'PA/IPE/IR BHA/NA AGUS PA/IPE/IR BHREACA' B'as saol an bhe/aloidis, saol nach raibh mo/ra/n athru/ air le mi/le bliain anuas a fa/isceadh me/. Ba i/ an duais ab fhearr a d'fhe/adfadh duine a ghealla dhuit ar feadh na bliana go ligheadh se/ ag an bpa/tru/n thu/, pa/tru/n Cholm Cille ag a thobar, naoi no/ deich de mhi/lte taobh thiar den Spide/al. Bhi/ me/ a liachtai/ sin uair ar an bpa/tru/n, ach ni/ raibh me/ fo/s arianh ag an tobar, ce/ gur chuir mo mha/thair turais orm ann i mo pha/iste dhom. Tuigim go maith ce/ an fa/th ar chuir an Dochtu/r Bri/, Easpag Chaisil agus Imligh anseo, amach na tre/adlitreachai/ siu/d, ceann acu, is cuimhneach liom i 1813, i nGaeilge a/lainn freisin, ar geall le foruagrai/ o/ Rialtas Stormont inniu iad ag toirmeasc mo/rshiu/il eici/nt. Ag toirmeasc aon pha/tru/n na/ aon turas ag aon tobar sa deoise idir a leithe/id seo agus a leithe/id seo eile de la/ a bhi/ an t-easpag. I saol Dionysiusach na dtoibre beannaithe ba mho/ mo spe/is-sa freisin, go bhfo/ire Dia orainn! Ma/ gheallann Dia le/as beag eile ar mo shaol dhom ta/ su/il agam mian mo mha/thair bhocht a chomhli/ona. As an gcinea/l seo saoil, saol an tseansce/il, an tsean-amhra/in, an tsean-ghna/is, na pisreoige ma/s a/il leat, a mu/nlai/odh na ce/adta glu/in Gael. Blianta i ndiaidh dhom Cois Fharraige a fha/ga/il bhi/ me/ in Aerfort Mhosco/ ag breathnu/ ar dhaoine ag dul ar na heitealla/in agus ag teacht dhi/obh, chuile ghne/ feistis agus chuile ghne/ craicinn mo/ra/n. Chua me/ fe/in soir go Kirghizia, poblacht sho/ibhe/adach i la/r na hA/ise. Bhi/ me/ in a/iteachai/ na/r leag aon E/ireannach cois, mara raibh duine fa/nach b'fhe/idir ar no/s Edmund O'Donovan, mac an scola/ire Sea/n O/ Donnabha/in, a raibh dha/ che/ad Fi/ni/n aige agus e/ in a mhac le/inn i gCola/iste na Tri/ono/ide. Ni/ i bhfad as na ha/iteachai/ seo a raibh mise a fuair an Donnabha/nach bocht fo/d a bha/is. Ma/ chuimhnigh me/ air, is go tanai/ e/. Na/ ni/ ar Mharx na/ ar Lenin a bhi/ me/ ag cuimhniu/ ach an oiread. Na/ ar Re/abhlo/id Dheire an Fho/mhair. Na/ fiu/ ar Dostoevski a chaith blianta in a ghe/ibheannach thoir sna li/miste/ir seo de bharr a pha/irt sna Nollaicigh, na Decembrists, agus ar le/igh me/ a shaothar, go ha/irid a sha/rleabhar pri/osu/in Teach na Marbh. Ni/ fhe/adfadh gan ba/ ar leith a bheith agam leis an leabhar sin. Chaith me/ fe/in blianta i Sibe/ir na hE/ireann, an a/it is fuaire in E/irinn go cinnte, Currach Chill Dara. Ar sce/alta m'o/ige a bhi/ me/ ag cuimhniu/. Ba sheo e/ an Domhan Thoir a bhi/ iontu. Ba sheo e/ mo thuras go dti/ tobar dheire an domh- ain, ar chois faoi chrios an scairdeitealla/in! Na capaill seo a raibh an casu/r agus an corra/n thiar ar cheathru/ chuile cheann acu, ba iad eachra Emir Bhokhara, an Gholden Horde iad, capaill airm Genghis Khan. Ba iad na heachannai/ caol donn freisin iad i sce/alta m'athar agus mo sheanathar. Agus ca/ bhfios dha/iri/re na/rbh iad? For no one knows through what wild centuries roams back the rose. Bhi/ me/ fe/in i n-ann na sce/alta sin a inseacht ag e/iri/ suas dhom. Ba iad an t-a/bhar is tu/isce iad a d'fhe/ach me/ le scri/obh. Ba rud beo len a phearsantacht fe/in chuile lu/ibinn den bho/thar agus den bho/thairi/n, chuile sceach, chuile chnoca/n, chuile chlochar agus beagnach chuile chloch agus is mo/r acu ata/ ann istigh ar an mbaile fearainn. Ba cuid dha/r mairbh iad : bhi/ a/r stair follasach iontu. Ni/l bailte mo/ra sce/altach mar seo, na/ u/rsce/altach. Cupla bliain o/ shoin bhi/ me/ ag caint i Meireaca/ le bean nach bhfaca an baile fearainn sin ar to/igeadh muid beirt ann le tri/ fichead bliain. Ni/ raibh garrai/ na/ cosa/n ann, carraig sa gcladach, cnoca/n na/ fioda/n ar an sliabh, na/r chuir si/ ainm orthu gan braiteoireacht dha/ laghad. Bhi/ an baile sin ag dul timpeall aici in a ceann le tri/ fichead bliain. Ta/ agam fe/in freisin. Ni/ aithni/m cuid den aos o/g anois. Ach aithni/m an chre/ agus an chloch agus ta/ cuimhne na sce/alta agam a rinne chuile orlach bacaird de chre/ agus de chloch a shaoirsinniu/ in a gcuid doscaoilte dhi/om fe/in, de mo phearsa fe/in, go bra/ch. Is minic a tha/inig cathu/ orm---dha/ dtrian de shaothar an scri/bhn- eoir is ag fuagairt cathu/ neamhghlan as a intinn e/--cathu/ go scri/obh- fainn cuntas fada faoin gcaoi a ndeacha m'o/ige i gcion orm. faoin toiriall tairiall dha/ bhaint den chorp u/r-a/nlactha sa reilig le fannsholas to/inghealai/ thiar. Faoin Adhastar Bui/ nach raibh me/ i n-ann a shamhalu/ ach in a ro/pa cho fada len a raibh de ro/pai/ i siopa Ruai/n ag an bPo/irse Caoch i nGaillimh, a/it ar cheannaigh me/ ro/pai/ agus eangachai/ in e/indigh le mo mhuintir. Scri/obh faoin leanna/n si/ a mbi/odh a chrobh fada sceirdiu/il anuas an simle/ar le aint liom a scioba leis, a sciob as a dheire agus gan i/ ach cupla seachtain ar thalamh Mheireaca/ ag teithe uaidh. Cupla bliain o/ shoin a chonaic me/ a leacht i Reiliig Chalvay, i mBoston: Nora Connolly, born Ireland, died South Boston . . . . Dha/ re/ir sin bhi/ domhan i bhfad ni/ ba ghaire dhu/inn na/ an Domhan Thoir, domhan a bhi/ ag be/al an dorais agus minic go maith taobh istigh de bhe/al an dorais, 'na dea-chomharsanai/' sin a gceapfadh a la/n de mo mhuintir fe/in gurbh bhfearr mar chomharsanai/ iad na/ na comharsanai/ ata/ agam i gCre/ na Cille. Ni/or le/igh me/ comic ariamh na/ leabhar ar bith den chinea/l a d'fheicinn ag mo chomhaoiseachai/ i mbaile mo/r na Gaillimhe an tra/th sin fe/in. Ach ta/ me/ cinnte gur mho/ go mo/r an borra faoi mo shamhalai/ocht na rudai/ seo ar fad a luaim na/ le/itheoireacht mo chomhaoiseachai/ cathaireach. Is cuimhneach liom daoine gan scoil gan foghlaim ag cur si/os, go ha/irid ar thaibhsi/ agus ar sprideannai/, ar bhealach nach sa/ro/dh ach na scri/bhneoiri/ is cumasai/, Dante no/ Shakespeare, b'fhe/idir. Ca/r chuala siad sin ach an oiread a gcur si/os fe/in ach ag an gcinea/l ce/anna daoine? Si/lim nach a/ibhe/il a ra/ go mba sholasai/ in a su/ile an marbh na/ an beo. D'fhe/adfadh duine Liam O/ Flatharta a le/amh as e/adan a che/ile gan tagairt ar bith ar e/igin don chinea/l sin saoil. Is beag ata/ agam fe/in do/ ach an oiread. Bhain me/ leas as an Leabhar Eoin i gCre/ na Cille. Is tra/cht e/ `An Strainse/ara' i gCois Caola/ire ar bhean ar rugadh a cuid clainne uilig marbh agus ar cuireadh sa gcladha to/rann iad. Ta/ a/it sa gcladha to/rann a bhfuil tri/ dhuine fhichead mar sin in ainm's a bheith curtha ann le bean amha/in a bhi/ beo agus me/ i mo scorach. An sce/al thar sce/alta a bhfe/adfainn leas a bhaint as an mbe/aloideas ann 'An Bo/thar go dti/ an Ghealchathair' (An Braon Broghach) dhiu/ltaigh me/ an cathu/. Rud eile ar fad a bhi/ me/ ag iarra a dhe/anamh. Is beag leas dha/iri/re a bhain me/ as an rud seo a dtiu/rfai/ be/aloideas anois air. Na pearsana ar fad geall leis i mo chuid sce/alta Gaeltacht ce/anna taithi/ acu ar an rud seo ar saol, no/ fiu/ cultu/r, a bhi/ ann, cultu/r na tuaithe ar fad go dti/ achar is lu/ na/ glu/in o / shoin, ach go raibh annlann na Gaeilge len a blas fe/in a chur air sa nGealtacht. Ba i gcomhthiono/l fuinniu/il Fuinte mar sin, local organic community, a tha/inig ann dom, den chinea/l sin a bhfuil an-spe/is ag scri/bhneoiri/ a/irid Sasanach iontu ar lorg Eliot, Raymond Williams agus Richard Hoggart cuir i gca/s. Ba sa gceantar sin a bhi/ mo mhuintir cho fada siar agus bhi/ siar ann, le mi/le bliain b'fhe/idir, iad ar an gceird che/anna a bhfuil siad fo/s, in a dtalamhaithe beaga, anois sa darna leath den fichiu/ ce/ad. Ta/ bruscar eici/nt gaoil agam le chaon darna no/ tri/u/ teallach sa da/ phara/iste chomhtho/rainneach. Bhi/ a chuid sua/ilci/ agus dua/ilci/ aige mar chomhthiono/l, meitheal agus comhar, oibleaga/id comharsan la/ an ansho/, ach gleo agus brui/n agus e/ad freisin. Bhi/ an leadai/ agus an bradai/ ann, an fear a chuimhneodh dha/ bhfaigheadh se/ t'asal in a gharrai/ go raibh asal sa sta/bla agus Cri/ost dha/ bhreith ann. Agus bhi/ an ceann eile ann dha/ ndeireadh an t-asal suas len a bhe/al gurb air fe/in thar asail an domhain agus na staire a bhi/ Cri/ost ag marcai/ocht ag dul isteach go Jerusalem, go dtioma/infeadh se/ tairni/ cruithe capaill thri/d an droim aige, ainneoin sin. Maidir le mna/! Ta/ go leor focla agam fe/in ar mhna/. An bhairseach, an ropaire, an sciollado/ir, an ruibhseach, an choigeallach, an raicleach, an ra/lach, an mhagarlach, an bhodo/inseach . . . . Comhthiono/il mar seo i/ tuath na hE/ireann, no/ ba ea go dti/ le goirid. B'fhe/idir gurb shin e/ an fa/th arb o/n tuath na hu/rsce/alta fiu/ntach E/ireannach, ce/s moite de ri/-bheaga/n a labhairfe me/ ar chupla ceann acu ar ball. Ta/ dearmad de/anta gur fha/g saor ba/d cui/d is lu/ na/ ce/ad bliain o/ shoin i mo thaobhsa ti/re, tri/ pholl i mba/d a chuid uncaileachal le go mba/ifi/ iad: `Mo bheannacht do na curachai/ agus mo mhallacht do na ba/id, mo mhallacht do na curachai/ ata/ thiar ins sa Tra/ Bha/in, mo mhallacht do mhac mo dheirfi/re mar se/ an saor e/ a rinne an ba/d, mar d'fha/ga se/ poll chun tosaigh inti, chun deire, agus in a la/r.' D'fhe/ach me/ leis an gcomhthiono/l dar dhual me/ fe/in a le/iriu/ i gCre/ na Cille agus san u/rsce/al neamhfhoilsithe Athnuachan. Du/irt a la/n, go ha/irid cuid de mo mhuintir fe/in agus de mo thaobh ti/re, na/rbh fhi/or an le/argas. B'fhe/idir na/rbh fhi/or. Ach chi/tear dhomhsa gurb e/ roinnt na cailli/ mar is a/il le/i fe/in e/ acu e/. Ar aon no/s ni/ hi/ fi/rinne na cumado/ireacht, na healai/ne, fi/rinne an tsaoil. Is do/igh liom gur mar sin a d'fha/ga chuile u/dar ariamh e/. `Ar chaoi amha/in is e/ an saol iairbhi/r is a/bhar do shaothar ealai/ne, ach ar chaoi eile le saothar ealai/ne a chur ar fa/il ni/ mo/r an t-a/bhar as an saol iairbhi/r a athmhu/nlu/ agus a athchruthu/'. `Ni/ fe/idir leat fiu/ntas saothar ealai/ne a phrofa le iad a chur i gcomo/rtas na hiairbhi/re. An cinea/l re/alachais is cuspo/ir don ealai/n, is re/alachas e/ a bhaintear in a bhloghannai/ as imeachtai/ an tsaoil agus a snamann an t-ealai/onach na bloghannai/ sin le che/ile ar bhealach nua. Dha/ dteagadh an re/alachas sin salach ar an iairbhi/re scriosfai/ an re/alachas! Ni/l an ealai/n na/du/rtha'. "Aon ealai/n a ligeas len a hais gurb i/ an saol i/ ta/ si/ cho beag- mhaitheasach leis an ealai/n ade/arfadh go bhfuil chuile sho/rt ar fheabhas no/ chuile sho/rt ar dhonacht sa saol! `Ni/ iontas an chuma- do/ireacht ar fad, geall leis, a ligeas len a hais gurb i/ an saol i/ a bheith gan ord gan eagar'. Sainmhi/niu/ amha/in ata/ tugtha ar an u/rsce/al gur `seachra/n sli/ d'aon u/im e/', mar go bhfuil `uaibhe/al idir an beart d'aon u/im ar scri/obh u/rsce/al e/ agus an t-urchar daill faoi dhabhach arb e/ saol seachra/nach an duine e/.' Is cuibheas go cinnte e/ an t-u/rsce/al no/ saothar ealai/ne ar bith. `Ni/ athrai/onn an ealai/n