Mo-chean do theacht, a sgadáin Mo-chean do theacht, a sgadáin, druid liom, a dhaltáin uasail; do chéad beatha 's do shláinte! do thuillis fáilte uamsa. Dar anam h'athar, a sgadáin, gidh maith bradáin na Bóinne is duit labras an duain-se, ó's tú is uaisle 's is óige. A fhir is comhghlan colann, nách déanann comann bréige, cara mar thú ní bhfuaras; * ná bíom suarach fá chéile. Dá bhféachdaois uaisle Banbha ** cia is mó tarbha don triúr-sa, *** iasg is uaisle ná an sgadán, idir bradán is liúsa. Is é ar bhféachain gach cósta go crích bhóchna na Gréige, iasg is uaisle ná an sgadán ní bhfuair Conán Chinn-tsléibhe. A sgadáin shéimh shúgaigh, a chinn chumhdaigh an Charghais, a mhic ghrádhaigh mo charad, leam is fada go dtángais! Gidh mór do thuit a-nuraidh dod ghaol bunaidh fán méis-se, ná cuimhnigh fíoch ná fala, ó's tú cara na cléire. A sgadáin shailltigh shuilbhir nach bíonn go duilbhir dúinte, leamsa do theacht ní hanait, súil ar charaid an tsúil-se. I dtús an Charghais chéasta,***** a fhir le ndéantar comhól, ortsa, go teacht na Cásga, is mór mo ghrása 's is romhór.