torcair Fothadh Carpthech la Fothadh n-Airgtheach. Do-chear Fothadh Airccteach iar sin h-i c-cath Ollarbha h-i Line la Caoilte. ----- p.122 M286.0 Aois Criost, da céd ochtmoghat a sé. M286.1 An céd-bhliadhain do righe Fiachaidh Sraibhtine ós Erinn. Annal M291. M291.0 Aois Criost, da céd nochat a h-aon. M291.1 An seiseadh bliadhain d'Fiachaidh i r-righe. M291.2 Cath Duibhlinde ria f-Fiachaidh for Laighnib. Tri catha h-i Slébh Toadh, cath Smetire, & cath Ciarmaighe ria f-Fiachaidh Sraibhtine bheós. Annal M322. M322.0 Aois Criost, trí céd fiche a dó. M322.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna ar triochat 'na righ ós Erinn d'Fiachaidh Sraibhtine do-cear lasna Collaib h-i c-cath Dubhchomair h-i c-Crich Rois i m-Breaghaib. Annal M323. M323.0 Aois Criost, trí céd fiche a trí. M323.1 An ced-bhliadhain do Colla Uais mac Eathach Doimhlén na righ ós Erinn. Annal M326. M326.0 Aois Criost, trí céd fiche a sé. M326.1 An cethramadh bliadhain do Colla Uais h-i righe n-Ereann go ros-ionarbh Muiredhach Tireach eisiomh cona bhraithribh i n-Albain go t-tríbh cédaibh maraon riu. Annal M327. M327.0 Aois Criost, trí céd fiche a seacht. M327.1 An céd-bhliadhain do Muiredhach Tirech h-i righe n-Ereann. M327.2 A b-foircend na bliadhna-so tangatar na tri Colla go h-Erinn, & ní ro mair dia sochraide acht trí naonbhair nama. Do-deochatar din go Muireadhach iar na t-teagascc do draidh. Ro baigset fris, & ro raidseat droichbhriathra co rus-marbhadh, & corbadh fair tuairseadh ind fiongal. O nat etaiset tairiset oca, & robtar gora dó. ----- p.124 Annal M331. M331.0 Aois Criost, trí céd triocha a h-aon. M331.1 An cúicceadh bliadhain do Muireadhach. M331.2 Cath Achaidh Leithdeircc h-i Fernmoigh lasna tríbh Collaibh for Ulltuibh, du i t-torchair Fergus Fogha, mac Fraechair Fortriuin, tiughfhlaith Uladh i n-Eamhain in Fergus h-isin. Ro loiscset iaromh Eamhain, & nís-aittreabhsat Ulaidh innte o sén. Tallsat for Ultoibh beos don cúicceadh ó Righe & Loch n-Eathach siar. Do-cer Colla Meann isin cath sin. Annal M356. M356.0 Aois Criost, trí céd caocca a sé. M356.1 Iar m-beith triocha bliadhain h-í righe n-Ereann do Muireadhach Tíreach do-cear la Caolbhadh mac Cruinn, ri n-Uladh, oc Port Righ uas Dabhall. Annal M357. M357.0 Aois Criost, trí céd caocca a seacht. M357.1 Iar m-beith aon-bhliadhain i righe n-Ereann do Caolbhadh, mac Cruinn Ba Dhrai, do-cear la h-Eochaidh Muighmeadhoin. Annal M358. M358.0 Aois Criost trí céd caocca a h-ocht. M358.1 An céid-bhliadhain d'Eochaidh Muighmeadhon h-i righe ós Erinn. M365.0 Aois Criost, trí céd seascca a cúicc. M365.1 An t-ochtmadh bliadhain d'Eochaidh Muighmhedhoin mac Muiredhaigh Tirigh ós Erinn go n-erbailt i t-Teamhraigh. Annal M366. M366.0 Aois Criost, trí céd seascca a se. M366.1 An ced-bhliadhain do Criomhthann, mac Fiodhaidh, mic Daire Cerb, os Erinn. Annal M378. M378.0 Aois Criost, trí céd seachtmoghat a h-ocht. M378.1 Iar m-beith tri bliadhna ----- p.126 décc 'na righ ós Erinn do Criomhthann, mac Fiodhaigh, at-bail do digh neimhe tucc Moingfhionn a h-siuir feisin dó. Annal M379. M379.0 Aois Criost, trí céd sechtmoghat a naoi. M379.1 An céd-bhliadhain do Niall Naoighiallach, mac Eathach Moighmhedhoin, h-i righe n-Ereann. Annal M405. M405.0 Aois Críost, ceithre céd a cúicc. M405.1 Iar m-beith seacht m-bliadhna fichet 'na righ ós Erinn do Niall Naoighiallach mac Eathach Moighmhedhoin, do-rochair la h-Eochaidh, mac Enna Cendsealaigh, occ Muir n-Iocht .i. an mhuir edir Franc & Saxain. ----- p.128 Annal M428. M428.0 Aois Criost, ceithre céd fiche a h-ocht. M428.1 Iar m-beith tri bliadhna fichet i righe n-Ereann do Dathí, mac Fiachrach, mic Eathach Moighmheadhoin, torchair do saighit gealain ag Sleibh Ealpa. Annal M430. M430.0 Aois Criost, ceithre céd triocha. M430.1 An dara bliadhain do Laoghaire. M430.2 Is in m-bliadhainsi ro faoidh an céd Celestinus papa Paladius epscop dochum n-Ereann do shíoladh creidmhe d'Eirennchoibh, & tainic i t-tír i c-crích Laighen, da fher décc a lion. Ro diult Nath I mac Garrchon roimhe, ar a ai ro bhaist uathadh daoine i t-tir n-Ereann, & ro fhothuigheadh teora h-eccailsi crainn lais, Cell Fhini, Teach na Romhan, & Domhnach Arta. A c-Cill Fhine ro faccaibh a liubhra, & an comhra go t-taisibh Póil, & Pedair, & martirech n-iomhdha n-oile. Ro fháccaibh an cethrar-so isna h-eccailsibh ishin dia eis: Augustinus, Benedictus, Siluester, & Solonius. Ag tionntudh do Phalladius for c-cul do Roimh (o na fuair airmittin i n-Erinn) dos-fairidh galor i t-tíribh Cruithnech co n-erbailt de. Annal M431. M431.0 Aois Criost, ceithre céd triocha a h-aon. M431.1 An tres bhliadhain do Laoghaire. M431.2 Ro h-oirdneadh naomh Pattraicc i n-espuccoide lasa naomh-papa an ced ----- p.130 Celestinus, ro furail fair tocht dochum n-Ereann, do shenmóir & do proicept credmhi & crabhaidh do Gaoidhealaibh, & dia m-baitseadh idir. Annal M432. M432.0 Aois Criost, ceithre ched triocha a dó. M432.1 An ceathramhadh bliadhain do Laoghaire. M432.2 Pattraic do theacht i n-Erinn an bliadhain-si, go ro gabh for baitseadh & beannachaigh Ereann, fiora mna, maca, & ingena, cénmótá uathadh na ro fhaomh baitsiodh na creideamh uadh, amhuil aisnedheas a bheatha. M432.3 Ath Truim do fothúghadh la Patraicc iarna edhpairt do Fhedhlim, mac Laeghaire, mic Nell, do Dhia, do-somh, do Lomman, & do Fortchern. Flann Mainistrech cecinit. 