ni/ hionann agus an saol'. Dha/ mb'ionann litri/ocht agus an saol ce/ an fa/th a le/ifi/ i/ ? Na/rbh bhfearr agus na/r ba re/idhe a dhul amach agus i/ a bhlaise fuar beathach as an saol? No/ le leagan eile a chur air ni/ fe/idir firinne an tsaoil, iomla/n na fi/rinne, an fhi/rinne thur, a aistriu/ anonn in ealai/n ar finnsce/alai/ocht i/ ar aon no/s. `Dha/ bhfe/adtai/ an ealai/n a dhe/anamh i riocht go mbeadh si/ do-aithnithe o/n saol ni/orbh bhfiu/ an ealai/n a chur ar fa/il chor ar bith', adu/irt duine eici/nt. Is cuma ce/ ar so/rt ainm a thiu/rfar ar do mhodh scri/bhneoireacht, ro/ma/nsachas re/alachas, re/alachas so/isialach, stream of consciousness, suimfo/nachas, n isteach agus rudai/ a choinnea/il amach. Ma/ d'fhe/ach Joyce le gach ar smaoinigh Leopold Bloom air an la/ sin i mBaile A/tha Cliath a chur i Ulysses is cinnte nach bhfe/adfadh a dheichiu/ cuid a bheith ann. Na/ ni/ brionglo/id oi/che amha/in ata/ i bhFinnegan's Wake. Is cosu/la i/ le mionsleachta as brionglo/idi/ tre/imhse no/ saoil a ghreamao/fai/ i ndiaidh a che/ile agus i mullach a che/ile in albam. Le ealai/n ata/ muid ag ple/ agus ni/ leis an saol. Ainneoin Toynbee ni/ shi/lim go bhfuil aon pha/tru/n aithnid sa stair. Is lu/ na/ sin is le/ir e/ i saol daoine aonraic. Ni/ bhi/onn duine ar bith na/ eachtra ar bith san u/rsce/alai/ocht di/reach mar ta/ sa saol. Siad Sorel Stendhal agus Karamozovs Dostoevski na pearsana is cumasai/ sa litri/ocht dar liom fe/in, ach ni/ chreidim go raibh a leithe/idi/ beo ariamh. Ta/ go leor den duine bheo agus d'eachtra dhi/lis an tsaoil nach bhfuil aon mhaith iontu don sce/alai/ocht ar sce/al ar chuma eici/nt a chaithfeas a bheith inti sa deire. Caitheann codarsnai/ agus coinbhliochta, sruth agus gaoth, a theacht le che/ile i sce/al ar chaoi na/r mho/ide do/ibh teangmha/il go bra/ch sa saol. Le/igh me/ beatha Threasa Lisieux agus beatha Threasa Avila. Chuir Treasa na Spa/inne gliondar orm, ach ni/ raibh me/ i n-ann bean na Fraince a bharrai/ocht chor ar bith. Naofacht ar fad a bhi/ inti sin, naofacht a toirbhireadh uirthi o/ la/ a baiste agus a bhi/ amhala chuile la/ go dti/ la/ a ba/is. Bhi/ se/ cho he/asca sin aici a bheith in a naomh, no/ si/n e/ a shi/l mse, agus na/r cheart luai/ocht ar bith a bheith ag dul di as a ucht. Ni/ fhe/adfainn u/rsce/al ar bith a shamhalu/ len a saol. Is furasta sin a shamhalu/ faoi Threasa Avila, faoi Cholm Cille, faoi Chaoimhin, faoi Scoithi/n Naofa . . . . Ta/ cinea/l u/rsce/il ann nach bhfuil inchreidthe de re/ir re/asu/in na/ loighice. Ni/ co/ir iarra ar u/rsce/al ar bith a bheith inchreidthe ach de re/ir a chuid te/armai/ tagartha. Ghlac Euclid le roinnt soile/irsi/ no/ axioms agus rinne co/ras ce/imseata astu. Deir daoine eolach liom gur ghlac dreamannai/ o/ shoin le malairt soile/irsi/ agus na/rbh ionann chor ar bith na co/rais che/imseata a mhu/nlaigh siad astu. I sce/al a/irid-- a dhalta siu/d ni/ gearrsce/al e/ huir mise i gca/s gur thosaigh tithe i mbaile mo/r a/irid ag buala faoin a che/ile. D'fhe/ach me/ le chuile sho/rt eile a dhe/anamh inchreidthe taobh istigh den fhra/ma sin. An bunsmaoine i gCre/ na Cille ni/l se/ inchreidthe ach an oiread, is e/ sin go mbeadh coirp ag caint le che/ile i reilig. Du/irt le/irmheasto/ir eici/nt gurb sheo e/ sean-chreideamh na Gaeltacht. Ma/ se/ is sean- chreideamh e/ nach feasach mise e/. Ach ni/or ionsaigh duine ar bith me/ faoi choirp a chur ag caint. faoi phearsana agus saol bre/agach a rinneadh e/. Ba sheo e/ no/ rud mar e/ adu/irt Do/nall O/ Corcara: `is be/aloideas i/ Cre/ na Cille. Marach go bhfuil eolas againn ar mhuintir na Gaeltacht b'fhe/idir go gcreidfeadh muid gurb iad ata/ anseo'. Ni/ be/aloideas i/ in aon bhri/ den fhocal sin ata/ agamsa. Ta/ a fhios agam ce/ard nach nde/arfadh agus ce/ard nach nde/anfadh na daoine ata/ faoi thra/cht agam agus si/lim gur ta/bhachtai/ go mo/r e/ sin do scri/bhneoir na/ rud a/irid adu/irt no/ a rinne fear a/irid sa saol. San am a raibh Cre/ na Cille o/ sheachtain go seachtain san Irish Press bhi/ me/ la/ ar bhus i mBaile A/tha Cliath. Sa sui/ocha/n ro/m amach bhi/ fear agus caili/n o/g ag ple/ litri/ocht na Gaeilge. Ni/ nach hiona chuir me/ cluais orm fe/in: `I hear there will be another book soon From Peig', adu/irt seisean: mar is iondu/il le Gaeil agus len a gcuid ban no/ a gcuid leanna/n, i mBe/aria a bhi/ a gcomhra/. `What do you think of this stoy serialised in the Irish Press?' adu/irt an caili/n. `This 0 Cadhain fellow', adu/irt se/. `A right galoot if ever there was one. A Joycean smutmonger'. Go dti/ la/ an lae inniu ni/l a fhios agam ce/ hi/ an caili/n. fear a bhfuil roimt mhaith ca/il air i gcu/rsai/ litri/ocht e/ an fear. Ar aon chor bhi/ ga/illeog eile de chomhairle mo leasa faighte agam i n-aisce. . . . D'aonto/dh cuid de mhuintir na Gaeltacht leis sin, no/ d'aonto/idi/s leis an gca/ine. Ta/ se/ ag lui/ le re/asu/n go mbeadh an mhuintir goilliu/- nach, go ha/irid na blianta seo agus a seansaol sinsire ag athru/ o/ bhun go barr. Cupla bliain o/ shoin chuir me/ eolas ar sheanfhear sa taobh o/ thua de Cho. na Gaillimhe. Si/lim go raibh se/ ar an duine deireanach sa gceantar a raibh aon bhri/ Gaeilge aige. Ba phaiteanta agus b'fhonnmhar uaidh i/ a labhairt. Ba mhian liom rudai/ uaidh a chur ar spo/l agus b'fhada leis go gcloisfeadh se/ a ghlo/r fe/in, nuair a chuala se/ rudai/ a bhi/ ar an spo/l cheana. Bhi/ an ini/n ar an urla/r, ceann sraoilleach, puisbhean gan po/sa ba chosu/il: `Oh no! I couldn't allow him! I know he would say the wrong things! He wouldn't know how to say the right things from the wrong things . . . . Ta/ a fhios agam gur thug an gna/thphobal, thiar ar aon no/s, agus seo iad mo mhuintir fe/in, an-taithneamh do Chre/ na Cille. Chean- naigh daoine san a/it sin i/ na/r cheannaigh de leabhar ariamh ach Old Moore's Almanac le haghaidh aontai/, no/ an Imeldist o/ na mna/ rialta nuair nach raibh aon dul as acu. Bhi/ contu/irt ann go nde/anfadh si/ tuille be/adoidis: bhi/odh si/ dha/ le/amh sna tithe cuart agus ar an bportach. Bhi/ si/ sa/ch gar d'intinn na ndaoine go raibh nathai/odo/iri/ ag cur rudai/ le/i nach raibh inti. An fear santach dha/ mhealla ag an bhfear bre/agach, no/ a/bhar si/orai/ an bhe/aloidis ma/s brea/ leat. Agus bhi/ pobal eile ann. Is mo/r an rud ag scri/bhneoir aitheantas. E/ seo a chloistea/il ag dul thart dhom i bPa/irc an Chro/caigh la/ mo/rchluiche: `there goes Cre/ na Cille'. An dream na/r thaithnigh si/ leo: caomhno/iri/ an chultu/ir sa nGaeltacht, an mhea/n aicme i/ochtarach, mu/inteoiri/ de dhu/chas na ha/ite, an cinea/l dreama a mbi/onn caislea/in in E/irinn ag a muintir ar a dhul go Meireaca/ do/ibh, is e/ sin le ra/ na Super-Ego-Chinsiri/ Freudach a bhfuil se/ ag cinnt orthu a gcuid coinbhliochta mu/isiamach fe/in a re/iteach, fearacht an phuisbhean siu/d a bhi/ ag de/anamh cinsireacht ar a hathair. Ni/or chuala me/ ariamh faoi aon scri/bhneoiri/ a bheith i mo cheantar fe/in, ce/s moite de bheirt, Mi/chea/l Breathnach i bpara/iste an Chnoic agus Eon O/ Neachtain taobh thoir sa Spide/al, Bhi/ scola/ire Laidine i bpara/iste an Spide/il i ndeire an 17u/ ce/ad. Ni/ raibh aon tradition liteartha sa li/miste/ar se' againne ce/s moite de na fili/ tuaithe, dream ata/ ann fo/s. Bhi/ beirt ata/ ag de/anamh amhra/in i gco/nai/ ag gabha/il in e/indigh liom chun scoile. Chuala me/ caint ar scola/iri/ bochta, ach ba ar Achre/idh na Gaillimhe an che/ad a/it thiar a bhfaca me/ la/imhscri/bhinni/ o/n l9u/ ce/ad. D'fhoghlaim mo shean- athair le Gaeilge a le/amh i scoil scairte agus i/ a scri/obh i script barbartha a raibh leagan dhe i gCorcaigh fe/in sa gce/ad seo caite. Ach ar e/igin a thiu/rfa/ tradition air sin. An fear is grinne a scri/obh faoi literary tradition len a/r linn fe/in is e/ T. S. Eliot e/. Ta/ rud mar seo ra/ite aige: an te/ nach mbeadh ann ach file traditionta ni/ bheadh ann ach fear aithrise, ag de/anamh ar ais ari/st agus ari/st eile rudai a rinneadh ni/os fearr roimhe sin. Ar a shon sin an file fi/or-bhunaidh nach mbeadh faoi chomaoin dha/ laghad ag na daoine a bhi/ ann i/ bheadh se/ i n-ann aon rud a chur i gce/ill d'aonduine. Seo mar du/irt se/ i Re/amhra/ faoi chomhair Selected Poems of Ezra Pound.- Invention is wrong only because it is impossible . . . The poem which is absolutely original is absolutely bad; it is in the bad sense `subjective' with no relation to the world to which it appeals. Ma/ ta/ muid ag fe/achaint ro/inn (arsa seisean) is ionann sin agus go gcaithfe muid fe/achaint siar, arae le fios a fha/il ce/ard ta/ le de/anamh fo/s ni/ mo/r dhu/inn eolas sa/ch barrainneach a bheith againn ce/ard ta/ de/anta cheana agus fa/gann sin ari/st go mbeidh orainn na prionsabail agus na da/la seasta a dhealu/ uathu seo na/rbh bhfi/or iad ach faoi ghasra eici/nt den dream a tha/inig ro/inn . . . Is coisce ar an scri/bhneoireacht neamhriach- tanach sin arb uirthi is minice a thugtar traditional, tradition coimhfhiosach liteartha a bheith ann; coisceam se/ tabhairt faoi shaothar ata/ de/anta gan fui/oll cheana . . . . Is ionann seo agus a ra/ gurb aon aonad no/ iomla/n amhai/n i/ an litri/ocht. Is srian e/ ar a bheith bunaidh ar mhaith le bheith bunaidh d'aon u/im, ceann de na tre/artha is seafo/idi/ a d'fhe/adfadh baint le scri/obh cruthai/och. Cheado/dh Elot fa/s agus ar an a/bhar sin athru/. Mar ta/ mi/nithe ag Lucy faoi is i/ an chontu/irt ata/ ann go scoirfi/ le oidhriocht liteartha an am ata/ imithe. B'a/il le Do/nall O/ Corcara, rud adu/irt se/ deireanach go leor in a shaol, nach ndealo/fai/ le gna/thu/ dha/mhsoileannai/ Muimhneach an 18u/ ce/ad. Is cosu/il mar sin fe/in gur shi/l se/ go raibh an saothar a bhi/ de/anta ag na da/mhscoileannai/ sin gan fui/oll in a ghne/ fe/in: fe/ach nach ndearna se/ fe/in aithris ar bith orthu i nGaeilge na/ i mBe/arla . . . . Ni/l aon tradition liteartha agamsa ach Dia idir sinn agus Cu/l Aodha! Rinne an iomarca tradition, tradition saofa, gleann gealt d'intinn She/amais Mhic Ghrianna freisin. An a/it is fearr i gcu/rsai/ liteartha a chruthaigh, a/it nach raibh mo/ra/n tradition ann seachas m'a/it fe/in si/lim, ba e/ Corca Dhuibhne agus na Blascaeid e/. Ach bhi/ a dhonacht fe/in sa me/id sin freisin. B'fhearr leis na hollu/in go n-e/ireofai/ as scri/obh na Gaeilge, ar an a/bhar go mba lo/r scri/bhinni/ an Athair Peadar a bheith ann. Ba teannach leo ari/st a ra/ na/r cho/ir aon Ghaeilge a scri/obh i ndiaidh leabhara Thoma/is Ui/ Chrithin. B'a/dhu/la a bhi/ na fili/, ce/ go mbeidh roinnt le ra/ agam fu/thu ar ball. B'a/dhu/la de bhri/ nach raibh spe/is dha/ laghad ag na hollu/in sa bhfili/ocht nua-aimsire rud a d'fha/ga i/ ar a comhairle fe/in. Idir seo agus siu/d, ollu/in, be/aloideas, treibheachas agus eile, se/ mo bharu/il go gcaithfear tosu/ mo/ra/n o/ spriog ari/st leis an bpro/s, fiu/ go gcaithfear cuid mhaith neamhaird a dhe/anamh de phro/s an Athbheochain go dti/ seo, da/ mheanmna mar phro/s ar aon chor. An uirnii/s liteartha is fearr a fuair me/ o/ mo mhuintir an chaint, caint thi/riu/il, caint chre/u/il, caint chraicneach a thosai/os ag damhsa orm scaiti/, ag gol orm scaiti/, de mo bhui/ochas. Si/ an cinea/l ce/anna i/ a thug Se/amas Mhac Grianna leis. D'fhe/ach me/ leis an locht ata/ dar liom ar an nGriannach a sheachaint. D'fhe/ach me/ le mo chuid fe/in a spi/ona, a shlama agus a chi/ora, biseach beag a bheith i mo dhiaidh uirthi seachas mar fuair me/ i/. Cuiri/m seachmall ar na le/irmheasto/iri/ uaireantai/. Do mo mhuintir is iondu/il leo an chreidiu/int ar fad a thabhairt. Is ionann seo agus a she/ana gur scri/bhneoir chor ar bith me/. Si/lim, mar shampla, na/r bheag mar chu/namh do Chre/ na Cille, a hainm. Te/ann daoine go dti/ mo theach i gCois fharraige agus imeasc mo chomharsan le fiosru/ ar an la/thair arb i/ caint mo mhuintire chor ar bith ata/ agam. Scanrai/onn na daoine sin mo mhuintir. Si/leann siad gur daoine o/n nGobharmint iad, anuas le dole no/ seanphinsean, no/ an pinsean dall a bhaint dhi/obh. Chuir duine i mo leith i le/irmheas nach raibh agam ach caint leathphara/iste. Ni/or mho/r do dhuine an Ghaeilge ar fad a bheith aige le e/ sin a chuir i leith dhuine eile. Ba rud taobh amuigh de le/irmheas liteartha e/ agus d'fhreagair me/ e/, ach ni/or foilsi/odh mo fhreagra. Du/irt me/ go dtiocfadh dhom gan a bheith agam ach caint leathphara/iste, ach gur chosu/il nach e/ an leathphara/iste ceart e/, mar nach raibh ag an iomla/n acu ach caint leathphara/iste, ma/ bhi sin fe/in ag a bhformho/r, agus ar aon chor o/ nach raibh faoin nGaeilge anois ach cupla para/iste gur mhaith an h is i/ lomchla/r na fi/rinne nach bhfuil caint leathphara/iste agam. Cloisim cainteannai/ nua i gco/nai/ ar an urla/r ar rugadh agus ar to/igeadh me/ air. Ach ar bhealach eile is iomai/ para/iste ar thug me/ creach bheag liom as, as an taobh thiar de Chonamara, as Achre/idh na Gaillimhe, as Du/iche Sheoigeach, as li/miste/ir na Gaeltacht fre/ che/ile. Chaith me/ cion leathbhliana no/ tuille, idir ceathair no/ cu/ig de chuairteannai/, in Inse Gall, in Oilea/n Leos go ha/irid. Chaith me/ mi/ as a che/ile in a cha/ba/n in e/indigh le `cea/ird' no/ tince/ara agus tho/ig me/ go leor seansce/alta agus fiu/ dreasa ceoil uaidh, arae ba sa/rphi/obaire e/ freisin. Ag ithe agus ag gearra ar mhuintir na hE/ireann a bhi/odh se/ le chuile chor. `Se/ feadhainn gle/ ainealach, leora, ata/ ann an E/irinn.' Mar ta/ a fhios ag ca/ch ta/ a la/n cainte beo in Albain nach bhfuil beo in E/irinn anois ach a bhi/ sa nGaeilge abhus tra/th. Bainim corrfhocal aisti. Si/lim go n-aithneoinn ce/ard is fe/idir a bhaint aisti agus nach mbeadh in a choirce sce/in sa nGaeilge. Scri/obhaim `teine bhial na hoi/che', leagan na/r chuala me/ ariamh in E/irinn ach a thuigfeadh Gaeilgeoir ar an toirt. Ar a mhalairt ni/ scri/obhfainn rud a bhi/ in E/irinn deireanach go leor: ruigim a leas (leigidh mi a leas), na/ an tra/sta ach an oiread. Ta/ siad ro-sheargtha, ro-chosu/il le Gaeilgeoiri/ E/ireannach arb e/ `an fe/ileadh' a bheadh orthu. Duine ar bith a scri/obh Gaeilge bhain se/ rudai/ siar as an litri/ocht. Dar a shon nach mbainfeadh. Teagasc Cri/ostai/ a scri/obhadh i la/r an che/id seo caite agus ar chosu/la le saothar Louvain e/ a bhi/ agam fe/in ag an scoil. Bhi an Ghaeilge to/ru/il ariamh ar rudai/ a/rsa dothuigthe agus ta/ fo/s, `An Mharthainn Pha/draig' mar shampla. Ma/ theastai/onn focal uaim agus gan e/ agam ach e/ sa litri/ocht, no/ ma/s do/igh liom gur fearr an focal ata/ agam o/n litri/ocht na/ focal o/ chanu/int eile nach mo/ide go mbeadh a bhri/ go barrainneach agam, is as focal na litri/ocht a bhainim leas. I gCath Mhuighe Le/ana a fuair me/ `ba/ire baoise' : `Eoghan ar a ba/ire bai/si a coimideacht a oide ann'. Thuigfi/ e/ mar ta/ an da/ fhocal sean-bheo fo/s, ce/ nach i gcuingir a che/ile mar sin e/ si/lim. Ni/ dhe/anaim rud mar sin ach ar mo riachtanas. Caithfe duine an Ghaeilge a scaga sa gcaoi go mbeidh chuile fhocal cruinn barrainne- ach, `donner un sens plus pur aux mots de la tribu', mar du/irt Mallarme/, bri/ ni/os glaine a thabhairt do chaint na treibhe. Bi/onn cuid mhaith focla doile/ar don chainteoir du/chais fe/in. Ni/ mo/r don scri/bhneoir a bheith i n-ann breathnu/ timpeall na gcoirne/il, siu/l faoi gcuairt den fhocal. Ni/ cu/rsa don fhile amha/in e/ seo: fe/achaimse len a dhe/anamh freisin. Ma/ ta/ dha/ fhoirm sa gcaint ach ceann acu a bheith aosta sa litri/ocht bi/onn fonn orm tu/s a thabhairt do cheann na litri/ocht. Is iomai/ caoi i gcanu/int ar bith le in aonacht no/ in e/indi a ra/. Ni/ aithni/onn daoine ar cho/ir ni/ b'fhearr a fhios a bheith acu gur focal cianaosta sa litri/ocht, focal ata/ beo i mo chuid cainte fe/in, 'ab uil a che/ile'. Scri/obhaim o/ chianaibh ce/ nach bhfuil se/ i mo chuid cainte fe/in. Ach ta/ eolas agam air o/n litri/ocht agas is feasach dhom go bhfuil se/ beo fo/s in a/iteachai/ eile. Bhi/ agus ta/ locht agam ar Sce/alai/ocht na Rithe as ucht gur hathrai/odh focla agus leagain sna sce/alta sin ata/ beo fo/s sa gcaint. Si/ mo chanu/int fe/in mo fhriotal bunaidh scri/bhneoireacht ach ni/l aon leisce orm caint Chonnachtach ar bith a chuala me/, no/ ata/ agam o/ leabhar, o/ sce/al, na/ o/ amhra/n a scri/obh. Tho/ig me/ a la/n focal Gaeilge as Be/arla na hE/ireann, na blianta a raibh me/ sa gcampa ge/ibhinn. Bhi/ daoine as chuile cheaird d'E/rinn ann. foinse chuma- sach don Ghaeilge bheo i/ an iris Be/aloideas. Ach ta/ a leas fe/in sna hirisi/ le/annta uilig. Ni/ taise do na te/acsannai/ pro/is ar fad e/ o/n 17u/ ce/ad anuas agus leabhara be/aloidis Chonra na Gaeilge a chur san a/ireamh, i dteannta irisi/ mar An Gaodhal, Irisleabhar na Gaedhilge, irisi/ Chonra na Gaeilge, irisi/ fearacht An Stoc, Ar Aghaidh, An tUltach, An Lo/chrann, gan tra/cht ar fhoclo/ir an Duinni/nigh, ar cho/ir do chuile scri/bhneoir i/ a thabhairt chun leapan leis, mara bhfuil foclo/ir a barrtha aige. Mhu/in fili/ocht an 17u/ ce/ad de/ag--ce/ nach mbeadh duine ag su/il leis seo--rudai/ a/irid faoi sti/l dhom, leas a bhaint as an aidiacht i leaba an ainm-fhocail mar shompla, an santach in a/it an duine santach, no/ an santacha/n, an bre/agach, an formadach agus mar sin. D'fhe/adfainn e/ sin a fhoghlaim, cuir i gca/s, o/ sheanfhocla ar bhe/al na ndaoine, ach b'ansiu/d ba thu/isce a thug me/ suntas do/. Du/irt me/ ar ball nach mo/r don scri/bhneoir a bheith i n-ann breathnu/ faoi gcuairt d'fhocla. Sin e/ an t-u/dar a mbi/onn drugall orm a dhul i mbradai/l mo/ra/n, ar chanu/inti/ beo taobh amuigh de chuid Chonnacht. Is caol cleasach na rudai focla beo. Castar focal le duine i gcanu/int seachas a chanu/int fe/in ach a casadh leis cheana sa litri/ocht. Ni/ i gco/nai/, na/ fiu/ go minic, arb i/ ciall na litri/ocht an chiall bheo. Is minic an leagan ce/anna ag focla i dha/ chanu/int, ach an chiall an-dealaithe, tuatach, tu/tach, i gConamara agus i nGleann na Mada, no/ gala/nta i dTi/r Chonaill agus i nGaillimh. Dar ndo/igh ni/ mo/r a bheith di/lis don chanu/int i gcomhra/ ma/s le Gaeltacht no/ lucht Gaeltacht ata/ do phle/. Is cu/rsa crosta iad na focla Be/arla ata/ teagtha isteach sa gcaint. Chuala me/ scola/ire Gaeilge ag ra/ nach bhfe/adfadh se/ rothar a ra/, bicycle deile, go mb'fhe/idir dha/ dtaithi/odh se/ e/ agus anro/ ai/rid a chur ar ghle/asannai/ oilte a bhe/il go n-e/ireodh leis e/ a ra/, ach ar phrinciple nach nde/arfadh. Ach dha/ ndeirinn fe/in rothar i gcomhlo/dar na ndaoine ar e/irigh me/ suas leo bheadh faiti/os orm go si/lfidi/s gur suimiu/lacht a bheadh orm. Ach ni/ bhfaighinn ionam fe/in leagan eile ata/ acu fe/in air a ra/ ach oiread, `baidhsilic'. Teastai/onn siceolai/ o/ dhaoine seachas an scola/ire Gaeilge sin! Comhairim fe/in in a ionsai/ neamhdhi/reach ar an teanga ag daoine nach ionsai/ is ru/n do/ibh go leor de na focla nua ata/ dha/ dtabhairt isteach sa nGaeilge o/n mBe/arla litir ar an litir mar de/arfa/, gan aird ar fhuaim na/ eile. Mar fhocla Be/arla ade/arfar go bra/ch iad. Ni/l an Ghaeilge feasta i n-ann a cuid fe/in a dhe/anamh den iasacht. Ni/ dhe/anfa seo ach teanga ata/ sa/ch slabhctha cheana a shlabhca tuille. Fiu/ ni/ fhiafrai/tear ar call an focal, no/ a bhfuil a chomhmhaith sa nGaeilge cheana. Ta/ focla sa nGaeilge le tamall maith anois nach mo/r e/ mo ghnaoi-sa orthu `le/irmheasto/ir' cuir i gca/s, no/ `amharclann' no/ `taibhdhearc'. Ach na focla a cuireadh in a n-a/it le goirid, critic agus te/atar is in a bhfocla Be/arl/a a fhanfas siad go deo sa nGaeilge is cuma ce/n re/im idirna/isiu/nta ata/ acu. Ta/ chuile dhuine `ag forbairt' mar deir siad fe/in. Ba mho/ an chomaoin a chuirfeadh a la/n acu ar an nGaeilge dha/ mba ag buala golf a ghabh- faidi/s. Cuireann se/ scanra orm nuair a chloisim duine ag ra/ gur scriobh se/ rud eici/nt le cruthu/ gur fe/idir an saol nua-aimsire a phle/ i nGaeilge. Is fe/idir. Ach ta/ a fhios agamsa go gcuireann se/ anro/ mo/r orm an smaoine is fa/nai/ dha/ dteagann chugam a phle/ agus go si/lim gurb amhala do chuile scri/bhneoir e/, no/ ta/ su/il agam gurb amhala. Ba cheart focla a la/imhsea/il cho cu/ramach le uibheachai/ a mbeadh scolb an e/in orthu. Ma/ ta/ tada i nda/n do shaotharu/ na Gaeilge caithfear an Ghaeilge sheargtha uilig a scru/du/ agus foclo/ir a dhe/anamh d'fhocla agus de leagain a bheadh inghlactha in athuair. Agus de/anfar a la/n cinea/l foclo/iri/ eile. Idir dha/ am caithfe muide sme/aracht i/nn i gcamhaoineach an chathair ghriobha/in seo arb i/ an scri/bhneoireacht i/, an uair fe/in is co/iriu/la da/la a saothraithe, a/r gcuid cnuasaigh comhfhocla, a/r gcuid sto/rchisti/, a/r gcuid o/rchisti/ a dhe/anamh, chuile dhuine againn dho/ fe/in. Ba dheacair don Athair Peadar tada a dhe/anamh seachas mar rinne se/. Ni/ raibh mu/nla ar bith pro/is ann o/n 19u/ ce/ad ach Cin Lae Ui/ Shu/illeabha/in na/r foilsi/odh aon chuid dhe go dti/ 1912-1913 agus Fealsu/nacht Aodha Ui/ Dhomhnaill na/r foilsi/odh go dti/ anura. B'fhe/idir go ndearna An tAthair Peadar a/il ro-mho/r dha/ e/igean. Chua se/ go dti/ cna/imh na huilleann leis agus go dti/ an smior chailleach sa gcna/imh fe/in. Sin e/ dearmad an nua-aoso/ir, an innovator, i gco/nai/. Bhi/ se/ ro-ghe/ar ar chuile rud ach Gaeilge bheo, ce/ gur ghlac se/ fe/in as na sce/alta a bhi/ se/ a athnuachan le rudai/ na/r Ghaeilge bheo si/lim. Cuireadh suas dhe mar gheall ar gur thosaigh daoine ag tuirsiu/ dha/ chuid sce/alta, dha/ chuid sti/le, dha/ chuid pa/pai/ocht freisin b'fhe/idir, ce/ na/rbh eisean ach Henebry an Cu/istiu/n. Chua a fhriotal i gcion ar chuile dhuine san am. Ach ansin tha/inig daoine ar an bhfo/d a raibh rudai/ ni/ b'inspe/ise le ra/ acu, An Piarsach agus Pa/draig O/ Conaire. O/ tha/inig Se/amas