Réalta [an] chruinne Caitir Fhíona fhóireas Gréagaigh, fóiridh forgla clann gach chóigidh ann ar éagaibh. Caitir Fhíona inghean [chasda] craobh na buaidhe, gnúis mar blath na habhla úire abhra [uaine].* Abhra uaine ag inghin Gréigríogh nar ghabh guidhe [a-táid] i ndath a gruadh gile 's snuadh na suibhe. Snuadh na suibhe [is] samhradh gréine* 'n-a gruaidh chorcha, iomdha glún as a fréimh feactha 'n-a céibh choptha. Ar deilbh corrshúl Caitreach-fíona nír cínn Gréigbean, súil chorr nachar fhéagh ar óigfhear béal donn déidgheal. Gnúis mar abhaill, ucht mar eala ógh nar truailleadh, nír ghile clúimh ná a bas bháingheal súil ghlas ghruaidhgheal. Ní fhaghaim ógh ar a gruaidhse gan a guidhe go síntear brat ar mo bhuile ó Mhac Muire.* Brighid Éireann agus Alban ógh na n-oiléan is í an blath braoingheal na mbanóg caoilthreabh [coiréal]. Athrachta fhóireas na Luighnigh lór a déine is í an bhanóg bhoinnfhionn Bhúille* coinneall chéire. Ciarán Caoimhfhionn, Colam Cille caomh an fhoireann Pádraig, Martain, Mongan, Manann Coman, Coireall. An Tríonóid, mórMhuire is Míchéal macradh gréine aoinmhíle déag banógh mBúille glanógh gléire.