1. Pádruig, ab Eireann uile mac Calprainn, mic Fotaide mic Deisse, nar dóigh do liudh mic Cormuic Mhóir, mic Leibriuth 2. mic Ota, mic Orric Mhaith mic Moiric, mic Leo in lan-raith mic Maximi, mairg na sloinn mic Encretta aird alaind 3. mic Pílist is ferr ar aig cach, mic Fereni gan ansath mic Brittain, dobhra in mara, o tait Bretain bruthmhara 4. Cochnias a mhathair malla Nemthor a bhaile bagha don Mumhain ni cael a chuid ro saor ar puthair Pádraig. ----- p.132 Annal M434. M434.0 Aois Criost, ceithre céd triochat a cethair. M434.1 An seiseadh bliadhain do Laoghaire. M434.2 Loarn mac Eachach Muinremhair do ghenedh. M435.0 Aois Criost, ceithre céd triocha a cúig. M435.1 An seachtmadh bliadhain do Laoghaire. M435.2 Breasal Belach, mac Fiacha Aicedha, mic Cathaoir Móir, (ri Laighean) d'ég. Annal M436. M436.0 Aois Criost, ceithre ced triocha a sé. M436.1 An t-ochtmhadh bliadhain do flaithios Laoghaire. Annal M437. M437.0 Aois Criost, ceithre chéd triochat a seacht. M437.1 An naomhadh bliadhain do Laoghaire. M437.2 Fiondbharr mac ua Bairdene d'écc. Annal M438. M438.0 Aois Criost, ceithre céd triocha a h-ocht. M438.1 An dechmhadh bliadhain do Laoghaire. M438.2 Seanchus & feneachus na h-Ereann do ghlanadh & do scriobhadh, ar t-teclamadh screaptradh & seinleabhar n-Ereann co h-aon-maighin, ar impidhe Naomh Patraicc. Atiad andso naoi sailghe fothaightheacha lasa n-dernadh indsin. Laoghaire (.i. ri Ereann), Corcc & Daire an triur ríogh, Padruicc, Benen, & Cairnech an triur naomh, Ros, Dubhthach, & Ferghus an triur seanchadh, amhail dhearbhas an rann. ----- p.134 1. Laoghaire, Corc, Daire dúr Padraicc, Benen, Cairnech cóir Ros, Dubthach, Feargus go febh naoi sailghe-sen Senchais Móir. Annal M440. M440.0 Aois Criost, ceithre céd ceithracha. M440.1 An dara bliadhain décc do Laoghaire. M440.2 Maine, mac Néll Naoighiallaigh, d'écc. Annal M444. M444.0 Aois Criost, ceithre chéd cethracha a cethair. M444.1 An seiseadh bliadhain décc do Laoghaire mac Néill isin righe. Annal M447. M447.0 Aois Criost, ceithre céd, cetracha a seacht. M447.1 A naoi décc do Laoghaire. M447.2 Secundinus .i. Seachnall mac ua Baird, mac sethar Patraicc .i. Dair Erca, epscop Arda Macha, cúicc bliadhna sechtmoghat a aois an tan ro faoidh a spirat .i. 27 Nouember. Annal M448. M448.0 Aois Criost, ceithre ced, cethracha a h-ocht. M448.1 An fichetmhadh bliadhain do Laoghaire. M448.2 1. Muinnter Phadruig na patter accá raibhe ro-Laitten Meabhra lim, ni cuirt cranna, a n-uirt is a n-anmanna. 2. Sechnall a espog gan acht, Mochta ar sein a shagart, ----- p.136 Espog Erc a breitheamh binn, a threin-fhear Espog Mac Caeirthinn. 3. Benen a shailmcheatlaidh saer agus Coemhán a mhacaemh Sinell a fer bein in chluic agus Aithcen a fhir chóic 4. Cruimhther Meascan gan bine a chara sa chirpsire Cruimhther Bescnait, binne a rainn, sagart meise mic Alpraind. 5. A thri gabhaind, gasta a n-dealbh, Macecht, Laebhan, is Fortchearnd A thri cerda, fa mor rath, Aesbuite, Tairill, & Tasach. ----- p.138 6. A thri druinecha nach dis Lupaid, Erca Cruimthiris. Odhran a ara gan oil Rodan, mac Braga a bhuachail 7. Ippis, Tigris, is Erca agus Liamhain la Eibeachta, Padruig ros-forran an dhecra dóibh ro ba tearbh fhearta 8. Cairniuch sagart ron-bhaist German a oide can aisg, Cruimhther Manach fa mor rath a fer coir ra connadach. 9. Mac da siar Banban co m-blaidh, Martain bráthair a mháthar. Ra pa ro got ar oglach Mo Chonnoc a chomhgarmach. ----- p.140 10. Cribri is Lasra na leand ingheana glana Glegrand Mac Raidh car sai abhir as Erc ra tharngair re na tri uidheacht 11. Brogan sgribnidh a scoile Cruimhther Loga a luamaire. Nocha n-e ní nach canta agus Machui a fhirdalta 12. Maith fear damsat muinnter mhór da dard Dia bachaill cen bhron, Flaithi 'ca cluinnter na cluic muinnter maith muinter Phadruig. 13. In Trinóid is trean ar chuch dailea duind maith morgrath Righ ran-foem tre aittin m-buic ra soer do phattir Padruig. Annal M449. M449.0 Aois Criost, ceithre céd cetrachat a naoi. M449.1 Bliadhain ar fichit do Laoghairi. M449.2 Amhalgaoidh, mac Fiachrach, mic Eachach Muidhmhedhoin, diobaidh. Uaidhe Tir n-Amhalgaidh. Annal M453. M453.0 Aois Criost, ceithre céd caocca a trí. M453.1 An cuicceadh bliadhain ficheat do Laoghaire. M453.2 Cath-sraeineadh mor ria Laoghaire mac Nell for Laighnibh. M454.0 Aois Criost, ceithre céd caocca a cethair. M454.1 A sé fichet do Laoghaire. M454.2 Feis Teamhra la Laoghaire, mac Néll. ----- p.142 M454.3 S. Usaille Espucc a Chill Usaille h-i Life d'écc xxvii August. Annal M456. M456.0 Aois Criost, ceithre céd caocca a sé. M456.1 A h-ocht fichet do Laoghaire. M456.2 Enda, mac Cathbhadha, d'écc. Annal M457. M457.0 Aois Criost, ceithre céd caoga a seacht. M457.1 A naoi fichet do Laoghaire. M457.2 Cath Atha Dara ria Laighnib for Laoghaire, mac Nell. Ro gabhadh dna Laoghaire isin cath-sin, & do-rad Laoghaire ratha gréne & gaoithe, & na n-dul do Laighnibh nach tiocfadh forra tria bithu, ar a legadh uadha. M457.3 Ard Macha d'fothuccadh lá Naomh Patraicc iarna edhbairt do ó Dhaire mac Fionnchadha mic Eoghain mic Nialláin. Ro h-oirdnedh da fhir dhécc lais fri cumhdach