Mhac Grianna ba gheall le cogai/ creidimh na Gearma/ine i/ an ti/r go teangach. Is iomai/ duine adu/irt gur cho/ir glaca le canu/int na mbeirt Ghriannach in a friotal do phro/s na Gaeilge. B'fhearr an Ghaeilge a bhi/ acu na/ ag Pa/draig O/ Conaire. B'fhe/idir go nglacfai/, no/ i dta/naiste dho/ sin, marach gur scoir Seosamh Mhac Grianna. Ni/ de chanu/int She/amais ata/ muid tuirsithe faoi seo, ainneoin go bhfuil a dhi/cheall de/anta aige le go dtuirseodh, ach den scuaidri/n fada sce/alta a d'fhe/adfadh duine a chla/ru/ in a n-aicmi/ cho pointea/ilte baileach is chla/raigh Thompson na seansce/alta idirna/isi- u/nta sa Motif-index of Folk Literature. B'e/igean du/inn cu/l a thabhairt dha/ chuid sce/alta agus dha/ re/ir sin dha/ fhriotal. Nuair a thosaigh an tAthair Peadar ag scri/obh ni/orbh bhfe/idir a dhul siar, arae ba ar e/igin a bhi/ aon leabhar Gaeilge le fa/il. Dha/ dteangmhai/odh gur cinea/l seargtha eici/nt Gaeilge, Ce/itinneachas, no/ fiu/ rud ni/ ba dheireanai/, a ghlacfai/ le linn an Athair Peadar ba mhoille ari/st a bheadh nua-aosacht ag teacht sa scri/bhneoireacht na/ a tha/inig. Bheadh leatroma eile ar an bhfa/s. Bheadh fonn ar an a/bhar agus ar an sce/alai/ocht fanacht thiar i re/ na cainte agus a bheith saofa agus neamhre/alach. Ni/ he/ amha/in nach nglacfadh Henebry le caint nua-aimsire ach ni/ ghlacfadh se/ le nua-aosacht ar bith, le sce/alai/ocht na/ le inseacht na/ le a/bhar nua-aimsire taobh amuigh den bhe/aloideas. Bhi/ De/isigh eile a bhi/ beagnach cho dona leis ar an gcaoi seo. Caint na ndaoine mar a thuig siad i/ a scri/obh Pa/draig O/ Conaire agus An Piarsach in a gcuid sce/alta. Smaoinigh ar Pha/draig O/ Conaire, ar She/amas Mhac Grianna no/ ar an gCrithineach ag iarra Henebryachas a scri/obh! De/arfa me/ ari/st, fiu/ ma/ ta/ deili/n de/anta agam dhe faoi seo, dha/ mbeadh aon cheo dha/iri/re le ra/ ag an Athair Peadar, no/ dha/ mb'fhe/idir aon cheo fiu/ntach a ra/ an uair sin go nglacfai/ leis an nGaeilge a n-inseodh se/ e/. Bhi/ lucht na Gaeilge i bhfad ni/ b'fhulannai/ le Gaeilge a che/ile an tra/th sin na/ bhi/ siad ina dhiaidh sin. Ach fiu/ in a dhiaidh si/n bhi/ Clo/dhanna Teoranta agus Connradh na Gaedhilge ag iarra an chaint a dtugaidi/s Gaeilge na hE/ireann uirthi a chur i gcion. Chuala me/ Corcai/och ag ra/ go raibh cumann le/annta eici/nt ag beartu/ leasu/ a dhe/anamh ar shaothar an Athair Peadar, e/ a niamh- ghlana mar ade/arfa/, mar nach i/ caint na ndaoine, caint Mhu/scrai/, a bhi/ go huile agus go hiomla/n aige. Ni/l a fhios agam ce/ an chiall ata/ le caint na ndaoine anseo, na/ fiu/ le caint. Ta/ tra/cht de/anta agam ar an gcaoi a gcaithfe scri/bhneoir roghain a dhe/anamh ar a chuid a/bhair agus e/ a cho/iriu/. Se/ a fhearacht che/anna aige e/ leis an gcaint. An rud ata/ ra/ite ag Eliot faoi fhili/ocht ta/ se/ cho fi/or ce/anna faoi phro/s: Ni/ hi/ an chaint che/anna amach agus amach choi/chin aon fhili/ocht leis an gcaint a labhaireas agus a chloiseas an file; ach caithfe si/ a bheith cho dlu/th sin le caint na haimsire sin go bhfe/adfa an le/itheoir no/ an t-e/isteoir a ra/, `sin mar a labhair- finnse da/ bhfe/adainn fili/ocht a labhairt'. Chua se/ ni/ b'fhaide na/ sin agus du/irt gurb ar leagan cainte an a/it arb as e/ ba cho/ir don fhile aird a thabhairt agus ar an teallach ar di/obh e/, agus a chaint laethu/il fe/in. Mar sin fe/in ni/ hi/ caint na ndaoine ata/ ag aon scri/bhneoir Gaeilge, bi/odh se/ in a Ghaeilgeoir du/chais na/ eile. Is e/abhlo/idiu/ mar ade/arfa/ a ni/os an scri/bhneoir ar an amha/bhar arb e/ caint na ndaoine e/, no/ caint na ndaoine i dteannta a ndaoine freisin i/ b'fhe/idir, caint na ndaoine agus i/ e/abhlo/idithe cho maith. Ni/ fe/idir caint na ndaoine a fha/il ach le spo/l-thaifeada/n, no/ le deis nua-aimsire eici/nt mar sin. Sa me/id go mbeadh aon fhi/rinne ann si/limse gurb e/ an ca/ine ba ghe/ire a d'fhe/adfai/ a dhe/anamh ar an Athair Peadar, no/ ar She/amas Mhac Grianna gurb i/ caint na ndaoine a scri/obh siad. Ni/or chuala me/ aon duine dha/ ra/ sin ariamh faoi Sheosamh Mhac Grianna. Uair ar bith a scaraim fe/in le caint mo chanu/inte fe/in is caint a chuala me/ duine eici/nt a ra/ a scri/obhaim, no/ caint a thuigfeadh fear Gaeltacht a mbeadh aon teannta/s aige ar na smaointe a bhi me/ ag iarra a fhoilsiu/ le/i. I gCre/ na Cille an chaint ata/ i mbe/al an mha/istir scoile agus a bhean agus daoine eile uaireantai/ ni/ gna/thchaint Ghaeltacht i/, ach caint ealai/onach, caint uaislithe no/ bre/ag-uaislithe. Sa tSraith ar La/r ni/ sce/alta Gaeltacht `An Eochair' na/ `Ce/ Acu'. Is dea-Ghaeilge ata/ curtha agam i mbe/al na bpearsanai/ sna sce/alta sin, ainneoin nach gcloisfea/ aon duine sa nGaeltacht ag caint di/reach ar an gco/ir sin. Du/radh liom gurb i/ Gaeilge bhriste Bhaile A/tha Cliath arbh i/ ba do/igh a bheith ag Aitheach Tuatha na Sta/tsheirbhi/se dha/ mbeadh Gaeilge ar bith acu, ba cho/ir dhom a chur i mbe/al J. san "Eochair'. Ni/l aon earna/il dhu/chais Ghaeilge ann a d'fhreagro/dh sa gca/s seo, mara ndeireadh Mu/scrai/och gurb i/ a macasamhail ata/ ag na Connachtaigh, no/ Se/amas Mhac Grianna gurb i/ ata/ ag pobal Ghaoth Do/ir. Is fe/idir a ra/ gur Gaeilge bhriste i/ an Ghaeilge fhogh- lamta ar fad, ce/ gur briste cuid dhi na/ a che/ile. Agus ansin ta/ cinea/lachai/ Gaeilge bhriste ann arb iad clann suiri/ na dtri/ chanu/inti/ faoi seach iad. Ach se/ mo mheas agus le gan tra/cht chor ar bith ar staid la/thaireach na teanga, gur rudai/ gan ta/bhacht iad seo, airi/ona seachtarach eachtarmhu/rach sa sce/alai/ocht. Ni/ raibh aon bhaint ag a sce/al, no/ sce/al an innill a bhi/ dha/ chlai/, agus ni/ hi/ an cinea/l Gaeil ge ar inis se/ e/ a bhi/ ta/bhachtach. Ni/ he/ a d'inis chor ar bith e/. Dha/ mbeadh inneall ag caint ce/ an so/rt Gaeilge a bheadh aige, fiafrai/m? Taobh istigh den mhu/nla sin ata/ me/ ag iarra a le/iriu/ is fe/idir dath a chur ar an gcaint, le gur le/ir ce/ an aicme e/ an cainteoir, cuma arb as an nGaeltacht no/ nach ea dho/. Gaeilge shla/n ata/ ag Toma/s Taobh Istigh i gCre/ na Cille ach d'aithneodh ca/ch nach ma/istir scoile e/. Ar a laghad ar bith du/irt ce/ad duine o/ gach a/it ar fud na hE/ireann liom go gcaithfeadh se/ go raibh aithne agam ar an Toma/s Taobh Istigh a bhi/ in a gcuid bailti/ fearainn fe/in! An cinea/l friotail ata/ me/ ag iarra a shaotharu/ b'fhe/idir go bhfuil se/ buille u/tama/lach, ach ni/l se/ cho hu/tama/lach agus a bhi/. Na sce/alta nua ata/ me/ a scri/obh anois--ta/ leabhar toirtiu/il eile ag an bhfoilsitheoir, An tSraith dha/ To/ga/il--ni/ faoi mo cheantar du/chais na/ faoi Ghaillimh chor ar bith iad. An sce/al Gaeltacht ata/ ann ni/ faoi aon Ghaeltacht i nGaillimh e/. Is faide an t-achar i mBaile A/tha Cliath anois me/ na/ bhi/ me/ i mo cheantar du/chais ariamh. B'e/igean dom eolas an-bharrainneach a chur ar an gcathalr, eolas ni/os barrainni/ na/ ta/ ag go leor d'fhi/ormhuintir na cathaireach fe/in uirthi, le linn dom a bheith i mo chomhalta feidhmiu/il in O/glaigh na hE/ireann. Is mo/ de mo dhlu/thmhuintir i mBaile A/tha Cliath na/ sa mbaile. Ta/ go leor de mo chomharsanai/ agus as mo thaobh ti/re-in a gco/nai/ gar go leor dhom. Is cinea/l ghetto muid b'fhe/idir. B'as an nghetto Kafka agus Heine gan ach beirt a bhfuil eolas agam ar a saothar a lua. Cho fada is is le/ar dom is ghettos ar fad e/ Baile A/tha Cliath. Ni/ fhe/adfadh duine a ra/ gur comhthiono/l a bhi/ ann o/ aimsir Joyce, tra/th a raibh an baile mo/r i bhfad ni/ ba lu/ agus ni/ ba chomh- dhlu/ite theannta/sai/. Ba e/ a scri/obh che/ad u/rsce/alta agus u/rsce/alta deire Bhaile A/tha Cliath de re/ir cosu/lacht. Ni/ u/rsce/al coinbhliocht na/ gni/mh ceachtar acu sin. Is den chinea/l picaresque e/ Ulysses cinea/l nach fada chor ar bith e/ o/ Dhiarmaid agus Gra/inne, agus ta/ an- chosu/lacht ag Finnegan's Wake, in a cuid easpa gni/mh ar aon no/s, le dramai/ Shaw. Si/lim go bhfuil cathair mho/r griobha/in mar Bhaile A/tha Cliath an-cho/iriu/il don sce/alai/ocht phicaresque. Mura bhfuil comhthiono/l ta/ comhthiono/il i mBe/al Feirste. B'fhe/idir gurb e/ an drama an chruth liteartha is dual do na `fluid puddings', do na bailte mo/ra scaoilte. Is iondu/il pa/isiu/n no/ mu/isiam dha/ nochtu/ go fraoch- mhar antoisceach i dteannta plotai/ocht sa drama agus is tre/ith de shaol na gcathaireachai/ iad sin. Is fi/or nach dramai/ mar adeirim cuid Chekov. Ach an chuid acu sin is cuimhneach liom anois ni/ faoi bhailte mo/ra chor ar bith iad, no/ bailte mo/ra de mhe/id Bhaile A/tha Cliath ar aon chor. Is beag dha/iri/re a leanadh an no/s Chekovach sa dramai/ocht. B'fhe/idir gur chinn se/ ar dhaoine. I mbruachbhailte na gcathaireachai/ nach cathair na/ tuaith iad fe/in ata/ co/nai/ ar lucht rachmais, dream tionscail nach mbi/onn tionscailteach, daoine meabharach scaiti/, ach gan aon fhiosracht intleachtu/il. Ni/l d'fheidhm ag na bruachbhailte seo ach go gcollai/tear iontu. Deirtear faoi dhramai/ Shasana gurb e/ a n-ionad seomrai/ maireachta/la bruachbhailte Londain, ar no/s mar deirtear faoi dhramai/ na Main- istreach gurb i/ an chisteanach tuaithe is ionad do/ibh. B'fhe/idir go bhfuil so/ na mbruachbhailte leata amach ar an tuaith fe/in in E/irinn faoi seo. Sce/al cinnte gur beag a bheadh le fa/il ag macasamhail Synge inniu. Mar sin fe/in is faoin tuaith ata/ an pobal is foistini/ agus measaim go bhfuil an tSeamair Mhuire ag scri/bhneoir ar de phobal foistineach mar seo e/. Ach measaim freisin nach co/ir de mo leithe/idse arb i mBaile A/tha Cliath ata/ formho/r mo shaoil caite agam, Baile A/tha Cliath a fha/ga/il in a pha/ipe/ar ba/n. Ta/ go leor ra/ite faoi comh- thiono/l agam. Is iomai/ cleas, cleasa gra/nna, cuid acu, a chaithfeas duine a chur in a shui/ le e/ fe/in a chosaint ar stocaireacht. Roimh an Nollaig chaith fear as Ros a Mhi/l coici/s ag tabhairt ollamh orm! Ba e/ a chri/och go ndeacha me/ ar an o/l. Se/ an chaoi is dual don scri/bhn- eoir a bheith in a dhi/seartach arb iad ballai/ a dhi/sirt an comhthiono/l ar di/obh e/. Ta/ se/ ra/ite faoi u/rsce/alta mo/ra an tsaoil a caitheadh gur thuig a gcuid u/dar go raibh ord bunaithe ar a gcu/l, eagar ar fhe/ad se/ a thabhairt de bhreith air gur rud maith no/ gur rud dona a bhi/ ann, ach gur rud e/ a bhi/ ann ar aon no/s. Ni/ staid sheasta mar sin ata/ inniu ann, staid a bhfe/adfadh an scri/bhneoir glaca le/i no/ cur in a haghaidh. Is gotha sealadach ata/ ar chuile sho/rt fiu/ marthainn an duine fe/in. Ta/ chuile rud e/iginnte, ar bi/s, mar go mba cinniu/nach teagmhaiseach a bheadh se/ agus gan e/ ar acmhainn an duine aonraic tada a dhe/anamh in a thimpeall, Mar sin fe/in bi/onn caitheamh mo/r i ndiaidh cinea/l eici/nt buaineadais ag an duine. Seo e/ faoi deara do na hu/rsce/alaithe comhthathu/ a chur san u/rsce/al nach bhfuil sa saol. A la/n dha/ bhfuil dha/ chuma is mar le/iriu/ e/ ar an gcaidreanh