A Mhureadhaigh, meil do sgín "A Mhuireadhaigh, meil do sgín go mbearram inn don airdRígh; tabhram go milis ar móid 's ar dhá dtrilis don Tríonnóid. "Bearrfa mise do Mhuire (an bhreath-sa is breath orchraidhe); do Mhuire bearr an barr-sa, a dhuine seang súlmhall-sa. "Annamh leat, a leaca ghlan, sgian tar do bharr dod bhearradh; fá mionca ríoghan bhinn bhog ag cíoradh a cinn chugad. "Gach re n-uair do fhoilcthí dhúinn is d'Ó Bhriain an bhairr chladhúir, is do fhoilcinn uair oile re stuaigh bhfoiltfhinn Bhóraimhe. "Do-ninn comhshnámh is ua Chais ar linntibh fuara Forghais; ar dteacht i dtír lais ón linn do-nínn is ua Chais coimhling. An dá sgín-se leath ar leath do rad dúinn Donnchadh Cairbreach, níor bh'fhearr dá sgín do sgeanaibh; bearr go mín, a Mhuireadhaigh." "Meil do chloidheamh, a Chathail chosnas Banbha mbraon sgathaigh; ní chuala gan fhachain t'fheirg, a Chathail chuanna Chroibhdheirg. Díon ar fhuacht 's ar ainteas inn, a inghean uasal Iaichim; déana ar gcoimhéad san tír the, a roighéag mhín, a Mhuire."