an bhaile. Ro thionchoiscc dhóibh cetus, cathair airdepscoip do dhenamh isuidhe, & ecclus do mhanchaibh, & do chailleacha, & d'urdaibh oile archena doigh ro fhind-siomh combadh si budh cenn, & budh cleithe d'eccailsibh Erenn a coitchinne. M457.4 Sean-Patraicc do faoidhedh a spioraide. ----- p.144 Annal M458. M458.0 Aois Criost, ceitre ced, caocca a h-ocht. M458.1 Iar m-beith deich m-bliadhna fichet h-i righe n-Ereann do Laoghaire mac Nell Naoighiallaigh at-bath i t-taobh Caissi edir Erinn & Albain .i. da cnoc iad-sidhe filet i n-Uibh Faoláin, & grian & gaoth ros-marbh-somh ar na sharaigh iad. Conidh do sin at-bert an fili, 1. At-bath Laoghaire mac Nell for taob Caissi, glas a tír, duile Dé ad-raegaid raith tucsat dail m-bais forsan righ. Annal M459. M459.0 Aois Criost, ceithre ced caocca a naoi. M459.1 An ceid-bhliadhain d'Oilill Molt, mac Dathi, mic Fiachrach, h-i righe n-Erenn. Annal M462. M462.0 Aois Criost, ceithre céd seascca a dó. M462.1 An cethramhadh bliadhain d'Oilill. M462.2 Domhangort mac Nissi d'écc. Annal M463. M463.0 Aois Criost, ceithre chéd seasca a trí. M463.1 An cúicceadh bliadhain d'Oilill. M463.1 Feis Teamhra la h-Oilill Molt an bhliadhain-si. ----- p.146 Annal M464. M464.0 Aois Criost, cethre chéd sescca a cethair. M464.1 An seiseadh bliadhain d'Oilill. M464.2 Cath Dumha Aichir ria Laighnibh for Ailill Molt. M464.3 Conall Gulban, mac Neill Naoighiallaigh, (o t-tátt Cenel c-Conaill) do mharbhadh la sen-tuathaibh Maighe Slecht iar na foghbháil i m-baoghal, & a adhnacal i f-Fiodhnach Mhaighe Réin, la Naomh Caillin, amhail aisnéidhes beatha an naoimh rémhraite. Annal M465. M465.0 Aois Criost, ceithre chéd seasccat a cúicc. M465.1 An seachtmhadh bliadhain d'Oilill Molt. M465.2 Feis Teamhra la h-Oilill Molt. M465.3 Eoghan, mac Neill Naoighiallaigh, (ó t-tatt Cenel n-Eoghain), d'écc do chumhaidh Chonaill Ghulban, mic Neill Naoighiallaigh, & a adhnacal i n-Uisge Chaoín i n-Inis Eoghain, dia n-ebradh. 1. At-bath Eoghan, mac Néill, re deoraibh, bá maith a mhaoin, tré écc Chonaill na c-cleas c-cruaidh, go f-fuil a uaigh i n-Uiscce Chaoin. M465.4 Criomhthann, mac Enda Censelaigh, rí Laighen, do mharbhadh lá mac a inghine budhéin .i. Eochaidh Guinech do Uibh Bairrche. Annal M466. M466.0 Aois Criost, ceithre chéd seascca a sé. M466.1 A h-ocht d'Oilill. M466.2 Feis Teamhra la h-Oilill Molt. M467.0 Aois Criost, ceithre chéd seascca a seacht. M467.1 A naoi d'Oilill Molt. M467.2 Benen, mac Seisccnein, epscop Arda Macha, do fhaoidhedh a spioraitte. ----- p.148 Annal M468. M468.0 Aois Criost, ceithre chéd seascca a h-ocht. M468.1 A h-aon n-décc d'Oilill. M468.2 Dornghal Brí Ele for Laighnibh ria n-Oilill Molt. Annal M470. M470.0 Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghatt. M470.1 An dara bliadhain décc d'Oilill. M470.2 Cath Dumha Aichir for Ailill Molt ria Laighnibh. Annal M472. M472.0 Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghatt a dó. M472.1 An cethramhadh bliadhain décc d'Oilill. M472.2 Toca, mac Aodha, mic Senaigh, taoiseach Criche Cualann h-i Laighnibh d'écc. Annal M474. M474.0 Aois Criost, ceithre chéd seachtmoghat a cethair. M474.1 A sé décc d'Oilill. M474.2 Eirc, mac Eachach Muinreamhair, d'écc. Annal M475. M475.0 Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat a cúicc. M475.1 A seacht décc d'Oilill. M475.2 Conall Cremhthoinn, mac Nell Naoighiallaigh, or chinset Clanna Colmain & Síol Aodha Slaine d'écc. Annal M476. M476.0 Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat a sé. M476.1 A h-ocht décc d'Oilill. M476.2 Cath Granaird ria n-Eochaidh, mac Coirpre, mic Oililla, mic Dunlaing, mic Enda Niadh, for righ Laighen, Fraoch, mac Fionnchadha, mic Garrchon, mic Fothaidh, mic Eachdach Lámhdóidh, mic Mesin Cuirb, & do-cher Fraoch i suidhe. Annal M478. M478.0 Aois Criost, ceithre céd seachtmoghat a h-ocht. M478.1 Iar m-beith fiche bliadhain ----- p.150 h-i righe n-Ereann d'Oilill Molt, mac Dathi, mic Fiachrach, do-chear i c-cath Ocha la Lughaidh, mac Laoghaire, la Muirchertach mac Earcca & la Ferghus Cerrbel, mac Conaill Cremhthainde, & la Fiachra, mac Laoghaire, ri Dal n-Araidhe, & la Cremhthann, mac Enda Cennselaigh ri Laighen. As don chur-sin do-rata d'Fiachra na Leé & Ard Eolairg i t-tiorfocraicc in catha. As don cath sin at-bert Becc mac Dé. 1. Morchath Ocha fearsaitir imoralta catha ile for Oilill Molt, mac Nath Í, meabaidh ria n-Dál Araidhe. Annal M479. M479.0 Aois Criost, ceithre chéd sechtmoghat a naoi. M479.1 An céd-bhliadhain do Lughaidh, mac Laoghaire, ós Erinn i righe. Annal M480. M480.0 Aois Criost, ceithre chéd ochtmoghat. M480.1 An dara bliadhain do Lughaidh. M480.2 Cath Granaird a t-tír Laighen eitir Laighnibh feisin, dú in ro marbhadh Fionnchadh, tigherna Ua Cennsealaigh, la Coirpre. M481.0 Aois Criost, ceithre céd ochtmhoghat a h-aon. M481.1 An treas bhliadhain do Lughaidh. M481.2 .S Iarlaithe, mac Trena, epscop Arda Macha, do fhaoidedh a spioraite. ----- p.152 Annal M487. M487.0 Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a seacht. M487.1 An naomhadh bliadhain do Lughaidh. M487.2 Mel, Easpoc Ardachaidh i t-Teathbha, deiscipul Patraicc, d'écc. Annal M488. M488.0 Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a h-ocht. M488.1 An