daonna, na daoine ar sca/th a che/ile i saol malairteach guaisiu/il. Ni/l saol na hE/ireann saor o/n imni/ sin, ach oiread. Ni/ fhe/adfadh aon scri/bhneoir su/lacht ar bith buaineadais ar an bpobal na/ ar an saol ar do/igh do/ibh a bheith ag tra/cht orthu. Is di/ol suntais ar an gcaoi seo gur i reilig ata/ Cre/ na Cille. Ni/l rud ar bith is buaine na/ reilig ach gurb e/ buaine na neamhbheatha e/. Ma/ fhiafrai/onn duine dhi/omsa ce/ an chaoi ar thosaigh me/ ag scri/bhneoireacht ni/ fe/idir liom a ra/ go fi/rinneach. B'fhe/idir gur de thimpiste e/. Rinne me/ na hiarrachtai/ leanbai/ a ni/os a la/n eile nach seadai/onn an scri/bhneoireacht ni/os faide. Ursce/al a scri/obh in aois mo sheacht mbliana de/ag, pi/osai/ Be/arla a scri/obh sa bPoblacht agus in a/iteachai/ eile faoi ainm chleite agus faoi ainmneachai/ bre/ige. Dre/acht Be/arla, aithris ar an Tale of a Tub le Swift, ag fono/id faoi chinnire a/itiu/il d'O/glaigh na hE/ireann, dre/acht ar cheisnigh na bleachtailri/ ar tharla do/ibh an teach a chuartu/ agam go bog agus go crua me/ faoi. Mo che/ad ghearrsce/al: maidin shamhra le mainneachan tar e/is a theacht isteach dhom o/ dhamhsa a scri/obh me/ e/ te bruite in aon iarracht amha/in. Ni/l a fhios agam a raibh aon o/l de/anta agam. Ma/ bhi/ is cinnte go mba poiti/n e/. Ni/ i bhfad uaim a chonaic me/ an t-a/bhar. Faoi mhada an chomharsa bhe/al dorais e/, duine nach mbi/nn scaiti/ ro- bhui/och dhe. Deir Cri/osto/ir Mac Aonasa go bhfuil chuile rud dha/r scri/obh me/ o/ shoin ann. Taca an am che/anna thosaigh me/ ag aistriu/ don Ghu/m agus d'aistrigh me/ drama do Thaibhdhearc na Gaillimhe, rud a thug litir o/ Liam O/ Briain chugam. Chuir abairt amha/in inti cluaisi/ni/ croi/ orm : `ni/l do chomh-mhaith de scri/bhneoir i gConnachta, a Mha/irti/n'. Bhi/ Pa/draig O/ Conaire ba/saithe ach mheas mise go mb'iontach an scri/bhneoir e/ an Beirneach, duine a le/inn go hamplu/ch agus a le/im fo/s. Duine eile a raibh an-to/ir agam air an tra/th sin Mi/chea/l Breathnach, scri/bhneoir ar b'as mo phara/iste fe/in e/. Le/igh me/ go leor freisin le Pa/draig O/ Conaire agus le Pa/draig O/g O/ Conaire agus bhi/ me/ ag tosu/ ar mhuintir Ghrianna. Le/igh me/ Shakespeare o/ thu/s go deire. Chum me/ drama chu/ig mhi/r ag aithris air ta/ me/ cinnte agus drama faoi U/na Bha/n Nic Dhiarmada Rua a thug me/ don Taibh- dhearc, agus ar mhaith an aghaidh air gur heiti/odh e/. Scri/obh me/ drama fada eile a bhi/ le le/iriu/ san a/it, marach gur imigh cuid de na daoine a bhi/ ceaptha le bheith pa/irteach ann go Sasana. Ni/ dhearna me/ ach iarracht amha/in eile, an ceann a leigheas ar an dramai/ocht me/. Scri/obh me/ drama sa gcampa ge/ibhinn. Thug me/ don Mhainistir e/ in a dhiaidh sin, moladh agus heiti/odh e/. B'fhe/idir go mbainfeadh daoine meabhair eici/nt as mo chuid leabhar, ach ni/ thuigfidi/s go deo ar arda/n mo chuid cainte! Go di/reach agus an scri/bhneoireacht caite as mo cheann agam tharla rud beag eile a thug ogach dhom in athuair. Thosaigh caili/n ag iarra orm cu/namh a thabhairt di. Thugadh si/ pi/nneachai/ airgid dhom corruair nuair a d'e/iri/odh an t-uisce gann amach i meirbheadas an tsamhra. Bhi/ si/ ag dul ag an Ollscoil agus thug an t-Ollamh Be/arla aiste dho/ibh. Ni/ aiste a scri/obh mise in a hainm fe/in ach gearrsce/al. Bhi/ iontas ar an ollamh agus a/thas is cosu/il. D'iarr se/ uirthi an sce/al a aistriu/ go Gaeilge agus e/ athscri/obh mar dhrama agus go le/ireofai/ sa Taibhdhearc e/. Si/lim gur le/iri/odh ach ni/l me/ dearfa. Foilsi/odh freisin in a/it eici/nt e/, ach ni/ fhaca me/ e/. Faoi seo bhi/ m'ansho/ fe/in ormsa agus bo/thairi/ na hE/ireann ro/m amach. Bhi/ mo shagart para/iste agus easpag na Gaillimhe i ndiaidh me/ a bhrise as an scoil a raibh me/ ag mu/na inti. Ni/ faoi sin ata/ aon fhaltanas agam don sagart siu/d ach fhobair dho/ me/ a ghra/iniu/ ar an scri/bhneoireacht go deo si/lim. Gaeilgeoir brea/ a bhi/ ann ach niamh- ghlanto/ir, purist, a sha/ro/dh Henebry fe/in. Chaith se/ a shaol ag ceartu/ Gaeilgeoiri/ a phara/iste fe/in. Ni/l seachtain ar bith nach dteagadh se/ isteach sa scoil agus leabhar Gaeilge eici/nt aige, mar- ca/ilte le peann luai/ dearg, leabhar le Toma/s O/ Ma/ille, no/ Colm O/ Gaora, no/ duine eici/nt eile, de mhuintir na Gaillimhe go ha/irid, a bhi/ in ainm's scoth na Gaeilge a bheith aige. Chaitheadh se/ an chuid eile den la/ ag dul thri/othu o/ dhearmad go dearmad. Dha/ scri/obhainn fe/in rud ar bith in a/it ar bith thugadh se/ isteach e/ le sciu/ra na seanchuinneoige a thabhairt dhom ar an gco/ir che/anna. O/ am go che/ile thosai/odh se/ ag cur strainceannai/ le/anmhar air fe/in: `Is trua! Is trua! An Ghaeilge a bheith dha/ milliu/ mar sin! Ta/ me/ cra/iti/, cra/iti/, cra/iti/! Pian ata/ thuas i mo tho/in! Pian thuas i mo tho/in! Piles! Piles! An raibh siad ortsa ariamh? . . . ' I mBaile A/tha Cliath bhi/ aithne agam ar chupla duine a bhi/ ag scri/obh Gaeilge, go ha/irid Toma/s Baire/ad a bhi/odh ag tuine liom, no/ go dte/inn ag scri/obh me/ fe/in. Ni/ raibh aon obair sheasta agam agus tada eile a bheith le de/anamh agam. Ach bhi/ me/ mi/sha/sta ar fad. An obair a chonaic me/ de/anta ag daoine eile ni/ raibh goir ar bith agamsa i/ a dhe/anamh. La/ amha/in fuair me/ seancho/ip d'irisleabhar Fraincise ar phi/nn si/lim i siopa leabhar i sra/id Aungier i mBaile A/tha Cliath, rud a bhi/ in a oscailt su/l domsa cho mo/r is a tharla don Naomh Po/l ar bho/thar Damascus! Casadh aistriu/ Fraincise liom inti ar sce/al le Maxim Gorky: la/ buana imeasc Casacai/ an Don. Gheit me/ suas den leaba a raibh me/ si/nte uirthi dha/ le/amh. Ni/or le/igh me/ a leithe/id roimhe sin. Tuige na/r inis duine ar bith dhom go raibh sce/alta mar seo ann? `Bheinnse i n-ann e/ sin a scri/obh', arsa mise liom fe/in. `Sin obair a ni/os mo mhuintir-sa ach gur malairt ainmneachai/ ata/ orthu'. Tha/inig mar bheadh cinea/l ocrais orm, ocras ba do-fhuilingithe go - mo/r na/ an cinea/l a bhi/odh i mo bholg scaiti/. Thosaigh Cois Fharraige o/ bhreaclach go carraig mhaol, go caola/ire, go srutha/n, go loch, go sliabh, go haghaidh fir, mna/ agus linbh, dha/ cruthu/ fe/in thiar ar chu/la m'fhorai/ du/inte. Bhi/ an t-irisleabhar sin i mo pho/ca agus ba bheag eile a bhi/ ann an la/ ar gabhadh me/. Chaith me/ ionann's chu/ig bhliana idir tri/ no/ ceathair de phri/osu/in ach ba sa gcampa ge/ibhinn ar Churrach Chill Dara a chaith me/ an chuid is mo/ dhe. Ni/ mian liom mo/ra/n a ra/ faoi sin, ce/ go mbaineann se/ le mo sce/al. Fuair me/ an oiread eolais ar an duine is dha/ mbeinn ce/ad bliain ar an saol. Ta/ eolas ar an duine, ar an saol, riachtanach don scri/bhneoir. Bhi/odh Hemingway, cuir i gca/s, i gco/nai/ ag iarra tuille eolais mar sin. Ba shin e/ an fa/th a ndeacha se/ in a tharbhado/ir agus in a fhiagai/ beithi/gh mho/ra san Aifrice. Ni/ shin e/ an fa/th a ndeacha mise i bpri/osu/n. Ni/ shin e/ an fa/th a ndearna me/ roinnt mhaith siu/lo/ide, na/ a raibh me/ cupla gea/bh ag obair i Sasana, na/ ag obair ar an mo/in i bPa/irc an Fhionnuisce, na/ ag obair ar thithe ag Cros an Araldaigh, ach gur briseadh as an obair dheire seo me/ i ndiaidh tri/ la/! Is sna/th ar fad iad don scri/bhneoir le tochras ar cheirtli/n a chuid a/bhair. Rinne me/ a la/n oibre sa gcampa ge/ibhinn, ainneoin cho corrach is bhi/ an saol. Ta/ me/ i n-ann roinnt teangachai/ a le/amh agus leas a bhaint astu ma/ chaithim. Ni/ cheapaim gurb sheo rud ta/bhachtach don scri/bhneoir. Len a theanga fe/in ata/ air a dhu/racht a chaitheamh. Beidh an Be/arla aige ar aon chor. Mhu/in gearrsce/alta a le/igh me/ sa nGearma/inis agus san Ioda/ilis rudai/ faoin ngearrsce/al dhom a bhi/ ag Chekov, no/ ag daoine eile b'fhe/idir, ach na/r le/igh me/ sa/ch grinn iad. Is maith an rud ar aon chor gan a bheith i dtuilleamai/ an Bhe/arla, fiu/ ma/ ta/ aistriu/ ar chuile sho/rt ar fo/namh faoin domhan ann. Le/igh me/ an domhanai/ocht na blianta sin a raibh me/ i nge/ibheann. Ach ni/ raibh an a/it co/iriu/il do scri/bhneoireacht. Bhi/ me/ i mbun pa/ipe/ar a bhi/ ag na ge/ibheannaigh Barbed Wire ar feadh tamaill agus scri/obh- ainn idir Ghaeilge agus Bhe/arla ann. Rinne me/ roinnt scri/bhneoire- acht thairis, dha/ u/rsce/al a d'imigh ar throigh gan tuairisc agus nach mo/ra/n bris sin. Mhu/in siad dhom leis an gcinea/l comhra/ agus modh scri/bhneoireacht a chuir me/ in a dhiaidh sin i gCre/ na Cille agus in Athnuachan a scri/obh. Scri/obh me/ roinnt mhaith fili/ocht ach ta/ si/ sin imithe freisin. Bhi/nn ag cuma amhra/in ariamh go mo/r mo/r faoi eachtrai/ i saol na n-a/iteachai/ a mbi/nn ag obair. Ba iad an cinea/l iad a gcuireadh muintir na Gaeltacht suim iontu. D'aistrigh me/ sa gcampa ge/ibhinn cuid mhaith amhra/n ar no/s an Red Flag agus an Internationale, ceann a mbi/odh Brendan Behan ag casa an leagan sin dhe, go dti/ la/ a bha/is. D'aistrigh me/ go leor amhra/n a raibh suim ag na ge/ibheannaigh iontu, ar no/s The Shawl of Galway Grey, Moonlight in Mayo, The Boys of Kilmichael, agus mar sin. Taca na Nollag i gco/nai/ bhi/nn an-chruo/gach ag cuma ceathru/nai/ no/ da/nta le cur ar na ca/rtai/ Nollag a ni/odh muid fe/in. Scri/obh me/ roinnt gearrsce/alta a ndeacha cuid acu amu/ agus tuille acu ata/ gan foilsiu/. Cuimhni/m go ha/irid ar `An mBo/thar go dti/ an Ghealchathair' a scri/obh me/ i gcu/inne cu/lra/ideach de phroinnteach cupla la/ brea/ a raibh na buachailli/ ar fad thi/os sa bpa/irc ag de/anamh bolg le gre/in ba chu/itiu/ eici/nt do na boilg sheanga che/anna. Ba e/ an che/ad sce/al ariamh e/ ar chaith me/ iomla/n mo dhu/racht leis, ce/ gur chaith me/ du/racht go leor leis `An Taoille Tuile' a scri/obh me/ sa nge/ibheann freisin. Mhu/in `An Bo/thar go dti an Ghealchathair' dhom na/r mho/r do dhuine du/racht as compa/s a chaitheamh le saothar. Ba shin iad na laethantai/ dha/iri/re ar thosaigh me/ ag scri/obh. Is cuinhneach liom an stro/bh a bhi/ me/ a chur ar m'intinn agus an fiucha a bhi/ inti agus me/ dha/ scri/obh sin. Ni/ a/thas ach drugall a bhi/ orm an la/ ar saoradh as an gcampa ge/ibhinn me/. Ni/ mo/ra/n ni/ b'fhearr na/ mo chulaith Martin Henry fe/in a bhi/ an t-e/adach coga a bhi/ i Sra/id Ui/ Chonaill, ach bhi/ mise agus mo chuid aislingi/ uilig in a smidiri/ni/ amuigh i saol coimhthi/och ar fad, saol nach raibh me/ i n-ann a bharrai/ocht. Ni/ scri/bhneoireacht is mo/ a bhi/ ag cur imni/ orm go ceann cupla bliain ari/st ach sli/ bheatha eici/nt a fha/il. Bhi/ mo leithe/idi/ faoi their: i leaba dhu/inn a bheith ag cosaint na ti/re adeirti/ ba e/ard a d'fhe/ach muid a dhe/anamh i/ a thabhairt isteach sa gcoga. Ghlac an Gu/m leabhar eile uaim ach ni/ rae ni/ tho/igfidi/s `An Stralnse/ara' ata/ i gCois Caola/ire na/ cupla sce/al eile. Bhi/ na scri/bhneoiri/ Gaeilge as e/adan i n-aghaidh an Ghu/im. Du/irt me/ in a/it eile go mba gheall a dhul as a chomhair le bheith i do choirpeach