deachmhadh bliadhain do Lughaidh. M488.2 Cianán, espoc Doimh Liacc, d'écc. Annal M489. M489.0 Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a naoi. M489.1 An t-aonmhadh bliadhain dég do Lughaidh. M489.2 Mac Caille espoc d'écc. M489.3 Aongus, mac Nat Fraoich, rí Mumhan, do thuitim h-i c-cath Chell Osnadh la Muircertach mac Earca, la h-Iollann mac Dunlaing, la h-Ailill, mac Dunlaing, & la h-Eochaidh n-Guinech dia n-ebradh, 1. At-bath craobh, dosbhile n-óir, Aongus molbhthach, mac Nat Fraoich, Faccbhadh la h-Illand a rath h-i c-cath Cell Osnadha claoin. ----- p.154 M489.4 Cath Taillten for Laighnibh ria c-Coirpre, mac Néll. Annal M492. M492.0 Aois Criost ceithre céd nochot a dó. M492.1 An cethramhadh bliadhain décc do Lughaidh. M492.2 Cath Slemhna, h-i Midhe, ria c-Coirbre, mac Neill, for Laighnibh. Annal M493. M493.0 Aois Criost, ceithre céd nochat a tri. M493.1 An cuicceadh bliadhain décc do Lughaidh. M493.2 Patraicc, mac Calpuirn, mic Potaide, airdeaspuc, ceitt-priomhaidh & ardapstol Ereann, do chuir an céd Celestinus Papa do phroichept soiscela & do shíoladh irsi & crabhaidh do Ghaoidhealaibh, as é ro etarsccar ----- p.156 iaid-sidhe fri h-adhradh iodhal & arracht, ro chosccair & ro choimbhris na h-iodhla batar aga n-adhradh aca. Ro indarb deamhna & droch-spirada uaidhibh, & tucc iad ó dhorcha peacaidh & doailche co soilsi creidimh & caoin-ghníomh, ro threoraigh & ro shédaigh a n-anmanna o dhóirsibh ifrinn (gus a m-batar ag dul) go dóirsibh flatha nimhe. As e dna ro bhaist & ro bhendaigh fir, mna, maca, & inghena Ereann, cona t-tíribh & co na t-treabhaibh, etir uiscce & inbher muiridh. As leis do-rónadh cealla, mainistrecha, & ecclasa iomdha sechnón Ereann. Seacht c-céd ceall a líon. As leis céttus ro h-oirdneadh epscoip, sacairt, & aos gach gráidh archena, secht g-ced epspoc & trí mhíle sagart a líon. Do-roine ferta & mírbhaile iomdha, coná cumhaing aiccnedh daonna a chuimhniúghadh na a foraithmhet a n-do-ríghene do mhaith isna talmannaibh. O ro comhfoiccsigh aimsir eitsechta naomh Patraicc h-i Sabhall, ro thochaith corp Chríost a lámhaibh an naoimh-epscoip Tassach, isin 122 a aoisi, & ro fhaidh a spirat do chum nimhe. M493.3 Ro bai comhthóccbháil catha & adhbhar easaonta isin cuicceadh ag imresain im corp Patraic iarna eccuibh. Uí Néill & Airghialla acc triall a thabhairt ----- p.158 go h-Ard Macha, Ulaidh acca fhostadh aca fadein, go n-dechattar Ui Néill & Airghialla go alaile uiscce, go t-tuargaibh an abhann friú, co ná ro chumhaingset techt tairsi lá méd a tuile. O do-choidh an tuile for c-cula do-dheachatar na sloigh fo combaigh .i. Uí Néill & Ulaidh do bhreith chuirp Patraicc leó. As edh tarfas lá gach n-druing díobh co m-baí an corp leo budhéin dochum a t-tire, go ro edarsccar Dia iad gan troid gan tachar fon ionnus-sin. Ro h-adhnacht iaramh corp Patraic go n-onoir & go n-airmittin moir, i n-Dún Da Leathglas, & na dí oidhce décc ro batar na sruithe ag faire an chuirp, co psalmaibh & hymnaibh, ni baí oidhce i Muigh Inis, ina is na ferannaibh comhfoiccsibh (andar leó) acht amhail bidh soilsi an laoi lansholais ro ionorchaidh ann do ghrés. As do bhliadhnaibh bais naomh Patraicc at-rubradh. 1. O genar Criost, áiremh ait, .cccc. for caomh nochait, teora bliadhna fair iar-soin, go bás Patraicc priomh-apstoil. Annal M494. M494.0 Aois Criost, ceithre céd nochat a cethair. M494.1 A sé décc do Lughaidh. M494.2 Cath Cind Ailbhe ria c-Coirbre, mac Nell, for Laighnibh. Annal M496. M496.0 Aois Criost ceithre céd nochat a sé. M496.1 Mo Chaoi abb Naondroma, d'écc ----- p.160 an treas la ficheat do mí Iun. M496.2 Cath Droma Lochmaighe ria Laighnibh for Uibh Nell. M496.3 Corbmac a Crich in Ernaidhe epscop Arda Macha, comharba Patraicc, do faoidhedh a spioraitte. Annal M497. M497.0 Aois Criost, ceithre céd nochat a seacht. M497.1 A naoi décc de Lughaidh. M497.2 Cath Inde Moire h-i c-Crich ua n-Gabhla for Laighnibh, & for Iollann, mac Dunlaing, la Muirchertach mac Earca. Annal M498. M498.0 Aois Criost, ceithre céd nochat a h-ocht. M498.1 An fichetmhadh bliadhain do Lughaidh. M498.2 Fergus Mor, mac Eirc, mic Eathach Muinreamhair, cona bhraithribh do dhul ind Albain. M499.0 Aois Criost, ceithre céd nochat a naoi. M499.1 A h-aon fichet do Lughaidh. M499.2 Cearban easpoc, ó Fiort Cearban oc Teamhraigh, d'écc. M499.3 Cath Seaghsa ria Muircertach mac Erca for Duach Teng' Umha, ri Connacht. Is eadh fochann an chatha .i. Muirchertach ro bai h-i rathaighius etir in rí & Eochaidh Tiormcharna, a brathair, go ro gabhadh Eochaidh for comairce Muirchertoigh. Ceann Faoladh as-bert da dhearbhadh. ----- p.162 1. Cath Seghsa ben do mnaibh fodruair ro boí crú derg dar cruisigh, la Duisich, ingin Duaich. cath Dealcca, cath Mucramha acus cath Tuama Drubha, la cath Seghsa h-i t-torcair Duach Teng' Umha. For Connachtaibh ro sraoineadh na catha h-isin. Annal M500. M500.0 Aois Criost, cuicc céd. M500.1 An dara bliadhain fichet do Lughaidh. M500.2 S. Ibhar espuc, d'écc an tres la fichet do mí April. M500.3 Ceithre bliadhna ar tri céd fod a shaoghail. M500.4 Cath Lochmaighe ria Laignibh for Uibh Nell. Annal M501. M501.0 Aois Criost, cuicc céd a h-aon. M501.1 A tri fichet do Lughaidh. M501.2 Cath Fremhainne h-i Midhe for Fiachaidh, mac Nell, ria f-Failge Berraidhe, dia n-ebradh an rann, 1. In rí aile as-mberaidh Fiacha, mac Nell, ní celaidh, As fair, tar cremla cile, cath Freamhna Midhe meabhaidh. Annal M503. M503.0 Aois Criost, cúicc céd a trí. M503.1 Iar m-beith cúig bliadhna fichet i righe Ereann do Lughaidh, mac Laoghaire, torchair i n-Achadh Forcha, iarna bém ----- p.164 d'forcha tenntighe, tre miorbailibh De, tresan dímiadh tuccustoir do Pattraicc, amhail a deir an rann-so: 1. A n-Achadh Farcha ughrach, bás mhic Laogaire Lughach, Gan molbhtha tall na sonn de do forcha trom teinntighe. M503.2 Eochaidh, mac Muiredhaigh Muindeircc, ri Uladh, d'ecc. Annal M504. M504.0 Aois Criost, cúicc céd a cethar. M504.1 An céid-bhliadhain do Muirchertach, mac Muiredhaigh, mic Eoghain, mic Néll, na righ ós Erinn. Annal M506. M506.0 Aois Criost, cúicc céd a sé. M506.1 An treas bhliadhain do Mhuirchertach. M506.2 Iollann,mac Dúnlaing, ri Laighen, d'écc. M506.3 Cath Luachra ria Coin Corb for Uibh Néill. As do ra raidhedh: 1. Cath lonn Luachra, uasa tuas, at-ces Brighit, ni frith fás, flannchath Fionnabhrach ba h-uas im corp n-Iollainn iarna bhás. Annal M507. M507.0 Aois Criost, cuig céd a seacht. M507.1 An cethramhadh bliadhain dho Muirchertach. M507.2 Cath Droma Dergaighe for Foilghe m-Berraidhe, ria f-Fiachaidh mac Néll. ----- p.166 As la Cinel Fiachaidh an feronn o Cluain In Dibair co h-Uisnech o sin ille, amhail as-bert Cend Faoladh: 1. Dighal Dia seacht m-bliadhan, ba si dighde a cridhe cath i n-Dromm Dergaighe ba dhe do-cer magh Midhe. Annal M511. M511.0 Aois Criost, cuig céd a h-aoin n-décc. M511.1 A h-ocht do Mhuirchertach. M511.2 S. Bron epscop o Cúil Iorrae, i c-Condachtuibh, d'écc, an t-ochtmhadh lá do mí Iun. Annal M512. M512.0 Aois Criost, cuig céd a dó dég. M512.1 A naoi do Muirchertach. M512.2 S. Earc Slaine espucc Lilcaigh, & ó Ferta Fer f-Feig i t-taobh Sídhe Truim aniar, do écc, an dara lá do mhí Nouembris. Deich m-bliadhna ar cheithre fichtib a ----- p.168 aois an tan thesta. As e an t-Espucc Eirc-sin ro ba breithemh do Phattraicc. As do-roine Patraicc an rand-so. 1. Espucc Erc gach ní con-ceartadh ba cert, gach aon beireas coicheart cert fortraibh bendacht Easpuic Erc. M512.3 Dubhthach .i. a Druim Derbh espucc Ard Macha do fhaoidhedh a spioraitte. Annal M513. M513.0 Aois Criost, cuig céd a trí décc. M513.1 An dechmhadh bliadhain Mhuirchertaigh. M513.2 .S. Mac Nisi .i. Aonghas espucc Connere, d'écc an treas la do Nouember. M513.3 Cath Dedna, i n-Dromaibh Breagh, ria Muirchertach mac Earca, & ria c-Colgu, mac Loiti, mic Cruinn, mic Feidhlimidh, taoiseach Airghiall, dú in ro marbhadh Ardghal, mac Conaill Cremhthainne, mic Néill. M517.0 Aois Criost, cúig céd a seacht dég. M517.1 A cethair décc do Muircheartach. M517.2 .S. Dar Erca Cille Slébhe Cuilinn, dar b-ainm Mo Ninde d'écc 6 Iulii. Naoi fichit bliadhain fod a shaoghoil dia n-ebradh: 1. Naoi fichit bliadhain 'mole, do reir riaghla gan time, gan baes, gan béd, gan baoghal, ba h-e saoghal Mo Ninde. ----- p.170 Annal M519. M519.0 Aois Criost, cuig ced a naoi décc. M519.1 A sé décc do Mhuirchertach. M519.2 S. Condlaedh, epscop Cille Dara, cerd Brighde, d'écc 3. Maii. Annal M521. M521.0 Aois Criost, cúig céd fiche a h-aon. M521.1 A h-ocht décc do Mhuirchertach. M521.2 S. Buite, mac Bronaigh, espucc Mainistre, d'écc 7. December. 1. Buite bratha brí co m-blaidh, tí cech tratha dom cobhair, Gealghlach go n-gloraibh n-gluinn n-gloin, degh-mac Bronaigh, mic Bolair. Annal M523. M523.0 Aois Criost, cúicc céd fiche a trí. M523.1 An fichetmhadh bliadhain do Muirchertach. M523.2 Beoaidh, espucc Arda Carna, d'écc, an t-ochtmhadh la do Marta. M523.3 Eochaidh, mac Aonghusa, righ Mumhan, d'écc. Annal M524. M524.0 Aois Criost, cuig céd fiche a cethair. M524.1 A h-aon fichet do Muircheartach. M524.2 Cath Atha Sighe ria Muirchertach for Laighnibh, dú in ro marbhadh Sighe, mac Dein, conadh uadha aderar Ath Sighe. Annal M525. M525.0 Aois Criost, cuig céd fiche a cuicc. M525.1 A dó fichet do Muircheartach. M525.2 S. Brighit ogh, banab Chille Dara d'écc. As di-sidhe cetus ro h-iodhbradh Cill ----- p.172 Dara, & ba lé con-rodacht. As í Brighit tra ná tucc a meanmain ná a h-inntheifimh as in coimdheadh eadh n-aonuaire riamh acht a siorluadh, & a siorsmuaineadh do grés ina cridhe & menmain, amhail as errderc ina bethaidh fein, & i m-bethaidh naoimh Brenainn, espucc Cluana Ferta. Ro thochaith imorro a h-aimsir acc foghnamh go diochra don coimdhe, ag denomh fert & miorbhal, ag slánucchadh gach galair & gach tedhma archena, amhail aisnéidhes a betha, go ro faoidh a spirat do chum nimhe, an céd lá do mí Febhru, & ro h-adhnacht a corp i n-Dún i n-aon-tumba la Patraicc, co n-onoir & co n-airmidin. M525.3 Ailill, epscop Arda Macha, do Uibh Breasail do-sidhe, do écc. Annal M526. M526.0 Aois Criost, cuicc ced fiche a se. M526.1 An treas bhliadhain fichet do Mhuirchertach. M526.2 As do thairrngire báis Mhuircheartaigh ad-beart Cairneach 1. Asam uamhon ar in m-bein, ima luaidhfe ilor Sin, Ar fhiur loisccfidher i t-tin, for taoibh Cletigh báidhfir fin .i. la Sín ingin Sighe do-rochair Muircertach, i c-cionadh a h-athar ro marbh-somh. ----- p.174 M526.3 Cath Eibhlinne ria Muirchertach mac Earca, cath Moighe h-Ailbhe, cath Almhaine, cath Cinn