i la/thair Cu/istiu/in no/ Inquisition. An t-aon rud amha/in a scri/obh me/ nach raibh a ana/il ghabhair aniar i mo dhiaidh ba i/ An tSraith ar La/r i/. Bhi/ an chuid ba mho/ d'oifigigh an Ghu/im mo/r liom. Ach chuile sheans gur daoine gnai/u/il in a gcroi/ agus in a n-anam istigh na daoine a dhaor Pasternak. Ba i/ an bhreith che/anna sin a bhi/ Aire Oideachais a thabhairt orm fe/in nuair adu/irt se/ faoi Chre/ na Cille nach bhfoilseodh se/ ga/irsiu/lacht Ui/ Chadhain. Fainic nach bhfuil an Gu/m ag cur a cheann talpa ani/os as an talamh ari/st. Ta/ na pi/nn luai/ dearg cruo/gach na laethantai/ seo ag scrios amach fili/ocht Pheadair Ui/ Dhoirni/n. Is crann smala e/ an Gu/m. Chaith mise neart ama freisin arb ag scri/obh ba cho/ir dhom a bheith ag iarra e/ a dhi/la/thairiu/, rud a d'e/irigh linn a dhe/anamh sa deire, ainneoin nach go hiomla/n sin. Ba mhaith liom an me/id seo a ardre/im a bhi/ aige cheana agus is e/ a bhara sin ata/ faoi, sin deire go bra/ch le litri/ocht na Gaeilge. Ma/ chreideann sibh gur cho/naigh na/ go gco/no/ dionno/id ar bith den eicimiu/ineachas ar an nGu/m is mo/r de bhur gcloigeann ata/ falamh. Ba tar e/is na gcupla bliain sin i ndiaidh me/ a shaora a scri/obh me/ Cre/ na Cille agus u/rsce/al eile Athnuachan a ghno/thaigh Duais an Chlub Leabhar. Bhi/ muini/n agam ag tabhairt faoi Chre/ na Cille dhom go raibh me/ i n-ann u/rsce/al ni/ b'fhearr a scri/obh na/ mar bhi/ sa nGaeilge go dti/ sin. B'ogach dhom an chomhairle a bhi/ ar chla/r chomo/rtais an Oireachtais, gur cho/ir do na scri/bhneoiri/ a/bhair nua agus modhannai/ nua sce/alai/ocht a tharraingt chucu. Nuair a fuair an tOireachtas an nuai/ocht ni/ ro-ghafach le/i a bhi/ cuid acu. Chua me/ isteach in Oifig Aistriu/cha/in an Rialtais. D'fhoghlaim me/ cuid maith i dtaobh aistriu/cha/in ansin. Ba ar e/igin a thug me/ an eang liom gan me/ a bheith briste de bharr cu/rsai/ scri/bhneoireacht freisin, an colu/n seachtainiu/il a bhi/nn ag scri/obh ar feadh na mblianta don Irish Times. Ba taca an am ar scri/obh me/ Cre/ na Cille a chuir me/ aithne ar Shea/n Sairse/al O/ hE/igeartaigh. Bhi/ aithne agam ar a bhean Bri/d agus a muintir le fada roimhe sin. Bhi/ cloiste agam o/ dhaoine ceannasach in O/glaigh na hE/ireann nuair a d'e/ireodh li/nn an ti/r a bheith fu/inn fe/in againn go raibh P. S. O/ hE/igeartaigh, athair Shea/in, ar na daoine a chaithfeadh muid a ghabha/il, mar gur ghuais don re/abhlo/id cead a choise a bheith aige! Is cosu/il go raibh pri/osu/in le bheith againne freisin! Ta/ me/ cinnte go n-e/ireoinn as an scri/bhneoire- acht, as scri/bhneoireacht na Gaeilge ar aon chor, marach Sea/n O/ hE/igeartaigh. Na/ ni/ bheinn istigh ar Dhuais an Bhuitle/araigh marach e/. Ba e/ a thug sce/ala na Duaise isteach chugam sa Mater i mBaile A/tha Cliath. Theagadh se/ isteach chugam gea/bh chuile thra/th- no/na ag ceartu/ profai/ de scri/bhinn liom ar nua-litri/ocht na Gaeilge agus profai/ den tSraith ar La/r, no/ ag caint anois agus ari/st ar an mbeartu/ a bhi/ se/ a dhe/anamh faoi chomhair na haimsire seo ro/inn. Bhi/ se/ istigh an la/ ar bha/saigh se/, ach rud ab annamh leis ba ag an do/ a tha/inig se/ isteach an la/ sin. - Ni/ raibh ri/me/ad ar bith agam fe/in as An tSraith ar La/r le hais mar ta/ agam as saothar fada eile a bhfuil Barbed Wire tugtha go sealadach agam air. Is do/igh liom gurb e/ an giota scri/bhneoireacht e/ is fearr a rinne me/. Ta/ leabhar eile An tSraith dha/ To/ga/il ag Sa/irse/al agus Dill. Den tri/u/ `sraith' An tSraith To/igthe ta/ cupla sce/al faoin a chomhair scri/ofa cheana fe/in. Ni/ a/ibhe/il ar bith ata/ me/ a dhe/anamh ma/ dheirim gur mo/ go fada an scri/bhneoireacht neamhfhoilsithe ata/ agam na/ an chuid fhoilsithe. Uirthi sin ta/ leabhar Be/arla a raibh m'u/dar fe/in agam i/ a scri/obh. Ta/ go leor meanmnai/ scri/bhneoireacht ag teacht dhom i gco/nai/, pa/ipe/ir bha/na ar mian leo a bheith in a bpa/ipe/ir bhreaca. Ach ni/ fhaigheann aon duine le/as ar a shaol . . . Ta/ tugtha faoi deara go scri/obhaim anois faoi a/bhair as an mBi/obla. Is e/ an leabhar is mo/ a bhfuil eolas air e/ sa domhan agus ta/ an t-a/bhar i gco/nai/ nua. Ach faoi seo a bhi/ me/: fear a tha/inig go dti/ me/ agus adu/irt liom go raibh iomraill aimsire no/ anachronisms i `gCire/ib'. Le/igh me/ leabhara staire agus mi/niu/cha/in faoi chomhair na sce/alta seo a scri/obh. Ach thiocfadh d'iomrall a bheith iontu. O/s i/omha/in- eachas iad ni/ raibh me/ faoi chuing coinnea/il go dlu/th leis an mBi/obla. Chonaic me/ pintea/la in a la/n ti/reannai/. Is Ioda/laigh Muiri/ agus Iosai/ Bhotticelli. Chonaic me/ sa gCremlin i Mosco/, Muire Mha/thair Vladimir, an t-i/ocan iomra/iteach a thug na Ru/isigh amach si/lim sa mbrise agus na Gearma/naigh sa gCoga Deire ag bearnu/ thri/othu ag Smolensk. Is Ru/iseach i/ an Mhuire si/n fearacht mar is Connachtaigh ata/ ar dhoras iarthair Chluan Fearta. Ta/ baint aige seo freisin len ar dhu/irt me/ faoi bheith ag scri/obh dhom faoi Bhaile A/tha Cliath. Ag scri/obh faoi mhalairt tre/imhse ata/ me/ sna sce/alta Bi/oblach. Creidim gur fusa scri/obh faoi thre/imhse ata/ sa/ch fada siar na/ faoin nglu/in sul ar rugadh muid cuir i gca/s, in a/r dti/r fe/in. Cuimhneo sibh uilig ar shamplai/: u/rsce/alai/ Po/lainneach ag scri/obh faoi thu/s na Cri/ostai/ocht sa Ro/imh, no/ Walter Scott ag cuma u/rsce/il faoi na Crosa/idi/ sa Ti/r Naofa. Is mo/ an tsrian ata/ orainn faoin a/r linn fe/in. Ta/ an domhan inniu agus b'fhe/idir an t-am fe/in laghadaithe giorraithe ag taisteal. Is fusa do na scanna/in agus don telefi/s le/iriu/ a dhe/anamh don tsu/il ar e/adaigh, ti/reannai/, gna/san- nai/ cuidea/in, na/ don sce/alai/ le focla. Is eolach chuile dhuine inniu ach an nod a fha/il. Ni/ hionann agus Dickens, Balzac no/ Tolstoy e/, ni/ bhaineann an sce/alai/ inniu ach le dlu/th agus inneach a sce/il. Agus ma/s eolach thu/ mar sce/alai/ tharlo/dh eachtrai/ cho hinchreidthe do do phearsana ag Kennedy, ag Orly, no/ ag Aerfort Mhosco/, le bheith do/ibh in Aerfort Bhaile A/tha Cliath. Ni/ ligtear do thaistealai/ thar a che/ile ni/os mo/ d'aon aerfort a fheicea/il. Si/lim go bhfuil se/ cho furasta ce/anna taisteal siar san aimsir. Meabharai/onn seo dhom gur dhu/irt Cri/osto/ir Mac Aonasa faoin tSraith ar La/r nach raibh mo shu/ile ro-mhaith. Rud is fi/or go tur. Du/irt le/irmheasto/ir eile nach n-aithneodh se/ mo chuid daoine no/ go labhaireann siad. Seoraithe u/rsce/alta an 19u/ agus an 18u/ ce/ad a spreag a leithe/id sin de thuairim. An rud is ta/bhachtai/ anois sa litri/ocht ar fad, an intinn a le/iriu/, e nach fe/idir an camera a dhi/riu/ uirthi. Caint dhi/lis an duine nach mo/r. Is acmhainni/ i bhfad caint chuige sin na/ ag tabhairt seoraithe faoin a chuid e/adaigh, a ghne/ chraicinn, a theanga, trosca/n a thi/ no/ trosca/n an arda/in, na ti/re, na/ na no/s ata/ faoi gcuairt . Ma/s sce/al stairiu/il e/, inseo an stair dhuit ce/ard a rinne pearsana do sce/il agus cuideo an aigneolai/ocht, an tsi/ceolai/ocht, cuid mhaith leat le tomhais ce/ard a thug do/ibh na rudai/ sin a dhe/anamh. Ni/ he/ an rud ata/ ar chraiceann an duine a bhfuil an ta/bhacht ann, na/ fiu/ an craiceann fe/in, ach an rud a bhfuil se/ ag siu/l timpeall leis istigh in a cheann. Is mo/ ata/ a fhios againn faoi re/alta Nimhe na/ faoin a bhfuil ar siu/l istigh faoin mblaoisc bheag sin le t'ais. Du/irt le/irmheasto/ir i dtaobh sce/al an chapaill sa tSraith gurb as ana/il Freud a tha/inig se/. B'fhe/idir e/, ach ni/l me/ fe/in cinnte. Le/igh me/ go leor le Freud. Is faide m'eolas air na/ ar Chekov, cuir i gca/s .Ar chuile bhealach is taith- neamhai/ machnamh dhuine de bharr Yung na/ de bharr Freud. Ta/ a fhios ag ca/ch gurb iad bunchlo/nnai/ no/ architypes Yung is cionnt- siocair le go leor den a/bhar ata/ i bhFinnegan's Wake. Ar aon chor ni/ cosu/il gurb i/ an taithneamhu/lacht an tre/ith is treise sa saol ata/ ann anois. Ni/ bheadh Yung ar bith ann, na/ si/c-eolai/ocht an lae inniu, no/ ni/ mar ta/ a bheidi/s, d'uireasa Freud. Ta/ se/ thar e/is a dhul i gcion ni/ he/ amha/in ar litri/ocht, ach ar an ealai/n agus an eolai/ocht i gcoitinne, antrapeolai/ocht Mhargaret Mead mar shampla. Ar e/igin ata/ duine ag scri/obh inniu gan an ana/il Freudach a bheith ag e/iriu/ go te as a chuid cainte. B'iontach go bhfe/adfadh bla/thannai/ cho ha/lainn fa/s ani/os as carn aoiligh ade/arfas duine liom, as le/ann bre/ige, as bre/aga dalba, as gu/-eolai/ocht ade/arfas duine eile. Oiread ame/n den fhi/rinne ni/l mise a dhearbhu/ a bheith ag Freud. Du/irt duine eici/nt i dtaobh fi/rinne na heolai/ocht gurb i/ an teoiric is inchreidthe, the most plausible theory, i/. Ni/ mo/ide go bhfuil a dhath dha/r dhu/irt Freud ceart, na/ fiu/ ionchosanta i gcu/rsai/ eolai/ocht, ach is iontach an leasu/, an t-aoileach b'fhe/idir ab fhearr libh a ra/, don i/omha/ineachas i/, le cupla glu/in anois. Ta/ a fhios agam gur mainneachtan ama agus easpa fiosracht intleachtu/il ar lucht scri/ofa na Gaeilge nach le/ir Freud in a/it ar bith inti. An t-iontas is mo/ a bheadh ar dhuine go bhfe/adfai/ e/ a sheachaint. Ma/ ta/ rud ar bith thar a che/ile uireasach ar chumado/ir- eacht sa nGaeilge, si/ an aigneolai/ocht i/. Is iontach an feabhas ata/ ar an gcaoi seo i bPa/draig O/ Conaire thara's aon nua-dhe/antu/s. Ma/ chua duine ar bith i gcion ar sce/al u/d an chapaill ba e/ Teilhard de Chardin e/ si/lim. Ni/ i ngeall ar gur faisean e/ De Chardin faoi la/thair ata/ me/ tar e/is e/ a le/amh. Is do/igh gur le/igh sibh an i/de ata/ tugtha air ag Jacques Maritain, an Toma/sach, a raibh suim mho/r agam ann roimhe seo. Ma/ ta/ fi/rinne le baint as an eolai/ocht na/ as an bhfealsu/nacht, is do/igh do Mharitain e/ a bhaint amach na/ do Teilhard. Ni/l aon scil agam sna cu/rsai/ seo ach chi/tear dhom dha/ dteangmho/dh go mbeadh aon fhi/rinne in a chuid ple/idea/la ag De Chardin gur thimpiste e/. Ni/ mheasaim gur spreag Maritain aon duine ariamh, aon scri/bhneoir ar aon no/s, ni/ hionann is De Chardin. Is fili/ocht ata/ aige, u/ire, oirearcas, drai/ocht na fili/ocht, agus ni/ fi/rinne u/dara/sach. Is e/ Teilhard de Chardin oidhre Freud agus a mhacasa- mhail eile. Le/igh me/ faoi fhealsu/nacht Eiseach, no/ Existentialisme Jean Paul Sartre agus go leor dha/ chuid scri/bhneoireacht, idir ghearrsce/alta, u/rsce/alta agus dramai/. Thaithnigh se/ liom ach ni/or facthas dhom go raibh se/ thri/ lasa mar bhi/ Stendhal cuir i gca/s, no/ Kafka, no/ na Ru/isigh mo/ra. Ni/or fha/ga se/ mo/ra/n i m'intinn, mara i ngan fhios dhom e/. Is do/igh ma/ the/ann rud i gcion ar dhuine go bhfanann a lorg in a intinn, uaireantai/ i ngan fhios do/, b'fhe/idir. Is di/ol faiti/s liom e/ seo, faiti/os go ha/irid go mbeinn ag scri/obh na rudai/ ce/anna ar ais ari/st i ngan fhios dom fe/in. Arae ma/ cheapann duine uair ar bith dha/ shaol go mbeidh rud sa/ch maith le scri/obh