Eich, & orccain na c-Cliach, cath Aidhne, for Connachtaibh, conadh dona cathaibh-sin at-bert Ceand Faoladh: 1. Cath Cinn Eich, cath Almhaine, ba h-aimsir airdherc aimhre, orccain Cliach, cath Aidhne, acus cath Maighe h-Ailbhe. M526.4 Cairell, mac Muireadhaigh Muindeircc, ri Uladh, d'écc. M526.5 Oilill, mac Dunlaing, ri Laighen, do écc. Annal M527. M527.0 Aois Criost, cúicc céd fiche a seacht. M527.1 Iar m-beith ceithre bliadhna fichet i righe n-Ereann do Muirchertach, mac Muiredhoigh, mic Eoghain, mic Néill Naoighiallaigh, ro loiscceadh é i t-Tig Cletigh uas Bóinn, oidhche Shamhna iar na bhátadh h-i f-fín. Sín at-bert an rann: 1. As mesi Taeten inghen do-cher aireach Néll, As Gamadhaigh mo ainm, in gach airm as rén. Cend Faoladh ro raidh: 1. Fillis an rí mac Earca a l-leith Ua Neill, Firt fuil ferna in gach moigh, broghais criocha h-i c-cén. ----- p.176 2. Fo seacht ferais no chairpthi acus bidh cian bus cumhan Do-bert gialla Ua Néill la gialla moighe Mumhan. Annal M528. M528.0 Aois Criost, cúig céd fiche a h-ocht. M528.1 An céd-bhliadhain do Tuathal Maolgarbh, mac Corbmaic Caoich, mic Coirpre, mic Neill, i righe n-Ereann. M528.2 Cath Luachra Móire etir Da Inbher, frisa raiter cath Ailbhe i m-Breghaibh, ria t-Tuathal Maolgarbh, for Ciannachtaibh Midhe. Annal M531. M531.0 Aois Criost, cuicc céd triocha a h-aon. M531.1 An ceathramhadh bliadhain do Tuathal. M531.2 Cath Claonlocha h-i c-Cenel Aodha ria n-Goibhneann, taoisioch Ua Fiachrach Aidhne, airm in ro marbhadh Maine, mac Cerbhaill, ag cosnamh geillsine Ua Maine Connacht. M534.0 Aois Criost, cuig céd triocha a cethair. M534.1 An seachtmhadh bliadhain do Tuathal. M534.2 S. Mochta, espucc Lughmhaigh, descipul Patraig, an naomhadh lá décc do mí Agust ro faoidh a spirat docum nimhe. As fair tuccadh an tuarusccbáil-si: 1. Fiacail Mochta ba maith bés trí chéd bliadhain, buan an cís, Gan guth n-iomrail sece suas gan mir n-ionmair sece sios. ----- p.178 2. Tri fichit seanóir psalmach a theglach rioghdha remeann Gan ar, gan buain, gan tíoradh gan gniomhradh, achtmadh léighionn. 3. Fear trí fichit fer trí céd arca fuin as sean an dét, Ní mó cin ógan fo ghail is aithfidhe an seinfhiacail. Annal M535. M535.0 Aois Criost, cúicc céd triocha a cuig. M535.1 An t-ochtmhadh bliadhain do Tuathal. M535.2 Eaclais Doire Calgaigh do fothughadh la Colom Cille, iar n-edhbairt an bhaile do dia derbfhine fén .i. Cenel c-Conaill Gulban mic Néll. M535.3 Corbmac, mac Oililla, ri Laighen, d'écc. M535.4 Oilill, epscop Arda Macha, do écc. Do Uibh Bresal doi-sidhe bheos. Annal M537. M537.0 Aois Criost, cúicc céd triocha a seacht. M537.1 An deachmhadh bliadhain do Tuathal. M537.2 S. Lughaidh, espucc Connere, décc. M537.3 Cath Sligighe ria b-Fergus & ria n-Domhnall, da mac Muirchertaigh, mic Earcca, ria n-Ainmire, mac Sédna, & ria n-Aindidh, mac Duach, for Eoghan Bel, ri Connacht. Ro meabhaidh an cath rempa, do-rochair Eoghan Bél, dia n-ebradh indso: 1. Fichter cath Ua Fiachrach la feircc faobhair, tar im Bel, Gesis buar namhat fri slegha sretha in cath i Crinder. ----- p.180 2. Ar-celt Slicech do mur már fuile fer lia feóil Bertait ilaigh tar Ebha im chend n-Eoghain Beóil. Annal M538. M538.0 Aois Criost, cúicc céd triocha a h-ocht. M538.1 Iar m-beith aon-bhliadhain décc h-i ríghe n-Ereann do Tuathal Maolgarbh, mac Corbmaic Caoich, mic Coirpre, mic Néll, torchair i n-Greallaigh Eillte la Maol Mór, mac Airgedain, oide Diarmoda mic Cerbhaill e-sidhe, & do-rochair Maol Mór ind fo chédor, dia n-ebradh: 1. Echt Maoile Móir nad mall ní gníomh cóir ro cind, marbhadh Tuathoil Tréin ad-rochair fein inn. ----- p.182 Annal M539. M539.0 Aois Criost, cúicc céd triocha a naoi. M539.1 An céid-bhliadhain do Diarmaitt, mac Ferghusa Ceirrbheoil, i righe n-Ereann. M539.2 Dichendadh Abacúc i n-aonach Tailten tre miorbhailibh De & Ciaráin .i. luighe n-éithigh do-rad-somh fo láimh Ciarain, co ro gabh aillse for a mhuinél (.i. as for a muinel ro fuirimh Ciaran a lamh) co torchair a cheand de. Annal M541. M541.0 Aois Criost, cúig céd cethracha a h-aon. M541.1 An treas bhliadhain do Diarmait. M541.2 S. Ailbhe, airdespoc Imlich Iubhair, d'écc an dara la décc do September. Annal M543. M543.0 Aois Criost, cuicc céd ceathracha a trí. M543.1 An cuigeadh bliadhain do Diarmait. M543.2 Pláigh egsamhail choitchenn ar fedh na cruinne, gur sgrios an trian bú airmhidnithe don chinedh daonna. Annal M544. M544.0 Aois Criost, cúicc céd cethracha, a cethair. M544.1 An seiseadh bliadhain do Diarmait. M544.2 S. Mobhí Claraineach .i Berchan ó Glais Naidhen, for bhrú abhand Liffe, don leith i t-tuaidh, d'écc, an dara la décc do mí October. M544.3 Cath Cuile Conaire i c-Cera ria b-Fherghus & ria n-Domhnall dá mac ----- p.184 Muirchertaich mic Earcca, for Ailill Inbhanda, rí Condacht, & for Aodh f-Fortamhail, & torchair Ailill & Aodh ann. Annal M545. M545.0 Aois Criost, cúig céd cethracha a cúig. M545.1 An seachtmhadh bliadhain do Diarmait. M545.2 S. Ailbhe Senchuae Ua n-Oiliolla d'écc. Annal M546. M546.0 Aois Criost, cúig céd cetracha a sé. M546.1 An t-ochtmhadh bliadhain do Diarmaitt. M546.2 Cath Cuilne in ro marbadh sochaidhe do Chorc' Oiche tria ernaidhe n-Ide Cluana Creadhail. M546.3 Fothadh mac Conaill d'écc. M546.4 Cairpre, mac Corpmaic, ri Laighen, do écc. M547.0 Aois Criost, cuig céd cethracha a seacht. M547.1 An naomhadh bliadhain do Diarmait. M547.2 Ri Uladh, Eochaidh, mac Condlaidh, mic Caolbhaidh, mic Cruinn Ba Dhrai, d'écc. M547.3 Toiseach Teathbha, Criomthann, mac Briuin, d'écc. M547.4 S. Dubhthach, abb Arda Macha, do écc. Do shíol Colla Uais do-sidhe. Annal M548. M548.0 Aois Criost, cúig céd cetracha a h-ocht. M548.1 A deich do Diarmaitt. M548.2 S. Ciaran mac an t-saoir, ab Cluana Mic Nóis, d'écc an naomhadh lá do September. Tri bliadhna triocha fot a shaoghail. ----- p.186 M548.3 S. Tighernach, easpoc Cluana h-Eoais, do dol d'écc an cethramhadh d'April. M548.4 S. Mac Tail Cille Cuilinn (.i. Eoghan mac Corcrain) d'écc, an t-aonmhadh lá décc do mí Iún. M548.5 S. Colum mac Criomhthainn d'écc. M548.6 S. Sincheall Sen, mac Cenandáin, abb Cille Achaidh Droma Foda, do dhol d'écc an seiseadh lá fichet do Márta, triocha ar tri céd bliadhain fod a shaoghail. M548.7 S. Odhrán, o Leitriochaibh Odhráin, d'écc an dara lá do mí October. M548.8 S. Findén, abb Cluana h-Eraird, oide naomh Ereann, d'écc, 12 December. M548.9 S. Colaim Innsi Cealtra d'écc. Don mortladh dar bo h-ainm an Chron ----- p.188 Chonaill, & ba h-isidhe an chéd-Buidhe Chonaill, at-bathsat na naoimh-sin, acht Ciaran & Tighernach. M548.10 Bas Eathach, mic Connlo, rígh Uladh, a quo Uí Eathach Uladh. *Tighernach. Annal M550. M550.0 Aois Criost, cuig céd caocca. M550.1 A dó décc do Diarmaitt. M550.2 Dauid mac Guaire uí Forannáin, epscop Arda Macha, & legaitt na h-Ereann uile, do écc. Annal M551. M551.0 Aois Criost, cúig céd caocca a h-aon. M551.1 A tri décc do Diarmaitt. M551.2 S. Neasan Lobhar d'écc. M551.3 Feargna, mac Aonghusa, rí Uladh, do marbhadh h-i c-cath Droma Cleithe la Déman, mac Cairill, & la h-Uibh Eathach n-Arda. Annal M552. M552.0 Aois Criost, cúig céd caocca a dó. M552.1 A cethar décc do Diarmaitt. M552.2 Eaccluis Bendchair do fothughadh la Comhgall Bendchair. M552.3 Feis Temhra do dhenamh la righ Ereann, Diarmaitt, mac Fergusa Cerrbheoil. M552.4 Marbhadh Colmain Móir, mic Diarmata, ina charpat la Dubhshloit h-ua Trena do Chruithneachoibh. ----- p.190 Annal M553. M553.0 Aois Criost, cuig céd caocca a tri. M553.1 A cúig décc do Diarmaitt. M553.2 At-ces Breanainn Biorra ag dol i roth isin aier an bhliadhain-si. M553.3 Cluain Ferta do fhothughadh la naomh Brenainn. Annal M554. M554.0 Aois Criost, cuig céd caoga a cethair. M554.1 An seiseadh bliadhain decc do Diarmaitt. M554.2 S. Cathub, mac Fergusa, abb Achaidh Cinn, d'écc 6. April. Caocca ar céd bliadhain fod a shaoghail. M554.3 Feis dédheanach Teamhra do dhenamh la Diarmaitt, righ Ereann. M554.4 Curnan, mac Aodha, mic Eathach Tiormcharna, .i. mac righ Connacht do bhásughadh la Diarmaitt, mac Cerbhaill, tar slánaibh & comhairge Coluim Cille, ----- p.192 iarna tharraing go h-aindeonach as a lámhoibh, conadh é fochann catha Cúla Dreimhne. Annal M555. M555.0 Aois Criost, cuig céd caogatt a cúig. M555.1 An seachtmhadh décc do Diarmait. M555.2 Cath Cúla Dreimhne do bhrisedh for Diarmaitt, mac Cerbhaill, la Fearghus & la Domhnall, dá mac Muirchertaigh, mic Earcca, la h-Ainmire, mac Sedna, & la n-Aindidh, mac Duach, & la h-Aodh, mac Eathach Tiormhcharna, rí Connacht. h-I c-cionaidh marbhtha Curnáin, mic Aodha, mic Eathach Tiormcharna, for faosamh Coloim Cille, do ratsat Clanna Nell an Tuaisceirt & Connachta an cath-sin Cula Dreimhne don righ, do Diarmait, & beos imon c-claoin-bhreith rucc ----- p.194 Diarmait ar Colom Cille im liubar Findén ro scríobh Colom Cille gan rathughadh d'Findén, dia n-deachsat i réir n-Diarmata, go ro coiccertaidh Diarmait an m-breith n-oirrdheirc, la gach boin a boinín, & ra. Colam Cille ro ráidh: 1. A Dia, cia nach dingbai an cia [gap: extent: 1 line] dus inermais mís a lín An t-sluagh do-boing beatha dín 2. Sluagh do-ching h-i timchel carn As mac ainfthe no-das-mairn As é mo drui, ním éra, mac Dé as frim con-gena. 3. As álainn ferus a l-luadh gobhar Baodain résan t-sluagh Fo la Baotan fuilt buidhe bena a h-Eren fuirre. Fraochan, mac Tenusain, as é do-righne ind erbhe n-druadh do Diarmait. Tuathan, mac Dimmain, mic Sarain, mic Corbmaic, mic Eoghain, as é ro la ind erbhe n-druadh dar a cend. Trí míle trá iseadh torchair do muintir Diarmada. Aoin-fhear námá isseadh torcair don leit n-aill, Magh Láim a ainm, ar is é ro ching tar an eirbhe n-druadh. ----- p.196 Annal M556. M556.0 Aois Criost, cúig céd caogat a sé. M556.1 A h-ocht décc do Diarmaitt. M556.2 Cath Chuile h-Uinnsenn i t-Teathbha, for Diarmaitt, ria n-Aodh, mac m-Breanainn, taoisioch Teathbha, & ro meabhaidh for Diarmait a h-ionadh an iomairecc. Annal M557. M557.0 Aois Criost, cúig céd caogat a seacht. M557.1 A naoi décc do Diarmait. M557.2 S Becc mac Dé, faidh oirrdherc, d'écc. M557.3 Colom Cille do dol i nd-Albain go ro fothaidh iarumh ecclus, & as uadh ainmnighter. M557.4 S. Aodh O Fiachrach ----- p.198 d'ég. M557.5 Cath Mona Doire Lothair for Cruithniu ria n-Uibh Nell an Tuasceirt, .i. ria c-Cenél c-Conaill & Eoghain, du i t-torcradar seacht t-taoisigh Cruitnech im Aodh m-Brecc, & as don cur-soin do-rochair doridhisi na Lee; & Cárn Eolairg do Clandoibh Néll an Tuaisceirt. Ceann Faoladh ro raidh indso: 1. Sinsit faebhra, sinsit fir in Móin mór Doire Lothair, Adbair comronna nat cert seacht righ Cruithne im Aodh m-Brecc. 