is ionann sin is go ndeacha se/ i gcion air, rud a d'fha/gfadh go bhfanfadh se/ in a intinn, i ngan fhios do/, o/ tharla nach mbeadh se/ ag iarra e/ a scri/obh in athuair. Le e/ seo a sheachaint fe/achaim le bheith ag coinnea/il si/oreolas curtha ar an saol agus le ilchinea/lachai/ le/itheoireacht, mar ta/ orm rudai/ seachas litri/ocht a mhu/na. Ni/ mo/ide gur fe/idir e/ a sheachaint mar seo ach an oiread. Ma/s fi/or rudai/ a/irid adu/radh fu/m is mar seo a d'fhan siad i ngan fhios i m'intinn. Du/radh faoi Chre/ na Cille gur sce/al le Dostoevski a mheabharaigh dhom i/. Ni/l me/ cinnte ar le/igh me/ sce/al sin Dostoevski na/ gearrsce/al ar bith leis roimh Chre/ na Cille a scri/obh. Le/igh me/ an ceann a/irid sin, nuair a cuireadh an rud seo i mo leith. Is beag cosu/lacht dha/iri/re ata/ ag Cre/ na Cille le sce/al an Ru/isigh, an oiread ce/anna b'fhe/idir is ata/ ag te/ama an ghra/, an gra/ tur fe/in, o/ u/rsce/al go hu/rsce/al den me/id u/rsce/alta a bhfuil an gra/ iontu. Chloisinn mo chomharsanai/ ag caint: `an bhfuil a fhios agaibh anois ce/ard de/arfas Willy Beag thiar sa reilig nuair a chuirfeas siad fo/d ar Mhaidhc thiar len a ais?' No/: `go sa/bha/la Dia sinn ma/ ta/ fe/ith bheo ar bith i gCite Fhada thiar san uaigh gheobha an caili/n seo siar an teanga'. Chonaic me/ an rud a mheabharaigh na cainteannai/ seo ar fad dhom as an nua. Ta/ roinnt reiligeachai/ i gCois Fharraige agus thiocfadh dho/ tarlu/ i gcuid acu. San am ar ligeadh as an gcampa ge/ibhinn me/ bhi/ me/ sa mbaile an geimhre sin. Fuair bean chomharsan liom ba/s amach ar ghearro/gai/ dubha na Nollag. Bhi/ di/le bha/isti/ ann agus breac-shneachta thri/thi/, sa gcaoi na/rbh bhfe/idir an uaigh a dhe/anamh go dti/ an la/ a raibh si/ dha/ cur. Chua cu/igear no/ seisear againn dha/ de/anamh le deifriu/ le/i. Chart muid dha/ uaigh ach ni/orbh iad na conrai/ cearta a fuair muid iontu. Cuireadh fios ar mhapa na n-uaigheannai/ ach bhi/ an mapa cosu/il le gasu/r ag de/anamh sui- meannai/ leis an tlu/ i luaith an teallaigh. Bhi/ se/ siar sa la/ agus ba ghearr go mbeadh an tsochraide ar fa/il. Du/irt muid go gcartfadh muid uaigh eile agus gurb shin e/ an me/id. Ag dul abhaile dhu/inn du/irt duine de mo chomharsanai/: `an bhfuil a fhios agaibh ca/r fha/ga muid tea/ltaithe sa deire i/, anuas', adu/irt se/ ar dhuine a dtiu/rfa mise Micil Rua air. `O/'. adu/irt ceann eile, `o/ bho/ go deo nach ann a bheas an ``grammar".' Ma/ ta/ i nda/n's go raibh sce/al Dostoevski cuisnithe i n-a/it eici/nt i m'intinn, b'fhe/idir gur mhu/scail rudai/ mar sin chun beatha e/. Du/radh rudai/ eile a bhi/ gan to/in gan cheann. San am ar tha/inig Cre/ na Cille amach an che/ad uair agus ari/st le goirid du/radh gurb as an Spoon River Anthology a fuair me/ i/. Ni/ fhaca me/ an Spoon River Anthology i/ a/iri/m i/ a le/amh. De bharr an rud sin a bheith athphle/ite i gComhar le goirid tuigim anois go bhfuil tuambai/ sa duanaire sin agus tuairisci/ faoi shaol na ndaoine ata/ fu/thu sin scri/ofa ar na tuambai/. Du/radh freisin gurb ag aithris ar bheirt Mheireaca/nach eile a bhi/ me/, John Dos Passos agus Thomas Woulfe. Ni/or le/igh me/ smid le ceachtar acu ariamh. Joycean galoot a thug fear an bhus orm. Caithfe me/ a ra/ gur thuirsigh me/ cho mo/r de chuid de na ho/rai/di/ i Ulysses agus a dhe/anaim d'o/ra/idi/ i ndramai/ Shaw, no/ de na dre/achtai/ ada fealsu/nta i gCoga agus i Siocha/in (War and Peace) Tolstoy. Maidi/r le retoric Finnegan's Wake ni/ mo/r e/ a le/amh go grinn agus e/ a sheadu/ le bri/ ar bith a bhaint as. Nuair a casadh `Simple Lesson' sa tSraith ar La/r ar iriseoir a/irid i mBaile A/tha Cliath thosaigh se/ ag me/ileach ar no/s uan caorach an la/ a gcoiscfi/ dha/ mha/thair e/. Measaim go bhfe/adfainn saothar mar Finnegan's Wake a scri/obh. Bhainfeadh se/ an-fhada de dhuine cupla leathanach fe/in a chur i dtoll a che/ile. Is cumado/ireacht e/ ach ni/ shi/lim go bhfe/adfai/ scri/bhneoireacht a thabhairt air, ach sa me/id gur leis an ngna/thaibi/tir a chuirtear ar fa/il e/. Ach ta/ se/ fo/inteach arae seachnai/onn duine, le leas a bhaint as, bobghaisti/ cliu/mhillte. Chuir dre/acht retoric mar sin deire go deo le iris liteartha Ghaeilge ar a ce/ad uimhir. Ceapadh coiste i Roinn den Rialtas le u/dar an retoric a chur le bonn, le go mbronnfai/ Suaithean- tas na Roinne air. Ta/ a/it eile ar casadh liom a la/n le/irmheas orm fe/in, i bpa/ipe/ir scru/du/cha/in. Ni/or dheacair cuid an mhic le/inn dhe a scaga o/n gcuid ba bhainne ci/che an teagaisc. Fuair me/ an leagan ceanam ce/anna seo ar fud foireann iomla/n mac lei/nn : `ni/ dhe/anfa Ma/irti/n O/ Cadhain scribhneoir mo/r go deo mar ta/ an iomarca i/oro/ine ann'. B'fhe/idir gur fi/or e/ seo ach is e/ an buille nach dtuigim e/. Dha/ mba cu/rsai/ iomarbha/ a bheadh i gceist bheadh se/ cho maith dhom a ra/ go gcreidim go bhfuil me/ marfach---du/nmharfach b'fhe/idir--i gceachtar den da/ theanga oifigiu/il. Ach ma/s i/ an i/oro/in seo irony an Bhe/arla agus is i/ de re/ir an Fhoclo/ra feicim e/ seo ra/ite ag Edmund Wilson faoi Joyce: `Dubliners was French in its objectivity, its sobriety and its irony . . .' agus e/ seo ag le/irmheasto/ir eile faoi litri/ocht na nGall- Ghael: `a politely despairing irony, has done so much to make Irish literature interesting. Irony is at the heart of the Irish consciousness . . . Irony is a complexity of consciousness rich in verbal and parti- culariy in dramatic potential'. (Sean Lucy, Irish Independent 15/2/69) Agus ta/ ra/ite faoi E. M. Forster: `His irony often saves him.' Ni/ beag sin dhe sin. Ta/ smaoine ro/ma/nsu/il ann agus ni/ ag an bpobal amha/in ata/ se/, gur scri/bhneoir o/ bhroinn e/ chuile scri/bhneoir. Na/ scri/obh mara gcaithe tu/ sin a dhe/anamh in aghaidh do chlaonta agus eile, adu/irt Frank O'Connor. Si/ an leathmha/sa eile den chomhairle che/anna fainic Jacques Maritain ar dhaoine a airi/os meanmna na healai/ne iontu fe/in: ar do bha/s na/ lig do bhua chun sile/ige, adu/irt se/. Dar ndo/igh ta/ ni/os mo/ na/ sin d'adhmad in a comhthe/acs le baint as caint Mharitain, se/ sin, go bhfuil dualgas ar an duine an bua fe/in nach bhfuil ann ach boga/n d'ubh amh, a oiliu/int, a thaithiu/, a fhoir- bhi/u/. Ni/ thagann duine ar bith in a scri/bneoir o/n mbroinn mar tha/inig Pallas Athene la/n-armtha as cloigeann Zeus. Is i/ oilithreacht do shaoil uilig, an t-aistear is faide sa domhan mar thug fear eile air, an si/orfheabhasu/ agus an si/orfhoirbhiu/ seo. Ta/ me/ cinnte an la/ a n-e/ireo scri/bhneoir sa/sta len a shaothar, no/ a gcreidfe se/ nach fe/idir nios mo/ feabhais a chur air, gurb shin e/ a la/ le/in. Ta/ drochfhaisean ag cuid de scri/bhneoiri/ na Gaeilge--is fui/oll e/ de ghalra an Ghu/im--an iomarca a scri/obh. Ta/ sce/al ag dul thart go gceanglai/odh Seosamh Mhac Grianna an uair sin a chois le sreanga/n de chois an bhoird le e/ a choinnea/il ag aistriu/, galra an Ghu/im go di/reach! Ni/ scri/bhneoir la/n-aimsire aoncheirde ceachtar againn. Cuireann se/ scanra orm duine a chloistea/il ag ra/ gur le haghaidh airgid ata/ se/ ag scri/obh. To/igimse an t-airgead freisin ach ta/ su/il agam go mbi/onn cion fir agus cion pinn de/anta agam len a shaotharu/. De/anfa me/ lomchla/r na fi/rinne : ta/ se/ ro-e/asca an t-airgead a shaotharu/. Saotharo/ an droch-scri/bhneoir i bhfad ni/os e/asca e/ na/ an scri/bhneoir maith. Is fusa i bhfad E/ireann a dhe/anfas an scri/bh- neoir antla/sach sile/igeach e/ na/ an duine coinsiasach cu/ramach. B'fhe/idir gur cuimhneach le cuid agaibh gur thug mise an tuargaint a arbh do leabhar a/irid tamall o/ shoin. Ni/l leisce/al ar bith le gabha/il agam faoi. Ni/ le/ifinn an leabhar beag na/ mo/r marach gur shi/l me/ gur ar mo chrann a bhi/, ar no/s Henebry fado/, `the purity of Irish prose composition' a chosaint. Bhi/ mo chiall fe/in agam. Chonaic me/ mo dho/thain den Ghu/m cheana, ni/ ag ceasacht ar Dhia e/, agus fuair me/ mo dho/thain dha/ anro/, le go mba mhaith liom leisce/al ar bith a fheicea/il dha/ thabh- airt do/ a theacht agus muid alpu/ ari/st. Is leath teanga dho/ a leithe/id sin a dhe/anamh rudai/ ata/ cuid a/irid de chairde na Gaeilge, mar dho/igh dhe, a ra/. Ce/ard ta/ le ra/ faoin gcinea/l sin scri/bhneoireacht adeirim, an le/irmheasto/ireacht. Deirtear gurb iad na tri/ rud nach fe/idir a mhu/na fonn, fe/ile agus fili/ocht. Ni/ fi/or ar fad nach fe/idir scri/bhneoireacht agus le/irmheasto/ireacht a mhu/na. Ach is fi/or an me/id seo si/lim: ni/l mo/ra/n maitheasa a bheith ag inseacht do scribhneoir na/ do le/irmhea- sto/ir, ce/ cho maith na/ cho dona is ta/ se/ no/ go mbeidh an oiread freacair de/anta aige ar a mheabhair fe/in is gur follasach do/ uaidh fe/in an chomhairle. B'fhearr gan le/irmheas ar bith scaiti/, ach cead a thabhairt do na le/itheoiri/ a roghain fe/in a dhe/anamh de re/ir sean- cho/ras an treibheachais: tongu do dhia tongas mo thuath! Mar sin a dhe/anfas siad ar aon chor. Mu/infe an sti/li/ocht ar cuid den teang- eolai/ocht faoi seo i/ rudai/ a/irid, go mo/r mo/r don le/irmheasto/ir. Foilseo si/ ce/ard du/irt daoine mar Aristotle, Benedetto Croce, Re/my de Gourmont, Roman Jakobson, no/ Rene/ Wellek faoin scri/bh- neoireacht. Ma/ mhaireann muid sa/ch fada, b'fhe/idir go mbeadh na holiscoileannai/ ce/im no/ dho/ ar aghaidh o/n i/oro/in agus iad ag inseacht dhu/inn ce/ mhe/ad uair an briathar is i milliu/n focal le Se/amas Mhac Grianna ar ghualainn milliu/n focal liom fe/in. Ach ni/ mhu/infe an sti/li/ocht dhuit le scri/obh. Dha/ mu/ineadh ni/ bheifea/ ach ag scri/obh pa/tru/in re/amhdhe/anta, obair ar fearr go mo/r ri/omhaire leis na/ thusa. An chomaoin is mo/ a chuirfeas saothar sa/ru/dair ort, ni/ inseacht ce/ mhe/ad briathar saor ata/ ai/ge e/, ach tine bheannaithe threifideacht a dhearga dhuit. Bhi/ su/il ag chuile dhuine againn nuair a bhaineamar amach a/r neamhsplea/chas ar an ngalla/n so/ibhe/adach, an Gu/m, go dtiocfadh rath eici/nt ar scri/bhneoireacht na Gaeilge. Ni/ she/anaim gur tha/inig = Ni/orbh fhe/idir le/i a bheith ni/ ba mheasa na/ bhi/ si/ an uair sin. Ach bi/odh muid di/reach: ni/l baol ar an oiread feabhais uirthi agus a bheadh duine ag su/il leis. Ni/ bheadh duine ag su/il agus an saol mar ata/ go n-aistreofai/ mo/ra/n den scri/bhneoireacht nua-aimsire Gaeilge- Mar sin fe/in is rud do-thuigthe e/ gur mo/ a bhi/ dha/ aistriu/ amhala aimsir Chonra na Gaeilge fado/. Den litri/ocht chruthai/och ata/ dha/ cur ar fa/il is leabhara mar An Duinni/neach no/ leabhara Dho/naill Mhic Amhalghaidh is mo/ di/ol aird, i dteannta na leabhara le/inn ata/ dha/ sola/r ag leithe/idi/ Shea/in Ui/ Thuama, Toma/s de Bhaldraithe, Sea/n O/ Lu/ing, Gearo/id Mhac Niocaill, an tAthalr Colm Cille, agus cupla duine eile b'fhe/idir. Ta/ an iomarca den e/ascai/ocht ag roinnt leis an gcaoi a bhfuil an litri/ocht chruthai/och dha/ cur ar fa/il. Agus leis an