2. Fictir cath Cruithne n-uile acus forloiscter Elne Fichtir cath Gabra Liffe acus cath Cuile Dreimhne. ----- p.200 3. Bersat gialla iar c-conghal as siar im cnuas nuach Fergus, Domhnall, Ainmire acus n-Aindidh, mac Duach. 4. Fillsit da mac mic Earcca ar cend an catha cedna Acus an rí Ainmire fillis i sealbhaibh Seatna. M558.0 Aois Criost, cúig céd caoccatt a h-ocht. M558.1 Iar m-beith fiche bliadhain os Erinn i righe do Diarmaitt, mac Fergusa Cerrbeoil, do-cear la h-Aodh n-Dubh, mac Suibhne, rí Dál n-Araidhe, ag Raith Bicc, h-i Moigh Line. Tuccadh a chend go Cluain Mic Nois, go ro h-adhnacht innte, & ro h-adhnacht a cholann h-i c-Coindere. M558.2 Is in m-bliadhain-si ro gabhadh an muirgelt .i. Liban inghean Eathach, mic ----- p.202 Muiredha, for Tracht Ollarbha, h-i lín Beoain, mic Inli, iascaire Comhgaill Bendchair. Annal M559. M559.0 Aois Criost, cúicc céd caoccat a naoi. M559.1 An céd-bhliadhain do dá mac Muirchertaich, mic Muireadhaigh, i righe n-Ereann .i. Domhnall & Feargus. M559.2 Cath Gabhra Liffe, & cath Dumha Aichir, ria n-Domhnall & ria b-Fergus, for Laighnibh, dia n-ebradh: 1. Cath Gabhra, & cath Dumha Achair At-bath amhra i c-cechtair, Colgu acus a athair. 2. Cath Gabhra, ni cath duine ná dí cét at-bath fiche ó Faolan, ó Ailell fiche fichet. Annal M560. M560.0 Aois Criost, cúig céd seasccat. M560.1 An dara bliadhain do Domhnall & d'Feargus. M560.2 Daimhin Daimhairgit, .i. Coirpre, d'écc. As uadha-sidhe na h-Airghialla. Annal M561. M561.0 Aois Criost, cuig céd seasccat a h-aon. M561.1 Iar m-beith trí bliadhna i righe n-Ereann do Domhnall & d'Feargus, da mac Muirchertaigh, mic Muireadhoigh mic Eoghain, mic Nell, ro éccsat araon. Annal M562. M562.0 Aois Criost, cúig céd seasccat a dó. M562.1 An céid-bhliadhain d'Eochaid, mac Domhnaill, mic Muirchertaigh, & do Baodan, mac Mhuirceartaich, mic Muireadhaigh, i righe n-Ereann. Annal M563. M563.0 Aois Criost, cuig céd seascat a trí. M563.1 S. Mo Laisi, abb Daimhinnsi, d'écc an dara la décc do September. M563.2 Iar m-beith dá bhliadhain i righe n-Ereann ----- p.204 d'Eochaidh & do Baodan, torchradar la Cronán, toiseach Ciannachta Glinne Gemhin. Annal M564. M564.0 Aois Criost, cúig céd sesccat a cethair. M564.1 An céd-bhliadhain do Ainmire, mac Sedna, mic Fergusa Cendfhoda, h-i righe n-Ereann. Annal M565. M565.0 Aois Criost, cúig céd seasccat a cúig. M565.1 An dara bliadhain d'Ainmire. M565.2 Deman, mac Cairill, ricch Uladh, mic Muireadhoigh Muindeircc, do marbhadh la bachlachaibh Boirne. M565.3 Murchobhlach la Colman m-Becc, mac Diarmata, mic Fergusa Cerrbheoil, & la Conall, mac Comhgaill, toiseach Dal Riada h-i Soil, & i n-Ile, co t-tardsat edála iomdha eistibh. Annal M566. M566.0 Aois Criost, cúig céd seasccat a sé. M566.1 Iar m-beith trí bliadhna h-i righe n-Ereann d'Ainmire, mac Sedna, torcair la Fergus, mac Nelline, dia n-ebrad: 1. Féimin an tan ro m-boi rí nir bo mennat nach detlai Indiu as foirdergg a lí la h-Ainmire, mac Séatnai. Annal M567. M567.0 Aois Criost, cúig céd seasccat a seacht. M567.1 Iar m-beith aon-bhliadhain h-i righe n-Ereann do Baodan, mac Nindeadha, mic Fergusa Cendfoda, do-cear oc Lém Inn Ech, i n-debhaidh, lasan da Comaoine .i. Comaoine, mac Colmain ----- p.206 Bicc, mic Cerbhaill, & Comaoine, mac Librene, mic Iolladhain, mic Cerbhaill. Tré comhairle Colmain Bicc do-ronsat an gníomh h-ishin. M568.0 Aois Criost, cúig céd seasccat a h-ocht. M568.1 An ced-bhliadhain d'Aodh, mac Ainmirech, ós Erinn. M568.2 Feargas mac Nelline, do mharbhadh la h-Aodh, mac Ainmirech, i n-dioghail a athar. Annal M569. M569.0 Aois Criost, cúig céd seascca a naoi. M569.1 An dara bliadhain d'Aodh. M569.2 S. Oenna mac ua Laighisi, abb Cluana Mic Nóis, décc. M569.3 S. Ite, ógh ó Cluain Credhail, d'écc an 15 Ianuarii. As di ba h-ainm M' Ide. Annal M570. M570.0 Aois Criost, cúig céd seachtmoghat. M570.1 An treas bhliadhain d'Aodh. M570.2 S. Moeinend, espucc Cluana Fearta Brenainn, d'écc an céd lá do Marta. Annal M571. M571.0 Aois Criost, cúig céd seachtmoghat a h-aon. M571.1 S. Brenoinn, ab Biorra, d'écc an naomhadh lá fichet do Nouember. M571.2 Cath Tola ria Fiachna, mac Baodain, mic Cairill, for Osraighibh & for Elibh, & ro meabhaidh forra. Tola ainm maighe etir Cluain Ferta Mo Lua & Saighir. M571.3 Cath Femhin ria Coirpre mac Cremhthainn, ri Mumhan, for Colman Becc, mac Diarmada, & ro meabhaidh ar Colman. Annal M572. M572.0 Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a dó. M572.1 An cúicceadh bliadhain d'Aodh. M572.2 Cath Doete, dian h-ainm Bealach Feadha, ria n-Aodh, mac Ainmirech, for ----- p.208 feraibh Midhe, du in ro thuit Colman Becc, mac Diarmada. M572.3 Conall mac Comhgaill, rí Dal Riatta, do écc. As eisidhe ro edhbair h-I do Choluim Cille. Annal M573. M573.0 Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a trí. M573.1 An seiseadh bliadhain d'Aodh. M573.2 Brenainn, mac Briuin, flaith Teathbha, d'écc. Annal M574. M574.0 Aois Criost, cuig céd seachtmoghat a cethair. M574.1 A seacht d'Aodh. M574.2 Marbhadh Aodha, mic Eathach Tiormcharna, la h-Uíbh Briuin. Annal M576. M576.0 Aois Criost, cúig céd seachtmoghat a sé. M576.1 An naomhadh bliadhain d'Aodh. M576.2 S. Br