bhfi/li/ocht freisin si/lim. Is do/igh go dto/ighe an Trom- dha/imh anseo boilg aithise orm as ucht e/ seo a ra/. Ni/ bheadh se/ cneasta gan e/ a ra/. Staid bhagarach, drochthuar e/, an iomarca to/ir a bheith ar fhili/ocht a chuma le hais an phro/is. Seo mar ta/ se/ i mionteangachai/ eile ar no/s Ga/idhlig na hAlban, a bhfuil triu/r no/ ceathar fili/ den che/ad scoth inti freisin. B'fhe/idir gurb e/ an iomarca Maud Gonnes ata/ ag fa/lro/id timpeall in Eirinn! Scri/obh Raymond Williams le/irmheas ar leabhara nua fili/ocht sa New Statesman agus ba sheo rud adu/irt se/ ann: `How socially good that so many people try to write verse . . .' : an gcri/ochno/ me/ an abairt: `what a relief that none of it is important'. Socially important! Is fi/or e/! Na cupla file maith ata/ againn ni/l siad ag cuma a ndo/thain. Is fusa go fada liric dheas neamhurcho/ideach ocht li/ne a chuma anois agus ari/st na/ aiste a scri/obh, u/rsce/al, na/ fiu/ gearrsce/al fe/in a scri/obh. Seo i/ an e/ascai/oc ht agus an leisce ar ais ari/st! Cho fada is is le/ar dhomsa is mo/ go mo/r a bhfuil d'fhili/ocht dha/ scri/obh sa nGaeilge na/ sa mBe/arla in E/irinn. Go leor de na daoine seo a scri/obhas ocht li/ne an Sprid Naomh gach Cinci/s ta/ siad in acmhainn leabhar a chur ar fa/il. Is cuid d'athbheo- chan na Gaeilge freisin i/ an scri/bhneoireacht, earra a mbi/onn muid si/orai/ ag de/anamh gaisce chu/iteach aisti. Se/ an pro/s tatha/n, coincre/ad, clocha saoirsinne an tsaoil, agus e/ cho garbh mi/thaithneamhach leis an saol fe/in. Si/leadh gur gaileamaisi/ocht a bhi/ ar Phatrick Kavanagh nuair adeireadh se/ gurbh fhileata go mo/r iad na pro/s-scri/bhneoiri/, daoine mar O'Flaherty no/ O'Connor, na/ na fili/ Gall-Ghaelach. Le galra seo na fili/ocht a bhi/ se/ ag ple/. Is beag ata/ fa/gtha ag an bhfili/ocht inniu. Ni/l tada fa/gtha aici sa nGaeilge ach lirici/ gearra. Ta/ an me/id seo ra/ite ag Edmund Wilson faoi Flaubert: The truth is that Flaubert is a crucial figure. He is the first great writer, in prose, deliberately to ty to take over for the treat- ment of ambitious subjects the delicacy, the precision, and the intensity that have been hitherto identified with verse. Agus ari/st: Has not such a great modern novel as Madame Bovary for example, at least as much in common with Virgil and Dante as with Balzac and Dickens? Is it not comparable from the point of view of intensity, music and perfection of the parts, with the the best verse of any period? Agus ta/ seo ra/ite aige faoi Dostoevski: You cannot say that his insight is less deep, that his vision is less noble or narrower, or that his mastery of his art is less complete than that of the great poets of the past. You can say only that what he achieves he achieves by somewhat different methods. The technique of prose today seems thus to be absorbing the technique of verse; but it is showing itself equal to the work. . . . Ma/s fi/or nach bhfuil fanta ag an bhfili/ocht ach an liric ghearr agus gne/ no/ dho/ eile cosu/il leis, ansin de/arfainn na/r cho/ir tada a ra/ i bhfili/ocht ach rud nach bhfe/adfai/ a ra/ chor ar bith, no/ cho maith ce/anna, i bpro/s. Ni/ he/ Ortega y Gasset amha/in a chaith caint mar seo : na/rbh bhfiu/ fili/ocht a chur ar rud ar bith ar lo/r agus arbh iomla/n e/ ra/ite i bpro/s. Ta/ an domhan pro/is ag dul timpeall faoi chulaith na fili/ocht. Bheadh su/il agam fo/s fe/in go bhfe/adfadh feidhm eici/nt a bheith ag an bhfili/ocht seachas an doilfeacht seo nach do/igh liom go nde/anfa aon fhile eile go bra/ch carra mhilis di/ mar rinne Paul Vale/ry. Ni/l e/an r chraobh inniu len a bhfuil de cheol ag dul timpeall. Shil/finn go bhfe/adfadh na fili/ a theacht i dti/r air. Ta/ file amha/in--ma/ cheadai/onn sibh dhom chor ar bith an t-ainm a thabhairt air--a bhfuil pobal agus feidhm aige, Johanny Cho/il Mhaidhc, no/ Sea/n O/ Coistealbha. Ta/, ar an gcaoi a raibh se/ ag fili/ ariamh sa nGaeilge. Ce/ad go leith bliain o/ shoin ba/itheadh dha/ fhear de/ag agus ochtar mna/ i Loch Coirib. Ni/orbh e/ an ba/ ba thubaisti/ a tharla o/ shoin e/. De dhe/antas na fi/rinne ni/ raibh ann ach fi/ormhion thubaiste le hais tubaisti/ ar feadh an achair sin. Ta/ cuimhne ar Anach Cuain mar gheall ar go ndearna hobail amhra/n faoi. Ni/orbh e/ mu/isiam beag pri/obha/ideach bhuide/ili/n an phoitice/ara a bhi/ se/ a chur i bhfios ach coirp Anach Cuain nach bhfaca se/ ariamh len a shu/ile cinn a bheith dha/ dto/rramh. Deirtear go bhfuil se/ chuile orlach cho deacair ar dhaoine mo chuid caintesa a le/amh leis an bhfili/ocht se' agaibhse. Ni/ ghe/illim orlach do mo le/itheoiri/ ach ta/ lucht le/ite agam. Anura go deireanach adu/radh e/ seo: Arising out of the facts of the world in which they live, there are poets who wonder whether poety is an atavistic survival in certain types of psychic structure which it would be as well to dispense with as soon as possible. A mode of life which is no more than a prolonged acting out of a progressive syndrome is not only uncomfortable to its first victim, the poet, but confusing to its other victims, his readers. I have had the matter put to me, in just these terms, by a poet of course, and like many other poets, I have wondered the same thing myself. (Buckley, Poetry and the Sacred, 1968) Agus ari/st: `Any poety whatever has seemed to lie under some kind of metaphysical threat'. Si/ baru/il Edmund Wilson freisin nach seasa fili/ocht ar bith i bhfad eile: It is much more likely that for some reason or other, verse as a technique of literary expression is being abandoned by humanity altogether--perhaps because it is more primitive, and hence a more barbarous technique than prose. Is it possible to believe, for example, that Eliot's hope of having verse reinstated on the stage even verse of the new kind which he proposes--is likely ever to be realised? Agus ni/or leanadh sampla Eliot ar an gcaoi sin. Ach dar ndo/igh is i/ an scri/bhneoireacht i gcoitinne ata/ i mbaol. Si/lim gur do/igh go mo/r do Snow an ceart a bheith aige faoin da/ chultu/r na/ ag a che/ile comhraic Leavis. Cheana fe/in ta/ an tsocheolai/ocht ag dul i bhfoghail ar an u/rsce/al. Is fada na teangeolaithe ag tra/cht ar urlabhar cannaithe, canned speech. Ni/ do/igh go bhfanfa i ndramai/ ach le/iriu/ ar an telefi/s. Na/ i sce/alta ach an oiread. Darna cultu/r Snow ata/ ag teacht i gcion, u/rsce/alta eolai/ocht nach dtuighe ach na heolaithe no/ na teicneoiri/. Ni/ bheidh de leabhara dha/ le/amh ach cinn faoi theicneolai/ocht agus ceird. Ni/ sa scri/bhneoir ach sa script-scri/bh- neoir agus san aisteoir a bheas ta/bhacht. D'fhiafraigh Edmund Wilson an cheist seo i 1931 : What then is to be the future of literature? Will the poets become more and more esoteric as the world becomes more and more difficult for them diverging further and further from the methods and language of popular literature as popular literature approximates more and more closely to journalism. . . . Litera- ture, according to Valery has become `an art which is based on the abuse of language--that is, it is based on language as a creator of illusions, and not on language as a means of trans- mitting realities. Eveything which makes a language more precise, eveything which emphasises its practical character, all the changes which it undergoes in the interests of a more rapid transmission and an easier diffusion, are contrary to its function as a poetic instrument'. As language becomes more international and more technical it will become also less capable of supplying the symbols of literature. . . . D'fhe/ach Beckett leis an gceist a fhreagairt in u/rsce/alta agus i ndramai/ de chinea/il na/r scri/obhadh cheana agus anois ta/ na focla fe/in ligthe ar la/r. Ni/l fanta ach cinea/l mi/m, leathchu/pla na healai/ne neamhle/irithi/ sa litri/ocht. `Ni/l fa/gtha d'infhoirfeacht an duine ach an gealla aimhreasach go bhfuil re/ so/ chugainn agus nach mbeidh aon gha/ le smaoiniu/ an uair sin'. Is raimhre dhorcha ari/st i/ spe/ir na Gaeilge. Ta/ rud ni/os measa na/ an t-uireasa aitheantais sa mbaile agus i gce/in ag goilliu/int ar an scri/bhneoir. Is deacair do dhuine a dhi/cheall a dhe/anamh i dteanga arb e/ a cosu/lacht go mbeidh si/ ba/saithe roimhe fe/in, ma/ fhaigheann se/ cupla bliain eile saoil: Fonn troda go fi/ochmhar ar a son a ghineas an t-e/ado/chas sin ann. Ni/ go maith dho/ mar scri/bhneoir ata/ an t-e/ado/chas na/ an troid. An rud is marfai/ faoin troid seo gur ag caidreamh le `lucht na cu/ise', an dream is beagmhaitheasai/ in E/irinn agus cuid acu is claoine freisin, a tharraingeos si/ e/. Is beag ogach scri/bhneoireacht in E/irinn an lae inniu. Ta/ an ti/r socraithe si/os sa so/ mhea/naicmeach sin ar nimh don scri/bhneoireacht i/. An me/id dha/r ndu/chas nach bhfuil se/anta cheana againn ta/ muid dha/ she/ana in aghaidh an lae. Ta/ an Mhainistir ag caint cho Lo/basach ce/anna le gni/omhaire turaso/ireacht ar an nGoldsmi/th Country agus ollghardas orthu as ucht a bheith ag de/anamh drama le Goldsmith nach mai/fi/ fiu/ gur drama ar fo/namh e/, ni/ a/iri/m drama E/ireannach, marach gur i dteanga ata/ se/ arb ar e/igin a bhi/ drama ar bith dha/ cuid fe/in inti le tri/ che/ad bliain. Se/ an Metrical Dinnseanchus nua Gold- smith Country, Yeats Country, Richard Murphy Country, John B. Country . . .? Agus diabhal mo/ra/n thairis sin a thuigeas lucht na Gaeilge. . . . Ach b'fhe/idir gur mar seo a bhi/ sce/al scri/bhneoiri/ ariamh. Is den diau/lacht an mi/sha/samh agus is fearr an sna/mh in aghaidh sruth, an charai/ocht leis an saol, na/ an boga/s, na/ chuile sho/rt a fha/il ar sheol na braiche. D'uireasa coinbhliocht, d'uireasa aighneas an scri/bh- neoir in a dha/ leith leis fe/in, ni/ saothar, ni/ saothar beo ar aon no/s a apologia sua vita. Rinneadh fili/ocht i dtrinsi/ coga, i gcampai/ ge/ibhinn, i sluachampai/ ge/ibhinn an choga seo caite. Ba mhaith liom an inscri/bhinn ata/ i dTeampall O/ra/in in I/ Cholmcille ar uaigh Mhargery Kennedy Fraser, bailitheoir cheoil mhuintir Inse Gall, a chreidiu/int: `Falbhaidh an saol ach mairidh gaol agus ceol': imeo an saol ach mairfe gra/ agus fili/ocht . . . . Is mea/n--medium-- nua ma/s cu/ng fe/in i/ an Ghaeilge agus is r bith eile. In uaigneas mo chroi/ chuala me/ cloisim i gco/nai/: scaltarnach loin Leitreach Laoigh agus an ceol a bhi/ ag an Dord Fiann. Ta/ aois na Cailli/ Be/ara agam, aois Bhru/ na Bo/inne, aois na heilite mo/ire. Ta/ dha/ mhi/le bliain den chra/in bhre/an sin arb i/ E/ire i/, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhe/al, i mo shu/ile, i mo cheann, i mo bhrionglo/idi/. Du/irt fear mionteanga, ma/s teanga chor ar bith, Hugh Mac Diarmid, ni/ b'fhearr e/: The great rose of all the world is not for me For me the little white rose of Scotland That smells sweetly and breaks the heart.